Uileloscadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sluachampa géibhinn i mBuchenwald.

Is é an tUileloscadh (Eabhrais: haSho'ah, השואה) an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an frith-Ghiúdachas i gcroílár na hidé-eolaíochta Naitsíche ón tús, agus d'fhógair Adolf Hitler ina leabhar Mo Chath Féin (Mein Kampf) go mbeadh an Ghearmáin ábalta an Chéad Chogadh Domhanda a ghnóthú, ach na "naimhde inmheánacha" a mharú le gás. An té a ghlacfadh an leabhar i ndáiríre, bheadh sé in ann, mar sin, an tUileloscadh a thuar roimh ré.

Is féidir a rá gur thosaigh an tUileloscadh le hOíche na Gloine Briste, nó Reichskristallnacht, ar an ochtú agus ar an naoú lá de Mhí na Samhna, 1938.[1] Ina dhiaidh sin, cuireadh thart ar dhá chéad míle duine chun báis mar chuid de Chlár T-4, clár eotanáise a bhí dírithe ar na daoine a raibh galair oidhreachtúla, galair intinne nó titimeas ag luí orthu. Ina dhiaidh sin, cuireadh scuaid sluamharfacha ag obair sa chathéadan thoir, agus iad ag lámhach na sluaite Giúdach rompu de réir mar a bhí díormaí Hitler ag teacht isteach ar chríocha an Aontais Shóivéadaigh. Sa deireadh thiar thall, tógadh sluachampaí báis sa Pholainn agus i dtíortha forghafa eile san Oirthear. Na campaí seo, bhí siad ag oibriú seomraí gáis a cheadaigh do na Gearmánaigh na mílte de dhaoine a bhású go sciobtha, de réir próiseas tionsclaíoch a bhí cosúil le crios iompair. Thairis sin, baineadh úsáid as cuid mhaith cimí sna campaí seo le turgnaimh eolaíochta a chur i bhfeidhm orthu, turgnaimh a bhí cosúil le beodhioscadh agus iad bun os cionn ar fad le heitic an dochtúra.

B'iad na Giúdaigh príomhthargaid an Uilelosctha. Is gnách a rá gur cuireadh sé mhilliún acu chun báis.[2] Dealraíonn sé, fiú, i bhfianaise an taighde is úire, nach bhfuil mórán le cur leis an uimhir seo ná le baint di. Thairis sin, áfach, fuair cuid mhór de Ghiofóga na hEorpa bás sna seomraí gáis. De réir an taighdeora Shasanaigh Ian Hancock, ar Giofóg é féin, is féidir a rá go ndeachaigh ródach den chineál chéanna ar na Giofóga agus ar na Giúdaigh, agus é ag tagairt d'Uileloscadh na nGiofóg le téarma ar leith, mar atá, Porrajmos. Creidtear go bhfuair idir 200,000 agus 800,000 Giofóg bás sa Phorrajmos, is é sin, idir aon cheathrú cuid agus aon leath de phobal na nGiofóg san Eoraip.[3]

Thairis sin, bhí dreamanna eile ann a bhí in an-dainséar iad féin a fháil i seomraí gáis na sluachampaí báis. Bhí dearcadh oifigiúil na Gearmáine ar na Rúisigh agus ar na Slavaigh eile chomh dímheasúil is nach síltí a dhath de iad a chur sa ghás in éineacht leis na "ciníocha ísle" eile. Ar chúiseanna polaitiúla, cimíodh cuid mhaith daoine a bhí gníomhach i bpáirtithe daonlathacha nó i ngluaiseacht ceardchumannaíochta na Gearmáine roimh an réabhlóid Naitsíoch, agus cuireadh roinnt nár bheag acu chun báis. Bhí an campa géibhinn ag bagairt ar na hómaighnéasaigh féin - "lucht an triantáin phinc", mar a thugtaí orthu, nó cosúil leis an dóigh ar cuireadh d'fhiacha ar na Giúdaigh an réalta gheal a chaitheamh, b'é an triantán pinc suaitheantas na bhféileacán sa Tríú Reich.[4]

Sanasaíocht an téarma[athraigh | edit source]

Tá an focal féin Uileloscadh bunaithe ar an téarma Béarla Holocaust, ar focal iasachta é ón nGréigis. Is ionann holokauston na Gréigise agus íobairt nó ofráil a dhóitear (kauston) go hiomlán (holo-) in ómós do dhia.[5] Baineadh an chéad úsáid as an téarma le tagairt a dhéanamh d'Uileloscadh na nGiúdach chomh moch leis an mbliain 1942, siúd is nach ndearnadh téarma caighdeánaithe de roimh lár na gcaogaidí. Ó na seachtóidí ar aghaidh, is é an chéad chiall a shamhlaítear leis an bhfocal sa Bhéarla, agus cuid mhór teangacha tar éis glacadh leis an bhfocal sa chiall áirithe seo. Go minic, tuigtear nach bhfuil an téarma seo in úsáid ach i dtaobh an ródaigh a rinneadh ar na Giúdaigh, thar aon dream eile. Tá staraithe ann a deir gurb é Elie Wiesel, thar aon duine eile, a ghreamaigh an chiall áirithe seo den fhocal.

Maidir leis an Eabhrais, is é an téarma Bíoblúil Shoa (שואה) nó HaShoa, leis an alt deimhneach, a tháinig in úsáid sa teanga sin i dtús na ndaicheadaí.[6] Is é is ciall leis ná "tubaiste" nó "olltubaiste". Is fearr le go leor an téarma, seachas holocaust, a úsáid sa Bhéarla ar a laghad, ar chúiseanna diagachta ach go háirithe.

Tréithe an Uilelosctha[athraigh | edit source]

Ní hé an tUileloscadh an t-aon chinedhíothú amháin a tharla i stair an chine dhaonna, ach tá saintréithe ag baint leis a chuireann ina aicme féin é.

Éifeachtúlacht[athraigh | edit source]

Cuireadh an tUileloscadh i gcrích go héifeachtúil, mar a bheadh próiseas tionsclaíoch ann, agus acmhainní uile an stáit nua-aoisigh á ndíriú ar an oiread daoine a mharú chomh sciobtha agus ab fhéidir. Mar shampla, bhí meaisíní staitisticíochta Dehomag - meaisíní a bhí ina réamhtheachtairí don ríomhaire - á n-úsáid le liostaí a choinneáil faoi dhaoine a bhí incheaptha mar íobartaigh, agus dianchuntais á gcoinneáil orthu siúd a bhí maraithe cheana féin. Nuair a tháinig an cime a fhad le sluachampa géibhinn, chaithfeadh sé a chuid cleathainsí a thabhairt uaidh. Cuireadh lipéad le gach réad ar leith acu, agus fuair an príosúnach oideas ar ais. Maidir leis na modhanna oibre, bhí na Naitsithe an-ghnóthach ag baint trialach as teicníochtaí éagsúla, go dtí gur tháinig siad ar an gceann ab fhearr. Le linn Oibríocht Reinhard, an feachtas le Giúdaigh na Gobharnóireachta Ginearálta a mharú, héiríodh as an aonocsaíd charbóin mar nimh leis na cimí a mharú, agus tháinig Zyklon B - sórt lotnaidicíd agus í bunaithe ar an gciainíd hidrigine - ina háit.

Ina leabhar Russia's War, thug an staraí Sasanach Richard Overy cur síos ar an dóigh ar chuir na Gearmánaigh feabhas ar mhodh oibre na sluamharfóireachta. Sa bhliain 1941, i ndiaidh dóibh an Bhealarúis a fhorghabháil, bhain na Naitsithe úsáid as othair na ngealtlann i Miensk, príomhchathair na Bealarúise, le teacht ar an mbealach ba luaithe chun daoine a mharú ina sluaite. Ar dtús, cuireadh na hothair ina scuaine, le súil is go maródh gach urchar níos mó ná aon duine amháin. Ní raibh an modh seo ag oibriú sách sciobtha, agus mar sin, baineadh triail as an dinimít. Siúd is gur bhain an phléasc cosa agus lámha de na hothair, ba mhinic a fágadh ina mbeo iad, agus b'éigean a mbás a thabhairt le meaisínghunna. I Mahiloŭ, i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1941, baineadh an chéad triail as carr an gháis (Gaswagen). Go bunúsach, carr a bhí ann a raibh seomra aonraithe taobh istigh di, agus sceithghás an chairr ag dul isteach sa seomra seo. Nuair a tosaíodh an t-inneall, líonadh an seomra le aonocsaíd charbóin, agus na paisinséirí á dtachtadh de réir a chéile.

Leis na blianta beaga anuas, tá ról na gcorparáidí móra gnó san Uileloscadh ina ábhar mór conspóide. De réir mar a dúirt Rudolf Höss, ceannasaí an sluachampa úd Auschwitz, is iomaí gnólacht mór Gearmánach a d'fhiafraigh de, an mbeadh cimí de chuid an tsluachampa ar fáil mar sclábhaithe oibre nach gcaithfeá pá a íoc leo. Tá cuid de na gnólachtaí seo ag obair i gcónaí. Thairis sin, ós rud é gur brainse Gearmánach de chuid an IBM a dhíol na meaisíní Dehomag leis na Naitsithe, tá an cheist curtha le déanaí, cá mhéad a shaothraigh an chorparáid seo ar an Uileloscadh.[7]

Fairsinge[athraigh | edit source]

Aon áit ar tháinig na Gearmánaigh, a bheag nó a mhór, chuaigh na Gearmánaigh ar lorg na nGiúdach áitiúil. In áiteanna, cuireadh i gcampaí daorbhroide iad; in áiteanna eile, b'é an seomra gáis a bhí ag fanacht leo. I Lár agus in Oirthear na hEorpa ba mhó a maraíodh daoine, nó má bhí corradh is seacht milliún Giúdach ina gcónaí i dtíortha Oirthear na hEorpa roimh an gcogadh, bhí cúig mhilliún acu imithe ina dhiaidh. B'iad an Pholainn agus an tAontas Sóivéadach ba mhó a bhí thíos leis an Uileloscadh, ach básaíodh cuid mhór den phobal Ghiúdach san Ísiltír, sa Fhrainc, sa Bheilg, san Iúgslaiv, agus san Ghréig, chomh maith.

De réir na gcaipéisí a d'fhág siad ina ndiaidh, bhí na Naitsithe dírithe ar an "bhfuascailt dheiridh" a chur i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, chomh maith, dá n-éireodh leo an dá thír sin a fhorghabháil.[8] Bhí an tUileloscadh ag dul ar aghaidh gach áit a raibh na Naitsithe i gceannas, beag beann ar an dochar a bhí sé a dhéanamh do chuspóirí cogaidh eile na Gearmáine. Níor tháinig deireadh leis na coireanna seo roimh dheireadh an chogaidh féin.

Brúidiúlacht[athraigh | edit source]

Ábhar alltachta don chine dhaonna i gcónaí is ea é chomh brúidiúil, míthrócaireach a bhí na Naitsithe agus an tUileloscadh idir lámhaibh acu. Ba chuma leo cé acu fear, bean nó páiste a bhí siad a mharú. Ba mhinic a céasadh na híobartaigh sular maraíodh iad. Chuala an saol iomrá ar an tseanbhean a ghuigh ar an Naitsí í féin a mharú roimh a hiníon agus a páiste siúd: a mhalairt sin a rinne an Gearmánach, nó thosaigh sé ar an bpáiste, agus ansin, chonaic an tseanmháthair a hiníon féin á marú os comhair a súl féin, sular chríochnaigh an Naitsí an obair. Sa bhreis ar an sluamharú féin, ba mhinic a cuireadh turgnaimh chruálacha mharfacha mhíochaine i gcrích ar na cimí, na páistí san áireamh. Tharraing dochtúir an tsluachampa úd Auschwitz-Birkenau, Josef Mengele, míchlú as an ngnáth air féin, agus é ag súgradh le beatha na ndaoine ar bhealach samhnasach ar fad le "taighde" a dhéanamh ar chúrsaí na hoidhreachtúlachta is na géineolaíochta. Is é an chuma atá ar an scéal ná nach raibh mórán céille leis na turgnaimh seo ó thaobh na heolaíochta de. Fuair an chuid ba mhó de na daoine bás dá ndeasca, agus an duine nach bhfuair, maraíodh é le huatóipse a dhéanamh air. Mar sin, dealraíonn sé nach raibh iontu, i ndiaidh an iomláin, ach céasadh Sádach.

Ní hamháin go mbítí ag marú daoine sna seomraí gáis nó sna turgnaimh mhíochaine, bhí an saol laethúil sna sluachampaí agus sna geiteonna lán cruatain chomh maith. Chonaic na cimí Murchadh agus an dóigh a rabhthas á gcéasadh, á maslú le hobair agus á gcoinneáil ocrach. Cuid den ghnáthshaol ab ea iad na hionsaithe a rinne na séiléirí ar na cimí, agus iad á mbualadh agus á n-uirísliú.

Na hÍobartaigh[athraigh | edit source]

I measc na n-íobartach, bhí Giúdaigh, Polannaigh, Rúisigh, Cumannaigh, homaighnéasaigh, Giofóga, othair shiciatracha, easláin, gníomhaithe polaitiúla (ar nós polaiteoirí de chuid na bpáirtithe Gearmánacha a bhí ann sular shealbhaigh na Natsithe an chumhacht, cosúil leis na Daonlathaigh Shóisialacha, nó an páirtí Zentrum, arbh é páirtí na gCaitliceach é), intleachtóirí, baill d'Fhinnéithe Iaivé (nó "Bíoblóirí", Bibelforscher, mar a thugtaí orthu sa Ghearmáin ag an am), sagairt Chaitliceacha agus ministéirí Protastúnacha, lucht ceardchumannaíochta, Afracánaigh a tharla a bheith ag cur fúthu sna ceantair a bhí forghafa ag na Gearmánaigh, gnáthchiontóirí agus gnáthchoirpeoirí, agus daoine a bhí "ina naimhde ag an Stát" (Staatsfeinde) ar chúis éigin eile. Shíothlaigh na daoine seo i gcuideachta a chéile sna sluachampaí agus sna seomraí gáis, rud atá curtha i míotar sna doiciméid scríofa agus sna grianghrafanna a d'fhág na Naitsithe féin ina ndiaidh, chomh maith le cuimhní cinn na daoine a bhí i láthair (idir Naitsithe, iarmharáin agus fhinnéithe ócáidiúla) agus staitisticí náisiúnta na dtíortha a bhí gafa ag na Naitsithe.

Na Giúdaigh[athraigh | edit source]

Bhí an frith-Ghiúdachas coitianta go leor san Eoraip sna fichidí agus sna tríochaidí, agus é fréamhaithe go domhain in ithir na hilchríche roimhe sin féin. Roimh laethanta Hitler, áfach, bhí sé bunaithe ar an naimhdeas reiligiúnda thar aon rud eile, agus d'fhéadfadh na Giúdaigh saol suaimhneach a fháil, ina lán cásanna, ar acht go rachaidís leis an gcreideamh Críostaí, rud a rinne siad go minic. Bhí frith-Ghiúdachas Adolf Hitler, a leag sé amach ina leabhar Mo Chath Féin (Mein Kampf) níos gaire don chiníochas nua-aimseartha, agus é bunaithe ar an smaoineamh go raibh rud éigin bitheolaíoch ar ainghléas leis na Giúdaigh, agus nach raibh an fabhta seo inleigheasta le tonn an bhaiste. Mar sin, chaithfí iad a ruaigeadh as an tsochaí, a chur an loch amach nó - mar a tharla sa deireadh - a mharú scun scan.

Cé go raibh Hitler chomh tréan sin in aghaidh na nGiúdach, níl sé le cur as margadh go raibh an corr-Ghiúdach sa Ghearmáin a chaith a vóta ar a shon sna toghcháin chinniúnacha. Tar éis an iomláin, bhí Giúdaigh ann a mhothaigh iad féin ina náisiúnaithe Gearmánacha agus ina dtírghráthóirí den chineál a raibh Hitler ag díriú air. Thairis sin, chruthaigh cuid mhaith de Ghiúdaigh na Gearmáine go maith i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda, agus iad suite siúráilte go mbeadh cros iarainn an laoich ón gcogadh ina sciath cosanta acu ar pholasaithe frith-Ghiúdacha an tSeansailéara. Agus ar ndóigh, ní raibh Giúdaigh sheanbhunaithe na Gearmáine, a raibh Gearmáinis den chéad scoth agus postanna maithe oibre acu - ní raibh siadsan sásta glacadh leis go bhféadfadh Hitler neamhshuim a dhéanamh den difríocht bhunúsach idir iadsan agus na hinimirceoirí nua ó gheiteonna Oirthear na hEorpa. Ní raibh na Giúdaigh ghalánta seo saor ó chiníochas áirithe i dtaobh na muintire isteach, agus cuid acu ábalta go maith a thuiscint go mbeadh fuath na ndaol ag Hitler orthu siúd. Mar sin, má bhí Hitler ag rá gur chóir fáil réidh de na Giúdaigh, shíl cuid mhaith de Ghiúdaigh na Gearmáine "nach sinne atá sé a mhaíomh", gurbh iad "Giúdaigh ghránna an gheiteo" a bhí i gceist aige.

Básuithe Giúdaigh sa Liotuáin (1941-1942)

Nuair a bhí Hitler ina chónaí i Vín ina fhear óg dó, chuaigh bolscaireacht Karl Lueger, ard-mhéara na háite, go mór mór i bhfeidhm air. Tuathghríosóir ab ea é Lueger a bhí ag baint leasa as an bhfrith-Ghiúdachas ina chuid toghchánaíochta, ach san am céanna, bhí sé i ndlúth-theagmháil le cinnirí na nGiúdach áitiúil, agus é ag áitiú orthu go raibh sé breá sásta leo siúd agus nach chucu a bhí sé. Ba chuimhin le cuid mhór de Ghiúdaigh na Gearmáine geáitsí Lueger, nuair a tháinig Hitler chun solais mar pholaiteoir. Mar sin, ní fhéadfaidís a shíleadh go mbeadh aon difríocht mhór idir é agus Lueger. Bhí, fiú, an blas céanna ar a chuid Gearmáinise.

Ar an chéad lá de Mhí Aibreáin, 1933, go gairid i ndiaidh do Hitler an chumhacht a ghabháil, chóirigh na Naitsithe baghcat ar na siopaí is ar na gnóthais Ghiúdacha ar fud na Gearmáine. Ina dhiaidh sin, reachtaíodh sraith de dhlíthe frith-Ghiúdacha. Ar an seachtú lá den mhí chéanna, chuaigh an Dlí um Athbhunú na Státseirbhíse Proifisiúnta (Berufsbeamtengesetz) i bhfeidhm: reacht a bhí ann a chuir ar chumas na Naitsithe bata agus bóthar a thabhairt do na státseirbhísigh Ghiúdacha. B'é seo an chéad acht frith-Ghiúdach a reachtaíodh sa Ghearmáin ó athaontú na tíre sa bhliain 1871 ar aghaidh. Sa bhliain 1935, reachtaíodh Dlíthe Nürnberg - dlíthe ciníochais a choisc ar na Giúdaigh daoine "Airíocha" a phósadh agus a bhain saoránacht na Gearmáine díobh. Ní bheadh iontu, as sin amach, ach "géillsinigh" an stáit. Níor fágadh cead vótála acu, mar shampla.

Sa bhliain 1936, coisceadh ar na Giúdaigh aon chineál oibre proifisiúnta a bheith acu, agus cuireadh tuilleadh brú orthu nuair a ruaigeadh na páistí Giúdacha as na gnáthscoileanna i bhfómhar na bliana 1938. Le teacht an earraigh sa bhliain 1939, bhí an gnólacht deireanach Giúdach bancbhriste nó díolta go saor leis an Stát, mar chuid den pholasaí a bhí ag na Naitsithe na gnóthaí Giúdacha a thabhairt chun "Airíochais".

Nuair a thosaigh an cogadh, rinneadh ár mór ar na Giúdaigh in áiteanna, agus le teacht na Nollag 1941, bhí Hitler meáite ar fad ar na Giúdaigh a chur de dhroim an tsaoil. I Mí Eanáir den bhliain 1942, cóiríodh Comhdháil Wannsee, mórchruinniú na mboc mór Naitsíoch, inar pléadh "Fuascailt Dheiridh na Faidhbe Giúdaí", Endlösung der Judenfrage. D'áitigh an Dochtúir Josef Bühler, ionadaí Hans Frank, Gobharnóir Ginearálta na Polainne forghafa, d'áitigh sé ar Reinhard Heydrich, cathaoirleach na comhdhála, an "Fhuascailt Dheiridh" a chur i gcrích sa Ghobharnóireacht Ghinearálta.[9]

Thosaigh siad ag aslonnú phobal na ngeiteonna go dtí an seacht gcampa a bhí ceaptha mar Vernichtungslager nó sluachampaí báis ("díothú" is brí leis an bhfocal Gearmáinise Vernichtung): Auschwitz, Bełżec, Chełmno, Majdanek, Mały Traścianiec, Sobibór agus Treblinka. Sa bhliain 1978, d'fhoilsigh Sebastian Haffner, staraí agus scríbhneoir Gearmánach a chaith blianta an chogaidh ar deoraíocht i Sasana, an leabhar Anmerkung zu Hitler ("Nótaí faoi Hitler"), inar chuir sé an bharúil ar pár go raibh Hitler sásta a chuid aislingí faoi fhorlámhas na Gearmáine ar an Eoraip a chaitheamh i dtraipisí ar mhaithe le cinedhíothú na nGiúdach. Mar sin, nuair a d'fhógair na Meiriceánaigh cogadh in aghaidh na Gearmáine, bhí Hitler socair suaimhneach faoi sin, cé gurb ionann sin agus díomua na Gearmáine sa chogadh. Nó b'é an rud ba tábhachtaí leis go raibh an tUileloscadh ag dul ar aghaidh mar a theastaigh uaidh. Dá réir sin, nuair a bhí an cogadh ag cliseadh ar na Gearmánaigh, bhí lón cogaidh, breosla agus acmhainní eile á dtál go flúirseach ar na campaí báis, siúd is go raibh siad ag teastáil go géar ó shaighdiúirí an chathéadain.

Nuair a tháinig deireadh leis an Uileloscadh, bhí cuid mhór de dhaonra Giúdach na hEorpa imithe gan filleadh. Roimh an gcogadh, b'iad Giúdaigh na Polainne an pobal Giúdach ba mhó sa domhan. Níor tháinig ach duine as gach deichniúr acu ina bheo as blianta an chogaidh. Cailleadh thart ar dhá dtrian den phobal Ghiúdach sa Ghréig, san Iúgslaiv, san Ungáir, sa Liotuáin, san Ísiltír, sa tSlóvaic, agus sa Laitvia. Sa Bheilg, sa Rómáin, san Iorua, agus san Eastóin, cailleadh duine as gach beirt, agus maraíodh duine as gach triúr san Aontas Sóivéadach. Fiú i dtíortha ar nós na Fraince agus na hIodáile, níor tháinig ach trí cheathrú cuid de na Giúdaigh slán. Ón taobh eile de, bhí an Danmhairg in ann an chuid ba mhó de na Giúdaigh áitiúla a thabhairt go dtí an tSualainn, sula raibh de sheal ag na Gearmánaigh teacht ar a lorgsan. Daoine den chosmhuintir ba mhó a rinne an obair, agus iad ag glacadh na nGiúdach ar bhord a gcuid bád iascaigh agus luamh príobháideach, beag beann ar longa cogaidh na Gearmáine.

Na Slavaigh[athraigh | edit source]

B'í an Pholainn an chéad tír a d'ionsaigh Hitler, agus é meáite ar na Polannaigh a chur de dhroim an tsaoil mar náisiún cultúrtha. Mar sin, bhí na hintleachtóirí, na healaíontóirí agus na polaiteoirí Polannacha go mór mór i ndainséar, nuair a d'fhorghabh an Wehrmacht an tír. Dúnmharaíodh cuid mhaith acu as fuil fhuar. Thairis sin, rinneadh sluamharú ar na gnáthdhaoine sa Pholainn anois is arís, de ghnáth le díoltas a imirt orthu as gníomhartha na dtreallchogaithe a bhí ag cur troda ar na díormaí forghabhála. Tharla a leithéid sna tíortha Slavacha eile freisin. Nuair a rinne na Naitsithe gabháltas ar an bPolainn, maraíodh beagnach dhá mhilliún de Pholannaigh nach raibh gaolta Giúdacha acu, sa bhreis ar an trí mhilliún Giúdach ón bPolainn. Níl na scoláirí féin ar aon fhocal le chéile, ar féidir dearcadh orthu siúd mar íobartaigh de chuid an Uilelosctha, ach is léir nach raibh meas an mhadra ag na Naitsithe ar na Polannaigh, agus go raibh siad ábalta daoine acu siúd a mharú de réir mar a rithfeadh leo. Cuireadh céad is dhá scór míle de chimí Polannacha go hAuschwitz, agus b'iad na hintleachtóirí Polannacha ba túisce a fuair iad féin á marú ag scuaid an bháis, na hEinsatzgruppen.

Nuair a thosaigh Oibríocht Barbarossa, is é sin, ionsaí na Gearmáine ar an Aontas Sóivéadach, sa bhliain 1941, ba mhinic a mharaigh na saighdiúirí Gearmánacha cimí cogaidh a bhí tar éis a gcuid arm a chaitheamh uathu cheana féin. Saighdiúiri de chuid Waffen-SS ba mhinic a bhí páirteach ina leithéid. Mar a thaispeáin taighde staraithe ar nós Christian Streit, údar an tsaothair úd Keine Kameraden - Die Wehrmacht und die sowjetischen Kriegsgefangenen 1941-1945 ("Ní comrádaithe sinn - an Wehrmacht agus na cimí cogaidh ón Aontas Sóivéadach sna blianta 1941-1945"), bhí na gnáthshaighdiúirí neamhpholaitiúla ón Wehrmacht in ann ainghníomhartha den chineál chéanna a chur i gcrích in áiteanna. Ar ndóigh, bhí dearcadh na ngnáthshaighdiúirí ar na Sóivéadaigh an-éagsúil, agus cuid mhaith acu in ann trua a ghlacadh leis na naimhde cimithe. Ní hionann is a rá gur ridirí uaisle ab ea iad uile.

Cuireadh roinnt mhaith sráidbhailte sa Rúis, san Úcráin agus sa Bhílearúis de dhroim an tsaoil gan chúiseanna cearta cogaíochta. Bhí a lán saighdiúirí Gearmánacha faoi chineál geasa ag imthoscaí éagoitianta an chogaidh, agus iad ag síleadh go raibh na gnáthrialacha moráltachta curtha ar ceal ó thrasnáil siad teorainn an Aontais Shóivéadaigh. Mhéadaigh bolscaireacht na Naitsithe go mór ar an gclaontacht seo. Mar sin, an fear nach rithfeadh leis choíche aon duine a mharú nó banéigniú a dhéanamh agus é sa bhaile, d'iompaigh sé amach ábalta ar na rudaí seo a dhéanamh go héasca ar fad, agus é ina shaighdiúir agus ina dhuine den "chine uasal Ghearmánach" i dtír na "leathdhaoine" Rúiseacha.

Meastar go bhfuair duine as gach ceathrar bás i Novgorod, in Pskov agus i Leningrad agus sna cúigí a bhaineann leo. Meastar freisin gur ar chúiseanna ciníochais amháin a maraíodh duine as gach ceathrar sibhialtach dá bhfuair bás ó lámh na nGearmánach san Aontas Sóivéadach sna blianta cogaidh. Is ionann seo agus milliún go léir de Bhílearúisigh, trí mhilliún d'Úcráinigh, agus cúig mhilliún de Rúisigh.

Thairis sin, chuaigh ródach mór ar na Seirbigh sa Chróit, tír a bhí sealbhaithe ag comhghuaillithe áitiúla Hitler, agus iad tar éis neamhspleáchas a fhógairt faoi choimirce na Gearmáine. Ábhar conspóide é i gcónaí, cé mhéad Seirbeach a cuireadh chun báis sa Chróit. Deir na náisiúnaithe Seirbeacha gur maraíodh milliún iomlán acu, ach is é an meastachán a thug Músaem Cuimhneacháin an Uileloscaidh sna Stáit Aontaithe go bhfuil na figiúirí fírinneacha suite idir trí chéad tríocha míle (330,000) agus trí chéad nócha míle (390,000). B'é Jasenovac an sluachampa géibhinn ba tábhachtaí a cuireadh ar bun do na Seirbigh sa Chróit, nó shíothlaigh thart ar leathchéad míle de Sheirbigh ansin. Deirtear go raibh na saighdiúirí Gearmánacha féin chomh scanraithe ag cruálacht na séiléirí Crótacha is gur iarr siad orthu srianta a chur lena dtart fola.

Cé nach raibh meas an duine dhaonna ag na Naitsithe ar na Slavaigh, bhí comhghuaillithe Slavacha acu, ar nós na náisiúnaithe Úcráineacha, na Slóvacach agus na gCrótach féin, agus cuid acu seo ag cabhrú leis na Naitsithe Giúdaigh a mharú. Tar éis an tsaoil, bhí an frith-Ghiúdachas coitianta go leor in Oirthear na hEorpa.

Na Giofóga[athraigh | edit source]

Cé gur fágadh cruachás na nGiofóg faoi scáth na nGiúdach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, tá lucht an tsaineolais ag teacht ar an gconclúid, ar na saolta seo, go bhfuair céatadán ní b'airde acusan bás san Uileloscadh ná de na Giúdaigh féin. Ó bhí dímheas ag an gcosmhuintir orthu ina lán tíortha, bhí sé ní b'fhusa ag na Naitsithe iad a locadh agus a mharú. Bhí dlíthe frith-Ghiofógacha i bhfeidhm ina lán tíortha, an Ghearmáin san áireamh, i bhfad roimh theacht na Naitsithe, leis.


Bhí fadhbanna ag na hidé-eolaithe Naitsíocha leis na Giofóga ar dtús, ó bhí sé soiléir ó thús gur "Airígh" ab ea iad na Giofóga de réir an tsainmhínithe scolártha. B'as an bPuinseáib a tháinig siad go dtí an Eoraip, agus iad ag labhairt teanga atá cosúil le teangacha Ind-Airíocha na hIndia. Mar sin féin, ní raibh ag éirí leo sa tsochaí chomh maith agus ba chóir don chine cheannasach, agus ar ndóigh, ní fhéadfadh na Naitsithe a admháil nach raibh ciall ar bith lena gcuid teoiricí cine. Sa deireadh, rith an míniúchán leo go raibh na Giofóga i ndiaidh an fhuil uasal a bhá, agus an oiread daoine ar beagán feabhais a meascadh tríothu idir an India agus an Eoraip. Anois, bhí siocair mhaith faighte leis na Giofóga a mharú, siocair a raibh cuma na heolaíochta uirthi, agus ní raibh le déanamh ach an obair a dhéanamh.

Díolmhaíodh dreamanna beaga de na Giofóga ón Uileloscadh, toisc iad a bheith "sách glan" ó thaobh an chine de, ach ní raibh an formhór mór acu chomh hádhúil sin. Thairis sin, na horduithe a d'eisigh Heinrich Himmler i dtaobh na nGiofóg, chuir siad ar ceal cuid de na rialúcháin a bhí i bhfeidhm roimhe sin faoi na dreamanna eisceachtúla seo a fhágáil ina mbeo. Ba mhinic a cuireadh sna geiteonna céanna leis na Giúdaigh iad, agus má chuaigh aon dream eile bealach céanna an bháis leo siúd, b'iad na Giofóga iad. Meastar go bhfuair duine as gach triúr, nó fiú duine as gach beirt, de Ghiofóga na hEorpa bás sna sluachampaí báis. B'é polasaí oifigiúil Himmler, de réir mar a d'ordaigh sé ar an gcúigiú lá déag de Mhí na Samhna sa bhliain 1943, go raibh na Giofóga ar aon leibhéal leis na Giúdaigh mar chine, agus gur chóir iad a chur sna campaí céanna.

In Oirthear na hEorpa, mharaigh na hEinsatzgruppen cuid mhór de na Giofóga le meaisínghunnaí. Thairis sin, bhaintí úsáid as na carranna gáis. Tachtadh na sluaite móra acu i seomraí gáis na gcampaí báis fosta, ach bhí an oiread sin fuatha ag na séiléirí orthu is gur minic a lámhach siad na Giofóga go díreach nuair a bhí siad ag tuirlingt ón traein, gan iad a dhúnadh sna seomraí gáis. Uair amháin ar a laghad, chuaigh táinrith sna Giofóga nuair a thosaigh na séiléirí á marú mar sin. Ansin, ní raibh de bhealach éalaithe acu ach bealach an tseomra gáis, agus b'ansin a chuaigh siad isteach, ag síleadh, de réir chosúlachta, go mbeidís slán sábháilte ansin.

Bhí rialtais na gcomhghuaillithe, go háirithe na hUngáraigh is na Rómánaigh, an-sásta cuidiú leis na Gearmánaigh na Giofóga a dhíothú. Bhunaigh na Rómánaigh, fiú, campaí géibhinn dá gcuid féin do na Giofóga.

Na Máisiúin[athraigh | edit source]

Scríobh Hitler ina leabhar nach raibh sna Máisiúin ach balbháin de chuid na comhcheilge Giúdaí, agus go raibh siad ag scaipeadh síochánachais a bhí ag cur fearúlacht agus cogúlacht an fhir Ghearmánaigh ó mhaith. Ar an ochtú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1934, choigistigh Roinn Gnóthaí Inmheánacha na Gearmáine maoin agus fáltas na gcraobhacha Máisiúnacha, agus cuireadh cosc leis an Máisiúnachas ar fad. Aon duine a bhí ina Mháisiún nuair a shealbhaigh Hitler an chumhacht sa Ghearmáin, ní raibh cead aige ballraíocht a lorg i bpáirtí na Naitsithe ná oifig phoiblí a shealbhú. Dhearc an páirtí ar na Máisiúin mar naimhde ar chúiseanna idé-eolaíochta (seachas ar chúiseanna ciníochais), agus sna campaí géibhinn dóibh, chaithfidís triantán dearg a chaitheamh lena stádas mar chimí polaitiúla a thaispeáint don tsaol ina dtimpeall.

Is deacair a rá, cé mhéad Máisiún a maraíodh sna campaí géibhinn. Creidtear go bhfuil an figiúr ceart suite idir ochtó míle agus dhá chéad míle.

Príosúnaigh sóivéadacha in Mauthausen

Na Cumannaigh[athraigh | edit source]

Fuair thart ar chéad míle Cumannach bás sna campaí géibhinn. Roimhe sin, rinneadh turgnaimh mhíocháine ar chuid acu, agus x-ghathanna á ndíriú orthu le hiad a aimrídiú.

Na Homaighnéasaigh[athraigh | edit source]

Bhí an homaighnéasacht an-fheiceálach i mBeirlín sna blianta idir an Chéad Chogadh Domhanda agus coup d'état na Naitsithe, agus na buachaillí bána á dtaispeáint féin go hoscailte ina gcuid clubanna agus áiteanna teagmhála. Bhí gluaiseacht láidir ann ag éileamh saoirse agus cearta do na homaighnéasaigh, agus an siciatraí Magnus Hirschfeld ag tacú leis an ngluaiseacht mar shaineolaí. Sa bhliain 1919, bhunaigh Hirschfeld institiúid eolaíochta le staidéar agus taighde a dhéanamh ar chollaíocht an duine, institiúid a bhí an-fhorásach lena linn féin. Is é an tátal a bhain Hitler agus na Naitsithe as seo, ar ndóigh, ná go raibh comhcheilg idirnáisiúnta na nGiúdach ag iarraidh saobhadh gnéis a scaipeadh i measc na nGearmánach leis an gcine Airíoch a chur ar an drabhlás. Ba Ghiúdach é an dochtúir Hirschfeld féin.

Naimhde idé-eolaíochtúla ab ea iad na homaighnéasaigh freisin, nó ba chuid lárnach d'fhealsúnacht na Naitsithe "cine ceannasach" a chur ag rialú an domhain, agus bhí sé tábhachtach tuilleadh clainne a choimpeart is a iompar leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Thairis sin, bhí na gnáth-réamhbhreithiúnais i dtaobh na homaighnéasach an-leitheadúil i measc na Naitsithe agus na ndaoine eile, agus eagla ar roinnt mhaith acu gur "galar" intolgtha agus inaistrithe ab ea é an homaighnéasachas.

Agus an méid sin ráite, is gá a phointeáil amach go raibh cuid mhaith homaighnéasach le fáil i measc na Naitsithe, na boic mhóra fiú, nuair nach raibh an ghluaiseacht ach ag teacht ar an bhfód. Bhí an homaighnéasacht sách coitianta i measc na bhFreikorps, na n-óglach frith-Chumannach ar fruilíodh cuid mhaith de na luath-Naitsithe as a measc. Bhí a fhios ag uasal agus ag íseal, mar shampla, gur homaighnéasach ab ea é Ernst Röhm, bunaitheoir agus ceann feadhna na dtrúipéirí ruathair (SA). I bhfad i ndiaidh an chogaidh, chuimhnigh an scríbhneoir Gearmánach Heinrich Böll ar an ngraifín a chonaic sé ar bhalla in Köln i luathbhlianta na Naitsithe: SA - Arsch waschen - Röhm kommt! ("Seo chugainn Röhm anois, a Thrúipéirí Ruathair, nígí an tóin ina araicis!)

D'athraigh an scéal, áfach, nuair a tháinig Hitler i seilbh na cumhachta. Cuireadh Röhm ar an taobhlíne i ngluaiseacht na Naitsithe féin, agus sa deireadh, maraíodh é ar Oíche na Lann Mór, sa bhliain 1934. Ina dhiaidh sin, thosaigh na Naitsithe ag cimiú homaighnéasaigh go córasach agus á seoladh go dtí na sluachampaí géibhinn.

Na Dreamanna Reiligiúnda[athraigh | edit source]

Cé nach raibh aon dream reiligiúnda eile seachas na Giúdaigh le cur de dhroim an domhain, dhírigh na Naitsithe ar sheicteacha áirithe ar dhóigh ar leith, agus iad den tuairim gur naimhde idé-eolaíochtúla as an ngnáth a bhí iontu. Creidtear go bhfuair thart ar mhíle dhá chéad Bibelforscher bás sna campaí géibhinn. "Taighdeoirí Bíobla" nó "Bíoblóirí" is brí leis an bhfocal Bibelforscher, agus is ionann iadsan agus Finnéithe Iaivé ar a bhfuil aithne againn inniu.

Maraíodh lear mór sagart Caitliceach sa Pholainn, agus na Naitsithe ag iarraidh lucht léinn na tíre sin a léirscrios agus an Pholainnis a iompú ina canúint labhartha gan traidisiún liteartha. Thairis sin, má bhí sloinne Giúdach ar shagart, nó gaolta Giúdacha aige, bhí an dainséar ann go marófaí mar Ghiúdach é, nó bhí frith-Ghiúdachas na Naitsithe bunaithe ar an gciníochas, seachas ar an reiligiún. Mar sin, ní raibh an t-iompaitheach Críostaí de bhunadh Giúdach slán ná sábháilte i ríocht na Naitsithe, má fuarthas amach faoina chúlra.

Ar ndóigh, bhí cuid mhaith sagart agus ministéaraí ag cáineadh polasaithe frith-Ghiúdacha na Naitsithe, agus iad i nguais a gcimithe nó a gcurtha chun báis ar chúiseanna polaitíochta - ní raibh ruspa ná rófhulaingt ag na Naitsithe le haon chineál freasúra. Mar shampla, cuireadh an tEaspag Clemens August von Galen i mbraighdeanas baile nuair a cháin sé go poiblí an feachtas eotanáise. Gearmánach ab ea é an tEaspag von Galen, agus dearcadh náisiúnaíoch tírghráúil aige, rud a shábháil ó chinniúint ní ba mheasa é. Iad siúd sna tíortha forghafa a lochtaigh polasaithe na Naitsithe, ní raibh siadsan leath chomh hádhúil. Mar sin, maraíodh an sagart Cairmilíteach Ollannach Titus Brandsma le hinstealladh nimhe i gcampa géibhinn Dachau i Mí Iúil na bliana 1942. Cimíodh i dtús na bliana é, nuair a bhí sé ag áitiú ar eagarthóirí na nuachtán Caitliceach san Ollainn gan forógraí bolscaireachta na Naitsithe a chur i gcló.

Scéal ar leith é scéal Maksymilian Maria Kolbe. Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an bráthair Proinsiasach seo ina bholscaire coiméadach agus é ag cáineadh an chaipitlíochais, an Chumannachais, an Impiriúlachais agus an tSiónachais ina chuid scríbhinní. Tá an chuma ar an scéal, fiú, go raibh blas frith-Ghiúdachais ar chuid mhaith dár scríobh sé. Nuair a d'ionsaigh na Naitsithe a thír dhúchais, áfach, d'iompaigh sé amach ina chosantóir cróga ag na Giúdaigh a bhí ag éalú ó na Naitsithe, agus é ag tairiscint fárais agus dídine do chuid mhaith acu. Sa deireadh thiar thall, chimigh na Naitsithe é. In Auschwitz dó, thairg sé é féin a íobairt thar cionn fear a bhí le cur chun báis, arbh ainm dó Franciszek Gajowniczek. Ghlac na Naitsithe leis an tairiscint, agus básaíodh Kolbe. Maidir leis an bhfear a shábháil sé, mhair sé beo go dtí an bhliain 1995.

Chanónaigh an Eaglais Chaitliceach Maksymilian Kolbe sa bhliain 1982, agus is é naomhphatrún na bpríosúnach é.

Bhí cuid mhór den eaglais Phrotastúnach - is é sin, na Soiscéalaigh Liútaránacha - sa Ghearmáin míshásta le frith-Ghiúdachas agus frith-Chríostaíocht na Naitsithe. Nuair a d'fhéach na Naitsithe lena n-idé-eolaíocht a chur i bhfeidhm ar an eaglais Phrotastúnach, thug cuid mhór de na fíréin droim láimhe leis an eaglais oifigiúil, agus iad ag teacht le chéile ar chúla téarmaí faoi choimirce na heaglaise rúnda, Bekennende Kirche. Chaith Martin Niemöller, bunaitheoir na heaglaise rúnda, na blianta fada i mbraighdeanas, agus cuireadh Dietrich Bonhoeffer, ministéir eile a bhí gníomhach san eaglais sin, chun báis i ndiaidh na hiarrata marfaí a thug Claus Schenk von Stauffenberg ar Hitler ar an bhfíchiú lá de Mhí Iúil den bhliain 1944.

Na hEasláin[athraigh | edit source]

Cuireadh na céadta milliúin de dhaoine easlána chun báis, ó b'é tuairim na Naitsithe é gur cur amú acmhainní ab ea é a leithéidí a choinneáil beo. Thairis sin, ní raibh siad ag réiteach go rómhaith leis an bhféiníomhá de na Gearmánaigh mar "chine osdaonna Airíoch" a bhí á scaipeadh i mbolscaireacht na Naitsithe. Amach ó dhaoine le Dia a bhí ar chiall an pháiste agus ar chreapaltáin nach raibh lúth ceart na ngéag acu, básaíodh cuid mhaith daoine a raibh titimeas orthu. Thairis sin, fuair cuid mhaith de dhaoine aimridiú in aghaidh a dtola féin. Tháinig na coireanna seo i gcrích de thoradh an tionscadail eotanáise ar ar thug na Naitsithe T-4 - as Tiergartenstrasse 4 ("4, Sráid Ghairdín na nAinmhithe"), arbh é sin seoladh oifigí riaracháin na scéime i mBeirlín. Cuireadh tús leis an gclár eotanáise seo sa bhliain 1939, agus baineadh an-úsáid as torthaí an tionscadail ina dhiaidh sin mar mhúnla do na mórchampaí géibhinn agus léirscriosta.

Eile[athraigh | edit source]

Ní raibh mórán Afracánaigh ná Áisigh ina gcónaí sa Ghearmáin i mblianta an Uilelosctha, ach is léir go raibh an beagán féin i nguais mhór, agus an cineál polasaithe ciníochais a bhí i bhfeidhm sa tír. B'iad "bastairt Dhúiche na Réine" an dream ab fheiceálaí acu. Nuair a d'fhorghabh na Francaigh Dúiche na Réine in Iarthar na Gearmáine i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí cuid mhaith saighdiúirí gorma ó choilíneachtaí Afracánacha na Fraince ar garastún sa dúiche, agus is follasach gur leag daoine acu suas roinnt chailíní áitiúla, mar a rinne lear maith de na saighdiúirí Francacha eile. Ina leabhar Mein Kampf, scríobh Hitler go raibh na Francaigh tar éis Gormaigh a gharastúnú i nDúiche na Réine d'aonturas le "glaineacht an chine Ghearmánaigh" a chur ó mhaith.

Nuair a tháinig na Naitsithe i seilbh na cumhachta, ní raibh siad mall ag locadh na "mbastart" ná á gcaitheamh i dtóin phríosúin. hAimridíodh cuid mhór acu, agus maraíodh roinnt eile sna campaí géibhinn nó sna "turgnaimh mhíocháine".

Páistí nó déagóirí ab ea iad na "bastairt" nuair a thosaigh réimeas na Naitsithe. Bhí Gormaigh fhásta ina gcónaí sa Ghearmáin freisin, agus iad tagtha go dtí an tír mar mhic léinn, mar ealaíontóirí nó mar lucht ceirde. Ós rud é go raibh coilíneachtaí ag na Gearmánaigh féin san Afraic go dtí gur bhain an Fhrainc is an Bhreatain Mhór díobh iad tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, bhí Gormaigh as na tíortha seo ag cur fúthu sa Ghearmáin le fada an lá, freisin: iar-shaighdiúirí a chuir cogadh ar son na Gearmáine, nó iar-státseirbhísigh i gcóras riaracháin na gcoilíneachtaí. Is dócha nach raibh fáilte roimh chuid mhaith de na daoine seo i measc a muintire a thuilleadh, agus mar sin, ní raibh de rogha acu ach imirce a dhéanamh go dtí an Ghearmáin féin. Fuair cuid mhaith acu siúd iad féin cimithe ag na Gearmánaigh, agus ní raibh sé as an ngnáth gur maraíodh iad mar "naimhde cine".

Líon na mBásanna[athraigh | edit source]

Is éadócha go bhfaighfidh muid amach choíche cá mhéad a básaíodh san Uileloscadh. D'éirigh leis na saineolaithe, áfach, meastacháin réasúnta inchreidte a oibriú amach. Le déanaí, tháinig caipéisí Sasanacha agus Sóivéadacha chun solais a thugann le fios gur féidir gur maraíodh níos mó daoine ná mar a chreidtí go nuige seo. Agus an méid sin ráite, is gnách glacadh leis na figiúirí seo leanas:

  • 5.1 - 6 mhilliún de Ghiúdaigh, ina measc corradh is trí mhilliún Giúdach ón bPolainn
  • 1.8 - 1.9 milliún de Pholannaigh nár Ghiúdaigh iad
  • 200,000 - 800,000 Giofóg
  • 200,000 - 300,000 easlán
  • 80,000 – 200,000 Máisiún
  • céad míle Cumannach
  • 10,000 - 25,000 fear homaighnéasach
  • dhá mhíle ball d'Fhinnéithe Iaivé

Sa tríú heagrán dá shaothar ceannródaíochta, The Destruction of the European Jews, mheasúnaigh Raul Hilberg gur bhásaigh 5.1 milliún Giúdach le linn an Uilelosctha, má chuirtear san áireamh iad siúd a stiúg le hocras is le cruatán na ngeiteonna (thart ar ocht gcéad míle), iad siúd a lámhachadh amuigh faoin aer (milliún agus ceithre chéad míle), agus iad siúd a básaíodh sna campaí (suas le dhá mhilliún agus naoi gcéad míle). Go ginearálta, meastar go raibh Hilberg ag iarraidh fanacht ar an gceann caol den scéal, nó níor thug sé aird ach ar na básanna a bhí ar taifead, agus é ag seachaint an cineál meastacháin a bheadh bunaithe ar na staitisticí. Bhí cur chuige den tsaghas chéanna ag Martin Gilbert, an staraí Sasanach, ina shaothar Atlas of the Holocaust. Is é an toradh a fuair seisean ná cúig mhilliún agus seacht gcéad caoga míle Giúdach, nó bhí figiúirí na nGiúdach a maraíodh sa Rúis agus in áiteanna eile measúnaithe ní b'airde aige.

Bhain Lucy Dawidowicz úsáid as figiúirí na ndaonáireamh réamhchogaidh, agus is é an toradh a fuair sise ná cúig mhilliún naoi gcéad tríocha ceithre mhíle Giúdach. Bhí cuid mhór Giúdach in Oirthear na hEorpa ina gcónaí sna steitleanna, is é sin, i sráidbhailte beaga dá gcuid féin nach raibh ag clárú na mbreitheanna ná na mbásanna ar aon dóigh shásúil. Mar sin, tá sé sábháilte a rá go bhfuil an figiúr sin níos ísle ná an fhírinne. Thairis sin, is iomaí taifead oifigiúil a chuaigh le tine nó a cailleadh ar bhealach éigin eile i mblianta an chogaidh.

Sa Ghearmáin féin, tá an tOllamh Wolfgang Benz, agus é ag obair d'Ollscoil Teicneolaíochta Bheirlín, ar duine de na scoláirí is údarásúla i leith an Uilelosctha. Is é an meastachán a d'fhoilsigh seisean ina leabhar Dimension des Volksmords ("Diminsiún an Chinedhíothaithe", 1991) ná go bhfuil líon na mbásanna suite idir cúig mhilliún trí chéad míle agus sé mhilliún dhá chéad míle. Is í an uimhir atá le léamh ar Encyclopedia of the Holocaust ("Ciclipéid an Uilelosctha", 1990) le Yisrael Gutman agus Robert Rozett ná 5.59-5.86 milliún Giúdach.

Rinne na Naitsithe an-ródach ar na dreamanna seo leanas freisin, ach dealraíonn sé nach raibh siad á mbailiú go córasach le haghaidh a maraithe, mar a rinne siad leis na Giúdaigh agus leis na dreamanna eile thuas.

  • 3.5 - 6 mhilliún sibhialtach Slavach eile
  • 2.5 - 4 mhilliún cime cogaidh ón Aontas Sóivéadach
  • 1 - 1.5 milliún easaontóir polaitiúil

Thairis sin, rinne an rialtas Cróiteach, is é sin, an páirtí Ustaša, géarleanúint ar na Seirbigh beag beann ar na Naitsithe a raibh siad ag comhoibriú leo. Fuair 330,000 - 390,000 Seirbeach bás san fheachtas seo.

Is féidir achoimre na meastachán éagsúil ar líon na n-íobartach a fháil in atlas idirlín na staire a chuir Matthew White ar fáil.

Ar Lorg na gCaipéisí[athraigh | edit source]

Go gairid i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí na milliúin de dhaoine ag iarraidh tásc nó tuairisc a muintire agus a gcuid cairde is aitheantas a fháil. In imeacht na mblianta, tháinig maolú ar na hiarrachtaí seo de réir a chéile. Mar sin féin, tá sé ag éirí coitianta arís, ina measc siúd ar cailleadh daoine gaoil leo san Uileloscadh, dul ar lorg sonraí faoi chinniúint a muintire. Tá Yad Vashem ag coinneáil bunachar sonraí inchuardaithe ar fáil a bhfuil trí mhilliún ainm i dtaisce ann, is é sin, beagnach duine as gach beirt de na Giúdaigh a básaíodh san Uileloscadh. Is féidir an bunachar sonraí seo a chuardach tríd an Idirlíon nó san áit féin.

An Dóigh ar Cuireadh i gCrích é[athraigh | edit source]

Sluachampaí Daorbhroide (1933-1945)[athraigh | edit source]

Ón mbliain 1933 ar aghaidh, chuir na Naitsithe bun le sraith de champaí daorbhroide sa Ghearmáin féin le cimí polaitiúla agus daoine "neamhthaithneamhacha" eile a choinneáil iontu. Údaráis áitiúla a bhunaigh cuid mhór de na campaí seo. De réir a chéile, áfach, tháinig córas lárnaithe an riaracháin i seilbh na gcampaí seo, agus tháinig na campaí móra géibhinn ar an bhfód sna sálaí ag na mionchampaí seo. Sa bhliain 1939, bhí sé champa móra ag obair cheana, agus iad suite sa Pholainn. De réir mar a bhí an cogadh ag dul ar aghaidh, d'iompaigh na campaí géibhinn ina lárionaid dúnmharfóireachta, céastóireachta agus sclábhaíochta do na Giúdaigh agus na cimí cogaidh.

Le linn an chogaidh, tógadh campaí nua ar fud na hEorpa, go háirithe in aice leis na pobail mhóra Ghiúdacha, nó áit a raibh cuid mhór intleachtóirí Polannacha, Giofóga nó Cumannaigh ag cur fúthu. Bhí an chuid ba mhó de na campaí seo suite i nGobharnóireacht Ghinearálta na Polainne. Mar sin féin, bhí ceann, ar a laghad, i ngach tír dá raibh forghafa ag na saighdiúirí Gearmánacha. D'úsáidtí traenacha earraí leis na príosúnaigh a iompar go dtí na campaí, agus is iomaí cime a shíothlaigh ar an traein sular bhain sé amach a ceann scríbe. Bhí campaí géibhinn sa Ghearmáin féin. Ós rud é nár theastaigh ón lucht rialtais súil na nGearmánach a tharraingt ar an Uileloscadh, ní rabhthas ag cur cimí chun báis sa tír dhúchais féin, ach is iomaí príosúnach a bhásaigh de dheasca na ndroch-choinníollacha sna campaí seo, agus cuireadh cuid mhór acu chun báis ar bhealach ní ba choinbhinsiúnta ná na seomraí gáis.

Géarleanúintí na nGiúdach (1938-1941)[athraigh | edit source]

Kristallnacht, 9ú/10ú lá de Mhí na Samhna 1938

Is iomaí scoláire a deir gurbh í Oíche na Gloine Briste (Reichskristallnacht) a chuir tús leis an Uileloscadh. Ar an naoú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 1938, rinneadh ionsaithe brúidiúla ar na Giúdaigh ar fud na Gearmáine. Tugadh drochíde do na daoine féin, agus chuaigh léirscrios ar a gcuid maoin saolta. Fuair céad Giúdach, a bheag nó a mhór, bás sa teagmháil seo, agus cimíodh tríocha míle acu sna campaí géibhinn. Rinneadh dochar nó scrios ar seacht míle siopa de chuid na nGiúdach, agus ní raibh sionagóg sa Ghearmáin nach ndearnadh damáiste de chineál éigin uirthi. Bhí imeachtaí den chineál chéanna ar siúl i Vín san am céanna.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, rinne pobail áitiúla géarleanúintí ar a gcuid comharsan Giúdach anseo agus ansiúd sna tíortha forghafa. Fuair cuid de na géarleanúintí seo spreagadh ó na Gearmánaigh, agus tháinig an chuid eile go spontáineach, cosúil le géarleanúint Iaşi sa Rómáin ar an 30ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1941, agus imeachtaí Jedwabne sa Pholainn. Mharaigh póilíní Rómánacha agus muintir Rómánach na háite 14,000 Giúdach in Iaşi. I Jedwabne, fuair uimhir de Ghiúdaigh atá idir 380 agus 1,600 bás i lámha a gcuid comharsan Polannach.

Na Scéimeanna Eotanáise (1939-1941)[athraigh | edit source]

Bhí scéim eotanáise T-4 (Tiergartenstrasse 4, ainmnithe as seoladh na ceanncheathrún a bhí ag stiúradh na scéime) dírithe ar "ghlaineacht oidhreachtúil na nGearmánach" a chosaint. Cuireadh dhá chéad míle duine chun báis sna blianta 1939-1941. Easláin de chineálacha éagsúla a bhí ann, daoine a raibh titimeas orthu, nó galar intinne, nó máchail ar an gcorp nó ar an intinn. De réir an aicmiúcháin oifigiúil, bhí na dreamanna seo thíos le cur chun báis, nó an chuid acu a bhfuarthas ceadúnas a maraithe ó na dochtúirí a rinne scrúdú orthu:

  • Iad siúd a raibh scitsifréine, titimeas, einceifilíteas (athlasadh na hinchinne), easpa intleachta, parailis nó falrais Huntington orthu. Iad siúd freisin a bhí go doleigheasta sa dara leanaíocht nó i gcruachás néareolaíoch a bhí inchomparáide leis sin.
  • Daoine a bhí tar éis níos mó ná ceithre bliana a chaitheamh i dteach téarnaimh gan biseach a fháil
  • Ciontóirí nó coirpigh a raibh galar intinne orthu
  • Othair nach raibh "fuil Ghearmánach" iontu, cosúil le daoine ón Afraic


Básaíodh na hothair i nGrafeneck in aice le Stuttgart, áit ar baineadh triail as an chéad seomra gáis; in Hartheim san Ostair in aice le Linz; Hadamar, áit ar bhain toit an chréamatóiriam súil na háite ar a raibh ag titim amach; i mBernburg an der Saale; i mBrandenburg an der Havel, áit a raibh campa géibhinn Brandenburg-Görden freisin; agus i Sonnenstein i bPirna, i gcóngar do Dresden.

Na Geiteonna[athraigh | edit source]

Geiteo Vársá sa bhliain 1942

I ndiaidh an ionsaí a rinneadh ar an bPolainn, bhunaigh na Naitsithe geiteonna do na Giúdaigh agus na Giofóga. B'ansin a chaith na Giúdaigh deireadh a saoil, go néata faoi shúil ghéar na nGearmánach agus gan bhealach éalaithe, agus mura bhfuair siad bás leis an ocras agus na galair a bhí ag rith damhsa sna geiteonna, tugadh go dtí na seomraí gáis iad sa deireadh. B'é geiteo Vársá an ceann ba mhó, nó bhí cónaí ar 380,000 duine ansin, agus bhí thart ar 160,000 duine fáiscthe isteach i ngeiteo Łódź, an dara ceann ba mhó acu, ach bunaíodh geiteonna den chineál seo ina lán áiteanna ar fud na hEorpa forghafa sna blianta 1940-1941. Ní raibh siad cosúil le sráidbhailte na bpobal áitiúil Giúdach. B'fhearr a rá gur príosúin phlódaithe a bhí iontu. Mar shampla, siúd is gur dúnadh an tríú cuid de mhuintir Vársá sa gheiteo, ní raibh ach 2.4 % d'achar na háite fágtha faoi na daoine seo. Ní cúis iontais é go raibh na céadta míle ag fáil báis le fiabhras breac agus le galair thógálacha eile sna geiteonna seo.

Ar an naoú lá déag de Mhí Iúil sa bhliain 1942, d'eisigh Heinrich Himmler, ceann feadhna SS, ordú faoi aslonnú na nGiúdach ó na geiteonna go dtí na campaí báis. Trí lá ina dhiaidh sin, tugadh an chéad lastas traenach de Ghiúdach ó Vársá go dtí Treblinka, áit ar tachtadh 300,000 duine ó Vársá amháin i rith an chéad dhá lá déag is dhá scór eile. Is iomaí geiteo eile a chaill a dhaonra go hiomlán, agus na daoine á dtabhairt go dtí na seomraí gáis. D'éirigh na Giúdaigh amach in éadan na Naitsithe in áiteanna, go háirithe i Vársá agus i mBiałystok, ach má d'éirigh féin, chloígh na Naitsithe na ceannairceoirí le lámh láidir.

Scuaid an Bháis[athraigh | edit source]

Taobh amuigh de na campaí géibhinn, mharaigh na Naitsithe agus lucht a dtacaíochta milliún agus sé chéad míle Giúdach amuigh faoin spéir, go háirithe sa bhliain 1941, sular thosaigh an tUileloscadh i gceart sna sluachampaí. Nuair a thosaigh an t-ionradh ar an Aontas Sóivéadach, chuaigh scuaid an bháis (Einsatzgruppen) isteach sna sálaí ag an arm, agus iad ag marú rompu, idir Pholannaigh, fheidhmeannaigh Chumannacha, agus Ghiúdaigh. B'iad na Polannaigh an chéad targaid a bhí ag na scuaid seo, nó sa bhliain 1940, rinne siad oibríocht ar ar tugadh Ausserordentliche Befriedungsaktion, is é sin, oibríocht neamhghnách cheansaithe, agus is é an cuspóir a bhí leis an oibríocht seo ná aos léinn na Polainne a locadh, a chimiú agus a mharú. Gabhadh tríocha míle duine, agus sa deireadh, maraíodh seacht míle acu. Nuair a tháinig samhradh na bliana 1941, bhí na scuaid ag cromadh ar na Giúdaigh. Rinneadh an chéad mhór-ródach ar na Giúdaigh i mBiałystok ar an aonú lá fichead de Mhí an Mheithimh sa bhliain chéanna, agus bhí dhá mhíle is dhá chéad Giúdach thíos leis. Ina dhiaidh sin, chuaigh an marú ar aghaidh agus é fiú ag dul i méadaíocht. Mharaigh fórsaí Gearmánacha an SS míle go leith de Ghiúdaigh i gKaunas ar an séú lá fichead de Mhí an Mheithimh.

Mharaigh tacadóirí Úcráineacha na Naitsithe 4,000 Giúdach i Lviv i ndeireadh Mhí an Mheithimh agus i dtús Mhí Iúil sa bhliain 1941. Ó Mhí Mheán Fómhair go deireadh na bliana céanna, chuaigh an ródach ar fud na Polainne, na Liotuáine, na hÚcráine agus na Laitvia. Básaíodh corradh is 33,000 Giúdach i mBabi Yar. Mharaigh comhoibrithe Laitviacha na Naitsithe (Cománlach Arajs) 25,000 duine i Rumbula. In Odessa, b'iad na fórsaí Rúmánacha a bhí i mbun oibre, agus chuir siad 36,000 duine chun báis. Ag Naoú Daingean Kaunas agus i bPaneriai, b'iad na Gearmánaigh féin a rinne an marú, is é sin, an SS, agus fuair 19,000 duine bás i gKaunas agus 40,000 duine i bPaneriai (sa bhliain 1944, shroich an dara figiúr seo 100,000) . Ar feadh cúig mí, fuair 100,000 Giúdach bás in aghaidh na míosa. Nuair a tháinig deireadh na bliana 1943, bhí 900,000 Giúdach eile básaithe ar an dóigh seo, ach ní raibh an obair ag dul ar aghaidh sách sciobtha le lucht ceannasaíochta na Naitsithe a shásamh. I ndeireadh na bliana 1941 agus i dtús an chéad bhliain eile, chrom siad ar an bhFuascailt Deiridh (Endlösung) a chur i gcrích, is é sin, díothú iomlán na nGiúdach san Eoraip.

Sa bhliain 1941, bunaíodh "stát náisiúnta na Cróite" le hurraíocht na Naitsithe, agus b'iad na Seirbigh, thar aon dream eile, a bhí thíos leis sin. Bhí Seirbigh á ndó ina mbeo istigh ina gcuid eaglaisí, á marú ag scuaid bheaga bháis, na "triúraithe dubha" (ní bhíodh ar scuad den chineál seo, go minic, ach triúr), agus iad ag dul ó shráidbhaile beag go sráidbhaile beag, ag tabhairt nimhe do na madraí, ag caitheamh daoine beo síos i bpoill doimhne sa talamh agus ag martrú na ndaoine a bhí cimithe acu. Bhí campa báis ag na Crótaigh le haghaidh na Seirbeach i Jasenovac sula raibh gású na nGiúdach tosaithe ag na Naitsithe, agus chreathnaigh na Naitsithe féin roimh chruálacht na gCrótach ansin, cé go raibh siad le scéimeanna díothaithe a chur i gcrích ina gcuid campaí féin go gairid ina dhiaidh sin.

Sluachampaí an Bháis[athraigh | edit source]

I Mí na Nollag 1941, d'oscail na Naitsithe Chełmno, an chéad champa báis. Tháinig seacht gcinn de na campaí seo ar an bhfód i ndeireadh na dála. Ní raibh de chuspóir leis na campaí seo ach daoine a chur chun báis ina sluaite síoraí ar scála na tionsclaíochta. Níorbh ionann na campaí báis seo agus na campaí géibhinn nó na campaí daorbhroide, ina raibh na daoine á gcoinneáil i ndaoirse ag obair go crua, nó cé go raibh na séiléirí brúidiúil agus an bia gann sna campaí eile sin, ní raibh gléasra teicneolaíochta leis na cimí a mharú in úsáid ach sna fíor-champaí báis. Fuair breis agus trí mhilliún Giúdach bás sna campaí sluamharaithe. B'é an gnáthmhodh oibre sna campaí seo ná na príosúnaigh a ghlasáil istigh i seomraí gáis lena dtachtadh le gás nimhe - Zyklon B (hidriginchiainíd) nó aonocsaíd charbóin a bhí i gceist. Ansin, ba nós corpáin na gcimí a chur trí tine i gcréamatóiriamaí móra. I Sobibór, chaití na corpáin sa mhullach ar a chéile agus iad á ndó ansin. An luaith a gheibhtí mar seo, chuirtí sa talamh nó leis an ngaoth í.

Sa bhliain 1942, thosaigh an tréimhse ba mhó léirscrios den Uileloscadh le hOibríocht Reinhard, agus hosclaíodh na campaí báis i mBelzec, i Sobibór, agus i dTreblinka. Roimh Mhí Deireadh Fómhair 1943, maraíodh breis is 1.7 milliún Giúdach i dtrí champa "Reinhard". B'é Auschwitz-Birkenau an campa ba mhó den chineál seo. Bhí idir champa daorbhroide (Auschwitz) agus campa báis (Birkenau) ann. I mBirkenau, bhí ceithre sheomra gáis ag obair, agus a chréamatóiriam ag gach ceann acu. Fuair timpeall is 1.6 milliún Giúdach bás sna campaí seo, ina measc siúd 438,000 Giúdach ón Ungáir a maraíodh i rith cupla mí. Thairis sin, tachtadh 75,000 Polannach agus homaighnéasach ansin, maille le 19,000 Giofóg. Nuair a shroich an obair buaic na héifeachtúlachta, bhí timpeall is ocht míle duine á marú in aghaidh an lae i mBirkenau.

Ag baint amach na gcampaí seo dóibh, chaithfeadh na príosúnaigh a gcuid airgid, seodra agus rudaí eile den chineál sin a thabhairt uathu, agus baineadh an folt gruaige de na mná. De réir doiciméad amháin de chuid na Naitsithe, úsáideadh an ghruaig i ndéantús stocaí. Na cimí a bhí rólag le dul ag obair, chuaigh siad caol díreach go dtí an seomra gáis - uaireanta, bhí an chuma ar an bhfoirgneamh gur cithfholcadh a bhí ann seachas seomra gáis - agus nuair a bhí siad tachtaithe, cuireadh na corpáin trí thine. Na priosúnaigh a raibh sracadh éigin fágtha iontu, chuaigh siad ag obair i monarchanna timpeall an champa. Athchúrsáladh bróga, stocaí agus éadaí na gcimí ar mhaithe leis an gcogadh, cuma cé acu ar cuireadh cime áirithe chun báis ar an toirt nó nár cuireadh. Daoine de na cimí, cuireadh ag bailiú na gcorpán iad, agus chaithfidís na fiacla óir a bhaint de dhrandal na marbhán.

Mórshiúlta an Bháis agus Teacht na Saoirse[athraigh | edit source]

Nuair a bhí fórsaí armtha na gComhghuaillithe ag cúngú isteach ar na Gearmánaigh i ndeireadh na bliana 1944, chinn na Naitsithe ar na campaí báis a thréigean, na cimí a sheoladh siar agus an fhianaise a dhíothú, le nach bhféadfadh a gcuid naimhde a aithint céard a bhí déanta acu. Na cimí a bhí ar an dé deiridh cheana i ndiaidh na míonna nó na mblianta a chaith siad ar bheagán bia faoi bhráid na séiléirí brúidiúla, chaithfidís fiche éigin ciliméadar, nó níos mó fós, a chur díobh ag tarraingt ar stáisiún na traenach. Ansin, cuireadh ar bord traenach iad nach raibh ach vaigíní lastais inti, agus iad féin oscailte, i gcruth is nach raibh cosaint ar bith iontu ar anró na haimsire. Ina dhiaidh, chaithfidís mórshiúl eile a chur díobh le campa eile a bhaint amach. Ar ndóigh, ba nós leis na séiléirí na fágálaigh a mharú le hurchar ar an toirt. B'é an mórshiúl báis ba mhó agus ba mhíchlúití ná an ceann i Mí Eanáir 1945, nuair a bhain an tArm Dearg amach an Pholainn. Naoi lá roimh theacht na Sóivéadach go hAuschwitz, sheol na gardaí ón SS 60,000 príosúnach as an gcampa i dtreo Wodzisław, 56 chiliméadar ar shiúl, áit ar cuireadh ar bhord na dtraenach lastais iad le dul go dtí campaí eile. Fuair 15,000 duine bás le linn an mhórshiúil áirithe seo, agus d'éag timpeall ar 100,000 Giúdach ar na siúlta seo go léir.

Corpáin i Dachau sa bhliain 1945

I Mí Iúil 1944, tháinig na Sóivéadaigh trasna ar an chéad mhórchampa Naitsíoch, Majdanek. B'iad na Sóivéadaigh ba túisce a bhain amach Auschwitz, leis. An chuid ba mhó de na campaí a thit leis na Sóivéadaigh, bhí siad fágtha folamh cheana féin i ndiaidh na mórshiúlta. Ghabh fórsaí Meiriceánacha agus Sasanacha campai eile, ar nós Bergen-Belsen ar an 15 Aibreán 1945. Bhí 60,000 cime sa champa sin, ach fuair duine as gach ceathrar bás go gairid ina dhiaidh sin, ó nach raibh teacht aniar ar bith fágtha iontu i ndiaidh bhlianta na drochíde.

An Fhrithbheartaíocht[athraigh | edit source]

Frithbheartaíocht na nGiúdach[athraigh | edit source]

Ó bhí fórsaí míleata na Gearmáine an-láidir, agus inneall maith catha orthu, ní raibh íobartaigh an Uilelosctha ábalta mórán a dhéanamh le cur ar a son féin in aghaidh na Naitsithe. Agus an méid sin ráite, tá a fhios ag na staraithe roinnt mhaith iarrachtaí den chineál sin, go háirithe níos mó ná céad éirí amach faoi airm a rinne na Giúdaigh.

B'é an cath ba mhó a chuir na Giúdaigh ar na Gearmánaigh ná Éirí Amach an Gheiteo i Vársá ó Mhí Aibreáin go dtí Mí Bealtaine sa bhliain 1943. Bhí na Gearmánaigh go díreach leis na Giúdaigh dheireanacha a aslonnú go dtí na campaí báis. Ansin, chuaigh trodaithe de chuid Eagraíocht Chatha na nGiúdach (Polainnis: Żydowska Organizacja Bojowa) agus Aontas Míleata na nGiúdach (Żydowski Związek Wojskowy) chun cogaidh ar na Gearmánaigh. Ní raibh na trodaithe ag iarraidh saoirse a bhaint amach, ach ba rogha leo bás a fháil go fiúntach i bpáirc an áir. B'é an file Giúdach, Władysław Szlengel, b'fhearr a chuir an t-atmaisféar seo i bhfocail ina dhán Kontratak ("An Frithionsaí"):

Słysz niemiecki Boże
jak modlą się Żydzi w "dzikich" domach
[...]
Prosimy Cię Boże o walkę krwawą,
Błagamy o gwałtowną śmierć.
[...]
Z Niskiej i z Miłej, z Muranowa
Wykwita płomień z naszych luf.
To wiosna nasza! To kontratak!
To wino walki uderza do głów![1]
"Tabhair cluais dúinn, a Dhia na nGearmánach,
Seo na Giúdaigh do do ghuí sna plódtithe
[...]
Do do ghuí go dtabharfaidh tú cath fuilteach dúinn,
Go mbronnfaidh tú bás an trodaí orainn.
[...]
Ó Shráid Niska is ó Shráid Miła, ó cheantar Muranów
Tá an tine ag eascairt as ár gcuid raidhfilí mar a bheadh bláth ann.
Seo é ár nEarrach! Seo é an frithionsaí!
Fíon meisciúil sa chloigeann is ea é an cath!"

Fuair an chuid ba mhó de na trodaithe bás, ach tháinig dornán acu slán agus chuir fúthu in Iosrael. Bhí ceannaircí eile ann sna geiteonna, ach níor éirigh leis na Giúdaigh in aon áit na saighdiúirí Gearmánacha a chloí.

Bhí ceannaircí móra i dtrí cinn de na campaí báis fosta. I Mí Lúnasa 1943, d'éirigh na cimí amach i gcampa báis Treblinka. Cuireadh go leor foirgnimh trí thine, agus d'éalaigh 70 cime as an gcampa, ach fuair 1,500 duine bás. Cuireadh deireadh leis na gásuithe, áfach, ar feadh míosa. I Mí Dheireadh Fómhair 1943, d'éirigh ní b'fhearr leis na ceannairceoirí i Sobibór. Ansin, maraíodh aon fhear déag de chuid an SS, chomh maith le roinnt gardaí Úcráineacha. D'éalaigh trí chéad duine, is é sin, duine as gach beirt dá raibh cimithe i Sobibór, agus tháinig caoga duine acu slán as an gcogadh. B'éigean do na Naitsithe an campa a dhúnadh ar fad i ndiaidh an éalaithe seo. Ar an 7 Deireadh Fómhair 1944, d'éirigh na Sonderkommandos Ghiúdacha amach in Auschwitz. Is éard a bhí i gceist leis na Sonderkommandos ná Giúdaigh a bhí ag comhoibriú leis na Gearmánaigh ag coinneáil na seomraí gáis ag obair. Shéid siad ceann de na créamatóiriamaí san aer leis an ábhar pléasctha a bhí smuigleáilte isteach ó mhonarcha na n-arm ag na mná a bhí ag obair ansin. D'fhéach na príosúnaigh ansin le héalú ón gcampa, ach rugadh orthu go gairid, agus maraíodh gach mac máthar acu ina dhiaidh sin.

Bhí treallchogaithe Giúdacha ag cur catha ina lán tíortha, ar nós Eugenio Calò san Iodáil mar shampla. Thairis sin, tháinig óglaigh Ghiúdacha ó Shainordú na Palaistíne go dtí an Eoraip le cuidiú lena gcuid comhreiligiúnaithe ansin.

Frithbheartaíocht Fhinnéithe Iaivé[athraigh | edit source]

Bhí Finnéithe Iaivé - nó Ernste Bibelforscher, na Bíoblóirí Dáiríre, mar a thugtaí orthu san am sa Ghearmáin - á ngéarleanúint sa Tríú Reich. Ní raibh siad sásta dílseacht a thabhairt do Pháirtí na Naitsithe ná dul ar fiannas san arm, agus mar sin, caitheadh sna campaí géibhinn nó i dtóin phríosúin iad i mblianta an Uilelosctha. Murab ionann agus na Giúdaigh, na homaighnéasaigh agus na Giofóga, a bhí á ngéarleanúint ar chúiseanna cine, polaitíochta agus sóisialta, b'é an reiligiún a tharraing fuath na Naitsithe ar na Finnéithe. Na Finnéithe a bhí cimithe, bhí an rogha acu lá ar bith an campa géibhinn a fhágáil ach a gcreideamh a thréigean, dílseacht a mhionnú don stát Naitsíoch, agus tacaíocht a ghealladh d'Arm na Gearmáine. Cuireadh timpeall is dhá mhíle déag acu go dtí na campaí géibhinn, agus iad ag caitheamh triantán purpartha mar shuaitheantas. Sa deireadh thiar, fuair dhá mhíle acu bás i mbraighdeanas na Naitsithe. An chuid acu nár cimíodh, fágadh dífhostaithe iad. Deir an Dochtúir Detlef Garbe, staraí atá i gceannas ar áit chuimhneacháin Neuengamme i Hamburg: "I dtaca le holc, ní féidir a shéanadh gurbh iad na Finnéithe an ghluaiseacht reiligiúnda ba daingne a sheas an fód in aghaidh na n-iarrachtaí iad a chomhshamhlú leis an Naitsíochas."

Na Tarrthálaithe[athraigh | edit source]

Shábháil an Rí Christian a Deich agus muintir na Danmhairge an chuid ba mhó de Ghiúdaigh na tíre trí iad a iompar faoi choim go dtí an tSualainn ar bháid iascaireachta. Thairis sin, na Giúdaigh a bhí cimithe ag na Naitsithe cheana féin, mhair rialtas na tíre ag áitiú ar na Gearmánaigh iad a shaoradh. Nuair a d'fhill na Giúdaigh seo abhaile, fuair siad a gcuid tithe agus maoin shaolta díreach mar a bhí siad roimhe sin, agus iad faoi chosaint an stáit idir an dá linn.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Gerald Schwab (1990). "The day the Holocaust began : the odyssey of Herschel Grynszpan". Nua Eabhrac: Praeger. ISBN 978-0-275-93576-4. 
  2. Lucy S. Dawidowicz (1976). "The war against the Jews, 1933-1945". Bantam. ISBN 978-0-553-20534-3. 
  3. Genocide of European Roma (Gypsies) Holocaust Encyclopedia. United States Holocaust Memorial Museum.
  4. Richard Plant (1988). "The pink triangle: the Nazi war against homosexuals". Holt. ISBN 978-0-8050-0600-1. 
  5. "Origin of the word 'Holocaust'". United States Holocaust Memorial Museum FAQ
  6. "The Holocaust: Definition and Preliminary Discussion". Yad Vashem
  7. Edwin Black (2012). "IBM and the Holocaust: The Strategic Alliance Between Nazi Germany and America's Most Powerful Corporation". Dialog Press. ISBN 978-0-914153-27-6. 
  8. Dear, Ian; Foot, Richard D (2011). "The Oxford companion to World War II". Oxford University Press. ISBN 978-0-19-860446-4. 
  9. Robert Gerwarth (2011). "Hitler's Hangman: The Life of Heydrich". New Haven & London: Yale University Press. ISBN 978-0-300-18772-4.