Cúmánaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Áise sa bhliain 1200, ag taispeáint na Cúmánaigh agus a gcomharsana.

Treibh Thurcach ab ea iad na Cúmánaigh a shocraigh síos i ndeisceart na Rúise timpeall Abhainn Volga, chomh maith le hoirthear na mBalcán, san aonú haois déag i ndiaidh bhreith Chríost. Ar dtús, bhí siad ag cur cogaidh ar an Impireacht Bhiosántach, ar na hUngáraigh agus ar Rúis na linne, is é sin, ar an stát sean-Rúiseach, nó sean-Úcráineach, timpeall Chíév. Sa bhliain 1089, bhris Ladislas a hAon, Rí na hUngáire, an cath orthu, agus ina dhiaidh sin, thacaigh siad leis na Biosántaigh in aghaidh na bPeitsineagach, ar treibh Thurcach eile iad. Ón taobh eile de, bhí na Cúmánaigh ag cuidiú leis na Bulgáraigh neamhspleáchas a bhaint amach ón Impireacht Bhiosántach sa bhliain 1185.

Sa tríú haois déag, chuaigh Cúmánaigh an Iarthair leis an gCaitliceachas, agus an chraobh de na Cúmánaigh ar a dtugtaí Gagauz, ghlac siad leis an gCríostaíocht Oirthearach. D'iompaigh na Cúmánaigh Oirthearacha leis an Ioslam, agus d'imigh siad i measc threibheacha Turcacha eile a bhfuil cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus in aice leis an Rúis.

Maidir leis na Cúmánaigh Chríostaí, chaill an chuid is mó acu a dteanga agus a bhféiniúlacht chultúrtha i rith na gcéadta bliain, agus iad ag glacadh le príomhtheanga na dtíortha ina raibh cónaí orthu - an Ungáiris nó an Rómáinis, go príomha. Is dócha gur éag cainteoir dúchais deireanach na Cúmáinise Ungáraí san tseachtú haois déag. Mar sin féin, bhí sórt féinrialtais ag na Cúmánaigh áitiúla san Ungáir i bhfad i ndiaidh dóibh a dteanga agus a nósanna a dhearmad. Is é sin, cé go raibh an cultúr imithe, tugadh aitheantas dóibh mar ghrúpa eitneach ar leith. Bhí an polasaí céanna i bhfeidhm san Ungáir i leith an phobail úd "Jász", a raibh teanga Iaránach ag a sinsir. Níor tháinig deireadh le féinrialtas na gCúmánach Ungárach ach sa naoú haois déag.

D'fhág na Cúmánaigh cuid mhaith téacsanna ina dteanga féin ina ndiaidh, go háirithe an Codex Cumanicus, sórt lámhleabhar do na misinéirí Caitliceacha a bhí ag iarraidh an teanga a labhairt. Mar sin, tá an tAivé Máiria agus an tÁr nAthair ar fáil sa Chodex sa teanga, chomh maith le hábhar Críostaí eile agus béaloideas Cúmánach. Ós rud é gur teanga Thurcach (nó teanga Tuircice) atá i gceist, níl sé deacair ag saineolaithe ar an léann Turcach ciall iomlán a bhaint as an gCúmáinis. Is í an Tatáiris Chriméach an teanga is gaolmhaire leis an gcineál seo Cúmáinise, ach ós rud é nach ndeachaigh na Cúmánaigh Chríostaí leis an Ioslam riamh, ní raibh an oiread focal iasachta ón Araibis agus ón bPeirsis ina dteanga agus a bhíonn i dteangacha Tuircice an lae inniu.

Maidir leis na Gagauz, a ghlac leis an gCríostaíocht Oirthearach, labhraíonn 150,000 duine acu a dteanga féin i gcónaí, an chuid is mó acu sa Mholdóiv, áit a bhfuil poblacht fhéinrialaitheach dá gcuid féin acu. Ní thugann siad "Cúmánaigh" orthu féin, áfach, agus dealraíonn sé nach Cúmánaigh amháin a bhí ina gcuid sinsear, ach iarsmaí na bpobal Turcach eile freisin a raibh cónaí orthu sna Balcáin, nó a dtriall ansin.

Cé go ndeachaigh na Cúmánaigh de dhroim an tsaoil mar dhream eitneach ar leith, fanann a n-iarsmaí sna logainmneacha agus in ainmneacha na ndaoine. Mar shampla, is féidir tagairt do na Cúmánaigh a aithint ar shloinne an ghleacaí Rómanaigh Nadia Comăneci.

Thugadh na sean-Rúisigh Polovtsy, is é sin, "muintir na machairí", ar na Cúmánaigh, agus tagraítear dóibh mar naimhde na Rúiseach sa Laoi faoi Fheachtas Igor, ach go háirithe.