Rote Armee Fraktion

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaRote Armee Fraktion

Ainmnithe in ómósan tArm Dearg Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrRAF Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht sceimhlitheoireachta
urban guerrilla group (en) Aistrigh
armed non-state actor (en) Aistrigh
eagraíocht armtha Cuir in eagar ar Wikidata
Cuspóir an tionscadail nó gníomhaíochtréabhlóid na prólatáireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaMarxachas-Leiníneachas
sóisialachas réabhlóideach
frithimpiriúlachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1970
Bunaitheoir(í)Ulrike Meinhof, Gudrun Ensslin, Andreas Baader agus Horst Mahler Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte20 Aibreán 1998 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh a chartlainne
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinAn Ghearmáin Thiar agus an Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
UachtaránachtAndreas Baader
Horst Mahler
Gudrun Ensslin
Ulrike Meinhof
Jan-Carl Raspe Cuir in eagar ar Wikidata

Drong radacach sceimhlitheoirí ón eite chlé a bhí i Rote-Armee-Fraktion ("Faicsean an Airm Dheirg"), nó Drong Baader-Meinhof mar ba mhinic a thugtaí uirthi sna nuachtáin) a bhí gníomhach i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ón bhliain 1970 go dtí an bhliain 1998.[1]

B'iad Andreas Baader, Gudrun Ensslin, Ulrike Meinhof, Horst Mahler agus daoine eile a bhunaigh an drong sa bhliain 1970, faoi thionchar an radacachais chlé agus an fhrithimpiriúlachais a bhí faiseanta san am. Bhí siad ag déanamh aithrise ar na treallchogaithe cathartha i Meiriceá Theas, go háirithe na Tupamaros in Uragua. Mharaigh sceimhlitheoirí na droinge 34 duine, robáil siad a lán bancanna, agus rinne siad a lán buamálacha. Sa bhliain 1998, d'fhógair siad go raibh siad éirithe as an bhfeachtas míleata.

Is é an t-ainm a thug an drong uirthi féin ná Rote-Armee-FraktionRAF, ach ba nós leis na nuachtáin iad a ainmniú as Andreas Baader agus Ulrike Meinhof. Bhí clú áirithe ar Meinhof mar iriseoir radacach sular tháinig an drong sceimhlitheoireachta ar an bhfód. Bhí ról ní ba thábhachtaí ag Gudrun Ensslin sa drong, áfach.

Chuir Baader agus Ensslin lámh ina mbásanna féin i bPríosún Stammheim i Stuttgart sa bhliain 1977, bliain amháin i ndiaidh Meinhof. Tháinig Horst Mahler slán, agus chuaigh sé le radacachas na heite deise agus leis an Nua-Naitsíochas ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 2008, scannánaigh an stiúrthóir Gearmánach Uli Edel scéal na droinge faoin teideal Der Baader-Meinhof-Komplex ("Coimpléasc Baader agus Meinhof"). Bhunaigh sé an scannán ar leabhar leis an iriseoir Gearmánach Stefan Aust.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna seascaidí, tháinig glúin óg ar an bhfód sa Ghearmáin Thiar a bhí an-chriticiúil ar iompraíocht na n-aithreacha agus na máithreacha i ré an Naitsíochais. Fuair na daoine óga locht ar an gcaipitleachas, ar an saol buirgéiseach agus ar an daonlathas parlaiminteach féin. Faoi thionchar na n-agóidí in aghaidh chogadh Vítneam agus na ngluaiseachtaí radacacha eile sna Stáit Aontaithe, d'éirigh cuid den tsochaí an-mhíshásta leis na polasaithe Meiriceánacha. Bhí na mic léinn ag agóidíocht sna sráideanna ar fud na hEorpa. San am seo, bhí an Ghearmáin á rialú ag an gComhrialtas Mór nó an Grosse Koalition, comhrialtas na nDaonlathach Sóisialta (an eite chlé) agus na nDaonlathach Críostaí (na coimeádaigh), ionas nach raibh freasúra clé ar bith sa pharlaimint nó an Bundestag (Dáil na Cónaidhme). Mar sin, thug radacaigh óga na n-ollscoileanna Ausserparlamentarische Opposition (APO) nó an Freasúra Easphairliminteach orthu féin.

I ndeireadh na seascaidí, áfach, thit an Freasúra Easphairliminteach as a chéile. Chinn cuid de na radacaigh óga triail a bhaint as an bpolaitíocht pharlaiminteach, dhaonlathach mar sin féin, agus iad ag áitiú go raibh sé incheaptha an tsochaí a athrú ar dhóigh shíochánta, nuair a shealbhódh na radacaigh forais an stáit is na sochaí - Marsch durch die Institutionen nó an Mháirseáil tríd na Forais a thug siad ar an bpolasaí seo. Iad siúd a bhí ag iarraidh an mháirseáil seo a chur díobh, chuaigh cuid mhór acu sna Daonlathaigh Shóisialta agus iad ag iarraidh a gcuid smaointeachais féin a scaipeadh sa pháirtí.

Maidir leis na radacaigh dholeigheasta nár chreid a dhath sna forais dhaonlathacha, bhí cuid áirithe acu le dul le sceimhlitheoireacht. Bhí siad den bharúil gur chóir cath a chur ar na "himpiriúlaithe Meiriceánacha" in Iarthar na hEorpa féin, agus go raibh an spairn lann agus an ghleic armtha riachtanach leis na cuspóirí a bhaint amach. Bhí cuid mhór den eite chlé sásta tuiscint agus bá a léiriú do Dhrong Baader-Meinhof, i dtús a réime ar a laghad, agus chualathas a lán intleachtóirí clúiteacha ag cosaint na droinge os comhair an tsaoil mhóir.

Na sceimhlitheoirí a bhí páirteach in oibreacha uafáis na droinge, is féidir iad a dhealú ina dtrí ghlúin nach raibh mórán caidrimh eatarthu. Bhain Baader, Ensslin, Meinhof agus Mahler leis an gcéad ghlúin. Nuair a cuireadh an dlí orthu i bpríosún Stammheim, b'iad lucht na dara glúine a bhí amuigh ag sceimhlitheoireacht. Bhí na glúine difriúil go leor le chéile ó thaobh na hidé-eolaíochta agus na heagraíochta de. Mar sin féin, róshimpliúchán a bheadh ann dá ndéarfaí gur trí dhrong éagsúla a bhí iontu.

Grúpa beag ab ea na sceimhlitheoirí seo. Is éard a deir teoiric na radacach clé go bhfuil meitheal tosaigh de dhíth leis an gcéad lasair a chur i mbarrach na réabhlóide, ach is í an tuiscint a bhí ag drong Baader-Meinhof orthu féin go raibh tuilleadh daoine de dhíth leis an obair cheannródaíochta sin a dhéanamh, agus nach raibh iontu féin ach cuid den mheitheal tosaigh. Nuair a bhí an drong gníomhach, bhí 60-80 duine ag glacadh páirte sa sceimhlitheoireacht féin. Thairis sin, creidtear go raibh thart ar 300 duine ag tacú leo.

Ní raibh mórán ratha ar fheachtas míleata na droinge i ndiaidh an iomláin. An dáimh agus an luiteamas a bhí ag cuid d'intleachtóirí na tíre leo ar dtús, ní raibh sé i bhfad ag tréigean, agus an grúpa ag marú daoine agus ag pléascadh buamaí. Mharaigh siad 34 duine, agus gortaíodh cuid mhór eile. Thairis sin, fuair 20 duine de na sceimhlitheoirí féin bás i machaire an áir. I ndiaidh Fhómhar na bliana 1977 - der deutsche Herbst, nó "Fómhar na Gearmáine" - d'achtaigh Feisirí an Bundestag a lán reachtanna nua éigeandála a chúngaigh ar chearta sibhialta na saoránach Gearmánach go leor, ach ba chuma leis an gcuid is mó de na Gearmánaigh faoi sin, nó san am, bhí siad chomh dubh dóite de na sceimhlitheoirí is go raibh siad sásta tuilleadh cumhachtaí a bhronnadh ar na húdaráis faoi chroí mhór mhaith.

Na hImeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réamhscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir an chéad spreagadh do chruthú na droinge a aithint sa dóigh ar mharaigh póilín darbh ainm Karl-Heinz Kurras an mac léinn Benno Ohnesorg ar an 2 Meitheamh 1967, nuair a bhí na mic léinn ag agóidíocht in aghaidh Reza Pahlavi, Impire na hIaráine, agus é díreach ar cuairt sa Ghearmáin. D'fhéach na húdaráis le Kurras a chosaint ar an dlí, rud a chuir tuilleadh luais faoin dóigh a raibh gluaiseacht na mac léinn ag dul chun radacachais. Bhain cuid de na mic léinn deireadh súile de dhaonlathas na Gearmáine, agus thosaigh siad ag síleadh gur chóir an córas rialtais a chur de dhroim an domhain le lámh láidir. B'as measc na radacach seo a tháinig sceimhlitheoirí an RAF chomh maith le grúpaí cogúla eile, ar nós Bewegung des Zweiten Juni ("Gluaiseacht an Dara Lá de Mhí an Mheithimh"), Die Revolutionären Zellen ("Na Cillíní Réabhlóideacha"), agus Die Rote Zora ("Zora Dhearg").

Ní raibh na radacaigh óga sásta daoine a mharú ar mhaithe leis an réabhlóid go fóill, ach bhí siad barúlach gur chóir loitiméireacht a dhéanamh mar agóid pholaitiúil. Mar sin, chuir Gudrun Ensslin, Andreas Baader, Thorwald Proll agus Horst Söhnlein dhá mhórionad siopadóireachta trí thine i bhFrankfurt ar an 2 Aibreán 1968. Bhain siad úsáid as maidhmitheoirí ama a bhí socraithe ar na buamaí dóiteáin a adhaint in am marbh na hoíche, ionas nach mbeadh aon duine i ndainséar. Ní dhearnadh dochar ar bith d'aon duine ach an oiread, ach rinne an cleas seo an-léirscrios sna hionaid siopadóireachta. Agóid in aghaidh an chogaidh i Vítneam a bhí ann, agus na buamaí dóiteáin ceaptha mar chineál aithris shiombalach ar na buamaí napailme a bhí in úsáid ag na Meiriceánaigh i Vítneam. Cibé scéal é, ní raibh na póilíní i bhfad ag teacht ar lorg na gciontóirí, agus rugadh orthu ar an 4 Aibreán. Ghearr an breitheamh trí bliana braighdeanais do gach duine acu as an gcoirloscadh seo, ach ansin, d'achomharc siad in aghaidh na breithe. Fágadh cead a gcos acu ar dtús, ach nuair a d'eitigh an chúirt is airde an t-achomharc, chuaigh Ensslin agus Baader ar a seachnadh ó na húdaráis. In éineacht le Horst Mahler, an dlíodóir a bhí á gcosaint, chinn siad ar chromadh ar threallchogaíocht chathartha ar nós na dTupamaros in Uragua. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh leis na póilíní Baader a cheapadh agus a chaitheamh i dtóin phríosúin.

An Chéad Ghlúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ulrike Meinhof ina hiriseoir óg. Bhí sí ag obair don iris pholaitiúil úd Konkret, agus í pósta ar fhoilsitheoir na hirise tráth. Fuair an foilsitheoir tacaíocht rúnda ó rúnseirbhís na Gearmáine Thoir, Stasi.

Níor thosaigh an drong ag cur fíor-threallchogaíochta ach ar an 14 Bealtaine 1970, nuair a scaoileadh Baader saor as an bpríosún le lámh láidir. Bhí Ulrike Meinhof le leabhar taighde a scríobh, - a dúirt sí, - agus theastaigh uaithi agallamh a chur ar Baader in áras na hInstitiúide. San am seo, iriseoir measúil a bhí i Meinhof i gcónaí, agus na húdaráis breá sásta comhoibriú léi. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, rinne na sceimhlitheoirí ruathar ar an Institiúid agus bhain siad amach saoirse do Baader le lámh láidir. Gortaíodh Georg Linke, duine d'oibrithe na hInstitiúide, go dona, nuair a scaoil duine de na sceimhlitheoirí urchar leis. Ag an ócáid seo, d'éalaigh Meinhof ó láithreán na n-imeachtaí, in éineacht leis na sceimhlitheoirí, agus d'fhág sí slán ag an saol dlíthiúil.

Tugadh Baader go dtí an Deutsche Zentralinstitut für Soziale Fragen nó Lár-Institiúid na Gearmáine um Thaighde na nImthoscaí Sóisialta - fondúireacht neamhspleách taighde i mBeirlín a bunaíodh i ndeireadh na naoú haoise déag.

Ar an 5 Meitheamh 1970, d'fhoilsigh iris na n-ainrialaithe i mBeirlín, Agit 883, forógra na droinge faoin teideal Die Rote Armee aufbauen! ("An tArm Dearg le hearcú!"). Chaith Ensslin, Baader, Mahler, Meinhof, Peter Homann, Brigitte Asdonk agus timpeall is dáréag eile an chuid ba mhó de shamhradh na bliana 1970 san Iordáin le hoiliúint an treallchogaí a fháil ó na Palaistínigh.

Ar dtús, ní raibh an drong ag marú daoine, ach ag robáil bancanna agus ag goid gluaisteán le bheith in ann saol a chaitheamh ar chúla téarmaí. Mar shampla, robáladh trí bhanc ar an 29 Meán Fómhair 1970, agus seisear daoine déag ag glacadh páirte sna ruathair seo. Tháinig na robálaithe i seilbh breis is 209,000 marg Gearmánach. De réir mar a thuairiscigh an iris úd Der Spiegel ina dhiaidh sin, áfach, ní raibh Faicsean an Airm Dheirg ciontach ach in dhá cheann den trí robáil seo, nó b'iad na hainrialaithe ó Ghluaiseacht an Dara Meitheamh a rinne an tríú ceann. Ar an 9 Deireadh Fómhair 1970 rug na póilíní ar Horst Mahler, Irene Goergens, Ingrid Schubert, Brigitte Asdonk, agus Monika Berberich, agus iad go léir páirteach sna robálacha, de réir mar a chreid na póilíní.

I Mí Aibreáin 1971, chuir an drong an doiciméad straitéise Das Konzept Stadtguerilla ("An Treallchogaíocht sa Chathair mar Choincheap") os comhair an tsaoil mhóir. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí barántas ar an drong ar fud na Cónaidhme go léir. B'iad Baader, Ensslin, Meinhof, Holger Meins agus Jan-Carl Raspe lucht ceannais na chéad ghlúine.

Bhí na póilíní ag éirí neirbhíseach, nó bhí sé fógartha sa doiciméad go raibh na sceimhlitheoirí dírithe ar urchair a scaoileadh le haon chonstábla a d'fhéachfadh le breith orthu. Ar an 15 Iúil 1971, goineadh Petra Schelm go héag, nuair a bhí sí ag cur in aghaidh na bpóilíní agus iad ag iarraidh í a cheapadh. Ar an 22 Deireadh Fómhair, maraíodh an póilín Norbert Schmid, agus dhá mhí ina dhiaidh sin, póilín eile darbh ainm Herbert Schoner. Ar an 1 Márta 1972, mharaigh na póilíní Herbert Epple, ábhar ceardaí a bhí ag tiomáint gluaisteáin ar meisce. Ní raibh baint dá laghad aige leis an drong, ach nuair a rinne sé iarrachtaí teacht slán ó na póilíní a bhí ag féachaint le breith air, shíl siadsan gur sceimhlitheoir a bhí ann. I ndiaidh do na póilíní tóir fhada a chur ar Epple, loisc duine acu fo-mheaisínghunna leis, ionas go bhfuair an buachaill bás ar an toirt.

Terrace Club i bhFrankfurt - grianghraf ón mbliain 1972. Bhuamáil an drong an foirgneamh seo, toisc go raibh sé suite in aice le bunáit mhíleata na Meiriceánach.

Sa bhliain 1972, thosaigh an drong ag buamáil bunáiteanna míleata de chuid na Meiriceánach sa Ghearmáin, chomh maith le foirgnimh de chuid an stáit Ghearmánaigh. Mharaigh cúig pheitrealbhuama ceithrear daoine sa bhliain sin, agus gortaíodh breis is tríocha. Ar an 11 Bealtaine 1972, bhuamáil an drong an Terrace Club in aice le bunáit mhíleata de chuid na Meiriceánach, ionas go bhfuair an Leifteanant-Choirnéal Paul A. Bloomqvist bás, agus gortaíodh triúr daoine déag eile. I mí Iúil 1972, d'éirigh leis na póilíní lucht ceannais na chéad ghlúine a chimiú - Andreas Baader, Gudrun Ensslin, Jan-Carl Raspe, Ulrike Meinhof, Holger Meins agus Gerhard Müller.

Sa phríosún dóibh, thosaigh na sceimhlitheoirí ag éileamh stádas an chime cogaidh, agus chuaigh siad ar stailc ocrais le béim a chur ar an éileamh seo. Fuair duine acu, Holger Meins, bás ar an 9 Samhain 1974, nuair a bhí sé tar éis a chuid putóg a chur ó mhaith leis na stailceanna ocrais. D'éirigh leis na cimí, áfach, súil na radacach clé ar fud na Gearmáine a tharraingt orthu féin leis na stailceanna sin. Nuair a thosaigh an phróis dlí, tháirg dlíodóirí mór le rá iad a chosaint, dlíodóirí a raibh dáimh acu leis an eite chlé. Tháinig an fealsamh Francach Jean-Paul Sartre féin ar cuairt chuig Baader, Meinhof agus Ensslin le dul chun réasúin leo. I ndiaidh na teagmhála, áfach, labhair sé go dímheasúil faoi Baader i gcomhrá príobháideach.


Chuaigh an dlí ar na sceimhlitheoirí i mBealtaine 1975, agus na breithiúna, na cúisitheoirí agus na cosantóirí ag teacht le chéile sa phríosún ina raibh na cúisithe á gcoinneáil - Stammheim in aice le Stuttgart. (Inniu, tugtar Foras Peannaideach Stuttgart, nó Justizvollzugsanstalt Stuttgart, ar an áit.) Ar an 29 Samhain 1975, gearradh príosúnacht ocht mbliana do Meinhof. I Mí Aibreáin 1977, daoradh Baader agus Ensslin chun príosúnachta lena saol.

Ar an 9 Bealtaine 1976, fuair na séiléirí rompu Meinhof ina cillín féin agus í marbh, nó bhí sí tar éis í féin a chrochadh. Féinmharú a bhí ann, de réir an choiste oifigiúil.

An Dara Glúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a fuair lucht na chéad ghlúine iad féin i mbraighdeanas, tháinig glúin úr ina n-áit. Cuid mhór de lucht na dara glúine, bhí baint acu leis an Sozialistisches Patientenkollektiv, nó Comhar Sóisialach na nOthar. Tháinig an eagraíocht seo ar an bhfód sa bhliain 1970 i measc othair i gclinic siciatrach i Heidelberg, agus ar dtús, bhí sí ceaptha mar chineál "féinteiripe" nó "comhartheiripe", is é sin, bhí na hothair le sláinte a bhaint amach as a stuaim féin agus iad ag cur le chéile. Mic léinn ab ea na "hothair Shóisialacha" seo, agus iad faoi thionchar an fhaisin chomhaimseartha intleachtúil.

Bhí ról tábhachtach ag Siegfried Haag agus Klaus Croissant i bhforbairt na dara glúine fosta. Dlíodóirí a bhí iontu agus iad ag cosaint lucht na chéad ghlúine. Ina dhiaidh sin, chuaigh siad ar a seachnadh, agus iad ag earcú tuilleadh daoine don drong.

Ar an 27 Feabhra 1975, trí lá roimh thoghchán na bhfeisirí ar dháil (nó Abgeordnetenhaus) Bheirlín Thiar, d'fhuadaigh Gluaiseacht an Dara Lá de Mhí an Mheithimh fear darbh ainm Peter Lorenz, a bhí ina bhoc mhór sa pháirtí choimeádach. D'éiligh na fuadaitheoirí go scaoilfí le roinnt sceimhlitheoirí a bhí faoi ghlas, agus mar sin, fuair roinnt bhall de chuid an RAF féin a saoirse ar ais. Na sceimhlitheoirí a saoradh ar an dóigh seo, tugadh ar an eitleán go dtí Daon-Phoblacht Éimín Theas, agus ansin, bhí na fuadaitheoirí sásta cead a gcos a ligean le Lorenz. Ina dhiaidh sin, áfach, chrom na cimí scaoilte ar an sceimhlitheoireacht in athuair, agus chinn lucht rialtais na Gearmáine gan tabhairt isteach don chineál seo dúmhálaíochta a thuilleadh.

Ina dhiaidh seo, áfach, dhírigh an dara glúin ar shaoirse a bhaint amach do lucht na chéad ghlúine thar aon rud eile. Ar an 24 Aibreán 1975, ghabh na sceimhlitheoirí ambasáid na Gearmáine i Stócólm. Bhí seisear sceimhlitheoirí ag coinneáil cuid den ambasáid faoi smacht agus ag éileamh saoirse do Baader, Ensslin agus an chuid eile den Chéad Ghlúin. Mharaigh siad beirt taidhleoirí Gearmánacha, agus sa deireadh, phléasc buama dá gcuid de thimpiste, ionas go ndeachaigh an ambasáid go léir trí thine. Fuair beirt sceimhlitheoirí bás sa dóiteán - Ulrich Wessel agus Siegfried Hausner - ach d'éirigh leis na gialla teitheadh leo. Rugadh ar na sceimhlitheoirí eile, mar atá, Hanna Krabbe, Karl-Heinz Dellwo, Lutz Taufer, agus Bernhard Rössner. B'é an dlíodóir Siegfried Haag a d'earcaigh na sceimhlitheoirí seo, ach ní raibh sé féin páirteach sa ruathar. Ar an 30 Samhain 1976, ghabh na póilíní Haag, agus tháinig siad ar a lán doiciméad aige - pleananna le haghaidh na ruathar a bhí le déanamh sa bhliain a bhí chugainn. Ni raibh na póilíní in ann, áfach, ciall a bhaint as na cáipéisí seo in am, nó bhí siad scríofa i dteanga chódaithe. Thairis sin, tháinig ceannasaí nua i gcomharbas ar Haag, bean a raibh na húdaráis díreach i ndiaidh scaoileadh saor léi - Brigitte Mohnhaupt.

Eitilt Lufthansa LH 181 Palma de Mallorca go Frankfurt / Main darb ainm Landshut, a thuirling i Mogaidisiú ar 13 Deireadh Fómhair 1977

"Fómhair na Gearmáine", 1977[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tréimhse fhoréigneach agus fulangacht ab ea Fómhar na Gearmáine, mar a thugtar uirthi (Gearmáinis: Der Deutscher Herbst), ó 7 Aibreán 1977 go dtí 18 Deireadh Fómhair 1977.[2] Shroich feachtas na sceimhlitheoirí, an Rote Armee Fraktion, barr a ghéaradais le linn "Fhómhar na Gearmáine", is é sin, Fómhar na bliana 1977.

leacht cuimhneacháinː féinmharú 18 Deireadh Fómhair 1977 - Gudrun Ensslin, Andreas Baader, agus Jan-Carl Raspe

1978[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 11 Bealtaine 1978, rug na póilíní Iúgslavacha ar Brigitte Mohnhaupt, Peter-Jürgen Boock, Sieglinde Hofmann agus Rolf Clemens Wagner i Zagreb. Thairg an Iúgslaiv iad a eiseachadadh go dtí an Ghearmáin, dá mbeadh an rialtas Gearmánach sásta ochtar Crótach a bhí ar a seachnadh ó na húdaráis Iúgslavacha sa Ghearmáin a chimiú agus a thabhairt don Iúgslaiv in éiric na sceimhlitheoirí. Ní raibh an Ghearmáin sásta na Crótaigh a fhágáil faoi luí na bíse ag an Iúgslaiv Chumannach, agus mar sin, cheadaigh na hIúgslavaigh do na sceimhlitheoirí aghaidh a thabhairt ar Éimín Theas.

Ar an 25 Meitheamh 1979, rinne an RAF iarracht Alexander Haig, ardcheannasaí na dtrúpaí Meiriceánacha san Eoraip (agus ina dhiaidh sin, Aire Gnóthaí Eachtracha, nó Secretary of State, nuair a bhí Ronald Reagan ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe), a mharú le buama. Chuir siad ábhar pléasctha i bpíobán a bhí ag rith faoin tsráid i gcóngar le Ceanncheathrú ECAT i gCasteau sa Bheilg, agus nuair a bhí a ghluaisteán pearsanta ag tabhairt Haig go dtí an Cheanncheathrú, mhaidhm na sceimhlitheoirí an buama faoin tsráid. Tháinig Haig slán as an iarraidh mharfa. Ach rinneadh mangarae dá ghluaisteán.

Sna blianta 1978-1982, bhí iarsmaí na sceimhlitheoirí ar a seachnadh sa Mheánoirthear nó sa Ghearmáin féin.

An Tríú Glúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a fuair Údarás Cosanta an Bhunreachta, nó an Verfassungsschutz, amach, bhí timpeall ar fiche óglach armtha agus 250 cúlaistín nó tacadóir gníomhach sa tríú glúin den drong. Rinne an ghlúin seo a lán ruathar sabaitéireachta agus mharaigh siad boic mhóra de chuid an tsaoil pholaitiúil nó eacnamúil. D'fhoilsigh an drong doiciméad clár oibre i Mí Bealtaine 1982, an Mai-Papier, nó Doiciméad na Bealtaine, agus iad ag fógairt ansin go raibh siad le bun-choincheap na droinge a athrú. Ní raibh siad ag iarraidh saoirse a bhaint amach le lámh láidir do lucht na chéad ghlúine, ach ag pleanáil gníomhartha sceimhle go mionchruinn agus ag dul i gcomhar leis na dronga sceimhlitheoireachta eile san Eoraip, ar nós an Action Directe ("An Gníomh Díreach") sa Fhrainc, na Brigate Rosse ("Na Briogáidí Dearga) san Iodáil agus na Cellules Communistes Combattantes ("Na Cealla Cathacha Cumannacha") sa Bheilg.

Rolf Clemens Wagner & Friederike Krabbe, ar 11 Samhain 1977

Níl mórán ar eolas faoi na daoine a bhí páirteach in obair na tríú glúine. Níos mó ná duine as gach beirt, níl a fhios ag údaráis dlí na Gearmáine cérbh iad féin nó cad iad na hainmneacha a bhí orthu. Iad siúd a bhfuil a n-ainmneacha ag na húdaráis, ní raibh ach Wolfgang Grams agus Birgit Hogefeld i gceannas ar an drong, de réir dealraimh. Maidir leis na dúnmharuithe a rinne an drong sna blianta 1985-1993, níl a fhios ag na húdaráis ach ainm aon duine acu siúd a bhí páirteach. Murab ionann agus sna seachtóidí, ní raibh radacaigh eile na heite clé sásta cuidiú ná comhoibriú leis na sceimhlitheoirí a thuilleadh.

Ar an 1 Feabhra 1985 lámhachadh Ernst Zimmermann, bainisteoir an chomhlachta armála úd MTU, istigh ina theach féin. Ní heol cérbh iad a rinne é. Ar an 8 Lúnasa 1985 mharaigh Birgit Hogefeld agus Eva Haule saighdiúir Meiriceánach darbh ainm Edward Pimental. Ghoid siad a chárta aitheantais uaidh, agus baineadh leas as an gcárta ina dhiaidh sin leis an aerbhunáit Mheiriceánach úd Rhein-Main Air Base in aice le haerfort Frankfurt a insíothlú agus a bhuamáil. Bhí an Action Directe agus Rote Armee Fraktion ag comhoibriú le chéile leis an ruathar seo a dhéanamh. Fuair saighdiúir amháin agus sibhialach amháin bás sa phléasc, agus gortaíodh aon duine dhéag. Ina dhiaidh sin, d'eisigh na sceimhlitheoirí litir admhála a raibh suaitheantais an dá dhrong uirthi. Lochtaigh na cléradacaigh dúnmharú Pimental go fíochmhar, ós rud é nach raibh ann ach gnáthshaighdiúir a maraíodh ar an t-aon chúis amháin go raibh a chárta aitheantais ag teastáil ó na sceimhlitheoirí. Níos déanaí, d'admhaigh na sceimhlitheoirí féin gur botún polaitiúil a bhí ann.

Ar an 9 Meitheamh 1986 fuair bainisteoir an chomhlachta Siemens bás in éineacht le tiománaí a ghluaisteáin, Eckhard Groppler. Pléasc bhuama a mharaigh iad, agus ina dhiaidh sin ghlac "Cománlach Mara Cagol", cománlach sceimhlitheoireachta de chuid RAF, freagracht as an mbuamáil. Creidtear go raibh lámh ag Horst Ludwig Meyer sa ghníomh seo. Maraíodh Meyer sa bhliain 1999 san Ostair, nuair a d'éirigh ina throid lámhaigh idir é agus na póilíní áitiúla.

Ar an 10 Deireadh Fómhair 1986 mharaigh beirt daoine aineoil Gerold von Braunmühl, taidhleoir de chuid Roinn Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine in Ippendorf, Bonn, é, áit a raibh cónaí air.

Ar an 30 Samhain 1989 scaoileadh urchar marfach le hAlfred Herrhausen, bainisteoir an Bhainc Ghearmánaigh (Deutsche Bank). Baincéir as an ngnáth a bhí ann, mar Herrhausen, nó bhí féith intleachtóra ann agus é sásta cluas thuisceanach a thabhairt do radacaigh chlé féin. Bhí suim aige i bhfadhbanna na dtíortha bochta freisin, agus é buartha faoin dóigh a raibh a lán tíortha tearcfhorbartha báite i bhfiacha.

Sa bhliain 1990 thairg an tAire Dlí agus Cirt Klaus Kinkel na sceimhlitheoirí i bpríosúin na Gearmáine a scaoileadh saor, ar acht is go n-éireodh an chuid ghníomhach den ghluaiseacht as na hionsaithe. Níor thángthas ar aon chomhthuiscint phoiblí faoi sin, ach sa bhliain 1991 bhí RAF sásta "fairsingiú na gníomhaíochta a chur ar ceal" mar a dúirt siad féin. Inniu, is eol dúinn go raibh na sceimhlitheoirí idir dhá chomhairle faoin tairiscint seo. Bhí Brigitte Mohnhaupt orthu siúd a dhiúltaigh, theastaigh ó sceimhlitheoirí eile ar nós Karl-Heinz Dellwo agus Lutz Taufer glacadh leis an tairiscint.

Ar an 1 Aibreán 1991 maraíodh Detlev Karsten Rohwedder, a bhí i gceannas ar an Treuhandanstalt, nó údarás príobhádaithe na maoine poiblí a thit leis an nGearmáin aontaithe ó Dhaonphoblacht na Gearmáine, is é sin, an stát cumannach in oirthear na Gearmáine. Ní raibh na húdaráis in ann a shocrú sa chás seo féin cérbh iad na ciontóirí. Deich mbliana ní ba deireanaí, thug anailís an aigéid dhí-ocsairibeanúicléasaigh i ruainne gruaige a fuarthas in áit an ghnímh, - thug an anailís sin le tuiscint gur le Wolfgang Grams an ruainne gruaige. Fuarthas locht ar thoradh na hanailise seo, áfach.

Istoíche idir an 26 agus an 27 Márta 1993 buamáladh Peannadlann Weiterstadt le breis is 200 kg ábhair phléasctha. Cuireadh trí fhoirgneamh lóistín agus an foirgneamh riaracháin de dhroim an domhain, agus rinne an mhórphléasc damáiste don chuid eile den pheannadlann a chlúdaíonn trí chiliméadar cearnacha. Ní bhfuair aon duine bás, nó ní raibh an peannadlann ach á tógáil san am sin.

Ar an 27 Meitheamh 1993 gabhadh Birgit Hogefeld agus Wolfgang Grams i mBad Kleinen. Tháinig an fheadhain speisialta úd Grenzschutzgruppe 9 (GSG 9) i láthair le cabhrú leis na gnáthphóilíní. D'éirigh leis na póilíní Hogefeld a chimiú go néata, ach d'éirigh ina chogadh dearg idir Grams agus lucht a ghabhála, agus ba é ba toradh don scéal gur maraíodh Grams agus duine de na póilíní speisialta, fear darbh ainm Michael Newrzella. I ndiaidh na n-imeachtaí, d'éirigh an tAire Gnóthaí Inmheánacha Rudolf Seiters as.

Sa bhliain 1992 tháinig an teoiric ar an bhfód nach raibh an "tríú glúin" ann ar aon nós, ach gurbh iad na seirbhísí rúnda a rinne gníomhartha sceimhlitheoireachta na glúine sin le brú a chur ar an tsochaí agus ar na polaiteoirí tuilleadh maoiniú a thabhairt do na seirbhísí sin. Ba iad an triúr iriseoirí úd Gerhard Wisnewski, Wolfgang Landgraeber agus Ekkehard Sieker a chuir an teoiric seo faoi bhráid an tsaoil mhóir, ar dtús ar an gclár nuachta agus tráchtaireachta úd Monitor ar an tseirbhís chraolacháin ARD, agus ina dhiaidh sin, faoi chlúdach leabhair. Is é an dearcadh a bhí ag an gcuid ba mhó de na tráchtairí - ar nós an t-eolaí polaitiúil Alexander Strassner as Ollscoil Regensburg - nach raibh ann ach gnáth-theoiric chomhcheilge nár chóir an iomarca creidiúna a thabhairt di, a fhad is nach raibh fianaise ann.

Baill thábhachtacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoine dár fhuadaigh nó dár mharaigh an Drong[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • AUST, Stefan: Der Baader-Meinhof-Komplex. Erweiterte und aktualisierte Ausgabe. Wilhelm Goldmann Verlag, München 1998
  • BRÜCKNER, Peter: Ulrike Marie Meinhof und die deutschen Verhältnisse. Verlag Klaus Wagenbach, Beirlín 1976

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "JUSTIZ : Das letzte Kapitel - DER SPIEGEL 38/2006". www.spiegel.de. Dáta rochtana: 2020-10-18.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2018-10-18). "Fómhair na Gearmáine" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-18.