An tSlóvaicis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSlóvaicis
slovenčina agus slovenský jazyk
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais6,000,000
Dúchasach doBorsod-Abaúj-Zemplén County (en) Aistrigh, Zala County (en) Aistrigh, Bratislava Region (en) Aistrigh agus an tSlóvaic
Stáitan Ungáir, An tSeirbia, an tSlóvaic, an Rómáin agus an Úcráin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha iartharacha
Czech–Slovak languages (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheJazykovedný ústav Ľudovíta Štúra
Staidéar agSlovak studies (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1sk
ISO 639-2slk
ISO 639-3slk
Glottologslov1269
Linguasphere53-AAA-db
Ethnologueslk
ASCL3603
IETFsk

Is í an tSlóvaicis an teanga Shlavach a labhraítear sa tSlóvaic agus i measc lucht imirce ón tSlóvaic sna tíortha eile, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar fud an domhain, tá sí ag sé mhilliún de dhaoine ó dhúchas. Is í an tSeicis an teanga is gaolmhaire léi, agus an dá theanga sách intuigthe ag cainteoirí na teanga eile acu. Mar sin féin, tá caighdeán scríofa agus litríocht dá gcuid féin ag na Slóvacaigh, agus difríochtaí suntasacha ag baint leis an gcóras díochlaonta.

An duine nach bhfuil Slóvaicis aige, nuair a chaithfidh sé súil ar théacs sa teanga, is é an rud is mó a chuirfidh iontas air ná an oiread focal nach bhfuil guta ar bith iontu: smrť ("bás"), blb ("amadán") agus a leithéid. Tá mórán focal ann a bhfuil guta amháin iontu freisin, mar shampla: štvrtok ("Déardaoin"). Is é an míniú ná go mbaintear úsáid an ghuta as an l agus as an r sa tSlóvaicis go minic, agus iad ag iompar an tsiolla mar a bheadh gutaí iontu.

Úsáidtear an síneadh fada sa tSlóvaicis leis na gutaí fada a aithint thar na gutaí gairide. D'fheicfeá an síneadh fada os cionn an r ná an l, toisc go nglactar leo mar ghutaí sa teanga. Is é sin le rá, baintear úsáid as na litreacha speisialta seo: á, ä, č, ď, é, í, ľ, ĺ, ň, ó, ô, ŕ, š, ť, ú, ý, ž. Agus seo iad litreacha na haibítre go léir: a, á, ä, b, c, č, d, ď, e, é, f, g, h, i, í, j, k, l, ľ, ĺ, m, n, ň, o, ó, ô, p, (q), r, ŕ, s, š, t, ť, u, ú, v, (w), (x), y, ý, z.

Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear na litreacha Seiceacha ř agus ů sa tSlóvaicis ar aon nós!

Stair na Slóvaicise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an chéad teanga liteartha a bhí in úsáid ag na Slóvacaigh ná an tSeicis, ach i rith na séú agus na seachtú haoise déag, thosaigh an tSeicis áitiúil ag glacadh le saintréithe ó na canúintí Slóvaicise. D'fhorbair trí chanúint scríofa éagsúla, mar atá, canúint scríofa an Iarthair, canúint scríofa Lár na Slóvaice, agus an teanga ar a dtugtar Slóvaicis na nÍosánach. An chéad dá chanúint acu, bhí siad bunaithe ar an tSeicis, ach san am céanna, bhí urlabhra an phobail áitiúil ag imirt a tionchair orthu. Maidir le Slóvaicis na nÍosánach, iarracht a bhí ann de chuid na hEaglaise Caitlicí teachtaireacht an Fhrithreifirméisin a scaipeadh is a chraobhscaoileadh i measc na Slóvacach ina dteanga féin.

Níor thosaigh na Slóvacaigh a dteanga scríofa féin a fhorbairt i ndáiríre roimh dheireadh na hochtú haoise déag. D'fhoilsigh Anton Bernolák an chéad ghramadach sa bhliain 1790, agus i ndiaidh a bháis, sna 1820idí, tháinig a fhoclóir mór Slóvaicise i gcló. An caighdeán a mhol Bernolák don tSlóvaicis, ba chomhghéilleadh é idir na canúintí iartharacha agus na canúintí lárnacha. Níor éirigh Slóvaicis Bernolák coitianta ach i measc na sagart Caitliceach, nó ba rogha leis na Protastúnaigh an tSeicis a d'fhoghlaim siad as an mBíobla Seicise.

D'éirigh ní b'fhearr leis an gcaighdeán Slóvaicise a cheap L'udovít Štúr sna 1840idí. Bhí an caighdeán seo bunaithe ar chanúintí Lár na Slóvaice. Glactar leis gurbh iad a chuid scríbhinní a chuir tús leis an tSlóvaicis chomhaimseartha. Protastúnach a bhí i Štúr, agus bhí sé riachtanach fós an scoilt idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh i gcúrsaí teanga a leigheas. Socraíodh an scéal seo leis an ngramadach Kratká mluvnica slovenská ("Gearrghramadach na Slóvaicise"), a tháinig i gcló sa bhliain 1852.

Mar sin féin, is iomaí Slóvacach a roghnaigh an caighdeán Seiceach i ndiaidh fhoilsiú an ghraiméir sin. Ón taobh eile de, bunaíodh eagraíocht teanga, Matica slovenská ("An Mháthairthír Shlóvacach") leis an tSlóvaicis a chur chun cinn i dTurčiansky Svätý Martin i lár na Slóvaice, áit a raibh cuid mhaith nuachtán á bhfoilsiú chomh maith. Sna 1860idí, ´áfach, d'fhéach údaráis na hUngáire leis an Ungáiris a chur chun cinn sa tSlóvaic, a bhí suite sa leath Ungárach d'Impireacht na hOstaire agus na hUngáire. Sna 1880idí, ní raibh an tSlóvaicis á saothrú ach sa litríocht ealaíonta.

Sa bhliain 1902, d'fhoilsigh Samo Czambel a leabhar gramadaí féin, Rukovät' spisovnej reči slovenskej ("Lámhleabhar na Slóvaicise liteartha"). Ba é an graiméar seo a shocraigh caighdeán na Slóvaicise go dtí na caogaidí.

I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, rinneadh teanga oifigiúil den tSlóvaicis i dtír nua neamhspleách na Seicshlóvaice. Ó sin i leith, tá an teanga á saothrú go forleathan i gcúrsaí riaracháin, teagaisc agus eolaíochta, chomh maith leis an litríocht ealaíonta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]