Domhandú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil de thrácht sceidealaithe aerlíne ar fud an domhain, circa Meitheamh 2009

Is é is domhandú (nó domhandas uaireanta) ann ná idirnáisiúnú na teileachumarsáide, na heacnamaíochta, an chultúir agus na polaitíochta.

Ciall an fhocail agus an díospóireacht fúithi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an sainmhíniú a thug an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar an domhandú ná "an dóigh a bhfuil comhspleáchas eacnamaíochta na dtíortha ar fud an domhain ag fás, agus an trádáil trasteorann is na sreabhanna caipitil ag dul i méadaíocht agus i bhfairsinge is an teicneolaíocht ag éirí níos leitheadúla agus níos uileghabhálaí". An ciallú a thug an Fóram Idirnáisiúnta um an Domhandú ar an gcoincheap seo, áfach, cuireann sé an chuid is mó den bhéim ar chomhchruinniú an chaipitil agus ar an gcumhacht atá ag na corparáidí idirnáisiúnta - beag beann ar na rialtais agus ar na forais pholaitiúla. Is é tuairim go leor teoiriceoirí, Immanuel Wallerstein ina measc, ná nach féidir an domhandú a thuiscint ach mar chuid d'fhorbairt stairiúil an chaipitlíochais idirnáisiúnta. San am céanna, is iomaí ciall éagsúil a bhaintear as coincheap an domhandaithe, agus na tráchtairí difriúla ag cur an chuid is mó den bhéim is den fhreagracht ar na corparáidí, ar na rialtais nó ar na daoine aonair. Cibé scéal é, is léir go bhfuil cúrsaí na polaitíochta, na heacnamaíochta agus na teicneolaíochta fite fuaite le chéile i bpróiseas an domhandaithe.

Is iad na príomhghnéithe eacnamaíocha den domhandú ná an trádáil, an infheistíocht agus an imirce. Is é is toradh don trádáil dhomhanda ná go bhfuil éagsúlacht earraí ar fáil do dhuine an lae inniu ná a bhí do na ríthe is na himpirí féin sna laethanta a bhí: cuir i gcás, gluaisteáin Ghearmánacha, caife Colómach, éadaí de dhéantús na Síne, cadás ón Éigipt, ceol Meiriceánach, bogearraí Indiacha, - an té a bhfuil an t-airgead aige, is féidir leis na hearraí seo a cheannach, cibé áit ar dhroim an domhain a bhfuil sé. Cuireann córas na hinfheistíochta dírí ar chumas na gcorparáidí ilnáisiúnta sócmhainní a infheistiú go díreach i dtír choimhthíoch, ach is féidir na sócmhainní a infheistiú go hindíreach freisin. A bhuí le saoirse na himirce, bíonn an lucht oibre ábalta dul ar lorg fostaíochta áit a mbíonn sí ar fáil.

Iad siúd nach bhfuil sásta leis an tsaorthrádáil mar smaoineamh, is é an príomhlocht a bhíonn acu uirthi ná gur féidir di an tionsclaíocht dhúchasach, an fhostaíocht agus an timpeallacht nádúrtha i dtír áirithe a chur ó mhaith. Ar dhóigh chosúil leis seo, bítear ag cáineadh na hinfheistíochta idirnáisiúnta, ó bhaineann sí an neamhspleáchas eacnamaíoch den tír, agus an lucht rialtais faoi bhrú ag córas an airgeadais idirnáisiúnta polasaithe a chur i gcrích nach bhfuil ag dul chun sochair do bhunadh na tíre. Thairis sin, agus na srianta bainte den imirce, is féidir do chaipitlithe neamhscrupallacha teacht i dtír ar lucht inimirce agus an lucht oibre dúchasach a fhágáil iomarcach, rud a spreagann an mhuintir dhúchasach chun ciníochais agus chun foréigin in éadan na muintire isteach. Iad siúd a bhíonn ag lochtú an domhandaithe, is é a dtuairimsean gur féidir gurb í éagsúlacht na gcóras leasa shóisialta is fearr a fhreagraíonn don dóigh a dtéann na tíortha éagsúla chun domhandaithe, agus a himthosca féin ag baint le gach tír acu.

Is iad na conarthaí idirnáisiúnta an ghné pholaitiúil is suntasaí den domhandú, agus rialtais na dtíortha éagsúla ó gach cearn den domhan ag teacht le chéile le comhrialacha a chur ar bun faoi chúrsaí uileghabhálacha ar nós na trádála, na timpeallachta nádúrtha, agus cearta an duine. Forais a tháinig ar an bhfód agus an saol ag dul chun domhandaithe is ea iad, mar shampla, an t-airgead nua Eorpach úd Euro, Eagraíocht na Trádála Domhanda (WTO), Conradh Saorthrádála Mheiriceá Thuaidh (NAFTA) agus go leor eile. Is é éirim an scéil seo, an bhfuil an rialtas i dtír áirithe fonnmhar na teorainneacha a oscailt don trádáil dá ndeoin féin agus d'aon ogham.

Tá na heagraíochtaí neamhbhrabúis agus an ghníomhaíocht shóisialta ag éirí idirnáisiúnta freisin, ar nós Amnesty International agus Friends of the Earth. Cuid de na heagraíochtaí seo, tá siad ag lochtú gnéithe eacnamaíocha nó polaitiúla den domhandú, agus iad buartha gur féidir leis an tsaorthrádáil dhomhanda rialtais na dtíortha a dhíchumhachtú agus a dhíchumasú, sa dóigh is nach dtig leo a thuilleadh na saoránaigh a chosaint ar dhúshaothrú eacnamaíoch. Ábhar imní do na gníomhaithe sóisialta seo freisin gur féidir don ghnó idirnáisiúnta tacú le rialtais neamhdhaonlathacha, nó fiú le deachtóireachtaí, leis an gcobhsaíocht pholaitiúil a chinntiú don dúshaothrú sin.

Tá gné chultúrtha ann freisin. A bhuí leis an teileachumarsáid ardfhorbartha, tá faisiúin agus smaointí nua ag dul timpeall an domhain chomh luath leis an splanc thintrí. Aithníonn tomhaltóirí an domhan ar fad, ón tSín go Portó Ríce, na brandaí céanna, cosúil le Puma, Coca Cola, agus Sony. Mar sin féin, agus na cultúir éagsúla ag teacht i dteagmháil le chéile, is féidir dóibh teacht salach ar a chéile freisin. Mar shampla, bíonn sé deacair ag na Moslamaigh thraidisiúnta mórán maithe a aithint ar shaoltachas an Iarthair, agus a mhalairt.

Cuid thábhachtach den domhandú is ea forbairt na teileachumarsáide, agus é ag déanamh "sráidbhaile domhanda" den domhan ar fad, mar a dúirt Marshall McLuhan. Sa bhliain 1850, thógfadh sé conablach bliana an turas timpeall an Domhain a thabhairt. Inniu, is féidir leat an turas céanna a chur díot ar feadh aon lá amháin agus litir ríomhphoist a chur chuig do chara ar thaobh eile den phláinéad is dúchas dúinn. Ó tháinig gléasanna nua iompair in úsáid, chuaigh na praghsanna taistil in ísle freisin. An tuinnín a maraíodh inniu san Atlantach Thuaidh, is féidir gur sa tSeapáin a íosfar amárach é. Agus, ar ndóigh, bíonn sócmhainní éagsúla eacnamaíocha, scaireanna agus eile ag dul ó lámh go lámh ar fud an domhain gan chostas ar bith, a bheag nó a mhór.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é gur féidir cialla éagsúla a bhaint as an gcoincheap féin, bíonn tuiscintí éagsúla ag dreamanna difriúla ar stair an domhandaithe, leis. Má ghlactar leis an domhandú eacnamaíoch mar phríomhghné an domhandaithe, is ionann stair an domhandaithe agus stair na saorthrádála. Chuaigh an saol chun domhandaithe agus na náisiúin ag teacht ar an bhfód, ag baint amach neamhspleáchais mar stáit agus ag cur forais agus fothuithe cobhsaí ar bun, ionas go mbeadh na gnólachtaí i dtíortha difriúla ábalta iomlaoid a dhéanamh ar a gcuid táirgí le chéile chomh furasta agus ab fhéidir.

Glacadh leis, de réir a chéile, gurb ionann an saol gnó a "liobrálú" agus samhail Nua-Chlasaiceach den eacnamaíocht a chur i bhfeidhm - is é sin, na srianta a bhaint de shruth na n-earraí idir na dlínsí éagsúla. B'é ba toradh dó seo go ndearna náisiúin éagsúla speisialtóireacht ar onnmhairí difriúla, agus tosaíodh ag cur deiridh leis an gcosantachas agus leis na táillí cosanta a bhí ceaptha leis an iompórtáil a chosc. B'é seo Chéad Tréimhse an Domhandú, is é sin, tréimhse an órchaighdeáin sa naoú haois déag. Bhí dlúthbhaint ag an tréimhse seo le forbairt na tionsclaíochta, leis an Réabhlóid Tionsclaíoch. B'iad David Ricardo agus Jean-Baptiste Say a sholáthair an dúshraith theoiriciúil do shaol eacnamaíoch na tréimhse: an Buntáiste Comparáideach agus Dlí na Cothromaíochta Ginearálta. B'é éirim an scéil seo go bhféadfadh na náisiúin a bheith ag trádáil le chéile go héifeachtúil, agus an margadh in ann aon éagobhsaíocht i gcomhchoibhneas an tsoláthair agus an éilimh a chur i gceart as a stuaim féin. Tháinig órchaighdeán an airgid in úsáid sna mórthíortha tionsclaíocha sna blianta idir 1850 agus 1870, cé go bhfuil sé ina ábhar díospóireachta i gcónaí cathain is féidir a rá faoin tír go bhfuil sí dháiríre ar an órchaighdeán.

Thit an tóin as an chéad domhandú seo de réir a chéile ón Chéad Chogadh Domhanda ar aghaidh. Tháinig géarchéim an órchaighdeáin i ndiaidh an chogaidh, sna fichidí agus sna tríochaidí. Na tíortha a bhí ag glacadh buntáiste ar an chéad domhandú seo, go háirithe an Eoraip agus na tíortha a bhunaigh na hEorpaigh i Meiriceá agus san Aigéan Ciúin, tháinig rath agus bláth orthu, agus iad ag éirí ní ba chothroime le chéile, ó bhí an lucht oibre, an rachmas agus na hearraí ag dul ó thír go tír gan chosc gan chonstaic.

Is iad na babhtaí caibidlíochta trádála a choinníonn an saol ag dul chun domhandaithe ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh. Ar dtús, b'é an Comhaontú Ginearálta um Thairifí agus Trádáil (GATT) a chuir tús leis an gcaibidlíocht seo. B'é an príomhchonradh saorthrádála ar síníodh an chéad leagan de i mBretton Woods sa bhliain 1944, agus tháinig roinnt mhaith conarthaí saorthrádála eile ar an bhfód dá thoradh. Le linn an bhabhta caibidlíochta ar a dtugtar Babhta Uragua, bunaíodh Eagraíocht Trádála an Domhain (WTO) leis na diospóireachtaí trádála a réiteach idir na stáit. Síníodh an dúrud conarthaí trádála eile leis an tsaorthrádáil a chinntiú idir stáit áirithe, agus bhí codanna de Chonradh Maastricht agus Comhaontú Saorthrádála Mheiriceá Thuaidh (NAFTA) ceaptha le baint de thairifí agus de thaillí na trádála idirnáisiúnta freisin.

Éirim an scéil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé ina mhórábhar díospóireachta ag na hacadúlaigh, an bhfuil an saol dháiríre ag dul chun domhandaithe inniu ar aon bhealach ar leith, nó tá cuid acu den bharúil nach bhfuil i gceist ach déantán anailíseach, is é sin, finscéal nó miotas a cruthaíodh mar thoradh na n-iarrachtaí leis na cúrsaí seo a anailísiú is a thuiscint. Cé go bhfuil glacadh fairsing leis an téarma, is iomaí údar atá ag áitiú go bhfacthas a leithéid seo eile roimhe seo sa stair cheana féin. Thairis sin, níl an tsaorthrádáil idirnáisiúnta ná ollchumhacht na mórchorparáidí chomh seanbhunaithe i saol an lae inniu agus a shíltear, dar le cuid acu.

Tá údair ann a roghnaíonn an téarma "idirnáisiúnú" thar an "domhandú". Is é an tuiscint atá acu air ná go bhfanann na stáit agus na náisiúin tábhachtach, agus iad, fiú, ag dul chun tábhachta. Sin é an t-idirnáisiúnú. Dá mbeadh an saol ag dul chun domhandaithe, áfach, bheadh na stáit agus na náisiúin ag imeacht de dhroim an domhain, rud nach bhfuil ag tarlú ar aon nós. Go háirithe, ní fhacthas a réamhshampla i stair an domhain riamh go rachadh an saol chun domhandaithe cé go mbeadh sé ag dul chun idirnáisiúntachta.

Mar sin féin, tá fadhbanna le fuascailt nach dtugann aird ar theorainneacha na náisiúnstát, cosúil leis an truailliú. Thairis sin, tháinig gluaiseacht an fhrithdhomhandais ar an bhfód agus í ag iarraidh modhanna nua daonlathais a chruthú a chuirfeadh ar chumas na ndaoine treo forbartha an domhandaithe a dhíriú ar mhaithe lena leas féin. Siúd is gur thosaigh sí mar ghluaiseacht in aghaidh an domhandaithe mar rud, is é príomhbhéim a gníomhaíochta inniu ná leas an phobail a bhaint as an domhandú in ionad leas an rachmais mhóir amháin. Cé gur féidir na seanargóidí faoin domhandú a shéanadh agus tagairt a dhéanamh don idirnáisiúnú ina áit, is follasach gur gluaiseacht dhomhanda atá ann agus gur féidir a rá go bhfuil sochaí dhomhanda na bpobal ag teacht ar an bhfód. Deir údair áirithe go bhfuilimid ag bogadh i dtreo na sibhialtachta uilephláinéadaí, ach níl a fhios ag aon duine go fóill cén chuma a thiocfaidh ar an tsibhialtacht sin, agus tá an toradh ag brath go mórmhór ar na comhairlí ar a gcinnfidh muid ar feadh na mblianta beaga romhainn amach. Mar shampla, dhréachtaigh an Global Scenario Group cnámha scéil do chásanna éagsúla de thodhchaí an chine dhaonna, nach bhfuil an domhandú eacnamaíoch agus é bunaithe ar fhórsaí an mhargaidh ach ar cheann acu. Tá roghanna eile ann cosúil le cás na bpolasaithe leasaithe, a bheadh bunaithe go mór ar pholasaithe láidre feasacha na rialtas náisiúnta; cás na clisiúna, ina dtitfeadh tóin as an saol go léir, agus an domhandú ag iompú ina ghéarchéim eacnamaíoch agus ina olltubaiste dhomhanda le cogadh agus le coimhlint. Cás eile fós is ea cás an daingin dhomhanda, ina mbunódh na scothaicmí saincheantair chosanta dóibh féin agus iad ag rialú na cosmhuintire le lámh láidir. Thairis sin, cuireann an grúpa dhá chineál útóipe éiceolaíche ar tairiscint, is é sin, an Comhdhaonnachas Éiceolaíoch, a bheadh i muinín na bpobal beag, agus Paraidím na hInbhuanaitheachta Nua, a d'athródh carachtar éiceolaíoch an tsaoil uirbigh gan fáil réidh de na cathracha móra.

Deir daoine nach bhfuil i gceist leis an domhandú, go príomha, ach tuiscint ar leith ar chuma an domhain agus léamh ar leith ar a gheograife. Iad siúd a bhaineann an chiall seo as an domhandú, tá siad den tuairim go bhfuil an domhan á rialú ag na nualiobrálaigh agus iad i gceannas ar na forais idirnáisiúnta airgeadais. Úsáideann na forais seo coincheap an domhandaithe le polasaithe áirithe a chur chun tosaigh mar nach mbeadh aon rogha eile ann, agus iad ag áitiú gur forbairt dhostoptha atá ann seachas polasaí polaitiúil. Mar sin, ní féidir leis na rialtais náisiúnta cur in aghaidh na n-éileamh a dhéanann, cuir i gcás, an Banc Domhanda orthu an geilleagar a shruthlíniú agus a oscailt don iomaíocht idirnáisiúnta de réir gormchló réamhdhéanta, gan aird a thabhairt ar na himthosca áitiúla ná ar leas na mbochtán.

Ciallú an domhandaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnách an domhandú a chomhionannú le claontachtaí áirithe forbartha a tháinig chun solais ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith. Go bunúsach, is é an cineál forbair atá i gceist ná go bhfuil na tráchtearraí, an t-airgead, an t-eolas agus na daoine ag dul ó thír go tír níos fusa agus níos luaithe ná roimhe seo, agus an teicneolaíocht, na heagraíochtaí, na dlíthe agus an t-infreastruchtúr domhanda níos fearr ag freastal ar an bhforbairt seo. Níltear ar aon fhocal faoi na claontachtaí seo leanas a bheith ann dháiríre, nó cuid mhaith acu tá siad ina n-ábhar conspóide i gcónaí.

I gcúrsaí na heacnamaíochta:

  • tá an tráchtáil idirnáisiúnta ag fás níos luaithe ná an geilleagar domhanda féin
  • tá an t-airgead ag dul ó thír go tír níos sciobtha ná roimhe seo, agus na comhlachtaí ag infheistiú acmhainní sna tíortha eile gan dul i dtuilleamaí idirghabhálaithe
  • sínítear conarthaí nua idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí agus forais nua idirnáisiúnta ag teacht ar an bhfód dá réir
  • tá tábhacht eagraíochtaí den chineál sin ag dul i méid agus iad ag plé leis an idirbheartaíocht idirnáisiúnta gnó
  • tá forais idirnáisiúnta baincéireachta agus airgeadais ag teacht ar an bhfód
  • tá cleachtais cosúil leis an bhfoinsiú allamuigh ag éirí níos coitianta ag na corparáidí idirnáisiúnta

I gcúrsaí an chultúir:

  • tá an mhalartaíocht chultúrtha idir na náisiúin ag dul i dtreise
  • tá an t-ilchultúrachas ag éirí coitianta, agus fáil ag tuilleadh daoine ar thorthaí na gcultúr náisiúnta éagsúla - féach an dóigh a mbíonn scannáin de chuid Hollywood agus Bollywood ag dul timpeall an domhain. San am céanna, bíonn an cultúr áitiúil ina lán tíortha ag tabhairt isteach don earra iompórtáilte, agus na mórchultúir dhomhanda á meascadh tríd na mionchultúir. Is é an tIartharachas an saghas is coitianta den aonchineálú chultúrtha seo, ach bíonn an cultúr Síneach ag fáil an lámh in uachtar ina lán áiteanna fosta.
  • tuilleadh taistil agus turasóireachta
  • tá an imirce - idir dhlíthiúil agus mhídhlíthiúil - ag fás

Frithdhomhandas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá siadsan ann a bhíonn ag fáil lochta ar an domhandú eacnamaíoch, ós é a dtuairim siúd nach bhfuil sé ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine ar fad, ná ag eascairt astu go nádúrtha. Is é an cáineadh tipiciúil a chloisfeá ó lucht an fhrithdhomhandais ná go bhfuil an fhorbairt seo ag brath níos mó ar thoil na scothaicmí ná ar éilimh na cosmhuintire. Is é an rud atá de dhíth, dar leo, ná forais agus institiúidí nua idirnáisiúnta a d'fhágfadh cead cainte ag lucht an bhochtanais chomh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar na fadhbanna éiceolaíocha nach bhfuil inleigheasta ach náisiúin an uile dhomhain a bheith ag cur le chéile. Ábhar conspóideach is ea ceist na himirce domhanda freisin. Cé acu atá an imirce riachtanach nó neamhriachtanach, inseachanta nó dosheachanta, ag dul chun leasa nó chun dochair don eacnamaíocht is don timpeallacht? Iad siúd a bhfuil dea-dhearcadh acu uirthi, deir siad nach bhfuil ann ach lucht oibre an dá chineál - idir lucht an fhorbhríste agus lucht na veistí bána - ag dul ó áit go háit ar lorg an tuarastail is fearr. Maidir leis na criticeoirí, áfach, bíonn siad den tuairim gur sórt spailpínteacht nó náibhíocht nua-aimseartha atá ann, agus na daoine ag iarraidh éalú ó éadóchas na slumanna uirbeacha sna tíortha tearcfhorbartha.

Ní féidir a rá go mbeadh aon ghluaiseacht amháin frithdhomhandais ann. Bíonn idir náisiúnaithe radacacha, faisistithe agus nua-Naitsithe fiú, ón eite dheis agus lucht cosanta an leasa phoiblí ón eite chlé, ar nós leithéidí Noam Chomsky, ag léiriú míshástachta i leith an dóigh a bhfuil na scothaicmí ag láimhseáil cheisteanna an domhandaithe.

Bá leis an domhandú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuiscintí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]