Na hAlpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sliabh Alpa ón spás i mí Márta 2007.

Tugtar na hAlpa ar cheann de na sliabhraonta is mó san Eoraip. Tá siad le fáil i lár na hEorpa lastoir den Ostair agus iad ag síneadh tríd an tSlóivéin, an Iodáil, an Eilvéis, trí Lichtinstéin agus tríd an nGearmáin siar go dti an Fhrainc. Is é Mont Blanc an sliabh is airde sna hAlpa agus é 4,810 méadar ar airde. Tá sé suite ar an teorainn idir an Fhrainc agus an Iodáil.

Le linn na hImpireachta Rómhánaí bac nádúrtha ba ea na hAlpa ar ionradh aduaidh ar an leithinis Iodálach. (Chuaigh sé rite le hHannabal na hAlpa a chur de i rith an Chéad Chogadh Púnach, mar shampla.)

Anois tá an-dúil ag daoine sna hAlpa de bharr na sciála agus deis spaisteoireachta amuigh faoin aer a bheith acu.