An tSlóvaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Slovenská republika
Poblacht na Slóvaice
Bratach na Slóvaice Armas na Slóvaice
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: Nad Tatrou sa blýska
Tintreach thar sléibhte Tatra
Suíomh na Slóvaice
Príomhchathair An Bhratasláiv
48°09′ Thuaidh 17°07′ Thoir
An chathair is mó An Bhratasláiv
Teangacha oifigiúla Slóvaicis
Rialtas Poblacht
Andrej Kiska
Robert Fico
Neamhspleáchas
1 Eanáir 1993
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
49,037 km² (130ú)
~
Daonra
 • Meas. ó 2007
 • Daonáireamh 2001
 • Dlús
 
5,447,502 (110ú)
5,379,455
287/km² (-)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2006
$99.19 billiún (61ú)
$18,200 (46ú)
Airgeadra Euro (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+1 (UTC)
+2 (UTC)
Fearann Idirlín .sk
Glaochód +421

Tír i lár na hEorpa, gan aon chósta, is ea an tSlóvaic (Slóvaicis: Slovensko), ar mar a dtugtar go hoifigiúil Poblacht na Slóvaice (Slóvaicis: Slovenská republika). Is í an Bhratasláiv an phríomhchathair agus an chathair is mó. Is iad Poblacht na Seice, an Ostair, an Ungáir, an Pholainn agus an Úcráin na tíortha atá ar theorainn léi. Tá daonra 5 milliún aici agus achar 49,000 km2. Tá an tír mar bhall den AE, NATO, OECD, WTO, agus eagraíochtaí eile idirnáisiúnta.

Tháinig na Slavaigh go dtí críoch na Slóvaice idir an 5ú haois agus an 6ú haois. Bhí píosa éagsúla den tír mar chuid de hImpireacht Samo, an Mhór-Mhoráiv (céad aonad polaitíochta na Slavach), Ríocht na hOngaire, Impireacht Hapsburg, agus an tSeicslóvaic i rith stair na hEorpa. Bhain sí a neamhspleachas amach ar an 1 Eanáir 1993, i ndiaidh dhíscaoileadh na Seicslóvaice.

Stair na Tíre[athraigh | edit source]

Ó thimpeall 450 BC, bhí na Ceiltigh ina gcónaí sa cheantar agus thóg siad an oppida cumhachtach i mBratasláiv agus in Havránok. Tá na Biatecs, boinn airigid le cheann na ríotha ceilteach, mar an chéad fianaise scríofa ón áit. Le meádú Impireacht na Róimhe bhí urphostanna timpeall Abhainn na Danóibe. Bhí Ríocht na Vannius, ríocht bharbarach a bhunaigh an tríbe Gearmánach Quadi, , ina chónaí san áit in oirthear agus lár na tíre ó 20 go 50 AD.

Na Stáit Shlavacha[athraigh | edit source]

Bhí na Slavaigh ina gcónaí san áit faoin 5ú haois. Bhí oirthear na Slóvaice mar lár ar Impireacht Samo sa 7ú haois. D'fhás stáit Shlavacha, darbh ainm Príonsacht Nitra, san 8ú aois, agus bhúnaigh an chéad rialtóir Pribina an chéad séipéal chríostaíoch sa bhliain 828. Comh maith le Moravia, bhí an prionsacht seo mar craoí-lár Impireacht Mhóir Moraviach ón bhliain 833.

Ríocht na hOstair-Úngaire[athraigh | edit source]

Caisleán Bojnice - Bojnice, An tSlóvaic

Tar eis dínascadh Impreacht Mhóir na Moraviach ag tús an 10ú haois, thósaigh na Magyars ag tógaint críoch na slóvaic agus faoi dheireadh na haoise bhí chuid mhaith de oirdheeisceart na tíre faoi ríail an prionsacht Úngaireach agus ansin Ríocht na hOngair. Faoi c. 1300 bhí chuid mhaith den tír sa ríocht seo. Ar feadh dhá aois i ndiaidh sin bhí ríail féinrialaithe acu faoin Nitra (fós i Ríocht na hOngair).

Rinne na Mongólaigh ionradh ar an ait sa bhliain 1241, comh maith le sin chuir gorta le laghdú mhóir an daonra. Sa bhliain 1467, bhúnaigh Matthias Corvinus chéad ollscoil Bratislava, ach níor mhair sé.

De bharr fás Impireacht Otamánach d'aistríoch lár Ríocht na hOngair go Bratislava, bhí sé mar príomhchathair don Ongair Ríoga sa bhliain 1536. Leán sé mar príomhchathiar don monarcacht Habsburg go dtí 1848.

I rith réabhlóid 1848-49 thug na slóvaicigh tacaíocht na Impire Ostaireach toisc nach raibh siad ag iarraidh bheith mar chuid den Ongair. Theip orthu agus chuir rialtas Ongaireach iad faoi chois le blianta ina dhiaidh.

20ú aois[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1918, chuaigh an tSlóvaic leis na ríégiún Bohemia agus Moravia leis an tír nua, an tSeicslóvaic a chruthú. Ionsaigh an rialtas sealadach san Ongair an tír agus ghabhadh 1/3 den tír.

Briseadh suas an tír ag druidim i dtreo An Dara Chogadh Domhanda. Bhúnaigh na Faisistigh faoi an cheannaire Jozef Tiso, an chéad phoblacht Slóvaicigh, agus d'fhórogair siad a neamhspleachas ón tSeicslóvaic sa bhliain 1939. Ach níorbh ach rialtas soip é riatas sop do na Naitsithe. Tosaíodh gluaiseacht fíochmar frithbheartaíoch in aigheadh na Naitsithe, Éirí amach Náisiúnta na Slóvaicigh sa bhliain 1944. Leán forghabháil fuilteach; agus cogadh catharach. Díbireadh chuid mhaith de Júdaigh as an tír agus d'imigh siad mar a shlogfadh an talamh iad i san Uileloscadh.

I ndiaidh an Dara Chogadh Domhanda, crocadh Jozef Tiso sa bhliain 1947 agus cruthaigh siad an tSeicslóvaic athuair. díog ar ndíog chuaigh an tAontas Sóivéadach i bhfeidhm ar an tír agus bhí mar chuid den cónaidhm le na tíortha eile cumanach.

Chuireadh deireadh le ríail Chumanach sa bhliain 1989, i rith an Réabhlóid síochanta Velvet agus lánscoireadh an tír arís. Bhúnaíodh dhá tír diffríul leis an bPoblacht na Seice agus an tSlóvaic ar an 1 Eanáir, 1993. Tá an tír anois mar chuid den Aontas Eorpach ó mí bealtaine 2004.

Réigiún na Tire[athraigh | edit source]

Tá an tír roinnte suas i 8 kraje, nó réigiún glaotar iad i ndiadh príomhchathair na háite. Tá léibhéal áirithe féinríalú ag na réigiún seo ón mbliain 2002. Is iad seo a leanas na réigiún:

  1. Bratislava Region (Bratislavský kraj)
  2. Trnava Region (Trnavský kraj)
  3. Trenčín Region (Trenčiansky kraj)
  4. Nitra Region (Nitriansky kraj)
  5. Žilina Region (Žilinský kraj)
  6. Banská Bystrica Region (Banskobystrický kraj)
  7. Prešov Region (Prešovský kraj)
  8. Košice Region (Košický kraj)
Slovakiakrajenumbers.png

Tá na "kraje" seo roinnte suas arís go okresy nó tuathcheantar. Tá 79 díobh seo.

I dtearmaí eacnamaíocht agus dí-fhostaíocht tá na réigiúna oirthiarach níos saibhre ná na réigiún iartharah acg níl an difríocht seo ró-mhór i gcmoparáid le difríocht réigiúnda i dtíortha eile.

Naisc[athraigh | edit source]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc