Aonocsaíd charbóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aonocsaíd charbóin
Carbon monoxide 2D.svg Carbon-monoxide-3D-vdW.png
Aitheantóirí
Uimhir CAS 630-08-0
PubChem 281
Airíonna
Foirmle mhóilíneach CO
Mais mhóilíneach 28.010 g mol−1
Dealramh Gás nimhe nach bhfuil boladh as ná dath ann
Dlús 1.250 g L−1 (ag 0 °C, 1 atm)
Leáphointe −205 °C
Fiuchphointe −191.5 °C
Slaodacht 0.0026 g/100 mL (20 °C)
Déphol 0.112 D
Guaiseacha
NFPA 704 Nfpa h4.pngNfpa f4.pngNfpa r0.png

Gás nimhe nach bhfuil boladh as ná dath ann is ea an aonocsaíd charbóin, CO. Gintear é nuair a chuirtear carbóncomhdhúile carbóin trí thine agus an ocsaigin ag rith gann, ionas nach féidir an carbón a dhó go dé-ocsaíd. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil feidhmeanna nádúrtha éigin ag an aonocsaíd charbóin san orgánach, ach tríd is tríd is nimh í, agus í ag oibriú cosúil leis an gciainíd. Is é sin, téann an móilín aonocsáide carbóin in áit na hocsaigine i móilíní haemaglóibíne san fhuil, ionas nach féidir leis an haemaglóibín ocsaigin a iompar a thuilleadh.

Nimhiú[athraigh | edit source]

Cúisíonn nimhiú ó aonocsaíd charbóin bás daoine ar fud na cruinne, nuair a bhíonn teasairí ag feidhmiú go lochtach nó nuair nach mbeidh aerchóireáil nó gaotháin ag feidhmiú mar is ceart. Is deacair diagnóis a dhéanamh ar an nimhiú seo rud a fhágann gur minic nach smaointítear air i gcásanna le daoine atá tinn. Fágann an nimhiú dath dearg silíní ar an gcorpán.