Rishi Sunak

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Rishi Sunak

(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Bealtaine 1980
43 bliana d'aois
Southampton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Céad Tiarna an Státchiste
25 Deireadh Fómhair 2022 –
← Liz Truss
79 Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
25 Deireadh Fómhair 2022 –
← Liz Truss
Ball de chomh-aireacht: Sunak ministry (en) Aistrigh
Aire na Státseirbhíse
25 Deireadh Fómhair 2022 –
← Liz Truss
Aire an Aontais
25 Deireadh Fómhair 2022 –
← Liz Truss
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh
24 Deireadh Fómhair 2022 –
← Liz Truss
Seansailéir an Státchiste
13 Feabhra 2020 – 5 Iúil 2022 (éirí as)
← Sajid JavidNadhim Zahawi (en) Aistrigh →
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 –

Toghcheantar: Richmond (Yorks) (en) Aistrigh

Príomh-Rúnaí an Státchiste
24 Iúil 2019 – 13 Feabhra 2020
← Liz TrussStephen Barclay →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
2019 –
Parliamentary Under-Secretary of State for Local Government (en) Aistrigh
9 Eanáir 2018 – 24 Iúil 2019
← Marcus JonesLuke Hall (en) Aistrigh →
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Richmond (Yorks) (en) Aistrigh

Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Richmond (Yorks) (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachBritish Punjabis (en) Aistrigh
ReiligiúnAn Hiondúchas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stanford (–2006)
Stanford Graduate School of Business (en) Aistrigh
Coláiste Lincoln - Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht (–2001)
Coláiste Winchester Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMáistreacht sa Riarachán Gnó
Teanga dhúchaisBéarla
Airde170 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolitics of the United Kingdom (en) Aistrigh agus Airgeadas
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, anailísí airgeadais Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirGoldman Sachs (2001–2004)
The Children's Investment Fund Management (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, An Hiondúis agus An Phuinseáibis
Teaghlach
CéileAkshata Murty (2009–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairYashvir Sunak  agus Usha Sunak
Duine muintearthaN. R. Narayana Murthy (athair a mhná céile)
Sudha Murthy (wife's mother (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinrishisunak.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm7320103 Rottentomatoes: celebrity/rishi_sunak
Facebook: rishisunak Twitter: RishiSunak Instagram: rishisunakmp LinkedIn: rishi-sunak-4361871a5 Youtube: UCFAdRzdogoJg5ctT8ZALp3g Flickr: 196116296@N08 Last fm: Rishi+Sunak Musicbrainz: bff47468-5035-4600-b592-1fdbb2925010 Cuir in eagar ar Wikidata

Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, de chuid an Pháirtí Choimeádaigh agus ilmhilliúnaí is ea Rishi Sunak (Hiondúis: ऋषि सुनक). (a rugadh i Southampton, Hampshire ar an 12 Bealtaine 1980). Is é Sunak an chéad phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe den chreideamh Hiondúch, an chéad duine de bhunú na hÁise, agus an fear is óige san oifig ó 1812.[1][2][3]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 12 Bealtaine 1980 a rugadh Sunak in Southampton. De shliocht Puinseábach a thuismitheoirí. Dochtúir teaghlaigh ab ea a athair agus bhí cógaslann ag a mháthair, gnó a thug cleachtadh don mhac ar an leabharchoimeád ina óige.

Chuaigh Sunak ar scoil phríobháideach, Winchester College, áit a raibh sé ina phríomhcheannaire.

Fealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht (PPE) an chéim a fuair sé in Ollscoil Oxford. Chuaigh sé ansin go hOllscoil Stanford in California mar ar bhain sé céim MBA amach. Is i Stanford freisin a bhuail sé lena bhean chéile, Akshata Murty, iníon le Narayana Murthy, an séú duine is saibhre san India.

Rinne Sunak go maith i gcúrsaí airgeadais, chaith sé le tamall le Goldman Sachs agus tamall ina bhainisteoir ar chistí fálaithe. Bhí a shaibhreas déanta aige agus gan é ach sna luath-thríochaidí nuair a shocraigh sé tabhairt faoi chúrsaí polaitíochta.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2014 roghnaíodh Sunak mar iarrthóir do shuíochán Caomhach an-sábháilte i Richmond i Yorkshire Thuaidh. Toghadh é sa suíochán sin in 2015, in ionad William Hague, iarcheannaire ar an bpáirtí Caomhach.[4]

Sa reifreann ar an mBreatimeacht in 2016, vótáil Sunak ar son imeacht as an Aontas Eorpach.

Fómhair 2021

Seansailéir na Státchiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Sunak mar an Seansailéir na Státchiste sa bhliain 2020 i rialtas Boris Johnson.

Ba é Sunak a bhí ar an stiúir sa lag trá eacnamaíochta a spreag paindéim an choróinvíris. Caomhach den seandéanamh é Sunak, cáin íseal agus an státchóras agus a fhreagrachtaí a choinneáil beag. Ach b’éigean an port sin a leasú le linn na paindéime agus na billiúin punt a chur ar fáil ón státchiste le teacht i gcabhair ar ghnóthaí agus oibrithe a bhí buailte go dona ag Covid-19.

Níos déanaí cáineadh go géar Sunak agus é á chur ina leith gur támáilte go maith a bhí sé ag déileáil leis an ngéarchéim costas maireachtála sa mBreatain le linn 2021-2022.[4]

Chuir na póilíní fíneáil ar Sunak mar gur fhreastail sé ar chóisir i Sráid Downing Meitheamh 2020, tráth a raibh an dianghlasáil curtha i bhfeidhm ag an rialtas.

Sa bhliain 2021/2022, cáineadh Sunak nuair a tháinig sé chun solais gur sheachain a bhean, Akshata Murthy, cáin a íoc ar an ioncam a shaothraigh sí thar lear.

Samhradh 2022ː Sa bhfeachtas in aghaidh Truss, chuir Sunak é féin in iúl mar iarrthóir nach ngabhfadh anonn ná anall leis an bhfírinne faoin drochbhail atá ar chúrsaí airgeadais na Breataine.

Rás ceannaireachta na dTóraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 5 Iúil 2022, thug Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid le tuiscint go raibh siad ag éirí as; ní raibh muinín acu a thuilleadh as Boris Johnson.[5] Bhí cáineadh go leor orthu ina bpáirtí féin ag an am. Ach ag an am céanna, lean plód feisirí eile sampla Sunak, rud nár fhág aon rogha ag Boris Johnson ach géilleadh do na héilimh ar fad go n-éireodh sé as a phost.

I mí Lúnasa 2022, le linn an rása cheannaireachta in aghaidh Liz Truss, dúirt Sunak nach raibh sna geallúintí a bhí ag Truss agus iarrthóirí eile, go laghdóidís cánacha ar an toirt, ach “finscéalta”.

Chruthaigh an chaoi ar thit an tóin as sterling chomh luath agus a thug Truss agus Kwarteng isteach an mionbhuiséad inar gearradh cánacha gan aon mhaoiniú do na ciorruithe sin a bheith á lua, go raibh an ceart ag Sunak. Chruthaigh polasaithe Truss cíor thuathail láithreach sna margaí.[6]

Ar 24 Deireadh Fómhair 2022, fuair Sunak an ceann is fearr a fháil ar Boris Johnson[7] agus Penny Mordaunt le teacht i gcomharbacht ar Liz Truss in Uimhir a 10 Sráid Downing. D’éirigh Johnson agus Mordaunt as an rás roimh an vóta.

Fógraíodh ceannaireacht Sunak ar lá féile mhór na Hiondúch, Díbheálaí,[8] nó Féile na Soilse.[4] B'iontach an t-athrú é i scéal Sunak a chaill rás ceannaireachta na dTóraithe in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair 2022.[9] Sa bhfeachtas seo, chuir Sunak é féin in iúl mar iarrthóir nach ngabhfadh anonn ná anall leis an bhfírinne faoin drochbhail atá ar chúrsaí airgeadais na Breataine.

Príomh-aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain ar 25 Deireadh Fómhair 2022. Chuir Sunak tús lena thréimhse ceannaireachta tráth a raibh an saol in Westminster sách corrach agus cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta ina gcíor thuathail.[4] D’áitigh sé gurb é an chéad rud a bhí le déanamh ná an boilsciú a chur faoi smacht. Thug sé le fios go mbeadh air "cinntí míthaitneamhacha" a dhéanamh chun "dul i ngleic leis an ngéarchéim mhór eacnamaíochta" agus go gcuirfeadh sé ina gceart na botúin a rinne a réamhtheachtaí Liz Truss.[10]

Ar 21 Aibreán 2023, d'éirigh a Leas-Príomhaire, Dominic Raab, as, ... an tríú haire sinsearach le héirí as rialtas Sunak idir Samhain 2022-Aib. 2023 de bharr drochiompair phearsanta. B'údar náire é seo do Sunak, a ghlac oifig mar Phríomh-aire na Breataine faoi ghealltanas go mbeadh ionracas agus macántacht ag baint lena rialtas. Tháinig an scannal seo sna sála ar na conspóidí uilig a bhain le tréimhse Boris Johnson mar phríomh-aire agus ar an gclampar a bhain le polasaithe eacnamaíochta tubaisteacha Liz Truss le linn a tréimhse giorra i gceannas.[11]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "List of prime ministers of the United Kingdom by age" (as en) (2022-10-24). Wikipedia. 
  2. Nuacht RTÉ (2022-10-24). "Rishi Sunak príomhaire nua na Breataine" (as ga-IE). 
  3. "5 Facts About Rishi Sunak, Britain's Youngest, First Hindu PM". NDTV.com. Dáta rochtana: 2022-10-24.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 "Rishi Sunak a bheidh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain agus rás na dTóraithe buaite aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-24.
  5. RTÉ Nuacht (2022-07-05). "Seansailéir, Rúnaí Sláinte éirithe as Rialtas na Breataine" (as ga). 
  6. "‘Cuirfidh mé na botúin ina gceart’ – Rishi Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-25.
  7. Nuacht RTÉ (2022-10-23). "Sunak láidir ach Johnson ag troid ar son ainmniúchán" (as ga-IE). 
  8. Dewali
  9. Bhí Sunak sa dara háit i dtoghchán na ceannaireachta sa samhradh 2022 nuair a vótáil baill an pháirtí Chaomhaigh. 81,326 vóta a bhí ag Truss sa toghchán sin agus 60,399 ag Sunak.
  10. Nuacht RTÉ (2022-10-25). ""Cinntí míthaitneamhacha le déanamh agam" - Rishi Sunak" (as ga-IE). 
  11. Nuacht RTÉ (2023-04-21). "Leas-Phríomhaire na Breataine, Dominic Raab, le héirí as" (as ga).