Abhainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abhainn ag tosú sna hAlpa
Abhainn na Danóibe

Is éard is abhainn ann ná bealach uisce nádúrtha, a thógann uisce a thit mar bháisteach chuig an fharraige.

Má bhíonn titim mhaith leis an dtalamh ritheann an t-uisce go mear. Ach má bhíonn an talamh go cothrom réidh bogann an t-uisce leis go mall. Bíonn an talamh chomh réidh sin i mballa gur ar éigean a thabharfá aon chorraí ag an uisce.

Bíonn easa ar chuid de sna haibhne, an t-uisce ag titim anuas de dhroim carraigeach a tharlaíonn i gcúrsa na habhann. Má bhíonn titim mhaith san eas cíonn tú an t-uisce ag briseadh de dhroim na gcarraigeach ina chubhar gheal. Tá trácht ar Eas Niagara i gCeanada agus eas Igauzú san Airgintín ar fad an domhain.

Ní mór an méid a bhíonn i sruthán i gcomórtas le habhainn. Ach bailíonn sé an t-uisce a bhíonn ina limistéar féin chun na farraige nó chun abhainn eile. Is iad na srutháin a dhéanann abha mhór den abhainn bhig go minic.

Bíonn cúrsa na habhann go casta, mar déanann sí a slí tríd an dtalamh is boige agus is ísle, agus má tharlaíonn aon chonstaic nó talamh cruaidh roimpi tugann sí cor timpeall. Tógann sí an cúrsa is saoráidí i gcónaí.

An uair thiteann a lán báistí bíonn tuile sa abhainn, agus is minic a scéitheann an t-uisce amach thar bhruacha na habhann ar an dtalamh mór-dtimpeall. Ar thalamh íseal agus tuile mhór ann, is minic a dhéanann an tuile mórán díobhála do churadóireacht; agus caitheann na daoine na tithe d'fhágaint uaireanta mar is baol dóibh an t-usice. Is minic a thagann tuilte in iomaí tíortha, agus déanann siad díobháil an-mhór. Báitear na mílte daoine gach bliain i dtuilte timpeall na cruinne.

Bíonn droichead thar abhainn chun dul trasna uirthi: droichid cloch nó adhmaid nó cruaidhe. Anseo is ansiúd bíonn droichead coisithe do lucht coisíochta. Bíonn súil, nó dhá shúil, nó trí shúil ar dhroichead, nó breis mhór do réir a fhaide. Stua ainm eile ar shúil droichid. Áth bhíodh ar na haibhne fadó. B'shin áit ag caol abhann gurbh fhéidir dul trasna ann. Is mó ainm áite go bhfuil an focal áth ann inniu.

Tá a lán feidhmeanna eile in abhainn seachas an t-uisce do bhailiú den talamh. Tá uisce le fáil ann d'ainmhithe agus do mhonarchain agus do bhailte móra. Bíonn muillte ar aibhne, agus is é an t-uisce a chasann rith an mhuillinn. Níl oiread díobh ann anois agus mar bhíodh, sar ndíríodh ar fheidhm a bhaint as ghail uisce chun na hinnill d'oibriú. Táthar ag baint feidhme as uiscí abhann anois, afách, chun innill aibhléise do thiomáint, agus is mór ar fad an feidhm a baintear as an mianach sin inniu, chun solas do dhéanamh agus innill d'oibriú.

Is féidir abhainn a úsáid i gcomhair iascaireacht, bádóireacht agus siamsaíocht eile chomh maith. Úsáidtear aibhneacha freisin le haghaidh breith earraí isteach i dtír éigin, nó amach aisti.

Talamh maith bíonn i ngleannta na n-abhann de ghnáth, agus bíonn curadóireacht, tógaint stoic agus ba bainne ar siúl iontu. Bíonn bailte seascaireacha agus bailte móra iontu de ghnáth.

I gcuid de sna tíortha ar domhain cuirtear uisce na habhann ar an dtalamh chun na curadóireachta. An uair bhíonn tuilte sna haibhne seo scéitheamh an t-uisce amach faoin dtalamh, agus fágann sé ina dhiaidh brat de lathaigh agus de chré saibhir a bhíonn go tréan chun barraí do bhorradh. Sin mar bhíonn ag an Níl san Éigipt agus na haibhne móra sa tSín. Sna tíortha sin is ar an abhainn a bhíonn seasamh na ndaoine chun na barraí do chur ag fás agus ag borradh. Is mó daonnacht tábhachtach d'éirigh i limistéar abhann ó thús aimsire.

Tá aibhne ann a ghluaiseann faoin dtalamh. I dtalamh clochaoil a tharlaíonn sin, mar is furas don uisce a shlí do ghearradh trí an gcloichaoil. Bíonn cortha ar aibhne chun an t-uisce do bhailiú i dtreo go mbainfí feidhm as nuair bhéad gá leis.