Heinrich Böll

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Heinrich Theodor Böll
Bundesarchiv B 145 Bild-F062164-0004, Bonn, Heinrich Böll.jpg
Böll sa bhliain 1981
Dáta breithe 21 Nollaig, 1917
  Köln, An Ghearmáin
Dáta báis 16 Iúil, 1985
  An Ghearmáin
Náisiúntacht Gearmánach
Gairm Scríbhneoir
Duaiseanna Duais Georg Büchner (1967)
Duais Nobel (1972)
Síniú
Boell Sign.jpg

Bhí Heinrich Böll (21 Nollaig 1917 - 16 Iúil 1985) ar duine de na scríbhneoirí ba mhó le rá sa Ghearmáin (Thiar) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Chaith sé blianta an chogaidh sa Wehrmacht, agus bhí saoltaithí an chogaidh agus an Naitsíochais tábhachtach mar théama ina chuid scríbhinní. Rinne sé iarrachtaí gníomhacha an ghoimh a d'fhág an cogadh idir na Gearmánaigh agus na Rúisigh a leigheas, agus dlúthchairdeas idir é agus Lev Kopelev, scríbhneoir Rúiseach a chuir faoi sa Ghearmáin nuair a ruaigeadh as an Aontas Sóivéadach ar chúiseanna polaitiúla é. Bhí sé ina bhall ghníomhach de ghluaiseacht na síochána freisin. Bronnadh Duais Nobel sa litríocht air sa bhliain 1972. Rinne sé an-obair aistritheoireachta chomh maith, mar shampla chuir sé Gearmáinis ar An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain. Chaith sé seal in iarthar na hÉireann sna caogaidí, go príomha in Acaill, agus scríobh sé leabhar faoin tír agus faoi mhuintir na tíre, Irisches Tagebuch. D'aistrigh Seán Sabhaois an leabhar go Gaeilge, mar Dialann as Éirinn.

A shaol[athraigh | edit source]

Rugadh Heinrich Böll i gKöln ar an 21ú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1917. B'iad a thuismitheoirí Viktor Böll agus Maria Herrmanns, dara bean chéile Viktor. Caitlicigh ab ea iad a mhuintir. Bhí Heinrich ar an séú duine den chlann ar fad, agus ar an tríú mac. Chaith sé na blianta 1924-1928 ag freastal ar bhunscoil Chaitliceach, ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Meánscoil an Impire Uilliam (Kaiser-Wilhelm-Gymnasium) i gKöln, áit ar bhain sé amach a dhintiúirí ardteiste. Sa bhliain 1937, rinneadh ábhar siopadóra i siopa leabhar de, ach níor fhan sé ansin i bhfad. Thug sé cur síos ar an tréimhse seo ina leabhar cuimhní cinn Was soll aus dem Jungen bloss werden?. Sa chéad bhliain eile, preasáladh isteach san Arbeitsdienst é, is é sin, an tseirbhís náisiúnta oibre a bhí an stát Naitsíoch a reachtáil. Theastaigh uaidh an léann Gearmánach agus na teangacha clasaiceacha a fhoghlaim san ollscoil, ach tháinig an cogadh idir é agus an staidéar. Chuaigh sé sna saighdiúirí ina choinscríofach, agus throid sé san Fhrainc agus ar an gcathéadan thoir. Sa bhliain 1942, agus é ar saoire ón gcogadh, phós sé Annemarie Cech, dár thug sé grá ina ógánach dó. Fuair sé cupla goin i bpáirc an áir. I Mí Aibreáin 1945, chimigh Arm na Stát Aontaithe é, ach scaoileadh saor é arís i bhfómhar na bliana céanna.

Thosaigh sé ag scríbhneoireacht, agus fuair sé an chéad chupla gearrscéal foilsithe sa bhliain 1947. Scríbhneoireacht den chineál a bhí ann ar a dtugtar Trümmerliteratur i stair litríocht na Gearmáinise, is é sin, litríocht na bhfothrach, nó cur síos gearrfhoclach, neamhgháifeach ar an saol a bhí ag na Gearmánaigh i ndiaidh an chogaidh, nuair a bhí an tír féin léirscriosta agus milleán an Naitsíochais go trom ar ghuaille an náisiúin.

Faoin am seo a rugadh triúr mac do Bhöll - Raimund (1947), René (1948), agus Vincent (1950). Roimhe sin, saolaíodh Christoph sa bhliain 1945, ach bhásaigh sé sula raibh bliain d'aois slánaithe aige. Shíothlaigh Raimund sa bhliain 1982, agus é ag éileamh le hailse.

B'iad na caogaidí agus na seascaidí blianta móra Bhöll ó thaobh na cruthaitheachta liteartha de. Thosaigh sé ag cáineadh scríbhneoirí seanbhunaithe agus polaiteoirí coimeádacha na tíre, rud a thuill clú an chlampróra dó. Ón taobh eile de, bhí sé sásta a chuid macghníomhartha féin a lochtú ní ba mhaille, nuair a tháinig ciall aige le haois.

I dtús na seachtóidí, rinneadh uachtarán na heagraíochta idirnáisiúnta scríbhneoirí "PEN-Club" de Bhöll. Ní raibh ann ar dtús ach cathaoirleach na craoibhe Gearmánaí den eagraíocht, ach sa bhliain 1971, bhain sé amach uachtaránacht na heagraíochta idirnáisiúnta. Choinnigh sé an chéimíocht seo go dtí an bhliain 1974.

Sa bhliain 1972, nuair a bhí sceimhlitheoirí cléradacacha Bhuíon an Airm Dheirg ag baint scanradh as na Gearmánaigh, d'fhoilsigh Böll aiste ar an seachtaineán DER SPIEGEL faoin teideal Will Ulrike Meinhof Gnade oder freies Geleit? ("Cé acu pardún nó pas coimirce atá de dhíobháil ar Ulrike Meinhof?") San aiste seo, bhí Böll ag éileamh go mbeifí ag caitheamh leis na sceimhlitheoirí de réir phrionsabail na dlíthiúlachta. Is é an tátal a bhain na hiriseoirí coimeádacha as seo go raibh Böll ag déanamh a bheag d'ainghníomhartha na sceimhlitheoirí agus go raibh sé, fiú, ag tacú leo siúd in aghaidh an stáit.

I ndiaidh an fheachtais chlúmhillteoireachta seo a tháinig an t-úrscéal beag Die verlorene Ehre der Katharina Blum i gcló. Scéal fáithchiallach a bhí ann faoi chinniúint Bhöll féin. Is í Caitríona Blum an phríomhphearsa: bean óg dhicheallach agus í ina fréamhshamhail d'ógbhean Ghearmánach mar is fearr leis na coimeádaigh í. Uair amháin, caitheann sí oíche le fear óg nach bhfuil aithne aici air, agus an lá arna mhárach, tiontaíonn sé amach gur robálaí bainc, nó fiú sceimhlitheoir, a bhí ann. Ansin, déanann na nuachtáin choimeádacha sceimhlitheoir agus Cumannaí de Chaitríona, bean nach raibh suim dá laghad aici i gcúrsaí polaitíochta d'aon chineál roimhe sin.

Dealbh Heinrich Böll i mBeirlín

Ina dhiaidh sin, chuir Böll féin tuilleadh spéise i gcúrsaí polaitíochta, agus é ag fáiltiú roimh intleachtóirí Rúiseacha ar deoraíocht ón Aontas Sóivéadach chuige, ar nós Lev KopelevAleksandr Solzhenitsyn. Chuir sé suim i gcúrsaí Mheiriceá Theas freisin. Rinne sé iarrachtaí teacht i dteagmháil le heagraíochtaí na cosmhuintire sna tíortha sin agus taobhanna na gcoimhlintí a thabhairt in araicis a chéile. In Eacuadór dó, áfach, tholg sé neascóid choise nach bhfuair sé biseach ceart aisti riamh. B'éigean dó dul faoi scian an dochtúra in Eacuadór féin agus ina thír dhúchais féin i ndiaidh an tolgtha.

Bhí sé ag cáineadh choimeádachas na hEaglaise Caitlicí go trom, agus sa bhliain 1976, scoir sé den Eaglais. Bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na síochána, agus sa bhliain 1983, bhí sé ar duine de na stailceoirí suite a bhí ag iarraidh na diúracáin adamhacha a stopadh a bhí le cur ar stóras sa bhunáit mhíleata i Mutlangen.

Tháinig an t-úrscéal deireanach, Frauen vor Flusslandschaft, ar pár sa bhliain 1985.

I dtús Mhí Iúil sa bhliain chéana, tugadh go dtí ospidéal i gKöln é len é a chur faoi scian an mháinlia arís. Ar an gcúigiú lá déag de Mhí Iúil, d'fhill sé abhaile go dtí an teach a bhí aige i Langenbroich, i sléibhte Eifel in aice le Hürtgenwald. Shíothlaigh sé an lá arna mhárach, ar maidin. hAdhlacadh é trí lá ina dhiaidh sin i mBornheim-Merten, in aice le Köln. Bhí boic mhóra na tíre i láthair, an tUachtarán Richard von Weizsäcker ina measc.

Saothar as Gearmáinis[athraigh | edit source]

  • Der Zug war pünktlich (1949, "Tháinig an traein in am")
  • Wo warst du, Adam? (1951, "Cá raibh tú, a Ádhaimh?")
  • Und sagte kein einziges Wort (1953, "Gan oiread is focal a rá")
  • Haus ohne Hüter (1954, "Teach gan Lucht a Chothbhála")
  • Irisches Tagebuch (1957, "Dialann as Éirinn" an teideal a bhaist Seán Sabhaois ar a aistriúchán)
  • Doktor Murkes gesammeltes Schweigen und andere Satiren (1958, "Tost iomlán an Dochtúra Murke agus aoirscéalta eile")
  • Billard um halb zehn (1959, "Púl á Imirt ag Leathuair i ndiaidh a Naoi")
  • Ansichten eines Clowns (1963, "Barúlacha de chuid Áilteora")
  • Entfernung von der Truppe (1964, "Tréigean na Díorma")
  • Ende einer Dienstfahrt (1966, "Deireadh le Turas Oibre")
  • Gruppenbild mit Dame (1971, "Bean in aon Phictiúr le Daoine Eile")
  • Die verlorene Ehre der Katharina Blum (1974, "Clú Caillte Chaitríona Blum")
  • Fürsorgliche Belagerung (1979, "Faoi Léigear ar Eagla na hEagla")
  • Was soll aus dem Jungen bloß werden? (1981, "Cad é atá i nDán don Bhuachaill?")
  • Das Vermächtnis (1981, "An Tiomna") - ceann de luathshaothair Bhöll nár tháinig i gcló ach i bhfad i ndiaidh lá a scríofa
  • Frauen vor Flusslandschaft (1985, "Mná os comhair Radharcra na nAibhneacha")
  • Der Engel schwieg (1991, "D'fhan an tAingeal ina Thost") - luathúrscéal eile nár foilsíodh ach i ndiaidh bhás an scríbhneora