Gorta Éireannach 1740 – 1741

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tháinig gorta Éireannach na mblianta 1740 - 1741 den "Sioc Mór" a bhuail an Eoraip idir Nollaig 1739 agus Meán Fómhair 1741 tar éis deich mblianta a mbíodh geimhreadh bog ann. D’fhág an gorta seo lorg tubaisteach ar Éirinn, agus bhí sé níos measa ar shlite áirithe ná an Drochshaol céad bliain ina dhiaidh sin. Thug na hÉireannaigh “Bliain an Áir" ar an mbliain 1741.[1]

Tús an tSeaca[athraigh | edit source]

Sa tréimhse 1691–1740 bhí an geilleagar ag teacht chuige féin go han-mhall ó chogadh Liam Oráiste. Bhíothas ag féachaint le cúrsaí feirmeoireachta agus tionsclaíochta a fheabhsú le reachtaíocht nó trí eagraíochtaí deonacha ar nós an Dublin Society. Bhí borradh éigin ann, ach ní gá gur aithin muintir na haimsire sin é, agus ba mhór an bac air an gorta.[2] Is beag a d’fhás an daonra roimh an mbliain 1750, agus meastar nach raibh ach 7% den phobal le fáil i mbailte móra a raibh breis is 10,000 duine iontu. D’úsáididís an chuid is mó den bhia a shaothraídís chun iad féin a chothú seachas mar ábhar tráchtála, rud a d'fhág gurbh fhurasta do ghorta díobháil mhór a dhèanamh.[3]

Dúirt an Dublin Gazette, Eanáir 1740:

The frost continues most severe and intense, so that there are tables and formson the Liffey and selling liquors, and it is said they intend to roast an Ox on it. The thermometer is four degrees lower and colder since our last, and is now 7-9 degrees colder than ever has been known.[4]

I Mí Eanáir 1740 bhí an teocht chomh híseal le 10 °F (12 °C) i Sasana, agus tomhaiseadh "thirty-two degrees of frost" amuigh in áit amháin, gan trácht ar an ngaothfhuarú. [5]

Ar dtús tháinig méadú ar an bhfuacht agus ar ghéire na gaoithe, ach ar éigean a bhí sneachta ann. Bhí Éire i ngreim ag an gcóras ardbhrúite céanna a bhí le fáil ar fud na hEorpa ón Lochlainn go dtí tuaisceart na hIodáile. Rinneadh oighear d’aibhneacha, de lochanna agus d’easa, agus fuair iasc bás dá bharr. Ba dheacair do dhaoine gan ábhar tine a ídiú go gasta, cé gur dócha go raibh muintir na tuaithe níos fearr as ná bochtáin na gcathrach de bharr a raibh de mhóin acu.

De ghnáth thabharfadh mangairí agus seoltóirí gual ó Cumbria agus ó dheisceart na Breataine Bige go dtí calaí in oirthear agus i ndeisceart na hÉireann. Ar dtús bhí na céanna agus na clóis ghuail chomh reoite sin go raibh tráchtáil ina stad. Nuair a thosaigh sí arís i ndeireadh Eanáir 1740 bhí ardú as compás ar an bpraghas miondíola. Creachadh fálta, crainn agus planndlanna timpeall Bhaile Átha Cliath. Bhí na rothaí muilinn bactha ag an oighear, rud a cheil cruithneacht meilte ar bháicéirí, éadach úctha ar fhíodóirí, laíon ceirteacha ar lucht clódóireachta. Mhúch an fuacht na lampaí ola ar na sráideanna.

Déirc[athraigh | edit source]

Thosaigh lucht an ghustail ag dáileadh déirce dhá sheachtain tar éis theacht an tSeaca. D’iarr ministrí Eaglais na hÉireann deontais agus i gceann ceithre seachtaine bhí beagnach ochtó tonna gual agus deich dtonna mine roinnte acu. Ar Eanáir 19, 1740, choisc Diúc Devonshire, feidhmeanach rialtais, easportáil gráinne ó Éirinn go dtí tír ar bith ach amháin an Bhreatain. Rinneadh é seo ar chomhairle bardas chathair Corcaí agus cuimhne acu ar chíréibeanna bia a tharla aon bhliain déag roimhe sin agus a d’fhág ceathrar marbh.[6]

Conolly Folly, 1740

Chuir Katherine, baintreach William Conolly, toicí agus polaiteoir, an “Conolly Folly” á thógáil i gCill Droichid i gContae Chill Dara sa bhliain 1740 chun obair a chur ar fáil. Is dócha gur tógadh an Iothlainn Iontach nó “Wonderful Barn” (1743) ar an gcúis chéanna.

Prátaí[athraigh | edit source]

D’fhág an Sioc Mór a rian ar na prátaí. Iadsan agus min choirce an bia is mó a mbíodh muintir na tuaithe ina muinín, cé go raibh a lán saghsanna bia eile le fáil, agus mhéadaigh tábhacht na bprátaí le himeacht aimsire.[7] Na prátaí a d’fhás i bhFómhar na bliana 1739 agus a fágadh sna garraithe bhí siad millte agus gan ábhar síl féin iontu. Thug fear amháin, Richard Purcell, cuntas cruinn ar a raibh ar siúl ina thimpeall agus chuir in iúl gur barr flúirseach a bheadh ann murach an sioc. Níor tháinig slán ach an beagán “in a very few deep…and turfy moulded gardens where some, perhaps enough for seed for the same ground, are sound”. [8]

Triomach Earraigh 1740[athraigh | edit source]

Níor tháinig an ghnáthfhearthainn in Earrach na bliana 1740. Scaip an Sioc ach bhí sé fuar fós agus bhí géire sa ghaoth aduaidh. Mharaigh an triomach na hainmhithe, go háirithe caoirigh i gConnacht agus beithígh dhubha sa deisceart. Faoi dheireadh Mhí Aibreáin bhí idir chruithneacht agus eorna scriosta, agus cheadaigh an Eaglais do dhaoine feoil a ithe ceithre lá sa tseachtain i rith na Carghaise. Tháinig ardú faoi phraghsanna arbhair de bharr ganntanas prátaí agus laghdaigh toirt na mbuilíní de réir a chéile. Bhí ardú na bpraghsanna ag brath ní hamháin ar an nganntanas ach ar an ngannchúis a shíl na ceannaithe a bheadh ann feasta chomh maith.

Faoi shamhradh na bliana 1740 bhí aghaidh na sluaite ar bhailte móra ar nós Chorcaí, mar a raibh na sráideanna plódaithe le bacaigh faoi lár Mhí an Mheithimh 1740.

Círéibeanna[athraigh | edit source]

Thosaigh an chéad challán i nDroichead Átha i lár Mhí Aibreáin. Chuaigh drong ar long a bhí ar tí dul go dtí an Albain agus lasta min choirce ar bord aici, agus bhain siad an stiúir agus roinnt seoltaí di.

Bhí círéib eile i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh i ndeireadh Mí na Bealtaine 1740. Chreid an slua go raibh báicéirí ag coinneáil ó arán a dhéanamh. Bhris daoine isteach i siopaí na mbaicéirí, dhíol cuid de na builíní agus thug an t-airgead do na baicéirí. Ghoid cuid eile an t-arán scun scan. Dé Luain chreach daoine muilinn in aice leis an gcathair agus dhíol an mhin ar lacáiste. Thug saighdiúirí ón mBeairic Ríoga iarracht ar riail a chur ar chúrsaí agus maraíodh roinnt daoine. Bhí feidhmeannaigh na cathrach ag iarraidh cnuastóirí a aimsiú agus smacht a choinneáil ar mhargaí, ach bhí praghsanna ard i gcónaí. Ba é an scéal céanna ag cathracha eile é ar feadh an tsamhraidh. Ba mheasade an scéal an cogadh: ghabhadh foghlaithe Spáinneacha longa a bhí ag tabhairt gráinne chun na hÉireann, agus cuireadh bac ar easportáil línéadaigh, mairteoil shalannaithe agus im picilte, na hearraí is mó a thuilleadh airgead don tír.[9]

Fuacht arís[athraigh | edit source]

Bhí barraí beaga ann i bhFómhar na bliana 1740 agus tháinig ísliú ar phraghsanna sna bailte móra. Bhí níos mo beithíoch ann, ach i gceantair dhéiríochta bhí na ba chomh lag sin ag an Sioc gur theip ar an tríú cuid acu síol tairbh a ghlacadh. Dá bhrí sin ní bheadh an oiread sin gamhna, bainne ná im ann feasta.

I ndeireadh Mhí Dheireadh Fómhair 1740 agus i Mí na Samhna tháinig stoirmeacha agus sneachta, agus lean tuilte móra an fhearthainn a thit ar 9 Nollaig 1740. An lá dar gcionn tháinig fuacht mór agus sneachta, agus bhí aibhneacha agus lochanna reoite. Tar éis tréimhse fhuar a lean timpeall deich lá thosaigh an t-oighear ag leá. Tháinig píosaí móra oighir anuas an Life, ag iompú bád agus ag scaradh long óna gcuid ancairí. D’éirigh praghsanna níos mó ná riamh. Ghéaraigh an cogadh i Mí na Nollag agus bhí daoine ag coinneáil bia i dtaisce dá bharr. Thosaigh círéibeanna bia arís.[10]

Cúnamh[athraigh | edit source]

Ar 15 Mí na Nollag 1740 chuaigh Samuel Cooke, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, i gcomhairle leis na Tiarnaí Príomh-Bhreitheamh an tArdeaspag Boulter agus Henry Boyle agus leis an Tiarna Seansailéara Robert Jocelyn chun scéim a sheiftiú a laghdódh praghas an arbhair. Sholáthair Boulter bia do bhochtáin na cathrach ar a chostas féin.

Dúirt an Rí-Chomhairle le hArd-Shirriam gach contae gach a raibh d’arbhar ag feirmeoirí agus ag ceannaithe a áireamh: thaispeáin sé seo go raibh neart arbhair ann. I gContae Lú bhí os cionn 85,000 bairille arbhair ann agus iad i seilbh timpeall 1,655 feirmeoir. Coirce is mó a bhí i gceist.

Rinne tiarnaí talún ar nós Katherine Conolly bia agus airgead a roinnt in “Earrach dubh” na bliana 1741. Chuir siad daoine ag pábháil, ag draenáil, ag tógáil claíocha, bóithe agus canálacha, agus ag glanadh cuanta. I nDroichead Átha chaith an Breitheamh Henry Singleton cuid mhaith dá raibh aige ag cuidiú le daoine.

Aimsir bhreá[athraigh | edit source]

Sa chéad seachtain d’Iúil 1741 tháinig laghdú ar phraghsanna arbhair agus tháinig cruithneacht a bhíodh i dtaisce ar an margadh ina rabharta. Tháinig cúig long a bhí lán d’arbhar i Mí na Bealtaine 1741, ó Mheiriceá is dócha. Bhí cuid de bharraí na bliana 1741 níos measa ná a chéile ach bhí siad thar a bheith go maith ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin.

An líon a fuair bás[athraigh | edit source]

Ní dhearnadh cuntas cruinn ar ar cailleadh ar feadh an tSeaca Mhóir. Tá blúirí eolais le fáil ó pharóistí éigin: i Mí na Feabhra agus i Mí Mhárta 1740 cuireadh seacht bpáiste is daichead i bparóiste Naomh Caitríona. Mhéadaigh an ráta báis faoi thrí i Mí Eanáir agus i Mí na Feabhra, agus cuireadh a dhá oiread daoine i rith an tSeaca is a cuireadh idir na blianta 1737 agus 1739.

Tá dhá mheastachán déanta ar an líon daoine a cailleadh, mar a leanas:

  • Cailleadh 38% de phobal na hÉireann.
  • Cailleadh idir 13% agus 20% de dhaoine sa bhreis ar feadh 1740 – 1741.[11]

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Dickson, David (1997). Arctic Ireland: The Extraordinary Story of the Great Frost and Forgotten Famine of 1740-41. Belfast: White Row Press Ltd. ISBN 978-1-870132-85-5
  2. David Hayton, ‘Ruling Ireland: 1685-1742: politics, Politicians and Parties’ in Eighteenth-Century Ireland / Iris an dá chultúr, eag. Eoin Magennis, Vol. 20, (2005), lch 279, Eighteenth-Century Ireland Society.
  3. S. Engler, F. Mauelshagen, J. Werner, J. Luterbacher, ‘The Irish famine of 1740-1741: famine vulnerability and “climate migration”’ in Climate Past, 9, 1161-1179, 2013: http://www.clim-past.net/9/1161/2013/cp-9-1161-2013.pdf
  4. Luaite in S. Engler etc.
  5. Dickson.
  6. Dickson.
  7. Leslie Clarkson & Margaret Crawford, Feast and Famine: Food and Nutrition in Ireland 1500-1920, Oxford University Press 2001, lgh 62-64. ISBN-13: 9780198227519
  8. Luaite in Dickson.
  9. Dickson.
  10. Dickson
  11. Dickson

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Dickson, David (1997). Arctic Ireland: The Extraordinary Story of the Great Frost and Forgotten Famine of 1740-41. Dublin: White Row Press. ISBN-13: 978-1870132855

Le léamh[athraigh | edit source]

  • Drake, Michael, ‘The Irish Demographic Crisis of 1740–41’ in Historical Studies VI, T. W. Moody (ed.). London: Routledge & Kegan Paul 1968.
  • Baillie, Mike (1996). A Slice Through Time: Dendrochronology and Precision Dating. London: Routledge, lgh 16–31.
  • SEMP Biot Report #430: “Dendrochronology: How Climate Catastrophes Show Up in Tree Rings” (June 11, 2007). Le fáil ag [1].