Néaltrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar néaltrú ar mheath forchéimnitheach na hintinne agus na cognaíochta faoi thionchar damáiste inchinne nó galar atá ag oibriú ar an inchinn, go háirithe meath atá chomh dona is nach féidir a rá gurb í an aois mhór amháin is cúis leis. I nGaeilge na Gaeltachta, deirtear faoi sheanduine a bhfuil an néaltrú ag teacht air go bhfuil sé ag dul sa dara leanbaíocht, in aois na hóige, i leanbaíocht na haoise nó i leanbaíocht na seanaoise.