Arthur Wellesley, an chéad Diúc Wellington
|
Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
|
|
| I bhfeidhmeannas | 22 Eanáir 1828 – 16 Samhain 1830 17 Samhain 1834 – 9 Nollaig 1834 |
| Réamhtheachta(í) | Goderich |
| Comharba(í) | Grey |
| Dáta breithe | 1 Bealtaine, 1769 |
| Dáta báis: | 14 Meán Fómhair, 1852 |
| Áit bhreithe | Éire (BÁC nó An Mhí) |
| Áit bháis: | Walmer, Kent |
| Páirtí polaitíochta | Tory |
| Toghcheanta(i)r | |
| Síniú | |
Bhí Arthur Wellesley, an chéad díuc Wellington (1 Bealtaine, 1769 - 14 Meán Fómhair, 1852) ar dhuine de na saighdiúrí agus státairí ba thábhachtaí sa mBreatain i rith na naoú haoise déag.
In Éirinn a rugadh é, de mhuintir cháiliúil den Uaisle. San arm, chaith sé tamall ina aide-de-camp do dhá Lord Lieutenant in Éirinn agus toghadh é ina fheisire i bPárlaimint na hÉireann. Throid Wellesley san Isiltír agus san Ind, i gCath Seringapatam sa gCeathrú Cogadh Anglo-Mysore. Déanadh gabharnóir ar Seringapatam agus ar Mysore de ina dhiaidh sin.
Tharraing Wellesley cáil air féin mar ghinireál i leithinis na Spáinne agus na Poirtingéile i rith chogaidh Napoleon, agus tugadh grád field marshal dhó taréis gnóthachtáil in aghaidh na Fraince ag Cath Vitoria in 1813. Taréis dhíbirt Napoleon in 1814, chaith sé tréimhse ina ambasadóir chun na Fraince and déanadh Diúc de. Bhí sé i gceannas ar an arm a bhuail Napoleon ag Cath Waterloo in 1815.
Chaith sé dhá thréimhse ina Phríomh-aire leis na Tóraithe idir 1828-30 agus arís in 1834, agus b'é a bhí ina phríomh-aire le teacht Fuascailt na gCaitliceach in 1829. Bhí sé ina phríomh-cheannasaí ar arm na Breatainne go dtí gur cailleadh é in 1852
| Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe |
||
|
Walpole | Wilmington | Pelham | Newcastle | Devonshire | Newcastle | Bute | Grenville | Rockingham | Chatham | Grafton | North | Rockingham | Shelburne | Portland | Pitt the Younger | Sidmouth | Pitt the Younger | Grenville | Portland | Perceval | Liverpool | Canning | Goderich | Wellington | Grey | Melbourne | Peel | Melbourne | Peel | Russell | Derby | Aberdeen | Palmerston | Derby | Palmerston | Russell | Derby | Disraeli | Gladstone | Disraeli | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Rosebery | Salisbury | Balfour | Campbell-Bannerman | Asquith | Lloyd George | Bonar Law | Baldwin | MacDonald | Baldwin | MacDonald | Baldwin | Chamberlain | Churchill | Attlee | Churchill | Eden | Macmillan | Douglas-Home | Wilson | Heath | Wilson | Callaghan | Thatcher | Major | Blair | Brown | Cameron |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.