Cumann na gCarad
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cumann reiligiúnda is ea Cumann na gCarad, nó na Caecair. Tháinig an Cumann ar an bhfód i Sasana sa seachtú haois déag, agus glactar leis gurbh é George Fox, easaontóir Sasanach a mhair sna blianta 1624-1691, a bhunaigh an ghluaiseacht. Bhí sé míshásta leis na coimhlintí agus na cogaí idir na dreamanna reiligiúnda a chonaic sé ina thimpeall, agus é ag iarraidh teorainneacha na seicteacha éagsúla a shárú is a tharchéimniú trí Chríostaíocht ghlan a chraobhscaoileadh mar a thuig sé féin í.
Is é an "solas istigh" dúshraith an "Chaecarachais", is é sin, Dia i gcroí an duine agus i gcoinsias an duine. Níl mórán deasghnátha foirmeálta ag Cumann na gCarad, agus ceadaíonn siad an-saoirse coinsiasa dá chéile.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.