An Nígir (abhainn)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í an Nígir (Niger) an phríomhabhainn in iarthar na hAfraice. Tá sí tuairim is 4,180 km (2,600 mi) ar fhad. Clúdaíonn an t-abhantrach draenála 2,117,700 km2 (817,600 sq mi). Tá foinse na habhann in oirdheisceart na Guine. Sníonn sí tríd na tíortha seo leanas: Mailí, an Nígir, teorainn Bheinin agus an Nigéir. Tá an deilt ar chósta Mhurascaill na Guine san Aigéan Atlantach. Tá an Nígir ar an tríú habhainn is faide san Afraic. Is í an Benue príomh-chraobhabhainn na Nígire.