Lev Kopelev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lev Kopelev
Lew Kopelew.jpg
Kopelev sna 1980idí
Dáta breithe 9 Aibreán, 1912
  Cív, An Úcráin
Dáta báis 18 Meitheamh, 1997
  Köln, An Ghearmáin
Gairm Scríbhneoir, scoláire, easaontóir

Scríbhneoir, scoláire agus easaontóir Sóivéadach ab ea é Lev Zinovyevich Kopelev (9 Aibreán 1912 - 18 Meitheamh 1997). Giúdach ab ea é, agus d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis ina bhuachaill óg dó, rud a chuidigh leis go mór nuair a chuaigh sé ag staidéar an léinn Ghearmánaigh san ollscoil i gCív san Úcráin. Bhí sé ina Chumannach dhílis, agus nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, chuaigh sé sna saighdiúirí. Ó bhí an Ghearmáinis go paiteanta aige, cuireadh i mbun na bolscaireachta é.

Nuair a tháinig an tArm Sóivéadach go dtí an Ghearmáin, chonaic Kopelev saighdiúirí Sóivéadacha ag éigniú ban agus ag dúnmharú sibhialaigh Ghearmánacha rompu, rud a bhain an-scanradh as. Bhí sé náirithe ag a mhuintir féin, agus d'fhéach sé leis na saighdiúirí a stopadh ó thuilleadh gníomhartha uafáis. Níor thaitin an dearcadh seo le lucht na seirbhísí rúnda, agus b'é deireadh an scéil gur gearradh téarma príosúntachta deich mbliana ar mo dhuine sna campaí géibhinn.

Chaith sé an téarma agus corradh sna campaí, ach nuair a fuair Stalin bás, scaoileadh saor é. Fuair sé ar ais a chuid dintiúirí mar Chumannach i ndiaidh na hóráide faoi choireanna Stalin a thug Khrushchev ag an bhfichiú hArd-Fheis de chuid Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh. Chrom sé ar ais ar a chuid oibre mar shaineolaí ar an léann Gearmánach, ach san am céanna, thosaigh sé ag cur suim i ngluaiseacht na n-easaontóirí agus ag tréigint an Chumannachais. Nuair a d'fhorghabh an tArm Sóivéadach an tSeicshlóvaic sa bhliain 1968, rinne sé agóid ina aghaidh, agus caitheadh amach as an bPáirtí Cumannach é.

Sa bhliain 1981, ruaigeadh Kopelev agus a bhean chéile as an Aontas Sóivéadach. Chuir siad futhú sa Ghearmáin Thiar, áit a raibh cairde agus lucht aitheantais acu. Sa Ghearmáin dó, rinne Kopelev a dhicheall le maolú ar na réamhbhreithiúnais a bhí ag muintir na tíre sin i leith na Rúise, agus é ag iarraidh athmhuintearas agus comhthuiscint a chothú idir na Gearmánaigh agus na Rúisigh. In éineacht le Heinrich Böll, d'fhoilsigh sé cupla leabhair comhrá, inar phléigh an bheirt acu na cuimhní cinn a bhí acu ón Dara Cogadh Domhanda, a chuir ag lámhach a chéile iad.

Sa bhliain 1989, fuair Kopelev cead isteach sa Rúis arís, ach nuair a thaistil sé ar fud na tíre, agus é ag dul ar cuairt chuig seanchairde, chuir an tír coimhthíos air, agus an dóigh ar athraigh an seanfhód idir an dá linn. D'fhill sé go dtí an Ghearmáin, agus chaith sé deireadh a shaoil i gKöln.

Saothar[athraigh | edit source]

  • Хранить вечно (Béarla: To Be Preserved Forever, Gearmáinis: Aufbewahren für alle Zeit.) Leabhar dírbheathaisnéise faoin am a chaith sé ina shaighdiúir agus ina oifigeach bolscaireachta, agus faoin dóigh ar gabhadh is ar cimíodh é.
  • И сотворил себе кумира (Béarla: The Education of a True Believer, Gearmáinis: Und schuf mir einen Götzen). Leabhar dírbheathaisnéise faoina chéad óige, agus é ag cur síos ar an dóigh a ndeachaigh sé leis an gCumannachas faoi thionchar na scoile Sóivéadaí.
  • Утоли моя печали (Béarla: Ease My Sorrows, Gearmáinis: Tröste meine Trauer). Leabhar dírbheathaisnéise faoin gcuid eile dá bhlianta sa phríosún agus faoin dóigh ar tháinig sé amach sa deireadh.
  • О правде и терпимости (Béarla: No Jail for Thought)
  • Святой доктор Федор Петрович (Gearmáinis: Der heilige Doktor Fjodor Petrowitsch). Scéal an Dochtúra Friedrich-Joseph Haass. Dochtúir Gearmánach a bhí ann a chuaigh ag obair sa Rúis, áit ar chuidigh sé leis na bochtáin agus leis na príosúnaigh ag tabhairt leighis agus sóláis dóibh.