Die verlorene Ehre der Katharina Blum

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eagrán an leabhair faoi chlúdach bhog, agus é foilsithe ag Deutscher Taschenbuch Verlag

Úrscéal le Heinrich Böll is ea Die verlorene Ehre der Katharina Blum, oder: Wie Gewalt entstehen und wohin sie führen kann (Clú Caillte Chaitríona Blum, nó: An dóigh a dtagann an foréigean ar an bhfód agus na rudaí a tharraingíonn sé ina dhiaidh). Sa bhliain 1974 a tháinig an leabhar i gcló. Is é is cúlra don scéal ná atmaisféar polaitiúil sa Ghearmáin le linn fheachtas armtha an Rote-Armee-Fraktion, is é sin, Buíon an Airm Dheirg, nó Drong Baader-Meinhof. Bhí sceimhlitheoirí na droinge ag fuadach agus ag dúnmharú boic mhóra de chuid an tsaoil ghnó sa tír, agus na nuachtáin, go háirithe nuachtáin an fhoilsitheora choimeádaigh Axel Springer, ag tabhairt claontuairisce ar na himeachtaí faoi thionchar an teannais. Chardáil Böll na ceisteanna céanna ina lán saothar eile, go háirithe san aoir Berichte zur Gesinnungslage der Nation agus san úrscéal Fürsorgliche Belagerung.

An Scéal[athraigh | edit source]

Ceithre lá tar éis di freastal ar chóisir Inide (Weiberfastnacht), áit ar bhuail sí le fear darb ainm Ludwig Götten, téann Katharina chuig oifig an Oberkommissar Moeding lena admháil leis gur mharaigh sí iriseoir de chuid an nuachtáin Die ZEITUNG ("An NUACHTÁN").

Ansin insítear do na léitheoirí na himeachtaí a thit amach idir an dá linn. Chaith sí an oíche úd le Ludwig. An lá arna mhárach, fuair sí na póilíní ag déanamh ruathair isteach ina hárasán. D'ardaigh siad leo í chuig an stáisiún le hí a cheistiú. Robálaí bainc ab ea Ludwig, agus is é an chiall a bhain na póilíní as an scéal go raibh Katharina ag cabhrú leis. Chuir Die ZEITUNG iriseor díograiseach caidéiseach, darb ainm Tötges, ag fiosrú an scéil, agus é ag leanúint air gan staonadh. Chuir sé agallamh ar gach uile chara de chuid Katharina in éineacht lena muintir is a hiar-fhear céile. De bharr a chuid fhiosruithe d'fhoilsigh sé alt faoi Katharina nach raibh mórán fírinne ag baint leis ar aon nós, agus a chasadh féin bainte aige as an mbeagán a bhí fágtha. Thar aon rud eile, thug sé le fios go raibh baint aici le Ludwig roimh an teagmháil seo, go raibh "cuairteoirí fir" ag teacht chuici roimhe sin agus go raibh sí féin ina Cumannaí dearg gan smacht ar bith.

Ag an bpointe seo, rinne Katharina an cinneadh ar agallamh a thabhairt do Tötges chun an scéal a shoiléiriú agus a chur ina cheart arís. Ach de réir dealraimh níor bhain an tuairisc a foilsíodh, de bharr an agallaimh, leis an bhfírinne ach an oiread. Bhí trácht ann ar "mhana fuarchúiseach" Katharina, agus claontagairtí á ndéanamh dá hathair is dá deartháir, ionas go sílfeadh an léitheoir go raibh siadsan bainteach leis an "gcoir". Bhí sé ag teastáil ó Katharína anois súil a leagan ar an bhfear seo le fáil amach cén saghas duine a d'fhéadfadh a saol a lot uirthi mar seo. Chuaigh sí chuig ardoifig an nuachtáin le spléachadh a thabhairt don fhear, agus gunnán léi. Ar ndóigh, níor tháinig sé, agus tar éis dhá uair an chloig a chaitheamh mar sin, d'fhill sí abhaile.

Lean Tötges í agus rinne sé a bhealach isteach ina hárasán le lámh láidir. Bhí sé ag tabhairt Blumchen (an bláth beag) uirthi, agus é ag áitiú uirthi craiceann a bhualadh leis (bumsen). Ba é seo buille na tubaiste di. Thóg sí an gunna as a mála agus rinne sí é a lámhach.

Tar éis dhá uair an chloig, d'inis sí faoin eachtra do Moeding, áit ar thosaigh an t-úrscéal.

Cúlra an Scéil[athraigh | edit source]

Ba é an nuachtán Gearmánach Bild-Zeitung a bhí i gceist ag Böll nuair a chuir sé an t-úrscéal seo ar pár. Rinneadh scannán de sa bhliain 1975. Is leis an teach foilsitheoireachta úd Axel Springer AG an nuachtán sin, agus stíl gháifeach á cleachtadh aige a chuirfeadh tablóidigh na Ríochta Aontaithe is na hÉireann i gcuimhne duit. Thiar sna seachtóidí, sa tréimhse atá i gceist ag Böll san úrscéal seo, bhí Bild-Zeitung agus nuachtáin eile Springer an-bhinbeach ag caitheamh anuas ar radacaigh na heite clé, ag cur a ladair i gcúrsaí príobháideacha na ndaoine agus ag foilsiú scéalta nuachta nach raibh bunús fírinne ar bith leo. Spreag an droch-chlú seo an t-iriseoir agus an scríbhneoir Günter Wallraff chun jab a fháil ag Bild-Zeitung lena staidéar féin a dhéanamh ar mhodhanna oibre an nuachtáin. Scríobh Wallraff na leabhair Der Aufmacher agus Zeugen der Anklage faoin seal a chaith sé ag obair don Bhild-Zeitung.

Carachtair[athraigh | edit source]

Mórphearsana[athraigh | edit source]

  • Katharina Blum – an phríomhphearsa. Coimeádaí tí óg, seacht mbliana fichead d’aois, a scar óna fear céile le traidhfil de bhlianta anuas, agus cónaí uirthi ina haonar i gKöln anois.
  • Ludwig Götten – fear óg agus diúltóir coinsiasach a chastar ar Khatharina ag cóisir i dteach Else Woltersheim, áit ina dtiteann siad i ngrá sula bhfaigheann sí amach faoi chúlra s’aige.
  • An Dochtúir Blorna agus Bean Bhlorna, fostóirí Khatharina
  • Hubert Blorna – Aturnae rathúil
  • Trude Blorna – Ailtire ar a raibh an leasainm Trude Dhearg is í ina hiníon léinn, mar thagairt dá cuid gruaige rua (is ionann "dearg" agus "rua" as Gearmáinis, is é sin, rot). Tugann an ZEITUNG le tuiscint gur mar gheall ar a tuairimí polaitíula a tugadh an t-ainm sin uirthi.
  • Else Woltersheim – Gaol de chuid Khatharina ar a dtugann sí "aintín".
  • An t-Ard-Bhleachtaire-Cheannfort Erwin Beizmenne – An bleachtaire atá i bhfeighil chás Khatharina.
  • An t-Ard-Choimisinéir Walter Moeding – Póilín a chuireann culaith Arabach air féin - "culaith an tsíc" mar a deirtear sa leabhar, lena chur in iúl nach bhfuil ann ach fear acu siúd atá ag déanamh aeir le linn an charnabhail, nó Weiberfastnacht. Mar sin is féidir leis spiaireacht a dhéanamh ar Ludwig Götten. Tá bá aige le Katharina agus í faoi agallamh ag na póilíní.[1]
  • Werner Tötges - Iriseoir de chuid an ZEITUNG. Imeartas focal atá sa tsloinne sin, agus é ag tagairt don fhocal totgeschossen, "lámhachta go héag".

Mionphearsana[athraigh | edit source]

  • Kurt Blum - Deartháir Khatharina atá i bpriosún.
  • Maria Blum - Máthair Khatharina.
  • Peter Blum - Athair Khatharina. Mianadóir ab ea é, a fuair bás in aois sé bliana do Khatharina, de bharr ghortú scamhóige le linn an Dara Cogadh Domhanda.
  • Wilhelm Brettloh - Iarfhear céile Khatharina agus oibrí i monarcha teicstíle. Baineann an ZEITUNG úsáid as ráiteas maslach a thug sí i leith Katharina, mar dhea, ach níl a fhios ag an léitheoir an dallamullóg a chuir na hiriseoirí air leis na cainteanna seo a bhaint as mo dhuine.
  • Peter Hach - Aturnae stáit gráisciúil ar a dtugann a chuid cairde "claonachán collaí"[2], agus cara de chuid Hubert Blorna.
  • Adolf Schönner - Iriseoir ar mharaigh duine anaithnid é i ndiaidh do Khatharina Tötges a mharú. Tá an chuma ar an scéal gur duine de chairde Khatharina a rinne an obair le díoltas a agairt thar a cionn-se.
  • Alois Sträubleder - Tionsclaí saibhir agus cliant de chuid Hubert Blorna. Tá grá leatromach aige do Katharina.
  • An Dochtúir Kluthen - Iarfhostóir Khatharina. D'éirigh Katharina as a post mar chailín tí sa teach aige tar éis dó ceiliúr craicinn a chur uirthi, rud nár thaitin léi féin ná le bean chéile an dochtúra.[3]
  • An Dochtúir Fehnern - Iniúchóir agus iarfhostóir Katharina. Spreag sé Katharina le tabhairt faoi oideachas breise ionas go mbeadh cáilíocht stáit aici. Caitheadh i dtóin phríosúin é ag deireadh na bliana 1969 mar gheall ar imghabháil cánach.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Böll,Heinrich, Die verlorene Ehre der Katharina Blum, Caibidil a trí
  2. Böll, Heinrich, Die verlorene Ehre der Katharina Blum, Caibidil a 12, “Sexklemmer”
  3. Böll, Heinrich, Die verlorene Ehre der Katharina Blum, Caibidil 15, ...wo ich nur ein Jahr verblieb, weil Herr Doktor immer häufiger zudringlich wurde und Frau Doktor das nicht leiden mochte. Auch ich mochte diese Zudringlichkeiten nicht. Mir war das widerwärtig. (..."áit nár chaith mé ach bliain amháin, ó thosaigh an dochtúir ag éirí sáiteach orm, rud nár thaitin lena bhean. Ná liom féin ach an oiread. B'fhuath liom é agus a chuid sáiteoireachta.")