Galú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
frithchaitheamh

Athrú ábhair ón bpas leachtach don phas gásach is ea galú (Béarla: evaporation). Galú a thugtar ar uisce, mar shampla, nuair a athraíonn uisce ina ghal.

Turgnamh : éiríonn gléas níos fuaire de réir a chéile
atmaisféir an Domhain (i nGearmáinis)

Ceimic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go coitianta, saoradh móilíní leachta óna dhromchla isteach san aer os a chionn. Tarlaíonn sé le linn fiuchta, ag an bhfiuchphointe, ach tarlaíonn galú gan fiuchadh (néalú) ag teochtaí níos lú.

Is gá fuinneamh teasa a sholáthar don leacht chun na móilíní a shaoradh óna naisc leachtacha, agus teas folaigh galúcháin a thugtar ar an teas seo.

Tá leachtanna so-ghalaithe ann mar éitir, biotáille meitileach, peitril, is freon, agus tógann siad an teas folaigh ón timpeallacht nuair a ghalaítear iad. An próiseas seo is bun le cuisniú.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is galú an próiseas trína gcailltear uisce ó dhromchla an Domhain leis an atmaisféar mar ghal, cuid thábhachtach den mhalartú fuinnimh taobh istigh de chóras atmaisféir an Domhain, a chuireann gluaiseachtaí an atmaisféir ar siúl agus a chabhraíonn le táirgeadh na haeráide (san eas fuinnimh dhomhanda).

Braitheann an ráta galaithe ar an ngrianradaíocht, an difríocht teochta idir an dromchla galaithe is an t-aer a luíonn anuas air, an taise agus an ghaoth.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Galú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 304.