Dúchan prátaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDúchan prátaí
Phytophthora infestans Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Galarlate blight of potato (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
AicmePeronosporea
OrdPeronosporales
FinePeronosporaceae
GéineasPhytophthora
SpeiceasPhytophthora infestans Cuir in eagar ar Wikidata
de Bary, 1876

Is galar é dúchan prátaídúchan na bprátaí.[1] Fungas Phytophthora infestans atá freagrach as an ngalar seo.

Talmhaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá chineál den bhunfhungas ann, "A1" (HERB-1) agus "A2". Méadaíonn an dá chineál ar leith ar mhodh neamhghnéasach, cosúil le méadú sómach. Ach nuair a thagann siad le chéile méadaíonn siad ar mhodh gnéasach, trí leath den ábhar géiniteach a theacht ó fhireannaigh de chineál amháin is an leath eile ó bhaineannaigh den chineál eile.

Lotnaidicídí agus galarchosc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le blianta, tá fungasnimh a dtugtar meitealacsail uirthi ar fáil, atá an-éifeachtach ina choinne ach é a spraeáil ar an mbarr in am cuí.

Tá na saghsanna a thagann as an méadú gnéasach seo an-tógálach, agus níl éifeacht ar bith ag meitealacsail orthu.

Ó thús na 1980idí, tá A2, agus saghsanna atá frithsheasmhach, i gcoinne na bhfungasnimheanna, ag scaipeadh ar fud an domhain is ag déanamh ar ár mbarra prátaí.

Tá an trádáil is an taisteal idirnáisiúnta ag cur leis an scaipeadh seo. Tá tionscadal idirnáisiúnta ar siúl chun teacht ar réiteach, prátaí atá frithbheartach i gcoinne an fhungais á saothrú agus, maidir leis na barra féin, córais bhainistíochta a fhorbairt chun na prátaí a chosaint níos fearr, gan an iomarca nimheanna a úsáid. Ach tá deacrachtaí móra ann fós.

Phytophtora infestans

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

As Meicsiceo (gleann Toluca) a d'eascair dúchan na bprátaí sa chéad dul síos. Galar nua a bhí i gceist le galar dubh na bprátaí, galar a tháinig chun solais ar chósta thoir na Stát Aontaithe sa bhliain 1843. Rinne an galar a bhealach go géar gasta i dtreo Lár Iarthair na Stát Aontaithe.

I rith am samhraidh 1845, bhuail an galar Flóndras, deisceart na Fraince, oirthear na Gearmáine agus deisceart Chríoch Lochlann. Ba é ba chúis leis an tolgadh sciobtha seo ná go raibh tráchtáil na bprátaí ag dul chun domhandais san am seo féin.

duilleoga

Cionsiocair Ghorta Mhór na hÉireann sna 1840idí ba ea dúchan na bprátaí. Níor tháinig ach A1 go hÉirinn in 1845 áfach. Bhí dúchan na bprátaí luaite ag an Dublin Evening Post don chéad uair ar an 9 Meán Fómhair 1845. Tá a fhios ag madraí an bhaile cén chríoch a bhí ar an scéal sin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Phytophthora infestans” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Dúchan prátaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 226.