Mailí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
République du Mali
Bratach Mhailí Armas Mailí
Bratach Armas
Mana: Un peuple, un but, une foi
Pobal amháin, Sprioc amháin, Creideamh amháin
Amhrán náisiúnta: Pour l'Afrique et pour toi, Mali
Suíomh Mailí
Príomhchathair Bamako
12°39′ Thuaidh 8°0′ Thiar
An chathair is mó An Phríomhchathair
Teangacha oifigiúla Fraincis
Rialtas Poblacht
in amhras
in amhras
Neamhspleáchas
ón Fhrainc
22 Meán Fómhair, 1960
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
1,240,192 km² (24ú)
1.6%
Daonra
 • Meas. ó 2007
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
11,995,402 (73ú)

11/km² (207ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$14.4 billiún (125ú)
$1,154 (166ú)
Airgeadra CFA Franc (XOF)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
GMT (UTC+0)
(UTC)
Fearann Idirlín .ml
Glaochód +223

Is tír san Afraic í Mailí, nó Poblacht Mhailí. Is í Bamako an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht Fhrancach í. Tá Mailí ar an tseachtú tír is mó san Afraic, agus teorainneacha aici leis an Ailgéir, leis an Nígir, le Buircíne Fasó, leis an gCósta Eabhair, leis an nGuine, leis an tSeineagáil agus leis an Máratáin. Tá Mailí corradh is 1,240,000 ciliméadar cearnach ar achar, agus trí mhilliún déag de dhaoine ina gcónaí ansin.

Tá radharcra agus nádúr Mhailí an-éagsúil, nó tá talamh méith i ndeisceart na tíre áit a bhfuil Abhainn na Seineagáile agus Abhainn na Nigire ag tabhairt uisce, ach ón taobh eile de sroicheann críocha thuaidh na tíre go domhain isteach sa Sahára. Ceann de na tíortha is boichte atá ann, agus is ar iascaireacht agus ar thalmhaíocht is mó a thagann muintir Mhailí i dtír, cé go bhfuil ór, úráiniam agus salann in ithir na tíre.

Fuair Mailí a hainm ó Impireacht Mhailí, a bhí ag rialú an taobh seo den Afraic sna blianta 1230-1600. Bhí impireachtaí eile ann freisin a raibh tionchar acu sa réigiún tráth: Impireacht Ghána agus Impireacht Songhay. Go deireanach san ochtú haois déag, thit Mailí leis na Francaigh, a bhí díreach ag leathadh a n-impireachta coilíní féin in Iarthar na hAfraice. Bhain Mailí amach neamhspleáchas ón bhFrainc sa bhliain 1959, ach san am sin, ba aon stát amháin iad an tSeineagáil agus Mailí. Scoilt an chónaidhm seo an bhliain a bhí chugainn. Bhí an tír á rialú ag aon pháirtí amháin ar feadh i bhfad, ach sa bhliain 1991, i ndiaidh réabhlóid mhíleata, cuireadh daonlathas ar bun sa tír. Sna blianta 1992-2002, bhí Alpha Oumar Konaré ag rialú na tíre, ach ansin, d'fhág sé an Uachtaránacht i dtoghcháin dhaonlathacha ag Amadou Toumani Touré, a bhí i gceannas ar na réabhlóidithe sa bhliain 1991.

Cé gur tír thar a bheith bocht í Mailí, áirítear ar ceann de na tíortha is cobhsaí san Afraic í inniu.

Is í an Fhraincis teanga oifigiúil Mhailí, ach is léir go bhfuil a lán teangacha eile le cloisteáil timpeall na tíre. Is í an teanga Bambara an ceann is tábhachtaí de na teangacha dúchasacha, agus is féidir le ochtar as an deichniúr de mhuintir Mhailí an teanga seo a labhairt. Ceann de na teangacha Mande í, cosúil lena lán teangacha in Iarthar na hAfraice (ar nós na dteangacha Dioula agus Mandinka, cuir i gcás), agus í intuigthe go maith ag cainteoirí na dteangacha seo.

Muslamaigh iad 90 % de mhuintir Mhailí, ach is tír shaolta í Mailí, agus ní raibh iarrachtaí ann le dlí an Ioslaim a chur i bhfeidhm. Críostaithe iad 5 %, agus cloíonn an 5 % eile le reiligiúin thraidisiúnta na hAfraice.

Mosc i Djenné

Bhí Mailí riamh ar ceann de na lárionaid thábhachtacha chultúrtha san Afraic. Inniu, chuala an saol mór iomrá ar thraidisiún ceoltóireachta na tíre, agus chuaigh ainmneacha cosúil le Salif Keita ar fud an domhain. Thairis sin, tharraing a lán scríbhneoirí Mailíocha súil an tsaoil mhóir orthu féin. Tá a dtraidisiún litríochta féin ag na Mailígh, cé gur minic nach mbíonn ann ach béal-litríocht, agus í á hiompar ag na seanchaithe, nó na griots.

Tagairtí[athraigh | edit source]