Mein Kampf
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leabhair is ea é Mein Kampf (Gaeilge: Mo Chath Féin) le hAdolf Hitler, an deachtóir de bhunadh Ostarach a bhí ina cheannaire ar an nGearmáin le linn ré na Naitsithe sa tír sin. Is é is ábhar don leabhar ná dírbheathaisnéis agus smaointe polaitiúla an údair, nó an idé-eolaíocht Naitsíoch mar atá aithne uirthi inniu.
Foilsíodh an chéad imleabhar sa bhliain 1925 agus an dara ceann sa bhliain 1926. Is é is ábhar don chéad imleabhar ná saol Hitler féin, agus an dara himleabhar ag tabhairt cur síos ar an ngluaiseacht Naitsíoch. Chuidigh Rudolf Hess le Hitler an leabhar a chríochnú, ach ní luaitear mar chomhúdar é in aon eagrán den leabhar. Bhreac Hess agus Emil Maurice an chéad imleabhar síos ó bhéal Hitler nuair a bhí sé i bpríosún, agus scríobh sé an dara ceann nuair a bhí cead a chos aige arís. Rinneadh ceartuithe agus athruithe beaga ar na heagráin nua ó sin i leith, de réir mar a theastódh ó Hitler.
[athraigh] Achoimre
Seo iad na pointí tábhachtacha sa leabhar:
- Tá Hitler ag caitheamh anuas ar an Ostair mar stát, agus é den tuairim gur chóir í a chur ar ceal mar stát neamhspleách agus cúige Gearmánach a dhéanamh di.
- Tugann Hitler cur síos ar fhorbairt a chuid frith-Ghiúdachais, agus é den bharúil gur idé-eolaíocht Ghiúdach é an Marxachas.
- Forbraíonn sé "sóisialachas náisiúnta na nGearmánach" mar chosaint ar "shóisialachas idirnáisiúnta na nGiúdach", agus é ag moladh chath na gciníocha in áit cath na n-aicmí.
- Tugann sé rabhadh faoin mBoilséiveachas san Aontas Sóivéadach agus é barúlach gur chóir an Boilséiveachas a dhíothú i "gcogadh na gciníocha". Ar ndóigh, tá sé suite siúráilte gurbh iad na Giúdaigh a cheap an Boilséiveachas agus gurbh iadsan atá i gceannas ar an Aontas Sóivéadach.
- San am chéanna, tá sé den tuairim go bhfuil an Ghearmáin ag éirí róbheag ag na Gearmánaigh, agus gur chóir "spás maireachtála" (Lebensraum) a shealbhú in Oirthear na hEorpa.
- Tá sé inbharúla gurbh é an cogadh ar dhá chathéadan san am chéanna a chaill an Ghearmáin sa chéad chogadh domhanda. Le sin a sheachaint, tugann sé le fios gur chóir don Ghearmáin comhghuaillíocht a shocrú leis na Sasanaigh agus leis na hIodálaigh (is é sin, Mussolini).
- Faigheann sé locht ar an daonlathas parlaiminteach, agus é den tuairim gur chóir "stát Gearmánach ceannasaíochta" a chur ina ait.
- Thairis sin, tugann sé cur síos ar a shaol agus ar fhorbairt a ghluaiseachta go dtí an bhliain 1923, mar a chonacthas an scéal dó féin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.