Punt steirling

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an punt steirling, nó an punt steirlinn (as Béarla: pound sterling, paʊnd 'stɜː.lɪŋ, siombal: £; cód ISO: GBP), a fhóroinntear i 100 pingin (as Béarla: penny, iolra: pence), airgeadra na Ríochta Aontaithe, na spleáchas Corónach d'Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht, agus na gCríoch Thar Lear Briotanach den Seoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas[1] agus Críoch Antartach na Breataine.[2]

Is airgeadraí ar leith iad punt Giobráltar, punt Oileáin Fháclainne agus punt San Héilin, atá le rátaí malairte pionnáilte leis an steirling acu.

Tá an steirling ar an tríú airgeadra cúltaca is úsáidte faoi láthair, i ndiaidh dollar SAM agus an euro.[3] Is eisean an ceathrú airgeadra is trádálaithe sa mhargadh airgeadraí, i ndiaidh dollar SAM, an euro agus yen na Seapáine.[4]

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]