Montréal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lár chathair Montréal

Is í Montréal an chathair is mó i Québec, Ceanada. Tá sí suite ar Oileán Montréal ag cumar dhá abhainn, an Saint-Laurent agus an Outaouais. Is oileán de chuid oileánra Hochelaga é oileán Montréal. De réir fianaise na seandálaíochta tá cónaí ar dhaoine sa cheantar le timpeall trí mhíle bliain. Timpeall ceithre mhilliún duine a chónaíonn ann agus is í an Fhraincis an phríomhtheanga. Is í an tríú cathair is mó Fraincise sa domhan í (Páras agus Kinshasa na cinn is mó).

Stair[athraigh | edit source]

Tháinig an taiscéalaí Francach Jacques Cartier go dtí an ceantar, mar a raibh cónaí ar mhuintir Huron, i 1535 agus bhaist sé Mont Royal (An Sliabh Ríoga) ar shliabh a bhí crochta os cionn abhainn an St Laurence. D'fhill sé i 1542 le sagairt agus coilínigh cuireadh sráidbhaile Ville Marie ar bun. Ba ann a cuireadh an chéad ospidéal i Meiriceá Thuaidh ar bun, ar an 17 Bealtaine 1542. Neartaigh Samuel de Champlain an baile i 1603. Chuir cogaíocht in aghaidh na nIroquois agus na Sasanach bac ar fhás na cathrach ar feadh tamaill. Sa bhliain 1701 rinne na dúchasaigh conradh síochána leis na Francaigh agus d'fhás sí mar ionad tráchtála de réir a chéile. Fionnadh a bhí á easpórtáil chun na hEorpa. D'fhan an chathair i seilbh na bhFrancach go dtí 1761. Tháinig forbairt mhear ar Montréal nuair a críochnaíodh canáil Lachine. Timpeall 9000 duine a bhí i Montréal in 1801 ach d'fhás an daonra go mear go timpeall ceathrú milliún faoi dheireadh an naoú haois déag. Bhí parlaimint Cheanada Aontaithe lonnaithe sa chathair idir 1844 agus 1949. Ba sa bhliain 1833 a rinne corporáidiú ar an gcathair a d'fhás ar an oileán agus ar bhruacha na habhann. Montréal an t-ainm oifigiúil a bhí ar an gcathair ó shin i leith. As sin go dtí na 1960í ba í Montréal an chathair ba mhó agus ba thábhachtaí i gCeanada, ach nuair a tháinig an réabhlóid chiúin (gluaiseacht a d'éiligh cearta do lucht labhartha na Fraincise, agus fiú neamhspleáchas do Québec) thosaigh na Béarlóirí ag imeacht amach as an chathair agus as an chúige agus ó shin i leith is í Toronto an chathair is mó sa tír. Ba ardú meanmna do mhuintir Québec cuairt Charles de Gaulle i 1967, ach neartaigh sé imní na mBéarlóirí.

Bhí na Cluichí Oilimpeacha i Montréal i 1976.

Cultúr[athraigh | edit source]

Go hoifigiúil is í an Fhraincis teanga dhúchais 67% de dhaonra na cathrach; tá 14% ann nach labhraíonn ach Béarla agus tá teangacha dúchais eile ag an chuid eile. Tá os cionn leath na ndaoine dátheangach (Béarla agus Fraincis). Is de shliocht Fhrancach, ÉireannachIodálach formhór na ndaoine geala i Montréal agus tá dreamanna mionlaigh ann as Háití, an tSín agus an Ghréig. Bhí an-chumhacht ag an Eaglais Chaitliceach sa chathair ó bunaíodh í, agus tá na céadta séípéal inti, ach tháinig meath ar chumhacht na heaglaise mar go bhfacthas don mhuintir a ghlac páirt sa réabhlóid chiúin go raibh an Eaglais ina comhghuaillí ag rialtas eachtrannach.

Is de bhunadh Montréal na scríbhneoirí cáiliúla Fraincise Jacques Godbout agus Michel Tremblay agus an scríbhneoir Béarla Saul Bellow. Rugadh an file agus amhránaí Leonard Cohen ann chomh maith.

Place d'Armes i Sean Montreal
Montréal ag an mbreacsholas, 2006