William Hague

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
William Hague
William Hague (cropped).jpg

Rúnaí Gnóthaí Eachtracha
In oifig
12 Bealtaine 2010 - inniu
Réamhtheachtaí: David Miliband
Comharba: (i seilbh oifige)

Dáta breithe 26 Bealtaine 1961
  Rotherham, Yorkshire
Páirtí An Páirtí Coimeádach

Polaiteoir Sasanach is ea William Jefferson Hague, Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe (rugadh ar 26 Bealtaine 1961). D'fhreastail sé ar Ripon Grammar School, ollscoil Oxford agus INSEAD. Toghadh mar MP é sa bhliain 1989. Roghnaíodh mar bhall den rialtas é i 1990. Chaill an páirtí toghchán 1997 agus tháinig Hague i gcomharbas ar John Major mar cheannaire. Ní raibh sé ach sé bliana is tríocha d'aois. Bhí sé ina cheannaire ar an bPáirtí Coimeádach ó mhí an Mheithimh 1997 go Meán Fómhair na bliana 2001. D'éirigh sé as an bpost sin sa bhliain 2001 nuair a bhuaigh Labour toghchán eile go rábach.