Ulrike Meinhof

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ulrike Marie Meinhof
Ulrike Meinhof als junge Journalistin (retuschiert).jpg
Ulrike Meinhof sa bhliain 1964
Dáta breithe 7 Deireadh Fómhair, 1934
  Oldenburg, An tSacsain Íochtarach
Dáta báis 9 Bealtaine, 1976
  Stuttgart-Stammheim, Baden-Württemberg
Náisiúntacht Gearmánach
Gairm Iriseoir, craoltóir, sceimhlitheoir
Seánra Iriseoireacht
Céile Klaus Rainer Röhl (1961-1968)

B’iriseoir í Ulrike Marie Meinhof (7 Deireadh Fómhair 1934 in Oldenburg9 Bealtaine 1976 in Stuttgart-Stammheim) a thréig a gnáthshaol chun páirt a ghlacadh i ngrúpa radacach de chuid na heite clé i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Tá aithne níos fearr uirthi anois mar dhuine de lucht bunaithe an Rote Armee Fraktion, nó Drong Baader-Meinhof.

Thángthas ar chorp crochta Ulrike Meinhof ina cillín i bPriosún Stammheim sa bhliain 1976.

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Óige[athraigh | edit source]

Breith agus Naíonacht in Oldenburg[athraigh | edit source]

Ba í Ulrike Marie Meinhof an dara páiste a rugadh don staraí ealaíne, an Dochtúir Werner Meinhof, agus dá bhean Ingeborg Meinhof (née Guthardt). Bhí deirfiúr amháin ag Ulrike, Wienke, a bhí ní ba shine ná í.[1]

Na blianta in Jena[athraigh | edit source]

Chaith Ulrike an chéad chuid dá saol in Oldenburg, áit ar rugadh í sa bhliain 1934, ach d'aistrigh an teaghlach go Jena, cathair ollscoile atá suite in oirthear na Gearmáine, sa bhliain 1936, nuair a fuair athair Ulrike post úr mar stiúrthóir ar Áras Ealáine na cathrach. Faraor, fuair an Dochtúir Meinhof bás le hailse i ngeimhreadh na bliana 1940, buille trom tubaisteach a d'fhág a chlann ar an trá fholamh ar fad, gan aon teacht isteach, is cogadh domhanda ar siúl. Mar réiteach ar an fhadhb, bheartaigh máthair Ulrike, Ingeborg Meinhof, freastal ar chúrsa staidéir in Ollscoil Jena, ionas go mbeadh sí in ann post a fháil mar mhúinteoir chun a clann a chothú.

Is ar ollscoil a chuir Ingeborg Meinhof aithne ar bhean a mbeadh tionchar suntasach aici ar shaol Ulrike - an iníon léinn, Renate Riemeck.[2] Bhláthaigh dlúthchairdeas idir an bheirt bhan óg agus níos deireanaí, nuair a bhí loistéir ag teastáil ó mhuintir Meinhof chun smacht a choinneáil ar na costais a bhain le clann a thógáil, agus leis an teach, bhog Renate Riemeck isteach sa teach acu.[1]

Tréimhse ghairid i ndiaidh d'Ingeborg Meinhof is do Renate Riemeck a gcuid cáilíochtaí stáit a bhaint amach sa bhliain 1944, thosaigh feachtas buamála na Meiriceánach ar Jena ag éirí ní ba dhéine[3] agus thosaigh eachtraí buamála ag tarlú i rith an lae, rud nach bhfaca bunadh Jena go dtí sin.[1] Ba léir dóibh gur droch-chomartha a bhí ann[1], ach is ar an 19 Márta 1945 a deimhníodh a n-amhras. Is ar an lá úd a rinneadh scrios ar mhórchuid lár na cathrach agus ar chuid de na foirgnimh b'iomráití aici, cosúil le eaglais San Mhícheál, leabharlann Ollscoil Jena agus an teach inar chuir na scríbhneoirí Johann Wolfgang von Goethe agus Friedrich von Schiller aithne ar a chéile. Maraíodh 700 duine agus gortaíodh 2000 duine go dona.[3]

Seal sa Bhaváir, agus Filleadh ar Oldenburg[athraigh | edit source]

Theith muintir Meinhof agus Renate Riemeck nuair a bhí an chathair go léir fós trí thine, is shocraigh siad síos i mBad Berneck, baile íocuisce i dtuaisceart na Baváire, áit ina bhfuair an bheirt bhan postanna sa bhunscoil áitiúil. Níor fhan ann ach tamall, áfach, agus phill siad ar Oldenburg sa bhliain 1946. Is ann a d'fhreastal Ulrike ar an Liebfrauenschule ("Meánscoil Mhuire") sa tréimhse idir 1946 agus 1952, in ainneoin gur tógadh í i dteach stóinseach protastúnach, agus go raibh trí leabhar[4]scríofa ag a hathair, an Dochtúir Werner Meinhof, ar theoiric Eaglais Shoiscéalach na Gearmáine (EKD). Sa bhliain 1949, áfach, fuair Ingeborg Meinhof bás le hailse agus fágadh ina ndílleachtaí iad Ulrike agus Wienke in aois 15 agus 18 dóibh. Ghlac Renate Riemeck le caomhnóireacht an dá chailín agus tugaidís "Ersatzpapa"[1] uirthi, as siocair nach raibh sí ina bean an tí, cosúil leis na máithreacha eile in Oldenburg, agus gurb ise a bhí freagrach as an t-airgead go léir a shaothrú, ról a mbeadh ag fear an tí de ghnáth.

Ar aghaidh leo go Hessen[athraigh | edit source]

D'aistrigh an triúr ban leo arís eile sa bhliain 1952, nuair a ceapadh Renate Riemeck ina hollamh in Institiúid na hOideolaíochta i Weilburg (sa stát Hessen), in iardheisceart na Gearmáine. D'fhreastal Ulrike ar mheánscoil ársa na cathrach, an Philippinum, agus sa chuir sí a hAbitur i gcrích ann ag tús na bliana 1955.

Ina hiníon léinn di[athraigh | edit source]

Ar bhaint amach an Abitur di, bhailigh sí léi go Marburg[5] (cathair ollscoile atá suite i lár Hessen) agus chuir tús le céim bhaitsiléara sa síceolaíocht, san oideolaíocht, sa socheolaíocht agus i bhfocleolaíocht na Gearmáine, agus é mar chuspóir aici dul don mhúinteoireacht. Bhí croí Ulrike Meinhof go mór istigh ina cuid staidéir agus bhí dochtúireacht ar na bacáin aici gan mórán moille.

Cé gur lú suime léi an pholaitíocht ná an litríocht agus na healaíona ag tús a cuid ama san ollcoil, ghlac sí páirt sna hagóidí i gcoinne sholáthar dhiúracháin núicléacha don Bhundeswehr agus, diaidh ar ndiaidh, músclódh dúil fianta inti sa pholaitíocht. Bhí sé seo le sonrú nuair a chaith sí seimeastar an gheimridh 1957-58 ar Ollscoil Mhünster, áit ar roghnaíodh í mar urlabhraí ar choiste frithnúicléach. Lean sí uirthi ag troid in aghaidh na cumhachta núcléaigh agus bhí ina príomhóráidí ag slógadh mór frithnúicléach i samhradh na bliana 1958.

Is sa tréimhse seo a chuir Ulrike aithne ar Khlaus Rainer Röhl, fear foilsithe an irisleabhair konkret, iris a bhí dírithe ar mhic léinn a raibh spéis acu i gcúrsaí reatha idirnáisiúnta agus sa pholaitíocht. D'earcaigh Röhl Ulrike Meinhof dá fhoireann iriseoirí agus cheap í ina príomheagarthóir go gairid ina dhiaidh sin (mí Eanáir na bliana 1960). Pósadh Ulrike agus Klaus Rainer Röhl ag deireadh na bliana 1961.[6]

Saothair Iriseoireachta[athraigh | edit source]

  • Unruhe in der Studentenschaft (comhoibriú le Jürgen Seifert) a foilsíodh san iris Blätter für deutsche und internationale Politik (eagrán a seacht na bliana 1958).
  • Heimkinder in der Bundesrepublik / Aufgehoben oder Abgeschoben? san iris Frankfurter Hefte: Zeitschrift für Kultur und Politik (eagrán a naoi na bliana 1966)
  • Falsches Bewußtsein, mar pháirt den leabhar Emanzipation und Ehe: Zehn Antworten auf eine heikle Frage (Cló DELP, München, 1968)
  • Revolutionsgerede, mar pháirt den leabhar Revolution gegen den Staat? Die außerparlamentarische Opposition - die neue Linke (Cló Rütten + Loening, Beirn agus München, 1968)
  • Dokumente einer Rebellion. 10 Jahre konkret-Kolumnen. (konkret-Verlag, Hamburg, 1972)
  • Zerstörte Fighter. Letzte Aufzeichnungen aus der Zelle, na scríbhinní deireanacha de chuid Ulrike Marie Meinhof, a foilsíodh san iris Neues Forum (eagrán 23 na bliana 1976, an Ostair)
  • Letzte Texte von Ulrike (foilsithe ag an Komitee zur Verteidigung politischer Gefangener in Westeuropa ("Coiste Cosanta na gCimí Polaitiúla in Iarthar na hEorpa"), Meitheamh 1976)
  • Bambule, Fürsorge - Sorge für wen?, leabhar bunaithe ar script a scríobh Meinhof do chlár faisnéise a léiríodh ar an teilifís i bPoblacht Chonaidhme na Gearmáine sa bhliain 1970. Phléigh an clár le dálaí maireachtála sna hárais do chailíní faoi-aois i bPoblacht Chonaidhme na Gearmáine ("an Ghearmáin Thiar").
  • Deutschland, Deutschland unter anderem. Aufsätze und Polemiken. (Cló Wagenbach, Beirlín, 1995)
  • Die Würde des Menschen ist antastbar. Aufsätze und Polemiken. (Cló Wagenbach, Beirlín, 1995)

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Prinz, Alois, Lieber wütend als traurig: Die Lebensgeschichte der Ulrike Meinhof, Suhrkamp, 2005
  2. Riemeck, Renate, Ich bin ein Mensch für mich. Aus einem unbequemen Leben., Urachhaus, Stuttgart, 1992
  3. 3.0 3.1 Jena, Eine Stadt und ihre Geschichte, Neomedia Verlag, 1997
  4. Suíomh na Deutsche Nationalbibliothek
  5. whoswho.de Beathaisnéis
  6. fembio.org Beathaisnéis