Gearmáin na Naitsithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ó 1933 go 1945, bhí an Ghearmáin faoi smacht Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine, agus Gearmáin na Naitsithe a thugtar ar an tréimhse seo i stair na tíre.

Tugtar An Tríú Reich (Drittes Reich i nGearmáinis) ar stát na Naitsithe toisc gur tháinig sé i gcomharbas ar Impireacht Naofa Rómhánach na Meánaoise agus Impireacht na Gearmáine 1871–1918. Deutsches Reich (Reich Gearmánach) an t-ainm a bhí air ó 1933 go 1943, agus ansin baisteadh an t-ainm Großdeutsches Reich air.

An Naitsíochas[athraigh | edit source]

An Svaistíce - Príomhshiombail an Naitsíochais

Is é an Naitsíochas (Gearmáinis: Nationalsozialismus - tá an leagan Nazismus ann chomh maith, ach ní chluintear chomh minic céanna é) an t-ainm a thugtar ar idé-eolaíocht na Naitsithe (Gearmáinis: Nazis), arbh iad baill agus lucht leanúna Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine (Nationalsozialistische Deutsche Arbeiterpartei, NSDAP) iad. Gluaiseacht chiníoch, fhrith-Ghiúdach ab ea na Naitsithe, agus Adolf Hitler ina cheannaire diansmachtúil orthu. Bhí na Naitsithe i réim sa Ghearmáin sna blianta 1933-1945, agus ba iadsan a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda. Faoi thionchar na Naitsithe, tháinig rialtais soip ar an bhfód i dtíortha eile a raibh cuma an Naitsíochais orthu, cosúil le rialtas Vidkun Quisling san Iorua. I mblianta an Naitsíochais, bhí Hitler ina dheachtóir ar an nGearmáin, agus é ag cur polasaithe coiriúla i gcrích le cabhrú na Naitsithe.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bíonn grúpaí beaga nua-Naitsithe ag iarraidh smaointeachas na Naitsithe a athbheochan. Uaireanta, baineann siad úsáid as siombailí na Naitsithe freisin. Is í an svaistíce (Gearmáinis: das Hakenkreuz) an tsiombaile is tábhachtaí de chuid na Naitsithe, ach tá sé coiscthe ag na húdaráis sa Ghearmáin, san Ostair agus san Eilvéis an svaistíce agus comharthaíocht Naitsíoch eile a choinneáil le feiceáil go poiblí.

Tháinig coincheap an tSóisialachais Náisiúnta ar an bhfód mar theideal ar chuspóirí Phairtí Lucht Oibre na Gearmáine (Deutsche Arbeiterpartei, DAP), a tharraing an t-ainm nua úd NSDAP, nó Páirtí Sóisialach Náisiúnta Lucht Oibre na Gearmáine air féin sa bhliain 1920. Roimhe sin féin, i Mí Bhealtaine 1918, fuair Páirtí Gearmánach an Lucht Oibre san Ostair ainm nua den chineál chéanna - Deutsche Nationalsozialistische Arbeiterpartei - Páirtí Sóisialach Náisiúnta Gearmánach an Lucht Oibre.

Bhí an dá pháirtí dírithe ar an "sóisialachas náisiúnta" a chur in áit an tsóisialachais idirnáisiúnta a bhí á chur chun cinn ag na Daonlathaigh Shóisialta. Sna páirtithe seo, bhí an corrsmaoineamh frithchaipitleach á mheascadh tríd an náisiúnachas ciníoch. Mar sin, bhí siad in ann vótaí a mhealladh ó na meánaicmí agus ón lucht oibre san am céanna. Maidir leis na Sóisialaigh Náisiúnta sa Ghearmáin, thug siad "gluaiseacht" orthu féin seachas "páirtí", lena leas a bhaint as chomh tuirseach a bhí cuid de mhuintir na tíre den pholaitíocht mar rud.

Inniu, is gnách coincheap an tSóisialachais Náisiúnta a ionannú go hiomlán le saoldearcadh ollsmachtúil ciníoch Hitler agus lucht a leanúna. Ní mór cuimhne a choinneáil air, áfach, gur bhain Hitler a chiall féin as an dá choincheap idir Náisiúnachas agus Shóisialachas. Is éard a bhí i gceist leis an Náisiúnachas, dar leis, ná umhlaíocht agus urraim an duine don Náisiún, agus is éard a bhí i gceist leis an Sóisialachas ná an fhreagracht a ghlac an Náisiún as an duine. Is é an tuiscint a bhí ag na Sóisialaithe i gciall cheart an fhocail ar a n-idé-eolaíocht féin ná go gcaithfí na meáin táirgíochta a shóisialú (a chomharshealbhú), ach dhiúltaigh Hitler riamh dá leithéid de Shóisialachas.

Thairis sin, theastaigh ó Hitler a idé-eolaíocht féin a dhealú ón bhFaisisteachas, a bhí tagtha ar an bhfód san Iodáil faoi chomandracht Benito Mussolini. San Aontas Shóivéadach, áfach, ba ghnách Faisisteachas a thabhairt ar an dá idé-eolaíocht seo ón mbliain 1925 ar aghaidh, agus i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, d'éirigh an úsáid seo coitianta i dtíortha Oirthear na hEorpa, a bhí ina satailítí polaitiúla ag an Aontas Sóivéadach. San Iarthar féin ba leasc leis an lucht léinn Marxach úsáid a bhaint as an téarma "Sóisialachas Náisiúnta" le tagairt don Naitsíochas, ó b'ionann sin dar leo agus aitheantas a thabhairt don chiallú gur sórt Sóisialachais é an Naitsíochas. Is é an tuiscint a bhí ag na Marxaigh gur cineál aicmeachas buirgéiseach a bhí i gceist leis an bhFaisisteachas.

Tuiscint eile atá i gceist le teoiric an ollsmachtachais, a bhí an-choitianta i measc na staraithe a raibh dearcadh neamh-Shóisialach nó fiú frith-Shóisialach acu. Chuir siadsan an Naitsíochas agus an Stailíneachas ar aon leibhéal le chéile mar chórais ollsmachtacha, agus iad ag díriú ar chosúlachtaí an dá chóras ina gcuid taighde. Bhí an scoil seo breá sásta úsáid a bhaint as na hainmneacha "Sóisialachas Náisiúnta" agus "Naitsíochas".

Stair na Gearmáine faoi smacht Hitler[athraigh | edit source]

An Dóigh ar Bhain Ceannaire na Naitsithe amach an tSeansailéireacht[athraigh | edit source]

Níor bhain Adolf Hitler amach saoránacht na Gearmáine ach i Mí Feabhra 1932, ach nuair a bhí sé ina Ghearmánach go hoifigiúil, bhí cead iarrthóireachta aige i dtoghcháin Uachtaránachta na bliana céanna. Ba é an seanmharascal cogaidh Paul von Hindenburg a ghnóthaigh an báire sin, ach bhí Hitler go tiubh sna sálaí aige, agus b'éigean athvótáil a chóiriú, toisc nach bhfuair aon duine de na hiarrthóirí a dhóthain vótaí sa chéad bhabhta. I Mí na Samhna, 1932, chuaigh na Gearmánaigh chuig an mbosca ballóide in athuair, áfach, agus olltoghchán nua ar siúl. An uair sin, b'iad na Naitsithe an páirtí ba mhó sa Pharlaimint, agus ar an 30ú lá de Mhí Eanáir 1933, cheap an tUachtarán Hindenburg Adolf Hitler mar Sheansailéir.

Na coimeádaigh agus na míleataigh timpeall ar Hindenburg, bhí siad ag áitiú ar an Uachtarán rialtas náisiúnaíoch a cheapadh agus Hitler a chur ina cheannas. Bhí tacaíocht ag teacht do Hitler i gcónaí ó na gróintíní tionsclaíochta agus ó na baincéirí, nó bhí siad den bharúil gurbh eisean an sciath chosanta ab fhearr ar na Cumannaigh. Thairis sin, má bhí Hitler ag gealladh atharmáil na tíre, b'ionann sin agus an tionsclaíocht a chur ag táirgiú treallamh cogaidh don Stát, agus ar ndóigh, ba díol spéise é sin do na gróintíní. Bhí claontachtaí áirithe taobh istigh den NSDAP féin chun frithchaipitleachais, ach má bhí, bhí éirithe le Hitler iad a choinneáil faoi smacht, rud a thaitin go mór le lucht an rachmais, ní nárbh ionadh. B'fhearr le Hitler, ar ndóigh, an milleán a fhágáil ar na Giúdaigh, seachas ar na rachmasóirí. In óráid a thug sé do Chlub Tionsclaíochta Düsseldorf sa bhliain 1932, mhol Hitler na scothaicmí caipitleacha, agus é ag rá nach dtiocfadh rath ná bláth ar eacnamaíocht na Gearmáine choíche, dá mbeadh "duine as gach beirt den tuairim gurb ionann rachmas agus gadaíocht" - tagairt a bhí anseo do na Daonlathaigh Shóisialta agus do na Cumannaigh. Na coimeádaigh náisiúnaíocha, arís, chinntigh Hitler a dtacaíocht siúd dó féin nuair a ghlac sé le Franz von Papen mar Leas-Sheansailéir. Bheadh cead ag Papen bheith i láthair agus an Seansailéir ag dul i bhfianaise an Uachtaráin. Shíl von Papen féin go mbeadh sé in ann "srianta a choinneáil le Hitler" ar an dóigh seo. Bhí dóchas ag na míleataigh go dtreiseodh Hitler leis na fórsaí armtha agus go gcuirfeadh sé Conradh Versailles ar ceal. Maidir leis na coimeádaigh náisiúnaíocha, bhí siadsan ag dréim le tuilleadh cobhsaíochta i saol polaitiúil na tíre agus le cultúr polaitiúil nua a bheadh níos cairdiúla i leith na monarcachta.

Tús na Deachtóireachta[athraigh | edit source]

San oíche idir an 27ú agus an 28ú lá de Mhí Feabhra 1933, chuaigh áras an Reichstag - is é sin, áras na Parlaiminte - trí thine. An fear a rinne é, mar atá, an tOllannach Marinus van der Lubbe, bhí barúlacha aige a raibh cuma éigin na heite clé orthu, cé gur fear mire ann a bhí thar aon rud eile. Mar sin féin, is é an chiall a bhain na Naitsithe as an scéal gur sceimhlitheoir Cumannach a bhí ann, agus iad ag éileamh cumhachtaí speisialta le feachtas sceimhlitheoireachta an Idirnáisiúntáin Chumannaigh a stopadh. D'áitigh Hitler ar an Uachtarán Hindenburg na dlíthe éigeandála a chur i bhfeidhm, rud a chuir ar chumas an tSeansailéara na cearta sibhialta bunaidh a chur ar ceal. Ní fhéadfaí na dlíthe éigeandála a choinneáil i bhfeidhm ach go sealadach, agus theastaigh ó Hitler dlíthe seasta den chineál chéanna a reachtú. Chuaigh sé i dtuilleamaí a chuid lucht leanúna sna póilíní agus sna fórsaí slándála leis na Cumannaigh agus le cuid de na Sóisialaigh Dhaonlathacha a eisiamh as an bParlaimint, le go bhféadfadh sé tromlach dhá dtrian a chinntiú dó féin agus dá chuid dlíthe speisialta. Bhí na páirtithe neamh-Shóisialacha sásta a vótaí a chaitheamh i bhfách leis na dlíthe speisialta a bhronn cumhachtaí neamhghnácha ar Hitler (Ermächtigungsgesetze nó dlíthe cumhachtaithe a thugtaí orthu as Gearmáinis).

Nuair a chuaigh na dlíthe seo um chumhachtaí speisialta do Hitler i bhfeidhm, tháinig deireadh le daonlathas Phoblacht Weimar, agus thosaigh ré na deachtóireachta, nó ré an Tríú Reich.

Má thug gróintíní na heacnamaíochta agus na tionsclaíochta tacaíocht do Hitler go saorthoilteanach roimhe seo, b'éigean dóibh, anois, tuilleadh den earra chéanna a thál air ina n-ainneoin féin. Ar an chéad lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1933, tugadh isteach an t-Adolf-Hitler-Spende, is é sin, an "bronntanas" ar Hitler. Chaithfeadh gach gnóthas nó comhlacht "bronntanais" den chineál seo a thabhairt do pháirtí na Naitsithe feasta, agus iad áirithe i gcoibhneas líon an lucht oibre a bhí ag gach gnólacht agus an oiread tuarastail a d'íoctaí leo. Idir seo agus an bhliain 1945, bhailigh páirtí na Naitsithe seacht gcéad milliún Reichsmark ar an dóigh seo, agus bhí saol an mhadra bháin ag na Naitsithe ar an ailp seo, gan aon agó.

Ba é Ernst Röhm an t-aon duine amháin a bhí in aon neasacht do bheith ábalta ollchumhacht Hitler a cheistiú faoin am seo. Ní raibh aon duine eile ag tabhairt Du in áit an cheiliúir fhoirmiúil úd Sie ar Hitler, agus thairis sin, d'fhéadfá a rá go raibh Hitler faoi chomaoin ag Röhm, a chuidigh go mór leis nuair nach raibh sé i mbéal an phobail go fóill. Bhí go leor daoine sa Pháirtí a bhí ag iompairc le Röhm faoi ghnaoi Hitler, cosúil le Heinrich Himmler, Hermann Göring agus Reinhard Heydrich, agus iad uile ag tabhairt le fios don deachtóir nach raibh Röhm iontaofa. Ar an 30ú lá de Mhí an Mheithimh, 1934, "Oíche na Scian Mór", phurgaigh Hitler a pháirtí. Maraíodh Röhm agus ceannairí eile an SA, chomh maith le sraith de ghinearáil agus daoine eile nach raibh ag taitneamh le Hitler ar chúis éigin. Cuid acu, bhí siad dáiríribh ag cur in aghaidh Hitler, ach ní raibh sa chuid eile ach Naitsithe dílse nó náisiúnaithe coimeádacha a fuair Hitler riachtanach a chur chun báis ar eagla na heagla. Mar shampla, maraíodh an Ginearál Kurt von Schleicher agus a bhean chéile, toisc go raibh von Schleicher féin ina Sheansailéir tráth, roimh lá Hitler.

I ndiaidh bhás Hindenburg ar an dara lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1934, chuir Hitler ar na fórsaí armtha mionnaí dílseachta a mhóidiú dó féin, agus ón lá sin amach, bhí sé ina Cheannaire agus ina Sheansailéir araon - is é sin, Führer und Reichskanzler.

I Mí Eanáir 1938, cuireadh Werner von Blomberg, arbh é an tAire Cogaidh é, agus an Ginearál-Choirnéal Werner von Fritsch, Ard-Cheannasaí an Chos-Slua, as oifig. Ba é an SS a tharraing callán orthu. Maidir le Blomberg, cuireadh bean óg, Erna Gruhn, in aithne dó a bhí ina hiar-striapach agus ina hiar-chuspa d'irisí pornagrafaíochta. Thit Blomberg i ngrá leis an gcailín, cé gur fear cnagaosta a bhí ann cheana féin, agus phós sé í. Ar dtús, ní raibh Hitler ná Göring míshásta ar aon nós ná slí le scéal grá an Ghinearáil, cé go bhfuil a mhuintir-sean ar an daoraí faoin bpósadh. A mhalairt ar fad, thug Hitler agus Göring in iúl do Bhlomberg gur dea-shiombail d'aontas nua na Gearmáine a bheadh ann dá bpósfadh ginearál de phór uasal cailín simplí cosúil le hErna. Níor tháinig fíor-scéal Erna chun solais ach i ndiaidh na bainise, agus ansin, bhí port Bhlomberg seinnte mar mhíleatach proifisiúnta. Maidir le Fritsch, arís, cuireadh ina leith go raibh sé ina homaighnéasach. Mar sin, d'éirigh le Hitler ceannasaithe an Airm a náiriú agus a chur as oifig, agus ina dhiaidh sin, bhí sé féin i gceannas na bhfórsaí armtha chomh maith leis an stát sibhialta.

An Ciníochas mar Pholasaí[athraigh | edit source]

Spreagadh tábhachtach do pholasaithe Hitler ab ea é an frith-Ghiúdachas a bhí meáite ar na Giúdaigh a mharú scun scan, chomh maith le leagan radacach den Darwineachas sóisialta. Ón chéad lá ar tháinig sé os comhair an tsaoil mhóir go dtí lá a bháis, ba nós le Hitler na Giúdaigh agus na "ciníocha ar bheagán fiúntais" a ionsaí ina chuid óráidíochta. Ciníocha ar bheagán fiúntais ab ea iad na Giofóga, na Polannaigh agus na Rúisigh, mar shampla. Maidir leis an Darwineachas sóisialta, tháinig sé chun solais ina chuid cainteanna faoi dhaoine a raibh galar, máchail nó easláinte orthu, agus é ag rá gur "beatha neamhfhiúntach" (lebensunwertes Leben) a bhí i gceist leo. Is é an dearcadh a bhí ag Hitler ar stair an chine dhaonna nach raibh ann go bunúsach ach síorchath ina raibh na dea-chiníocha agus an bheatha fhiúntach ag díothú na ndroch-chiníocha agus na beatha neamhfhiúntaí. Mar shampla, dúirt sé ag Ard-Fheis a pháirtí i Nürnberg sa bhliain 1929: "Dá saolófaí milliún leanbh don Ghearmáin in aghaidh na bliana, agus 700,000-800,000 duine den chuid is laige á ndíothú san am céanna, is féidir gur méadú ar ár bhfórsaí a bheadh ann."

Géarleanúint na nGiúdach[athraigh | edit source]

Ar dtús, tháinig frith-Ghiúdachas Hitler agus na Naitsithe chun solais sa dóigh a ndéantaí leatrom oscailte ar na Giúdaigh, agus a gcuid cearta sibhialta á mbaint díobh. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh an polasaí sin chun géaradais nuair a tosaíodh ar na Giúdaigh a mharú ina sluaite - an tUileloscadh, mar a thugtar air. Bhí sé tugtha le fios ag Hitler ina leabhar Mein Kampf gur theastaigh uaidh na Giúdaigh go léir a chur de dhroim an tsaoil, mar "fhuascailt dheiridh" ar an "gceist Ghiúdach". Áirítear go raibh timpeall ar shé mhilliún Giúdach ar feadh na hEorpa thíos leis an bhfeachtas ollscriosta seo.

Go gairid i ndiaidh do Hitler teacht i gcumhacht, tosaíodh ag imirt leatroim ar na Giúdaigh go fairsing. I Mí Aibreáin na bliana 1933, d'eagraigh an rialtas nua baghcat trí lá ar na siopaí Giúdacha. Is é an t-ábhar a luaigh siad leis an mbaghcat ná go raibh "na Giúdaigh sa choigríoch ag scaipeadh scéalta uafáis" faoin nGearmáin. Sna sálaí ag an mbaghcat, reachtaíodh dlíthe agus achtanna nua le tuilleadh srianta a chur le cearta daonna na nGiúdach agus le saoránaigh den dara grád a dhéanamh díobh. Mar shampla, na Giúdaigh a bhí ina státseirbhísigh, chaill siad a gcuid post i ndiaidh dlí nua, agus cuireadh isteach ar na Giúdaigh a raibh jabanna de chineál eile acu freisin. Ní raibh cead ag na dochtúirí Giúdacha, mar shampla, ach othair Ghiúdacha a leigheas, agus ní fhéadfadh na dlíodóirí Giúdacha freastal ach ar chliaint Ghiúdacha.

Sa bhliain 1935, reachtaíodh "Dlíthe Nürnberg" a bhain na cearta sibhialta de na Giúdaigh go deifnideach. Thar aon rud eile, toirmisceadh ar na Giúdaigh daoine neamh-Ghiúdacha a phósadh nó comhriachtain ghnéis a bheith acu leo. Chabhródh an stát agus an páirtí le gnóthadóirí neamh-Ghiúdacha gnóthais Ghiúdacha a shealbhú. Na Giúdaigh a bheadh le dul ar imirce, chaithfeadh siad cáin ard a íoc, i gcruth is nach mbeadh pingin rua acu agus iad ag cromadh ar an saol nua thar lear. Roimh an Uileloscadh féin, b'í Oíche na Gloine Briste (Reichskristallnacht) ón naoú go dtí an deichiú lá de Mhí na Samhna 1938 buaicphointe na géarleanúna. Rinneadh ionsaithe ar na Giúdaigh, ar a gcuid gnóthas, sionagóg agus fothuithe eile de réir mar a d'eagraigh Joseph Goebbels, an tAire Bolscaireachta, iad, agus é ag fógairt san am céanna gurbh í "fearg spontáineach an phobail" ba chúis leis na hionsaithe.

I ndiaidh don Dara Cogadh Domhanda pléascadh amach, ní ghabhfadh Hitler leor le gnáth-ghéarleanúint na nGiúdach a thuilleadh - theastaigh uaidh iad a mharú agus a dhíothú go fisiciúil. Ní raibh cead eisimirce ag na Giúdaigh a thuilleadh, agus de réir mar a bhí trúpaí na Gearmáine ag forghabháil tíortha eile, bhí géarleanúint na nGiúdach ag dul i bhfairsinge. Ón chéad lá de Mhí Mheán Fómhair 1941 i leith, chaithfeadh na Giúdaigh go léir, a bhí ní ba sine ná sé bliana d'aois, an réalta bhuí a fhuáil dá gcuid éadai ionas go mbeadh sí le feiceáil go héasca. Cuireadh srianta éagsúla le saol na nGiúdach. Ní raibh cead acu dul ar bhord na mbusanna, ná gluaisteán, raidió nó fiú madra nó cat a bheith acu. De réir a chéile, chaithfidís a seantithe agus a seanárasáin a thréigean le haghaidh a thabhairt ar na geiteonna agus na campaí géibhinn. Sa bhliain 1942, tógadh na chéad champaí díothúcháin sa Pholainn, a bhí forghafa ag na díormaí Gearmánacha: Auschwitz-Birkenau agus Majdanek. Sna campaí díothúcháin, bhí na daoine á marú mar a bheadh tionsclaíocht ann, is é sin, b'éigean dóibh dul isteach i seomraí gáis inar tachtadh iad le hidriginchiainíd ("aigéad hidricianach", "Zyklon B"). Níorbh iad na Giúdaigh amháin a bhí á marú iontu, ach Polannaigh Chaitliceacha - intleachtóirí ach go háirithe, nó níor theastaigh ó Hitler aos léinn dá gcuid féin a fhágáil ag na náisiúin Shlavacha - agus Giofóga, ach go háirithe.

Iad siúd atá ag iarraidh an tUileloscadh a shéanadh, tá siad ag áitiú nach féidir Hitler a chiontú san Uileloscadh, ós rud é nár thángthas trasna ar aon doiciméad oifigiúil ina mbeadh Hitler féin ag ordú go ndíothófaí na Giúdaigh, doiciméad a bheadh sínithe ag an deachtóir. Ón taobh eile de, tá sé soiléir go hiomlán go raibh an cinedhíothú ag freagairt dá mhianta pearsanta. Luaigh sé cinedhíothú na nGiúdach ina leabhar Mein Kampf, ag tabhairt le fios gur shíl sé gur cuidiú le cás na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda a bheadh ann dá gcuirfí na Giúdaigh chun báis san am sin, agus in óráid a thug sé don Pharlaimint (Reichstag) ar an 30ú lá de Mhí Eanáir 1939, bhagair sé go gcuirfeadh sé "cine na nGiúdach san Eoraip de dhroim an tsaoil" dá mbeadh cogadh ann. De réir mar ba chuimhin le Heinrich Himmler, d'ordaigh Hitler go pearsanta in Earrach na bliana 1941, agus é dóchasach i gcónaí go mbeadh an lá ag an nGearmáin, go marófaí na Giúdaigh go léir. Dúirt Himmler lena shuathaire pearsanta, Felix Kersten, san am céanna, roimh an ionsaí ar an Aontas Sóivéadach, nár mhór "na Giúdaigh, gach aon duine acu, a dhíothú roimh dheireadh an chogaidh. Sin é an rud atá ag teastáil ón bhFührer." Sa bhliain 1943, nuair a bhí breithlá an deachtóra á cheiliúradh, thug Himmler óráid do cheannairí an SS agus iad cruinnithe i bPosen (Poznań sa Pholainn), agus é ag trácht go hoscailte ar an Uileloscadh agus ar an dóigh a gcuirfí i gcrích é. Is éadócha go ndéanfadh sé a leithéid gan faomhadh soiléir a fháil roimh ré ón bhFührer.

Thairis sin, tá tuairiscí ann ó dhaoine a bhí i bhfianaise Hitler nuair a bhí sé ag tagairt do mhionsonraí an Uilelosctha. Dúirt a ghiolla Heinz Linge agus a aidiúnach Otto Günsche go gairid i ndiaidh an chogaidh go raibh spéis mhór aige sna seomraí gáis agus sa dóigh a n-oibrítí iad. Chuireadh Himmler mionsamhlacha agus gormchlónna de na campaí báis faoina bhráid, agus d'ordaigh Hitler "iomlán an scóid" a ligean leis na dearthóirí.

Scéim na hEotanáise[athraigh | edit source]

Más deacair féin milleán Hitler san Uileloscadh a dhearbhú, níl aon amhras ann go raibh sé ciontach go pearsanta i gcoir mhór eile de chuid na Naitsithe. I Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1939, shínigh sé an t-ordú le "scéim T4", mar a thugtar uirthi, a chur i gcrích. Mar sin, chuir sé ar chumas na ndaoine a bhí i mbun na scéime daoine a mharú a bhí easlán ó thaobh an choirp nó na hintinne de, nó "daoine nárbh fhiú a fhágáil ina mbeo" (lebensunwertes Leben), mar a deirtí i mbéarlagair na hidé-eolaíochta. "Eotanáis" nó bás faoisimh a thugtaí ar an dúnmharfóireacht seo go hoifigiúil.

Ba le Philipp Bouhler, a bhí i gceannas ar oifig phearsanta Hitler i bpáirtí na Naitsithe (Führerkanzlei), a thit sé scéim na heotanáise a thabhairt i gcrann. D'iompaigh sé tithe téarnaimh agus banaltrais ina dtithe báis. Sa Ghearmáin féin, maraíodh beagnach 190 000 duine a raibh máchail éigin orthu - titimeas, mar shampla. Tachtadh cuid acu le gás cosúil leis na cimí sna campaí géibhinn, cuid eile tugadh nimh de chineál eile dóibh, bhí dornán ann a lámhachadh scun scan, agus fágadh dream eile fós gan bia go dtí go bhfuair siad bás le hocras. Is deacair a fháil amach, cé mhéid a básaíodh ar an dóigh seo sa chuid den Eoraip a bhí forghafa ag na trúpaí Gearmánacha.

Fuair eaglaisigh sa Ghearmáin amach faoi scéim na heotanáise agus cháin siad í go poiblí - is fiú Clemens August von Galen, easpag Caitliceach Münster, a ainmniú mar dhuine acu - agus b'éigean don SS tuilleadh rúndachta a chleachtadh leis an scéim a leanúint. I ndeireadh an chogaidh, bhí duine as gach beirt de na heasláin sna tithe banaltrais agus téarnaimh curtha chun báis. Ócáid oiliúna ab ea í scéim na heotanáise do thascfhórsaí an SS le haghaidh an ródaigh a bhítí a ullmhú do na Giúdaigh.

An Téisclim Chogaidh[athraigh | edit source]

Cosúil le polaiteoirí daonlathacha Phoblacht Weimar féin, bhí Hitler ag iarraidh conradh síochána Versailles a athbhreithniú nó a chur ar ceal. Murab ionann agus iad siúd, áfach, ní raibh sé sásta le canálacha na taidhleoireachta amhán, - chuir sé an cogadh san áireamh chomh maith.

Ní raibh an cogadh ar an gclár oibre go fóill, nó bhí na cumhachtaí Eorpacha eile sásta a lán a ghéilleadh do Hilter. Mar shampla, shínigh an Bhreatain Mhór an Conradh Angla-Ghearmánach um Chúrsaí Cabhlaigh leis an nGearmáin, agus shocraigh an Pholainn conradh neamhionsaithe leis na Gearmánaigh sa bhliain 1934. Sa bhliain chéanna, d'ardaigh an Ghearmáin an buiséad cogaidh thar na srianta a cuireadh leis i gconradh síochána na bliana 1919, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh Hitler chun diúnais ar an gconradh síochána arís, nuair a ghabh fórsaí na Gearmáine na tailte dí-mhíleataithe taobh thiar den Réin. Go dtí sin, ní raibh cead isteach ag an arm Gearmánach sa chuid sin den tír. Cé go raibh an Ghearmáin ag sárú an chonartha glan oscartha leis an gcineál seo gníomhartha, níor tharraing na cumhachtaí eile aon challán.

Níor ghabh Hitler leor le hathbhreithniú Chonradh Versailles amháin, nó bhí sé inbharúla go raibh, fiú, teorainneacha na Gearmáine roimh an Chéad Chogadh Domhanda róchúng don náisiún. Cé go raibh sé ag cur béime ar an tsíocháin ina chuid óráidíochta, bhí sé ag ullmhú cogaidh cheana féin.

Nuair a fuair an sean-Uachtarán Hindenburg bás sa bhliain 1934, chuir Hitler in iúl dá chuid ginearál go raibh sé meáite an Ghearmáin a dhéanamh inniúil chun cogaidh sula mbeadh cúig bliana thart. Leis an gcuspóir seo a bhaint amach, chuir sé an coinscríobh i bhfeidhm arís sa bhliain 1935, agus an bhliain a bhí chugainn d'fhógair sé plean ceithre mblian chun treisiú leis na fórsaí armtha. Bhí athbheochan eacnamúil na Gearmáine ón mbliain 1933 ar aghaidh go mór mór i dtuilleamaí scéimeanna stáit le hobair a sholáthar, scéimeanna a bhí bunaithe ar an tseirbhís éigeantach oibre (Arbeitsdienst) agus ar an téisclim chogaidh.

Bhí meáiteacht Hitler i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh le haithint ó Mhí Dheireadh Fómhair na bliana 1933 amach, nuair a d'éirigh an Ghearmáin as na comhchainteanna dí-armála leis an mBreatain Mhór agus leis an bhFrainc. San am céanna, d'fhág an Ghearmáin slán ag Conradh na Náisiún chomh maith. Sa bhliain 1934, dhúnmharaigh na Naitsithe áitiúla Seansailéir na hOstaire Engelbert Dollfuss, agus tacaíocht acu ó Hitler, nó bhí siad ag iarraidh teacht i gcumhacht san Ostair agus an tír a nascadh leis an nGearmáin, scéim nár éirigh léi go fóill san am sin. Cosúil leis sin, bhí Hitler ag tacú le Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne ón mbliain 1936 ar aghaidh. Cuidiú tábhachtach ab ea é le Franco na heitleáin Ghearmánacha - "Léigiún na gCondar" - a chuir Hitler go dtí an Spáinn, ach is dócha gurbh é an cleachtadh cogaidh dá chuid eitleoirí ba mhó a bhí ag teastáil ón deachtóir Gearmánach. Ar an gcúigiú lá de Mhí na Samhna 1937, chuir Hitler na ginearáil in eolas a chuid pleananna cogaidh. Dúirt sé go hoscailte "gurbh é an cogadh an t-aon fhreagra ar cheist na Gearmáine", agus é ag tabhairt le tuiscint go gcaithfí an chéad seans eile a thapú leis an tSeicshlovaic agus an Ostair a ghabháil.

I Mí na Márta 1938, d'éirigh le Hitler an Ostair a iompú ina cúige Gearmánach, "Ostmark" ("Na Críocha Thoir") mar a baisteadh uirthi. I Mí Dheireadh Fómhair, d'éiligh sé go dtabharfadh an tSeicshlovaic na tailte in aice leis an teorainn - Sudeten - don Ghearmáin, ós rud é gur Gearmáinis ba mhó a bhí á labhairt ag muintir na gcríoch seo. Ós rud é go raibh conradh comhghuaillíochta ag an tSeicshlovaic leis an bhFrainc agus le Sasana, bhí cogadh ag bagairt san am sin féin. Bhí Mussolini inbharúla nach raibh an Iodáil ullamh don chogadh go fóill, agus chuaigh seisean ag déanamh idirghabhála. Dá thoradh sin, tháinig Príomh-Airí na Breataine Móire agus na Fraince, Neville Chamberlain agus Édouard Daladier, go München le haghaidh comhchainteanna le Hitler. Ní raibh siadsan den tuairim, ach an oiread, go mbeadh a dtíortha in ann ag an gcogadh, agus mar sin, bhí siad géilliúil d'éilimh Hitler. Mar sin, d'fhág siad cead aige na críocha ag an teorainn a ghabháil. Cé gur chuir Hitler urra le slándáil na Seicshlovaice, ní raibh sé mall ag briseadh a ghealltanais. I Mí na Márta 1939, chuir sé deireadh leis an tSeicshlovaic mar thír neamhspleách. Chuidigh sé leis na náisiúnaithe Slóvacacha a leath féin den tír a iompú ina "stát neamhspleách" faoi choimirce na Gearmáine - le fírinne, ní raibh an stát seo neamhspleách ar an nGearmáin ar aon nós. An chuid eile den tSeicshlovaic, hiompaíodh ina "coimirceas" í, is é sin, níor fágadh oiread is cuma an neamhspleáchais uirthi.

Nuair a bhí an tSeicshlovaic curtha de dhroim an tsaoil, dúirt Hitler in óráid a thug sé don Reichstag go raibh a dóthain tailte ag an nGearmáin anois. Mar sin féin, cúpla mí ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag éileamh go gcuirfí Danzig leis an nGearmáin - san am sin, bhí an chathair seo ina Saor-Chathair a raibh stádas an stáit neamhspleách aici. I Mí Lúnasa 1939, shínigh sé conradh - Conradh Ribbentrop agus Molotov - leis an Aontas Sóivéadach inar socraíodh go mbeadh iarthar na Polainn ag titim leis an nGearmáin dá gcuirfí "cuma nua ar na tíortha" in Oirthear na hEorpa. Nuair a chuaigh sé ag éileamh a chuid féin den Pholainn, phléasc an Dara Cogadh Domhanda amach. Ar an gcogadh seo a bhí sé meáite ón lá ar tháinig sé i gcumhacht sa Ghearmáin. An dóigh ar iompair sé é féin ón gcruinniú mullaigh i München ar aghaidh, áfach, chuaigh sé i gcion ar lucht rialtais na Fraince agus na Breataine Móire nárbh fhéidir muinín a bheith agat as Hitler. Dá dtabharfá dó an rud a bhí ag teastáil uaidh, ní bheadh sé i bhfad ag éileamh tuilleadh.

Hitler agus an Dara Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

Hitler le Benito Mussolini.

I mbreis ar dhíothú na nGiúdach, ní raibh ach aon chuspóir amháin eile ag Hitler, agus é luaite aige i Mein Kampf cheana féin, is é sin, cumhacht dhomhanda a dhéanamh den Ghearmáin. Ós rud é nach mbeadh ceachtar den dá chuid ar fáil gan an lámh láidir, bhí an cogadh ar na bacáin ó thús a dheachtóireachta. Ní raibh sé ag iarraidh na teorainneacha ó na laethanta roimh an Chéad Chogadh Domhanda a chur i bhfeidhm arís, nó bhí rud ba mhó ná sin uaidh, mar atá, Oirthear na hEorpa a choilíniú mar "spás maireachtála" (Lebensraum) don Ghearmáin. Ba é an tAontas Sóivéadach ba mhó a bheadh thíos leis na scéimeanna seo. Bhí sé ábalta an cuspóir seo a chur i bhfocail mar "chath in aghaidh an Bhoilséiveachais", rud a chabhraigh leis tacaíocht a mhealladh ó pholaiteoirí Iartharacha a raibh eagla orthu roimh an gCumannachas.

Níor thuig ceannairí Shasana agus na Fraince ach i ndiaidh ghabháltas Hitler ar an tSeicshlovaic nach raibh an cogadh in aghaidh na Gearmáine inseachanta. Thosaigh siad ag caitheamh tuilleadh airgid le téisclim chogaidh, agus iad ag iarraidh comhoibriú éigin a chur ar bun leis an Aontas Sóivéadach, ó shíl siad gurbh é an comhghuaillí nádúrtha é i gcoinne Hitler. Ní raibh cuidiú ag teacht ó Stailín, áfach. Bhí Stailín agus a Aire Gnóthaí Eachtracha, Vyacheslav Molotov, barúlach go raibh cabhair an Aontais Shóivéadaigh ag teastáil ó Shasana agus ón bhFrainc níos géire ná a mhalairt. Bhí Stailín den tuairim, fosta, go mbeadh cogadh fada tuirsiúil le cur san Iarthar, cosúil le cogadh na dtrinsí le linn an Chéad Chogadh Domhanda, agus go bhféadfadh sé a ladar a chur i gcúrsaí na hEorpa nuair a bheadh na cumhachtaí eile i ndeireadh a bpéice. Thairis sin, bhí am de dhíth air leis an Arm Dearg a atheagrú, ó bhí sé ina phraiseach i ndiaidh na bpurguithe, agus cuid mhór de na ginearáil curtha chun báis le paranóia Stailín a shásamh.

An Conradh leis an Aontas Sóivéadach[athraigh | edit source]

Molotov ag síniú an socrú neamhionsaithe idir na Naitsithe agus na Rúisigh i Moscó ar an 23 Lúnasa 1939, le Joachim von Ribbentrop agus Stailín taobh thiar de.

Bhí a lán le gnóthú ag Stailín agus ag Hitler ar an gcomhoibriú sealadach, agus ar ndóigh, cé go raibh an chuma ag teacht ar an scéal nach mbeadh cogadh eatarthu inseachanta, theastaigh uaidh é a chur ar fionraí a fhad agus ab fhéidir. Bhí Hitler ag iarraidh cogadh an dá chathéadan a sheachaint agus an Fhrainc is Sasana a chloí sula dtabharfadh sé aghaidh ar an Rúis. Mar sin féin, tháinig sé aniar aduaidh ar an saol mór ar fad nuair a shínigh Joachim von Ribbentrop, Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, conradh neamhionsaitheach leis na Sóivéadaigh ar an 23ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1939. Bhí sé leagtha amach in iatán rúnda an chonartha seo go ndéanfadh an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach deighilt ar Oirthear na hEorpa eatarthu dá dtarlódh "atheagrú na dtailte is na dteorainneacha" ansin. Anois, agus é ina mhuinín nár bhaol dó ionradh Sóivéadach ar bith, bhí deis ag Hitler cogadh a chur ar an bPolainn, ar an bhFrainc agus ar an Ríocht Aontaithe.

Nuair a bhí an conradh sínithe, ba léir do chách go raibh an cogadh ag teacht. Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh Hitler ag éileamh ar an bPolainn go dtabharfadh sí uaithi na tailte a dtugtaí "Bealach na Polainne" orthu. Is amhlaidh go raibh Oirthear na Prúise, an cúige ab fhaide thoir den Ghearmáin, scartha ón gcuid eile den tír ag an "mbealach" seo ó shíocháin Versailles i leith. Theastaigh uaidh freisin Saorchathair Danzig - an cathairstát neamhspleách - a chur leis an nGearmáin. De réir mar a hordaíodh dóibh, bhí nuachtáin na Gearmáine ag foilsiú scéalta uafáis faoi na hionsaithe agus na dúnmharuithe ar na Gearmánaigh áitiúla sa Pholainn agus ag éileamh ar Hitler teacht chun fortachta dóibh.

An Cogadh ag Tosú: An tIonradh ar an bPolainn[athraigh | edit source]

San oíche idir an lá deireanach de Mhí Lúnasa agus an chéad lá de Mhí Mheán Fómhair, 1939, stáitsigh an SS "ionsaí na bPolannach" ar an stáisiún raidió i nGleiwitz (inniu: Gliwice) in aice le teorainn na Polainne. Bhí na hionsaitheoirí ag caitheamh sainéide Arm na Polainne, ach Gearmánaigh ab ea iad ar fad. Fir de chuid an SS a bhí iontu, ach thairis sin, bhí dornán fear ann ar thug na fir ón SS "cannaí stáin" orthu: cimí ó champa géibhinn ab ea iad ar gealladh dóibh go bhfaighfidís a saoirse ar ais dá nglacfaidís páirt sa stáitsiú seo. Bhí siad ag caitheamh sainéidí Polannacha freisin. Nuair a bhí an eachtra thart, áfach, maraíodh ar an toirt iad agus fágadh ina luí in aice leis an stáisiún raidió mar "chruthúnas" gurbh é Arm na Polainne a rinne an obair. Ar an chéad lá de Mhí Mheán Fómhair, d'fhógair Hitler go raibh na Gearmánaigh faoi ionsaí ag na Polannaigh agus go raibh na saighdiúirí Gearmánacha ag cosaint a dtíre dúchais anois. Ag 4.45 a chlog réamhnóna, thrasnaigh fronta leathan de dhíormaí Gearmánacha teorainn na Polainne, agus bhí an Dara Cogadh Domhanda tosaithe.

Chuir na Polannaigh go fíochmhar in aghaidh an ionsaitheora, ach ar an 17ú lá de Mhí Meán Fómhair, mhairseáil na díormaí Rúiseacha isteach anoir, agus bhí port na Polannaigh seinnte. Mar a bhí socraithe roimh ré i gConradh Ribbentrop agus Molotov, dheighil Hitler agus Stailín an Pholainn eatarthu. Go gairid ina dhiaidh sin, d'ionsaigh na Rúisigh an Fhionlainn, a bhí fágtha acu sa Chonradh. Níor éirigh leis na díormaí Rúiseacha an Fhionlainn a chur faoi chois, áfach, agus is é an tátal a bhain Hitler as an scéal ná nach mbeadh mórán maithe i Stailín mar chéile comhraic.

Cath na Breataine[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1940, chuaigh arm Hitler ó bhua go bua. D'éirigh leis an nGearmáin sraith fhada de thíortha a chur faoi chois in Iarthar na hEorpa: an Danmhairg, an Iorua, an Bheilg, an Ollainn, Lucsamburg, agus an Fhrainc. Níor thóg sé mórán ama ar Arm na Gearmáine na tíortha seo a chloí agus a fhorghabháil.

Sa Ríocht Aontaithe, tháinig Winston Churchill in áit Neville Chamberlain faoi seo, agus é i bhfad ní ba déine i leith na Gearmáine ná a réamhtheachtaí. Bhí Churchill ag éileamh polasaí neamhghéilliúil in aghaidh Hitler ón mbliain 1933 i leith. Maidir le Hitler féin, bhí dearcadh sách cairdiúil aige ar Shasana ar dtús, nó bhí sé ag adhradh choilíneachas na Breataine Móire, agus é den bharúil gur chóir dó comhoibriú léi. Is é an tairiscint a thug Hitler do na Sasanaigh ná an domhan a dheighilt eatarthu: d'fhágfadh sé cead a gcinn agus a gcos acu ina nImpireacht féin, dá bhféadfadh sé an Eoraip a choinneáil aige féin. Cé nach raibh róchuma ar chás na Breataine Móire, dhiúltaigh Churchill glan oscartha d'aon chomhréiteach le Hitler.

I bhfómhar na bliana 1940, rinne aerfhórsa na Gearmáine, an Luftwaffe, iarracht forlámhas spéire na Breataine Móire a bhaint de na Sasanaigh. D'éirigh ina chogadh dearg idir na Gearmánaigh agus na Sasanaigh, ach sa deireadh thiar, b'iad na Sasanaigh a ghnóthaigh an cath seo - Cath na Breataine. Ba é sin an chéad uair a briseadh aon mhórchath ar an nGearmáin sa chogadh. An plean a bhí ag Hitler trúpaí Gearmánacha a chur i dtír i ndeisceart Shasana, is é sin, "Oibríocht Seelöwe", b'éigean dó é a chur i leataobh. Ina áit sin, ghlac Hitler leis nár bhaol dó Sasana i láthair na huaire, agus chrom sé ar fhíor-chuspóir a chogaidh, is é sin, an t-ionradh soir.

Ag Dul Soir[athraigh | edit source]

Ar dtús, tháinig díormaí na Gearmáine chun fortachta do Mussolini a bhí díreach ag iarraidh an Ghréig a chur faoi chois, rud nach raibh ag éirí lena chuid fórsaí. Theastaigh ó Hitler na tíortha Balcánacha go léir a fhorghabháil le taobh theas an chathéadain in aghaidh an Aontais Shóivéadaigh a choinneáil faoi smacht. Thosaigh an t-ionsaí ar an Aontas Sóivéadach - "Oibríocht Barbarossa" ar an 22ú lá de Mhí Iúil, 1941. Rinne bolscaireacht na Naitsithe idéalú ar an ionradh seo mar "chath an Iarthair in aghaidh dhorchadas na hÁise agus an Oirthir". Cuireadh béim ar leith ar chomh barbartha is a bhí na Rúisigh agus ar ról na "mBoilséiveach Giúdach" i bhforbairt an chórais Chumannaigh. Tugadh le fios, fosta, go raibh Hitler leis na Sóivéadaigh a shaoradh ó bhráca an Bhoilséiveachais, ach tríd is tríd, cogadh díothúcháin a bhí ann, an chuid is mó. Cé go raibh fórsaí armtha na Gearmáine ag comhoibriú in áiteanna le náisiúnaithe frith-Rúiseacha a raibh ag teastáil uathu a dteanga agus a gcultúr a chur chun cinn i ndiaidh dóibh saoirse a fháil ó chuingir an Aontais Shóivéadaigh, is é an plean a bhí ag Hitler na náisiúntachtaí seo a chur i ndaoirse agus an tsibhialtacht, an léamh agus an scríbhneoireacht féin a bhaint díobh sa deireadh thiar thall. Ar ndóigh, bhí Hitler meáite ar na Giúdaigh san Aontas Sóivéadach a mharú scun scan.

Ar dtús, d'éirigh le Hitler go gleoite, ach i Mí na Nollag 1941, chuaigh an fórsa ionraidh in abar nuair a bhí sé ag druidim isteach le Moscó. Faoin am céanna, d'ionsaigh an tSeapáin, comhghuaillí na Gearmáine sa Chian-Oirthear, bunáit chabhlaigh na Stát Aontaithe i Haváí, Pearl Harbor, gan súil gan choinne, agus tarraingíodh na Meiriceánaigh isteach sa chogadh. Le teann dlúthpháirtíochta leis an gcomhghuaillí, d'fhógair Hitler cogadh do na Stáit Aontaithe ar an 11ú lá de Mhí na Nollag. Ar an 19ú lá de Mhí na Nollag, ghlac sé chuige féin ardcheannasaíocht na bhfórsaí armtha. D'éirigh leis an Wehrmacht cromadh ar ais ar an ionsaí sa bhliain 1942, ach ansin, i dtús na bliana 1943, briseadh an cath ar na Gearmánaigh i Stalingrad. Ba é sin an díomua ba mhó a d'éirigh don Wehrmacht go nuige sin, agus b'ansin a casadh taoide an chogaidh in aghaidh Hitler. Ba é Hitler féin ba chiontaí sa díomua seo, nó choisc sé ar na fórsaí cúlú ó Stalingrad. Mar sin, níor tharraing siad siar in am, agus an chuid acu nach bhfuair bás sa teagmháil, ghéill siad iad féin do na Rúisigh agus cimíodh iad.

An Cogadh ag Teip ar Hitler[athraigh | edit source]

Sa bhliain chéanna, d'éirigh le heitleáin na gComhghuaillithe forlámhas spéire na Gearmáine a bhaint d'aerfhórsa Hitler, an Luftwaffe. Ansin, thosaigh na Sasanaigh ag buamáil chathracha na tíre ón aer, agus chuaigh éirleach agus ródach millteanach orthu. Is féidir cuid den mhilleán a chur ar Hitler, áfach, nó in áit aerárthaí éadroma trodaíochta a thógáil, bhí tionsclaíocht eitleán na Gearmáine ag táirgeadh buamadóirí troma nach raibh aon mhaith iontu leis na cathracha a chosaint.

Ar an 6ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1944, chuaigh fórsaí armtha na gComhghuaillithe i dtír sa Normandie in iarthar na Fraince. Bhí an Ghearmáin idir dhá chathéadan anois. Cé go raibh sé tuigthe ag Hitler chomh luath leis an mbliain 1943 go raibh an cogadh teipthe air, níor éirigh sé as. Mhair Arm na Gearmáine ag troid beag beann ar an drocháit ina raibh sé, agus Hitler ag áitiú ar na saighdiúirí gur náire shaolta a bheadh ann géilleadh don namhaid. Ní dhearna sé, áfach, ach líon na dtaismeach agus fulaingt na ndaoine a uasmhéidiú.

Sa deireadh thiar, chinn an deachtóir lámh a chur ina bhás féin. Bhí saighdiúirí na gcomhghuaillithe Iartharacha tagtha a fhad leis an abhainn úd Elbe, agus na Rúisigh istigh i mBeirlín cheana féin. Lena chuid idéanna a chur i gcrích, bhí Hitler tar éis cogadh a chur inar cailleadh timpeall is caoga cúig mhilliún duine, fiche milliún acu san Aontas Sóivéadach. Fágadh na milliúin eile ar leathchos, ar leathlámh, ar leathshúil nó faoi léan ar dhóigh éigin eile, agus tuilleadh fós ina mbaintreacha, ina ndilleachtaí nó ina bhfánaithe nach bhféadfadh filleadh ar fhód a ndúchais choíche arís. Scoilteadh an Ghearmáin féin ina dhá leath, baineadh cuid mhór tailte di a bronnadh ar an bPolainn nó a cuireadh leis an Aontas Sóivéadach, agus ba é an tAontas sin a choinnigh leath oirthir na hEorpa faoi dhiansmacht go deireadh na n-ochtóidí.

Bás Hitler[athraigh | edit source]

Ní raibh coimpléasc capaill ag Hitler riamh, agus ag druidim chun deiridh don chogadh ní raibh sláinte an deachtóra ach ag dul chun donais. Creidtear inniu go raibh galar Parkinson air, agus é ag éirí néaltraithe chomh maith. Mar sin féin, bhí sé in ann geasa agus draíocht a chur ar na daoine ina thimpeall i gcónaí. Ar an 19ú lá de Mhárta 1945, d'eisigh sé an t-ordú ar a dtugtar an Nerobefehl go coitianta, nó "ordú Nero" - ordú atá ainmnithe as Nero, Impire na Róimhe, faoina ndeirtear gur chuir sé an Róimh trí thine d'aon ogham. Is é an rud a d'ordaigh Hitler dá chuid trúpaí ná infreastruchtúr na Gearmáine a dhíothú de réir mar a bhí siad ag cúlú. Níor aithin sé ach an dá rogha: an bua nó an léirscrios. Ba leis na Rúisigh an todhchaí, dar le Hitler, agus ní fhéadfadh na Gearmánaigh, anois, ach stáitse na staire domhanda a fhágáil ina ndiaidh agus imeacht de dhroim an tsaoil go hiomlán. Ní raibh Albert Speer, Aire na Téisclime Cogaidh, in inmhe an t-ordú seo a scaipeadh i measc na dtrúpaí a thuilleadh, ós rud é go raibh na línte cumarsáide briste faoin am seo.

Ar an 22ú lá de Mhí Aibreáin, chlis a chuid néaróga ar Hitler, nuair a bhí sé ag cardáil an tsuímh mhíleata lena fhoireann thíos sa bhuncar. Bhí sé tar éis ordú a thabhairt do Felix Steiner, ginearál de chuid an SS, teacht chun fortachta do Bheirlín lena chuid tancanna. Bhí Steiner inbharúla go raibh na cúrsaí chomh dona is nach bhféadfadh sé a leithéid a dhéanamh, agus dhiúltaigh sé glan amach an t-ordú a chomhlíonadh. Bhí Hitler suite siúráilte anois go raibh sé ligthe síos ag an SS féin, agus nach mbeadh a dhath le déanamh ach féinmharú. Cé gur áitigh Martin Bormann, Wilhelm Keitel agus Hermann Göring air Beirlín a thréigean agus an fód deireanach a sheasamh in áit éigin eile, d'fhan Hitler san áit a raibh sé. Thug sé cead do dhaoine dá fhoireann éalú ón bpríomhchathair, agus d'fhág sé faoina aide de camp, Julius Schaub, a chuid doiciméad a loscadh.

Clúdach an nuachtáin Stars & Stripes, 2 Bealtaine 1945

I rith an chéad chúpla lá eile, ba é an t-ábhar ba mhó a bhí i mbéal na ndaoine i mbuncar an deachtóra ná cá raibh na Rúisigh faoi láthair agus conas a d'fhéadfá féinmharú a dhéanamh gan an iomarca a fhulaingt sula mbeidís anuas ort. Thug Hitler piollaí ciainíde do na daoine ina thimpeall lena chur ar a gcumas slán a fhágáil ag an saol seo go sciobtha. Ar an 29ú lá de Mhí Aibreáin 1945, dheachtaigh Hitler a thiomna polaitiúil agus shínigh sé uacht phearsanta. Ansin, phós sé a sheanleannán Eva Braun. An lá arna mhárach, bhain an bheirt acu greim as na piollaí ciainíde, ach scaoil Hitler piléar ina chloigeann sular thosaigh an nimh ag oibriú.

Mar a bhí ordaithe ag Hitler roimhe sin, d'fhéach Martin Bormann in éineacht le Heinz Linge (giolla pearsanta Hitler), Otto Günsche (fear de chuid an SS a bhí ina shearbhónta míleata do Hitler), agus roinnt daoine eile de lucht freastail Hitler chuige gur cuireadh na corpáin trí thine agus gur hadhlacadh na hiarsmaí. Tháinig na saighdiúirí Sóivéadacha trasna ar na hiarsmaí ina dhiaidh sin, áfach, agus haithníodh ar na fiacla gurbh iad Hitler agus Eva Braun iad. Níor nocht na Sóivéadaigh an t-eolas seo ach i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Fhuair, áfach. Is éard a tharla do chré na lánúine sin ná gur hadhlacadh in athuair í in aice le garastún Sóivéadach i Magdeburg. Sa bhliain 1970, áfach, chinntigh Yuri Andropov, ceannasaí na rúnseirbhíse úd KGB, gur dódh na hiarsmaí arís eile agus gur caitheadh san abhainn iad.

Cultas an Fhührer i Stát an Fhührer[athraigh | edit source]

Ó thús na fichiú haoise bhí sé de chlaontacht i stáit na hEorpa go léir dul le polaitíocht údarásúil fhrithdhaonlathach. Chuaigh an sruth seo i méadaíocht i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, ó bhain an cogadh agus an bochtanas a lean é mealladh as a lán daoine. Sa Ghearmáin, bhí cineál réamh-mhúnla do chultas an cheannasaí údarásúil ann: cultas an Impire. I ndiaidh an chogaidh, níor chreid aon duine san Impire a thuilleadh, ach nuair a d'imigh cultas an Impire, d'fhág sé bearna i gcroíthe a lán daoine sa Ghearmáin, agus iad ag dréim le ceannasaí láidir nua. Tháinig deachtóirí ceannasacha i gcumhacht sa Spáinn (Franco), san Iodáil (Mussolini) agus san Aontas Sóivéadach (Stailín).

Thosaigh cultas an cheannasaí sa Ghearmáin sách luath, fiú i bhfad sular shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht. Nuair a thit an tóin as ceannairc an bheoirhalla i München sa bhliain 1923, is é an tátal a bhain Hitler as an iomlán ná go gcaithfeadh sé féin dul i gceannas ar an bpáirtí agus ar an nGearmáin féin gan aon údarás eile a cheadú, ó ba é sin a chinniúint. Le fírinne ní raibh cosmhuintir an pháirtí ag súil lena mhalairt uaidh. Mar sin, b'ionann cultas an cheannasaí agus comhdhlúthú an pháirtí: de réir mar a thug na baill urraim agus dílseacht do Hitler, dúnadh na ranganna agus rinneadh dearmad de na deighiltí agus de na difríochtaí idé-eolaíocha. Na héasclínte a bhí ag scoilt an pháirtí roimhe sin, ní raibh siad tábhachtach a thuilleadh. Nuair a tháinig na Naitsithe i seilbh an stáit sa bhliain 1933, níor theastaigh uathu deachtóireacht mhíleata a dhéanamh de, ach stát ceannasach. Mar sin, d'fhéach siad chuige nach mbeadh cumhacht ar bith ag aon duine eile seachas ag Hitler: nuair a fuair an tUachtarán Hindenburg bás sa bhliain 1934, níor toghadh uachtarán nua don stát, agus sa bhliain 1938, d'éirigh na hairí rialtais as a gcuid cruinnithe, ó bhí iomlán na cumhachta ag Hitler agus ag a fhoireann pé scéal é.

Is eol dúinn gur mhair an tAontas Sóivéadach beo breis is tríocha bliain i ndiaidh bhás Stailín, nuair a bhásaigh an Tríú Reich agus Adolf Hitler féin go comhuaineach. Is é is cúis leis seo ná go raibh difríochtaí prionsabalta in eagrú praiticiúil an dá dheachtóireacht. Nó bhí Hitler ag cur a ladair i ngach cineál cúrsaí, agus é ag eisiúint a chuid orduithe agus achtanna féin faoi seo is siúd. Mar sin, ní raibh an maorlathas in ann oibriú as a stuaim féin i ndiaidh a bháis. Bhí gach duine ag fanacht le horduithe oifigiúla ó Hitler, agus nuair nach raibh Hitler ann a thuilleadh, ní raibh an córas in ann maireachtáil ní ba mhó. Bhí an caidreamh neamhoifigiúil le Hitler ní ba tábhachtaí ná slabhra oifigiúil foirmeálta an cheannais. San Aontas Sóivéadach, bhí gach duine tábhachtach tar éis scolaíocht idé-eolaíoch Chumannach a fháil, agus muinín áirithe acu astu féin go raibh siad in ann cinneadh ar an rud ceart as a stuaim féin. Sin é an rud a choinnigh an tAontas Sóivéadach ag imeacht ar feadh i bhfad i ndiaidh bhás Stailín.

Leabharliosta[athraigh | edit source]

Scannán[athraigh | edit source]

  • Michael Kloft: „12 Jahre, 3 Monate, 9 Tage“ – Die Jahreschronik des Dritten Reichs, Spiegel TV, Dokumentation/Reportage, 210 Min., Deutschland 2006

Naisc[athraigh | edit source]