Sláinte in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seirbhís otharchairr i mBÁC

Is éard atá i gceist le Sláinte in Éirinn ná sláinte an phobail ar oileán na hÉireann.

Má chuirtear i gcomórtas le hionchas saoil ag breith dóibh agus rátaí báis tá sláinte na hÉireann i measc na dtíortha is fearr ar domhan[1]. Sa bhliain 1996 ba é 73.3 bhliain an t-ionchas saoil a bhíodh ag fir, agus 78.7 mbliain do mhná.

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Savita Halappanavar

Príomhchúiseanna an bháis ná galar croí agus ailse.

An Roinn Sláinte

Chaith isteach is amach le 20% den phobal toitíní timpeall ar 2010, figiúr a laghdaigh tar éis cosc ar chaitheamh i dtithe tábhairne agus clubanna oíche sa bhliain 2004, agus a raibh súil ann go dtitfidh sé tuilleadh. níl ach galar amháin, galar croí, a mharaíonn níos mó daoine ná an ailse

Tá fadhb na hotrachta ag dul i méid agus Éire ar na tíortha is measa ó thaobh róraimhreachta ar domhan.

an Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí

Is cúiseanna báis eile iad an féinmharú agus básanna i dtimpistí bóithre a mbíonn an rialtas agus an pobal ag iarraidh dul i ngleic leo.

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a iarrtar ar mhuintir na hÉireann cén caighdeán sláinte atá acu, is nós leo leibhéil níos ísle tinnis a thuairisciú thar mar a dhéantar áiteanna eile sna Eoraip.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Encyclopaedia of Ireland – Meán Fómhair 1, 2003, Brian Lalor (Eag)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]