An Gorta Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bríd Uí Dhonaill agus a bheirt pháistí i rith an Ghorta.

Is é an DrochshaolGorta Mór na hÉireann an gorta a bhuail Éire ón mbliain 1845 ar aghaidh agus a mharaigh is a ruaig as an tír cupla milliún Éireannach. Tháinig galar dubh – an fungas úd Phytophora infestans – ar na prátaí ar fud na hÉireann, agus ó bhí formhór mór na ndaoine bochta i dtuilleamaí an phráta mar bhia, fuair na sluaite acu bás. An t-éag mór seo agus an imirce millteanach a lean é, scrios siad na struchtúir shóisialta a bhí ina gcrann taca don Ghaeilge go dtí sin, agus dá thoradh sin, thosaigh an teanga ag cúlú go dtí nach raibh ach iarsmaí beaga fágtha di sna Gaeltachtaí ar chósta thiar na tíre. Ní raibh na húdaráis fonnmhar bia a sholáthar do lucht an ocrais, rud a mhéadaigh ar an ngéarchéim.

Is é an chiall a bhain na náisiúnaithe Éireannacha as an scéal ina dhiaidh sin ná go raibh na Sasanaigh d'aon ogham ag féachaint leis na hÉireannaigh a chur de dhroim an tsaoil. Sin é an tuige gurb iomaí duine a thugann Uileloscadh na nGael ar an Drochshaol freisin. Is dócha, áfach, gur mhó an líon daoine a fuair bás de dheasca ghorta mhór na mblianta 1740 agus 1741 ("Bliain an Áir").

Galar Dubh na bPrátaí[athraigh | edit source]

Galar nua a bhí i gceist le galar dubh na bprátaí, galar a tháinig chun solais an chéad uair sa bhliain 1843, ar chósta thoir na Stát Aontaithe. Rinne an galar a bhealach go géar gasta i dtreo Lár Iarthair na Stát Aontaithe. Sa bhliain 1845, arís, bhuail sé Flóndras, Éire, Deisceart na Fraince, Oirthear na Gearmáine agus Deisceart Chríoch Lochlann. Ba é ba chúis leis an tolgadh sciobtha seo ná go raibh tráchtáil na bprátaí ag dul chun domhandais san am seo féin: bhí na Stáit Aontaithe ag dul ar lorg síolta nua prátaí i bPeiriú, áit as ar tháinig an fungas ó thús, de réir dealraimh.

Cuireadh an chéad sonrú sa ghalar dubh in Éirinn i dtús Mheán Fómhair 1845, ach má cuireadh, níor éirigh na daoine buartha i gceart ach i lár na chéad mhíosa eile. Na barra a bhí le baint faoi dheireadh an fhómhair a fuarthas truaillithe ag an ngalar. Sa bhliain 1845, b'é oirthear na tíre ba mhó a bhí thíos leis an tolgadh. Cailleadh an tríú cuid de phrátaí dheireadh an fhómhair, agus faitíos ceart ag teacht ar na daoine go raibh gorta mór ar na bacáin.

De réir mar a chuala mé faoin ngalar, tháinig sé de léim oíche nó cupla oíche. Bhuail smol dubh na barraí agus leáigh siad ar shiúl, agus lobh siad i ndeireadh Mhí Iúil. Ní raibh a fhios ag na daoine cén fáth nó cén chaoi ar tháinig an dúchan ar na prátaí i dtosach san am a chonaic siad é sin, ach bhí a fhios acu nach raibh sé go maith. D'imigh an aimsir thart go raibh sé in am a bheith ag baint na bprátaí i ndeireadh an Fhómhair, agus ní raibh na prátaí baol ar a bheith chomh maith nó leath chomh maith agus a bhídís na blianta roimhe sin. Ach mar a bhí siad, baineadh iad agus cuireadh i bpoill iad, agus is amhlaidh mar a bhí sé, lobh siad sna poill tar éis iad a bhaint, agus uaidh sin amach riamh ó sin, bhí siad ag lobhadh de réir a chéile agus ní raibh siad ag fás riamh ó sin chomh maith agus a bhí siad roimh an ngalar agus roimh an Drochshaol.[1]

Ceist an Pholasaí Eacnamaíochta agus an Drochshaol[athraigh | edit source]

San am seo ba é Sior Robert Peel a bhí ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe. Coimeádach agus fear mór saorthrádála a bhí ann agus é ag iarraidh na dlíthe a chuir ar ceal a choisc iompórtáil an arbhair go dtí an Ríocht Aontaithe. Dlíthe cosantachais a bhí ann, is é sin, dlíthe a bhí ceaptha leis na feirmeoirí dúchasacha a chosaint ar earraí saora ón gcoigríoch, ach ar ndóigh, iad siúd a bhí ag fabhrú na saorthrádála ar chúiseanna idé-eolaíochta, ar nós Robert Peel, bhí siad meáite le fada ar na dlíthe seo a aisghairm. Bhí an chuid ba mhó de na Coimeádaigh ag easaontú le Robert Peel faoi cheist na ndlíthe seo, áfach, agus é fágtha i muinín na bhFuigithe le haghaidh tacaíochta. Nuair a chualathas iomrá ar ghorta in Éirinn, shíl Peel go bhféadfadh sé buntáiste a ghlacadh ar an tubaiste seo le fáil réidh de na dlíthe cosanta faoi dheireadh.

An ”coimisiún eolaíochtúil” a cuireadh ag taighde cheist an tsoláthar bia in Éirinn, is é an breithiúnas a thug sé go raibh gorta ag bagairt ar an tír i ndáiríre. Bhí na Feisirí Éireannacha ag éileamh coisc ar easpórtáil an arbhair as Éirinn, agus iad araiciseach chun calafoirt na tíre a oscailt d'arbhar iompórtáilte. Ní bhfuair siad ceachtar den dá chuid. Dhiúltaigh an Rialtas faoin chéad éileamh iad, agus lucht an chosantachais ag cur in aghaidh an dara ceann, cé go raibh Peel ag tacú leis an smaoineamh. Le teacht as an leamhsháinn seo, cheannaigh Peel arbhar Indiach as na Stáit Aontaithe ar chúla téarmaí, le bochtáin na hÉireann a bheathú.

Ní raibh Peel leis an arbhar seo go léir a bhronnadh ar na bochtáin saor in aisce, áfach. Is é an scéim a bhí aige ná go ndíolfaí cuid de ar an saormhargadh le praghas an arbhair a chur ag ísliú. An chuid eile, arís, shíl Peel go bhféadfaí é a dhíol ar sladmhargadh leis na coistí áitiúla rilífe.

Bhí Peel den tuairim go bhféadfaí leas a bhaint as an ngorta mar shiocair le talmhaíocht na hÉireann a thabhairt chun nua-aimsearthachta agus chun éagsúlachta. Theastaigh uaidh an rilíf a cheangal d'oibreacha poiblí – is é sin, chaithfeadh na bochtáin a gcuid a shaothrú ag obair – agus cibé scéal é, b'fhearr leis soláthar na rilífe a fhágáil faoi na tiarnaí talún áitiúla.

Ar dtús, bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí leis an scéim seo. Ní bhfuair an iomarca bás i rith an gheimhridh 1845-1846, agus ní raibh caill ar an arbhar Indiach mar bhia ach oiread. Bhí a lán daoine barúlach, nó dóchasach ar a laghad, gur seachnaíodh an gorta mór.

An Tubaiste ar na Bacáin[athraigh | edit source]

Práta a bhfuil an dúchan air.

I rith an chéad gheimhreadh seo i ndiaidh theacht an fhungais, b'í Ilchríoch na hEorpa ba mhó a bhí thíos leis an éag a bhí ag siúl ar na prátaí, go háirithe an Ísiltír agus an Bheilg. B'é samhradh na bliana 1846, áfach, a thug an fíor-ocras a fhad le hÉirinn. B'í aeráid bhog fhliuch iarthar na hÉireann ba mhó a bhí ag fabhrú don fhungas, agus b'amhlaidh ba mheasa an galar dubh. Tháinig Sasana agus an Ilchríoch slán an turas seo, ach ní raibh an t-ádh céanna le hÉirinn. Le teacht an Lúnasa, bhí na prátaí ag meath ar fud oileán na hÉireann go léir. Ní raibh bia d'aon chineál eile ar fáil leis na bochtáin a choinneáil beo thar an chéad gheimhreadh eile.

Nuair a thosaigh siad ag stiúgadh le hocras, bhí arbhar á easpórtáil as Éirinn i gcónaí. Bhí cuid mhór daoine an-mhíshásta leis seo, agus iad inbharúla go bhféadfaí an t-arbhar seo a roinnt ar lucht an ocrais. Bhí sé ní ba shaoire an coirce a easpórtáil agus arbhar Indiach a cheannach ó na Meiriceánaigh ná an coirce a choinneáil sa bhaile mar scamhard do na bochta. B'é oighear an scéil, áfach, nár thosaigh an t-arbhar iompórtáilte ag tonnadh isteach ó na Stáit ach le teacht an earraigh 1847, agus mar sin, fuair na sluaite móra bás idir an dá linn, i rith an fhómhair agus an gheimhridh.

Má rinne lucht roinnte na rilífe a ngearán faoi seo leis an Státchíste, ní bhfuair siad ach cur ó dhoras: fágaigí faoin tsaorthrádáil agus faoin saormhargadh an fhadhb a fhuascailt! Faoin am seo, bhí Peel éirithe as mar Phríomh-Aire cheana féin, agus rialtas nua curtha i dtoll le chéile as measc pholaiteoirí Pháirtí na bhFuigithe. Ba é John Russell an Príomh-Aire, agus Charles Trevelyan i gceann an Státchíste. Saorthrádálaí dian a bhi ann, mar Trevelyan, agus é den tuairim nach dtarraingeodh sé ach tuilleadh trioblóide ar Éirinn agus ar an Ríocht Aontaithe go léir dá bhféachfadh an Rialtas lena ladar a chur in iomaíocht nádúrtha na bhfórsaí margaidh. Níor thuig sé, áfach, go raibh córas na heacnamaíochta féin chomh tearcfhorbartha in Iarthar na hÉireann agus nach bhféadfadh na daoine bia ar bith a cheannach – ní hamháin go raibh siad bocht, ach is ar éigean má bhí ciall ar bith acu don airgead, chomh hannamh is a d'fheicidís é mar rud.

An Gorta ag Pléascadh Amach[athraigh | edit source]

D'fhéach Trevelyan le córas na n-oibreacha poiblí a leasú, ach mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, ní dhearna sé ach dochar. Bhí praghsanna an bhia ag dul in airde go tiubh, ach san am céanna, ní raibh ardú pá ar bith ag dul do na bochtáin a bhí fostaithe le haghaidh na n-oibreacha. Mar sin, bhí na hoibrithe ag stiúgadh le hocras, agus na hoibreacha ag dul in abar. Thairis sin, ní raibh riachtanas ar bith leis an gcineál oibre a bhí idir lámhaibh acu - ní raibh ann ach cur i gcéill, go bunúsach. Ag druidim chun deiridh don bhliain 1846, b'fhollasach go raibh teipthe ar scéim na n-oibreacha poiblí mar shlí bheatha do na bochtáin. I dtús na bliana a bhí chugainn, chuala an saol mór iomrá ar an Sciobairín, mar ar theip ar an rilíf go hiomlán, agus muintir na háite ag síothlú le hocras. D'iompaigh an Sciobairín ina shiombaile don Drochshaol ar fad. Fuair an chéad duine bás le hocras ar an 24 Deireadh Fómhair 1846, agus le teacht na Nollag bhí an tóin tite as an gcoiste áitiúil rilífe faoi bhrú na holltubaiste a bhí ag déanamh léirscriosa ar fud na háite.

Na Galair ag Siúl ar Lucht na Fannlaige[athraigh | edit source]

Tháinig na galair thógálacha sna sálaí ag an ngorta féin. Iad siúd nach bhfuair bás le hocras, bhí siad thar a bheith braiteach ar na tolgáin. Is iomaí galar a bhí ag rith damhsa i measc na mbocht, cosúil leis an bhfiabhras tiofóideach agus leis an bhfiabhras buí. B'iad na dreancaidí a bhí ag iompar an dá ghalar seo, agus ó bhí tithíocht na ndaoine bochta chomh plódaithe is a bhí, is beag iontas a bhí ann go raibh an galar an-ghasta ag preabadh ó dhuine go duine. Galar eile a bhí ag scuabadh rompu i mblianta an Drochshaoil ab ea an dinnireacht. Ní chaithfeá ionfhabhtú tromchúiseach den chineál sin a tholgadh, áfach, le bás a fháil i mblianta an Drochshaoil. Bhí imdhíonacht na ndaoine lagaithe ag an síorchealacán, agus mar sin, ba leor fliú nó sciodar leis an duine a mharú. Is follasach go raibh galair easpa vitimíní, ar nós an scorbaigh, na xéaroftailme, agus an pheallagra, coitianta freisin.

Ní raibh seirbhísí sláinte na hÉireann chomh dona is a shílfeá, nó bhí mogalra maith d'ospidéil agus d'íoclanna ann, ach nuair a thosaigh na céadta othair ag tonnadh isteach, is léir gur cuireadh na dochtúirí thar a n-acmhainn. Rinneadh iarrachtaí ospidéil nua a oscailt agus tuilleadh foirne a fhostú le freastal ar riachtanaisí na héigeandála, ach is beag gar a bhí ann nuair a tháinig an crú ar an tairne. Thairis sin, ní raibh leigheaseolaíocht an ama in ann ag an dinnireacht ná ag go leor eile de na galair thógálacha a chuaigh leis an ngorta.

Lá na dTithe Súip[athraigh | edit source]

I dtús na bliana 1847, tháinig an tuiscint ag an lucht rialtais go gcaithfí, roimh aon rud eile, muintir na hÉireann a choinneáil beo. Mar sin, cinneadh ar bhia a sholáthar do na bochtáin as tithe súip. Bhí Cumann na gCarad – na Caecair – i mbun oibre den chineál seo cheana féin, agus iad ag áitiú ar an Rialtas an sampla a leanúint.

Ar an 20ú lá de Mhárta 1847, tosaíodh ag scaoileadh leis na daoine a bhí fostaithe de réir na scéimeanna oibreacha éigeandála. Bhí cuid de na fir oibre míshásta leis an scaoileadh, áfach, ó nach raibh slí bheatha eile ar fáil dóibh. Bhí siad buartha go mór faoina mbeadh i ndán dóibh i ndiaidh iad na jabanna fóirithinte a chailleadh, mar sin.

Maidir leis na tithe súip, is iomaí áit nár tháinig siad in úsáid ach faoi lár an tsamhraidh. San idirlinn, fuair cuid mhór daoine bás le hocras. I mbreis air sin, bhí an bia gann i gcónaí, rud a chothaigh fearg i measc na mbocht. Mar sin féin, ba mhór an cuidiú iad na tithe súip. Ní raibh an Rialtas fonnmhar, áfach, iad a choinneáil ag obair thar an chéad ghéar-riachtanas. Le teacht Dheireadh Fómhair, bhí siad dúnta arís.

An Ghéarchéim ag Dul chun Donais[athraigh | edit source]

Chreid an Rialtas anois go raibh an gorta thart, rud nárbh fhíor dóibh ar aon nós. Nuair nach raibh súp ar fáil a thuilleadh, tharraing na sluaite síoraí ar thithe na mbocht. Bhí cuid mhór de na tithe seo róphlódaithe cheana féin le glacadh le tuilleadh daoine isteach, agus b'éigean rilíf a thál ar na bochtáin thar tairseach amach, cé go raibh cosc air.

B'é an polasaí a bhí ag an Rialtas na bochtáin a chur ag obair agus pá a íoc leo, le go bhféadfaidís a gcuid bia a cheannach ar airgead. Ní dea-smaoineamh a bhí ann go díreach, nó bhí formhór na ndaoine seo chomh lagaithe ag an ocras is nach bhféadfaidís breith ar uirlis oibre ar bith. Iad siúd a raibh maith éigin iontu le haghaidh oibre, ní raibh jabanna ann dóibh pé scéal é. Mar sin, b'éigean do na húdaráis an rilíf thar tairseach amach a cheadú.

A lán daoine a bhí i dtuilleamaí na rilífe seo le haghaidh bia agus beatha, bhí cónaí orthu i bhfad bhfad ar shiúl ó áit an tsoláthair. Mar sin, chaithfidís turas fada a chur díobh ag coisíocht le sásamh a n-ocrais a fháil. Fuair go leor acu bás gan cheann a scríbe a bhaint amach choíche.

Mhothaigh mé féin sean-Tomás Ó Gearbháin a rá go dtagadh daoine as áiteanna eile an bealach seo ag iarraidh bia. Dúirt sé gur tháinig bean amháin agus go raibh páiste beag léi. Ní raibh sí i bhfad san áit nó go bhfuair sí bás. Dúirt sí nach raibh sé ag déanamh aon smid bhréige go bhfaca sé an páiste ag diúl bhrollach a mháthar agus í fuar marbh. (Glórtha ón Ghorta, lch. 112.)

Na feidhmeannaigh a raibh de dhualgas orthu Dlí na mBocht a chur i gcrích, d'aithin siad go raibh an tóin ag titim as córas na rilífe.D'áitigh siad go raibh tuilleadh airgid ag teastáil le freastal ar na fadhbanna go léir, agus d'éirigh leo an méid seo a chur abhaile ar Clarendon, a bhí ina Fhear Ionaid ag an Rí in Éirinn san am. Chuaigh Clarendon i dteagmháil le Trevelyan chun tuilleadh maoiniú a mhealladh ón Státchiste. Ní bhfuair sé a dhóthain, áfach, cé go raibh sé suite siúráilte go rachadh na bochta chun ceannairce nó chun cearmansaíochta ar na húdaráis, mura bhfaigheadh sé an méid a bhí sé a iarraidh.

Má bhí an Rialtas ag déanamh go mbeadh na tiarnaí talún fonnmhar jabanna agus rilíf a chur ar fáil do na daoine bochta, d'fhéadfá a rá go raibh fuar acu. Iad siúd a raibh meas na daonnachtúlachta orthu féin acu, shíl siad gurbh í an imirce an fhuascailt. Iad siúd nach raibh, ní raibh cúl ar bith orthu a gcuid tionóntaí a dhíshealbhú. Go háirithe i Maigh Eo agus i gContae an Chláir, is iomaí tionónta a chaithfeadh an bóthar a thabhairt air féin. Chuaigh sé le fánaíocht, agus b'fhéidir fuair sé bás le hocras, le tuirse nó le galar éigin.

Ní raibh cách sásta glacadh leis an dúchinniúint seo faoi chroí mór maith, áfach. A mhalairt ar fad. Chuaigh cuid nár bheag de na bochtáin i muinín na láimhe láidire le hiad féin a chosaint. Maraíodh roinnt tiarnaí talún, fiú, ach ar ndóigh ní raibh siad siúd ná údaráis an Stáit i bhfad ag tabhairt an choir in aghaidh an chaim. In iarthar na tíre is mó a chuaigh an foréigean chun donais, nó san oirthear b'fhearr leis na tionóntaí cumainn a bhunú lena leas a bhaint amach go dlíthiúil. Ní raibh lucht an rialtais in ann an ceartchreidmheachas fioscach a shárú, áfach.

Maidir leis na hÉireannaigh Óga, chuaigh siadsan go mór chun radacachais i bhfianaise an Drochshaoil. Sa bhliain 1847, d'fhoilsigh Séamus Fionntán Ó Leathlobhair sraith altanna ag áitiú ar na tionóntaí éirí amach agus ruaigeadh a chur ar na tiarnaí talún. Bhí Seán Ó Mistéil, arís, ag gríosú na scológ chun na tiarnaí talún a dhiúltú faoi chíos. In Earrach na bliana 1848, thosaigh na hÉireannaigh Aonaithe ag ullmhú ceannairce, agus d'éirigh siad amach i mBaile an Gharraí, Contae Thiobraid Árann, ar an 29ú Iúil 1848. Ní raibh ann i ndáiríre ach eachtra ghreanntragóideach, áfach. Thug na ceannairceoirí cupla óráid uathu, ach nuair a tuigeadh do na bochta nach raibh bia ar bith á dháileadh, d'ionsaigh siad na ceannairceoirí le greidimíní a thabhairt dóibh. Ina dhiaidh sin, ní bhfuair na péas deacair iad a chloí ná a chimiú.

Cé nach raibh sa cheannairc féin ach sórt ubh ghliogair, ghlac an rialtas an-dáiríre í. Níor cuireadh na reibiliúnaigh chun báis, ach mar sin féin, gearradh pionós dian dóibh, is é sin, cuireadh an loch amach iad go dtí oileán na Tasmáine (nó ”tír Van Diemen”, mar a thugtaí ar an oileán san am) in aice leis an Astráil.

Ní raibh an Gorta críochnaithe go fóill, áfach. Tháinig galar dubh na bprátaí ar ais i Mí Iúil 1848, go háirithe in iarthar na tíre. Bhí an t-éag mór ag scuabadh roimhe faoin tuath, agus na daoine ag tabhairt ruathair faoi thithe na mbocht ar lorg rilífe. Ar ndóigh, iad siúd a raibh áit dóibh i dtithe na mbocht, fuair cuid mhór acu bás le galair thógálacha, chomh plódaithe is a bhí na tithe. I dtús na bliana 1849, bhí 2500 duine acu siúd ag bású in aghaidh na seachtaine ar fud na hÉireann. Lasmuigh de na tithe, áfach, bhí na cúrsaí ní ba mheasa fós, agus níl áireamh orthu siúd a bhí ag síothlú amuigh ansin. Cheal airgid, ní raibh Aontais Dhlí na mBocht ábalta freastal ar na sluaite síoraí seo, agus mar sin, bhí feidhmeannaigh na nAontas ag éileamh tuilleadh maoiniú ar an Stát. Ní bhfuair siad ach cur ó dhoras, ámh. Bhí na tiarnaí talún ag díshealbhú tionóntaí nárbh acmhainn dóibh a leabhar a ghlanadh. Níor mhaolaigh seo ar an ngéarchéim go díreach, ar ndóigh. In áiteanna, bhí bardaigh Dhlí na mBocht ag déanamh neamairt dá gcuid dualgaisí: d'íoc an Rialtas leo as rilíf nár sholáthair siad.

Bhain dreamanna áirithe sainchreidimh leas as cruachás na mbocht leis an bProtastúnachas a scaipeadh. Thairg siad bia don duine a bheadh sásta glacadh leis an gcreideamh nua. Ní raibh sé ceadaithe coinníollacha den chineál seo a chur le rilíf oifigiúil an Stáit, ach de réir mar a bhí ag teip ar rilíf an Rialtais, tháinig misinéirí neamhscrupallacha ó Shasana le ”súpair” a earcú as measc na mbocht. Bhunaigh siad ”coilíneachtaí” faoin tuath le haghaidh na súpar, in Oileán Acla mar shampla.

Bhíodh pota mór istigh sa Dún in aimsir na bProtastúnach agus na mBíoblóirí, agus ní raibh sé riamh folamh.[2]

Ní raibh rilíf na n-eagraíochtaí cráifeacha féin dospíonta. I Meitheamh 1849, d'éirigh Cumann na gCarad féin as rilíf a sholáthar, nó bhí siad i ndeireadh a gcuid acmhainní, agus iad éadóchasach ar fad as staid na hÉireann. Go bunúsach, is é an tátal a bhain siad as cuma na gcúrsaí ná nach mbeadh ach an Rialtas ábalta tarrtháil a thabhairt do na daoine, an oiread is a chuaigh an scéal chun donais. I dtús na bliana 1849, chinn an Príomh-Aire Russell ar chánacha breise a ghearradh de chúigí saibhre na tíre – an tOirthear agus an Tuaisceart, go bunúsach – le beatha a choinneáil leis an Iarthar. Bhí bunadh Chúige Uladh, ach go háirithe, an-mhíshásta leis na cánacha seo.

Torthaí an Ghorta[athraigh | edit source]

Thaispeáin daonáireamh na bliana 1851 go raibh dhá mhilliún go leith de mhuinrir na hÉireann ar iarraidh, nó níos mó ná duine as gach ceathrar a bhí ann roimh an nGorta. Is léir nach bhfuair gach aon duine acu bás le hocras ná leis na galair, nó is iomaí duine a thóg an bád bán go Meiriceá. Ina dhiaidh sin féin, is dócha go raibh ní ba mhó ná milliún duine básaithe san idirlinn. Cé go ndearna an Rialtas a lán leis an nGorta a mhaolú, go háirithe trí shtruchtúir shóisialta agus eagraíochtaí a chur ar bun a bhí in ann rilíf a thabhairt do na bochtáin, is follas nár tugadh a ndóthain airgid do na heagraíochtaí seo le srianta a chur leis an ocras agus leis na tolgáin a bhí ag dul leis.

An fear a bhí i gceannas ar riarachán rilife an Stáit, an tArd-Choimisinéir Edward Twisleton, d'éirigh sé as a oifig i Márta 1849 lena mhíshástacht i dtaobh pholasaithe an Rialtais a chur in iúl. Chomh patuar is a bhí Teach na dTeachtaí i leith na hÉireann, bhí an chosúlacht ar na cúrsaí go raibh na Feisirí meáite ar na Gaeil a mharú le hocras d'aonturas. Ós rud é gur fear roinnte rilífe a bhí ann féin, níorbh eisean an fear ceart le polasaithe cinedhíothaitheacha den chineál seo a chur i gcrích, arsa Twisleton le greann dóite duairc. Dúirt sé fosta nach raibh ach ”suim réasúnta beag airgid” de dhíth ar an Ríocht Aontaithe leis an ”náire” a sheachaint ”go ligfí d'aon duine de na bochtáin bás a fháil le hocras”. Mura bhfuair lucht na rilífe an maoiniú a bhí dlíte dóibh, b'é ba príomhchúis leis ná go raibh rialtas na Ríochta Aontaithe ródhoirte don tuiscint idé-eolaíoch a bhí acu do chás na hÉireann – is é sin, nach gcuirfeadh sé ach leis an leisceoireacht choitianta rilíf a sholáthar saor in aisce, agus go gcaithfeadh na bochtáin a gcuid a shaothrú as allas a malacha ar nós gach duine eile.

An Imirce[athraigh | edit source]

Emigrants Leave Ireland le Henry Doyle (1868).

Preispitéaraigh ó Chúige Uladh ba mhó a chuaigh ar imirce go Meiriceá roimh an Drochshaol. De réir a chéile, thosaigh na Caitlicigh ag tabhairt aghaidhe ar an Oileán Úr freisin, ach i ndiaidh an Drochshaoil, b'iadsan an dream ba mhó imirce ar fad. Na Caitlicigh a chuaigh go Meiricea roimh an ngorta, feirmeoirí réasúnta saibhir a bhí iontu de ghnáth, agus iad ag teacht ó Oirthear na hÉireann. Nuair a thosaigh na bochtáin féin ag imeacht leo, ba mhinic a chuaigh siad go hAlbain ar dtús, leis an airgead a shaothrú ansin a d'íocfadh an pasáiste dóibh. Iad siúd a bhí imithe thar sáile cheana féin, ba mhinic a mhaoineoidís an pasáiste dá muintir a bhí ag fanacht in Éirinn go fóill.

Le teacht an Ghorta, áfach, tháinig athrú mór ar an gcineál daoine ba mhó a bhí ag tréigean an tseanfhóid. Thosaigh na bochtáin, na bacaigh is na suaracháin féin ag imeacht go Meiriceá. Cuid áirithe acu, fuair siad luach a bpasáiste ón tiarna talún a bhí tar éis iad a dhíshealbhú. Ba mhinic a bhí na báid imirce róphlódaithe, agus nuair a shroich na himirceoirí an chéad chladach thall, b'éigean dóibh seal a chaitheamh ar coraintín, go háirithe más go Ceanada a bhí siad ag dul. Na longa a chuaigh go Ceanada, chaithfidís stop a dhéanamh san oileán úd Grosse-Île sula bhféadfaidís dul i dtír i Québec. Ba mhinic a bhí galar tógálach éigin ar chuid de na paisinéirí ar bhord na loinge, agus is iomaí duine a shíothlaigh leis an bhfiabhras tiofóideach san oileán dó, gan an chéad amharc a fheiceáil de mhórthír Cheanada riamh.

Sa bhliain 1847, leath an fiabhras tiofóideach ó Grosse-Île isteach go lár na tíre, agus bhásaigh cuid mhór de mhuintir na háite i Montreal agus i dToronto féin. Ina dhiaidh sin, rinne na Ceanadaigh a ngearán leis na húdaráis Ghallda faoi chomh mífholláin is a bhí na longa. Mar sin, cuireadh forálacha nua i bhfeidhm le baint den phlódú. Chuaigh an imirce féin i laghad faoi thionchar na bhforálacha nua.

Cuid mhór acu siúd a tháinig go dtí an tOileán Úr an bealach seo i ndiaidh bhliain an fhiabhrais, níor shocraigh siad síos i gCeanada féin. Go ginearálta, ba leasc leis na hÉireannaigh fanacht i gcoilíneacht de chuid Shasana. Bhí na Stáit Aontaithe saor ó bhráca na nGall, agus na jabanna flúirseach ansin. Ní hionann sin is a rá, ar ndóigh, nach gcuirfeadh na sluaite móra Éireannaigh fúthu i gCeanada chomh maith.

B'iad Nua-Eabhrac agus Boston an dá cheann scríbe ba tábhachtaí sna Stáit. Sa bhliain 1847, tháinig 37,000 Éireannach go Boston, arbh ionann iad, san am, agus leath an daonra a bhí ann rompu.

Ar dtús, ba ghnách leis na hinimirceoirí Éireannacha socrú síos sna slumanna agus dul le rúpáil éigin garbhoibre mar shlí bheatha. Bhí an frith-Chaitliceachas láidir sna Stáit sna 1850idí agus sna 1860idí, agus is iomaí fostóir nach raibh ag fearadh fáilte roimh Éireannaigh ar lorg jabanna. Chaithfeadh na hÉireannaigh maireachtáil ar scáth a chéile, mar sin, gus tháinig pobail chomhtháite Ghael-Mheiriceánacha – cineál geiteonna fiú – ar an bhfód ar fud na Stát Aontaithe. Ar ndóigh, bhí an Eaglais Chaitliceach ina crann taca ag na Gaeil thall ansin, agus d'éirigh leo tionchar nár bheag a imirt ar an bPáirtí Daonlathach, rud is minicí a shamhlaítear le Halla Tammany i Nua-Eabhrac. Bhí an-suim ag na Gael-Mheiriceánaigh sa náisiúnachas Éireannach fosta. A lán acu, bhí siad den bharúil gurbh iad lucht rialtais Shasana a tharraing an Drochshaol anuas ar Éirinn go toilghnústa, agus theastaigh uathu díoltas a imirt ar na Gaill. Sin é an tuige, go bunúsach, go mbíodh na Gael-Mheiriceánaigh riamh an-fhonnmhar a bhflaithiúlacht a thál ar an IRA trí NORAID, nuair a bhí na Trioblóidí faoi lán an tseoil i dTuaisceart Éireann. Is fada is féidir fuil a bhaint as seancholm.

Oidhreacht an Ghorta in Éirinn[athraigh | edit source]

Dealbh cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath.

An té ar cás air cás na Gaeilge, is é an chéad rud a shamhlóidh sé le h-”oidhreacht” an Drochshaoil ná imeacht na Gaeilge as úsáid sa chuid is mó den tír. Cé go raibh an Béarla ag cúngú ar an nGaeilge ón tseachtú haois déag i leith, ar a laghad, bhí sracadh sa teanga fós i dtús na naoú haoise déag, agus líon a cainteoirí ag dul i méadaíocht. Sa bhliain 1845, bhí an teanga ó dhúchas ag ceithre mhilliún duine in Éirinn, ach ó b'iad lucht labhartha na Gaeilge ba mhó a bhí thíos leis an ngorta agus leis an imirce araon, ní raibh ach duine as an mbeirt acu siúd fágtha sa tír sé bliana ina dhiaidh sin. Rud eile fós gur thréig cuid mhór acu siúd féin an Ghaeilge, ó bhí an chuma ar na cúrsaí anois nach bhféadfá maireachtáil ar aon nós gan an Ghaeilge a chur uait agus an Béarla a tharraingt chugat mar aonteanga labhartha.

Roimh an Drochshaol, bhí an Ghaeilge beo ar chultúr bíogúil na gcainteoirí dúchais. Bocht is uile mar a bhí siad, bhí saol, sult is subhachas dá gcuid féin acu trí mheán na teanga sinsearaí. Mura raibh fáilte isteach i saol an Bhéarla rompu, bhí malairt sochaí ann agus í ag obair as Gaeilge. Chart an Drochshaol an tsochaí seo de dhroim an tsaoil, agus fágadh an cainteoir dúchais ina bhacach aonair i saol an Bhéarla gan na struchtúir shóisialta a bhí ag athneartú a chuid Gaeilge roimhe sin. Na daoine eile a raibh na struchtúir sin comhdhéanta astu, ar nós na ngaolta, na gcomharsan agus an lucht aitheantais, bhí siad imithe i gceithre hairde an domhain: mura bhfuair siad bás le hocras, thóg siad an bád bán go Meiriceá.

Má thráigh an teanga, chuaigh an cultúr i léig freisin. Cailleadh cuid mhór de na seanchleachtais Ghaelacha i gcúrsaí an reiligiúin. Roimh an nGorta Mór bhí sé coitianta féilte na naomh a cheiliúradh le fleánna móra a dtugtaí pátrúin orthu. I niaidh an Ghorta, áfach, ní raibh mórán daoine fágtha cibé le freastal ar na pátrúin, agus nuair a bhí gach duine ag streachailt leis ina aonar le maireachtáil go ceann an chéad lae eile, cailleadh an spiorad comhphobail a tharraingíodh na daoine i dtreo an phátrúin roimhe sin. Nuair a tháinig an creideamh Críostaí ar ais, níorbh é ”creideamh na meánaoise”, creideamh traidisiúnta na nGael, a bhí ann, ach ceartchreidmheachas Caitliceach na sagart. Bhí níos mó sagairt ann anois i gcoibhneas an daonra go léir, agus b'amhlaidh ba mhó a dtionchar ar mheon an phobail. An tsíorlíomhain a bhíodh ag Protastúnaigh Chúige Uladh ar shochaí na hÉireann, is é sin, gur sochaí shagartstiúrtha a bhí ann, is féidir a rá nach raibh an líomhain seo fíor ar aon nós roimh laethanta an Drochshaoil. Roimh an nGorta, bhí Gaeilge ag cuid mhór de mhuintir na tuaithe, agus iad i muinín a mbéaloidis chráifigh féin mar threoir dhiagachta.

Níor éirigh le cumainn na dtionóntaí mórán cumhachta a bhaint amach i saol polaitiúil na tíre i ndiaidh an Ghorta. Choinnigh na tiarnaí talún a seanstádas, nó ní raibh a dhath fágtha den phobalóireacht, den chosmhuintireachas, a bhí chomh láidir sin i laethanta Dhónaill Uí Chonaill. Ón taobh eile de, an faltanas a d'fhág an Drochshaol ina dhiaidh, threisigh sé leis na gluaiseachtaí Náisiúnaíocha, ar nós na bhFíníní, sa bhaile agus i gcéin.

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Sliocht as Glórtha ón Ghorta - Béaloideas na Gaeilge agus an Gorta Mór. In eagar ag Cathal Póirtéir. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996. (Litriú caighdeánaithe.)
  2. Glórtha ón Ghorta, lch. 65. Ó Chorr na Mara i gContae na Gaillimhe an sliocht seo.

Naisc[athraigh | edit source]

Gorta Éireannach 1740 – 1741

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]