Tomás Ó Criomhthain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tomás Ó Criomhthain

Fear de bhunadh na mBlascaod ab ea Tomás Ó Criomhthain (18561937). Rugadh é sa bhliain 1856 agus chaith sé formhór a shaoil ar an oileán. Scríobh sé dhá leabhar, Agallamh na hInse agus An tOileánach, agus aistríodh go teangacha éagsúla iad ó shin. Is clasaicí dírbheathaisnéiseacha iad na leabhair a thug léargas bríomhar ealaíonta ar shaol na ndaoine a mhair sna Blascaodaí lena linn. Cé go bhfuil cáil ar dhírbheathaisnéisí eile de chuid na Gaeltachta, tugtar an chraobh de ghnáth do Ó Criomhthain.

Spreag Brian Ó Ceallaigh as Cill Áirne Tomás chun cínlae a scríobh na blianta tar éis an Chéad Chogadh Domhanda - chruthaigh sé don oileánach go bhféadfadh tuairiscí faoi shaol na ngnáthdhaoine i gceantar iargúlta a bheith spéisiúil trí shampla de scéalta le Maxim Gorky agus Pierre Loti a thabhairt dó le léamh. Scríobh Ó Criomhthain litreacha gach lá chuig Ó Ceallaigh agus ba as na cuntais sin a cuireadh an leabhar An tOileánach le chéile.

Ba é Tomás an duine deireanach de sheisear clainne agus déantar iontas fós féin den chur síos atá aige ar a bheith ag diúl as cíoch a mháthar agus é ceithre bliana d'aois. Ní bhfuair sé mórán scolaíochta mar nár fhan múinteoirí i bhfad riamh ar an oileán agus de réir a thuairisce bhí saol breá aige ina gharsún ag seilg agus ag iascach.

Phós sé Máire Ní Chatháin sa bhliain 1878 agus cé go raibh deichniúr leanbh aici bhásaigh go leor díobh go hóg agus ní raibh saol fada aici féin.

Fuair Tomás Ó Criomhthain bás sa bhliain 1937 ach maireann a cháil mar gheall ar an aird a tugadh ar a chuid leabhar.

Saothar[athraigh | edit source]