Samuel de Champlain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Portráid iarbhásach de Samuel de Champlain

Rugadh Samuel de Champlain (ar a dtugtar "athair na Fraince Nua" c.1580-1635) i dteaghlach Protastúnach timpeall na bliana 1580[1] agus bhí cónaí air i mbaile Brouage, calafort ar chósta thiar na Fraince. Rinne sé turas trí Cheanada sular éag sé i Québec sa bhliain 1635. Mairnéalach agus loingseoir den scoth a bhí ann agus ba é a bhunaigh Cathair Québec. Thaiscéal sé an Loch Champlain agus chuir sé a ainm féin uirthi. Chuir sé tús leis an trádáil idir an Fhrainc agus Meiriceá Thuaidh, go háirithe an trádáil fionnaidh.

Tagairtí[athraigh | edit source]