Poblacht Weimar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil - Weimarer Republik. Taispeánann an mapa seo stáit uile na Poblachta. Is í an Phrúis an stát mór gorm.

Is gnách Poblacht Weimar (Gearmáinis: Die Weimarer Republik) a thabhairt ar an tréimhse ón mbliain 1919 go dtí an bhliain 1933 i stair na Gearmáine, is é sin, ó dheireadh Impireacht na Gearmáine go tús an Naitsíochais.


Brollach Ginearálta[athraigh | edit source]

Nuair a bunaíodh Poblacht Weimar, ba é an dara hiarracht a rinne na Gearmánaigh le daonlathas liobrálach a chur ar bun ina dtír dhúchais, agus an chéad iarracht ar éirigh léi, go measartha ar a laghad. (Roimhe sin, baineadh triail as i ndiaidh Réabhlóid na Márta sa bhliain 1848.) Tháinig deireadh le Poblacht Weimar, nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht pholaitiúil ab airde sa tír le deachtóireacht ollsmachtúil a chur i bhfeidhm.

Is minic a deirtear gur daonlathas gan daonlathaigh a bhí i gceist le Poblacht Weimat. Bhí, fiú, lucht a comhaimsire ag fáil an lochta seo uirthi. Níl ach cuid den cheart acu siúd a thugann creidiúint don ráiteas seo, ach mar sin féin, tagraíonn sé d'fhabhta tábhachtach i sochaí na linne sa Ghearmáin. Ní raibh páirtithe agus fórsaí polaitíochta na Gearmáine ábalta teacht le chéile faoin gcineál bunreacht ná faoin gcóras polaitiúil a bhí ag teastáil. Na forais shóisialta a fuair an phoblacht mar oidhreacht ó Impireacht na Gearmáine, cosúil leis an gcóras riaracháin agus státseirbhíse, na cúirteanna agus na fórsaí armtha, níor cuireadh luachanna an daonlathais i bhfeidhm orthu. Cé go raibh fórsaí frithdhaonlathacha ag obair ar an eite chlé freisin, ba iad antoiscigh na heite deise ba mhó a chuir an saol polaitiúil ó mhaith. Ó thús báire, chaithfeadh an phoblacht troid a chur ar na frithdhaonlathaigh ar chlé agus ar dheis. Sa deireadh thiar thall, d'éirigh leis na páirtithe frithdhaonlathacha - Páirtí Cumannach na Gearmáine (KPD) ar thaobh amháin, agus na Náitsithe (NSDAP) chomh maith leis na Náisiúnaithe Gearmánacha (DNVP) ar an taobh eile de, - tromlach na suíochán a bhaint amach sa Reichstag (parlaimint na Gearmáine).

An chuid ba mhó de na páirtithe polaitiúla sa Phoblacht, chuaigh a bhfréamha siar go laethanta na hImpireachta, cé nach raibh ach dhá pháirtí tar éis a seanainmneacha a choinneáil - is é sin, an Zentrum (an "Lár", is é sin, páirtí na gCaitliceach) agus na Daonlathaigh Shóisialta (an SPD). Bhí gach páirtí ag díriú agus ag freastal ar lucht a thacaíochta, nó ar lucht a chliantachta ab fhearr a rá, ach ní raibh aon cheann de na dreamanna éagsúla seo rófhonnmhar chun comhréitigh ná chun comhghéilliúlachta. Bhí an sainaicmeachas agus an leithleachas i réim.

Is gnách Weimarer Koalition nó Comhrialtas Weimar a thabhairt ar an trí pháirtí a bhí ag rialú na tíre i ndiaidh achtú an bhunreachta, roimh an gcéad olltoghchán. Ba iad na páirtithe seo ná na Daonlathaigh Shóisialta (SPD), na Caitlicigh (an Zentrum) agus Páirtí Daonlathach na Gearmáine (DDP). Níor éirigh leo, áfach, dearbhthromlach a bhaint amach sa Reichstag i dtoghcháin na bliana 1920, ná ina dhiaidh sin féin. I rith cheithre bliana déag na Poblachta, bhí fiche comh-aireacht éagsúla i réim, agus ní raibh tacaíocht an tromlaigh pharlaimintigh ach ag naoi gcinn acu. Sa deireadh, b'éigean don Uachtarán achtanna éigeandála a eisiúint leis an rialtas a choinneáil ag obair. An chuid ba mhó den am bhí feisirí ag aon pháirtí déag, nó ní ba mhó fiú, sa Reichstag.

Ní bhfuair an phoblacht ghearrshaolach aon dea-oidhreacht ón Impireacht:

  • Ní raibh na páirtithe ná na polaiteoirí ullamh chun dul i gceannas ar an tír. Nuair a bhí an tImpire ag rialú na Gearmáine, ní raibh beann ar bith ag an rialtas ar na feisirí, agus mar sin, ní chaithfeadh na polaiteoirí dul chun comhchainteanna le chéile le ceisteanna na gnáthpholaitíochta a fhreagairt, le hairí rialtais a roghnú as a measc féin ná le polasaithe a shocrú in éineacht. Ní raibh cleachtadh acu ar an gcineál comhair agus comhoibriú a bhíonn de dhíth i saol polaitiúil na poblachta daonlathaí.
  • Bhí an státseirbhís agus na cúirteanna i dtuilleamaí daoine ó laethanta na hImpireachta, daoine a bhí drochamhrasach i dtaobh an daonlathais mar rud. Sna cúirteanna, ba mhinic a bhí na breithiúna i bhfad ní ba déine ag gearradh pionóis do chiontóirí polaitiúla ón eite chlé ná dóibh siúd ón eite dheis.
  • Bhí na fórsaí armtha ag déanamh neamhshuime den daonlathas agus ag cloí lena ndlíthe féin. D'fhéadfá a rá gur stát eile taobh istigh den stát a bhí iontu.
  • Nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda ag druidim chun deireanais, agus cúis na Gearmáine caillte, d'fhág na fórsaí armtha an chumhacht ag na polaiteoirí sibhialrta. Ina dhiaidh sin, áfach, ba é an chuma a chuir ginearáil an Airm ar an scéal ina gcuid cuimhní cinn ná gur "sháigh an daonlathas miodóg i ndroim an Airm" le géilleadh do na naimhde, cé go raibh an bua in aice láimhe. Bhí an finscéal seo á chothú go forleathan ag na dreamanna náisiúnaíocha i ndiaidh an chogaidh, na Naitsithe go mór mór san áireamh.
  • Bhí an tír scriosta go dona ar fad i ndiaidh an chogaidh, agus srianta leis an rilíf a bhí ar fáil trí pholasaithe sóisialta. Nuair a chaill an t-airgead a luach, chaill a lán de mhuintir na tíre a maoin shaolta, agus na náisiúnaithe ag áitiú ina mbolscaireacht gurbh é an daonlathas ba chúis leis seo.

Is féidir na tréimhsí seo a aithint ar stair Phoblacht Weimar:

  • bunú na Poblachta (1918-1919)
  • blianta na géarchéime (1919-1923). San am seo, bhí an t-airgead ag cailleadh a luacha, agus rinneadh iarrachtaí éagsúla leis an daonlathas a chur ar ceal agus deachtóireacht a bhunú ina áit.
  • na Fichidí Órga (1924-1929). D'éirigh leis an nGearmáin dul chun cobhsaíochta ó thaobh na heacnamaíochta agus na polaitíochta de. Thairis sin, bhain an stát aitheantas idirnáisiúnta amach.
  • nuair a tháinig an Spealadh Mór, thosaigh an phoblacht ag saothrú an bháis, agus sa deireadh, shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht (1929-1933).

Bunú na Poblachta[athraigh | edit source]

Deireadh an Chogaidh Mhóir[athraigh | edit source]

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, tháinig sé go formhothaithe ar na náisiúin go léir chomh difriúil agus a bhí sé leis na cogaí roimhe sin. Déanta na fírinne, ní raibh glúin na laethanta sin i dtaithí cogaíochta taobh istigh den Eoraip. Ar ndóigh, ó bhí an t-impiriúlachas Eoralárnach beo bíogúil san am, bhítí ag marú bundúchasaigh san Afraic, san Áise is i Meiriceá le fada an lá anuas ar shéala teacht i seilbh a gcuid tailte-san fá choinne míntíreachais nó mianadóireachta. Ach ó bhí an bharúil ag go leor daoine, agus an t-éadan acu le hí a fhógairt go poiblí, nárbh ionann na bundúchasaigh bhrúidiúla agus na hEorpaigh shibhialta ó thaobh na daonnachta de, ní shamhlófaí d'aon duine roimh ré go bhféadfadh náisiúin na hEorpa dul in adharca a chéile agus na blianta fada a chur amú i gceann cathanna neamhthorthúla sna trinsí lán clábair, lucha agus galair thógálacha.

An cineál taithí a bhí ag na hEorpaigh ar an gcogadh, ní raibh ann ach claontaithí. Ní raibh feicthe ag an Eorpach ach an dóigh a dtéadh díormaí na dtiarnaí gealchraicneacha chun teagmhála leis na sluaite gorma: bhí an laoch geal gléigeal in ann éirleach tubaisteach a dhéanamh orthu le sailbhe amháin meaisínghunna sula raibh d'áiméar acu oiread is ga amháin a chaitheamh ina threo. Mar sin, bhí muintir na hEorpa cleachta ar an gcineál cogadh ina bhféadfadh an tEorpach a namhaid a chloí in áit na mbonn buíochas leis an mbarr armála a bhí aige ar na daoine "primitíbheacha". Níorbh í an fhulaingt gan a dhath dá barr an chéad rud a shamhlódh an tEorpach leis an gcogadh, mar choincheap, ach an bua agus an sult a bhí le baint as na torthaí. B'iad na naimhde, agus b'iad féin amháin, a d'íocfadh deachú an chogaidh agus a d'fhágfaí faoi mhéala i ndiaidh na teagmhála.

Bhí súil, mar sin, le cogadh tobann nach mbeadh i bhfad ag teacht chun réitigh. A mhalairt a thit amach, áfach, nó mar is eol dúinn, chuaigh saighdiúirí an dá thaobh in abar ar an gcathéadan thiar. Mhair siad (an chuid acu - agus ba ghann an chuid iad - nach bhfuair bás) ag lámhach a chéile bliain i ndiaidh bliana, agus i ndeireadh na dála b'iad na Gearmánaigh, na hOstaraigh agus a gcuid comhghuaillithe ba thúisce a cuireadh thar a n-acmhainn i gcomórtas seo na fadfhuilsteanachta.

Is gnách linn, agus sinn ag déanamh ár marana is ár staidéir ar an chéad chogadh domhanda faoi thionchar an dóigh a dteachaidh an darna cogadh domhanda chun críche - is gnách linn a shíleadh go raibh críochthoradh an chéad chogaidh soiléir bliain nó dhó roimh an deireadh, cosúil leis an dóigh ar briseadh an cath ar Hitler. Sa bhliain 1944, bhí sé sothuigthe ag an té a raibh breithiúnas oibiachtúil aige ar na himeachtaí nach raibh seans ar bith fágtha ag an Ghearmáin. Ach is mór idir an dá chogadh dáiríribh.

Is minic a ligtear i ndearmad go rabh cogadh an chathéadain thoir buaite ag an Ghearmáin. D'aidmhigh Léinín féin é, nuair a thoiligh sé leis an gconradh síochána a bhrúigh na Gearmánaigh air i mBrest-Litovsk i Mí na Márta den bhliain 1918. B'í an chomha gur fhág na Rúisigh uathu an Bhealarúis, an Úcráin, na tíortha Baltacha (an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin), an Pholainn agus an Fhionlainn. I gcuid de na tíortha ar a laghad, ní raibh i gceist go bunúsach ach na Rúisigh ag tabhairt aitheantais don staid de facto. Nó bhí gluaiseachtaí neamhspleáchais i ndiaidh teacht i gcumhacht ansin cheana féin, agus tacaíocht mhíleata nó mhorálta ón Ghearmáin acu.

San Fhionlainn, mar shampla, bhí na náisiúntóirí buirgéiseacha ag comhoibriú go dlúth leis na Gearmánaigh le tamall maith anuas, agus óglaigh Fhionlannacha ag troid in arm na Gearmáine, le súil is go mbainfidís úsáid ina dhiaidh sin as a raibh foghlamtha acu ag cur ruaigeadh ar na Rúisigh. - Scéal eile ar fad, áfach, nuair a tháinig siad abhaile i ndeireadh na dála, ná go bhfuair siad an tír á tréigean ag na Rúisigh cheana féin, agus na Fionlannaigh in adharca a chéile ar chúiseanna polaitíochta.

Iarracht Dheireanach Ludendorff[athraigh | edit source]

Bhí Erich Ludendorff ina Mharascal ar fhórsaí armtha na Gearmáine ar fad, agus cumhacht an deachtóra aige go praiticiúil. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogaíocht san Oirthear, bhí Ludendorff in ann a chuid saighdiúirí go léir a chruinniú ar an gcathéadan thiar, agus é dóchasach go dtiocfadh leis frithsheasmhacht na namhad san Iarthar a chloí anois agus Páras a ghabháil. Ansin, thiocfadh leis comha na Gearmáine a chur ina luí ar na Francaigh is na Sasanaigh fosta. D'oibrigh Ludendorff amach roinnt mhaith pleananna le hainmneacha galánta ardnósacha - oibríochtaí ar nós St. Georg a hAon, St. Georg a Dó, Walküre agus Mars - agus chaith sé sa tine gach a raibh de shaighdiúirí aige.

Bhí fórsaí na Gearmáine in ann ascnamh mór a dhéanamh ceart go leor, ach má bhí, ní raibh gar ann a thuilleadh, agus acmhainní na Gearmáine chomh spíonta tráite is a bhí siad cheana. Nuair a chonaic Ludendorff nár tháinig an briseadh mór a raibh sé ina thuilleamaí leis an gcogadh a bhuachan, tuigeadh dó go raibh an cluiche caillte aige, agus in áit a bheith ag brionglóidigh faoin mbua, chrom sé ar an tubaiste a theorannú, an oiread is a thiocfadh leis.

Deirtear nár theastaigh ó Ludendorff ach gnáthaimh riaracháin na tíre a fhágáil faoi pholaiteoirí daonlathacha. Mar sin, d'fhéadfadh sé féin a fhreagracht as tubaiste na Gearmáine a shéanadh agus an milleán a chur ar na sibhialtaigh. Cibé fá dtaobh de sin, caithfidh sé go raibh ginearáil ní ba siosmaidí ná eisean ag tacú le tiomnú seo an údaráis ar chúiseanna ní b'fhearr. Chreid siad go mbeadh Sasana agus an Fhrainc sásta gan an iomarca míthrócaire a imirt ar an nGearmáin i ndiaidh a maidhme, dá mbeadh rialtas daonlathach ag rialú na tíre, in áit mhaorlathas míleata an Impire.

Scéal eile fós go raibh an t-arm féin ag titim as a chéile faoin am seo. Bhí an gnáthshaighdiúir sách cliste leis an adhmad ceart a bhaint as imeachtaí an chogaidh. D'éirigh na saighdiúirí Gearmánacha amach in áiteanna sa bhliain 1918 le faobhar na réabhlóide ar a nguth. Bhí na scothaicmí traidisiúnta scanraithe roimh an réabhlóid, áfach, go háirithe ó bhí a fhios acu an ródach a bhí ag siúl ar a macasamhlacha féin sa Rúis ó tháinig na Boilséivigh i gceannas ar an tír sin.

An Réabhlóid[athraigh | edit source]

Ar dtús d'fhéach Ludendorff leis an tír a fhágáil á rialú ag lucht na heite deise, ach ní raibh siadsan in ann rabharta na réabhlóide a choinneáil siar. Bhí saighdiúirí agus lucht oibre ag bunú comhairlí féinrialtais - sóivéidí - anseo is ansiúd in aithris ar na cinn Rúiseacha. Ní raibh muintir Mhünchen i ndeisceart Caitliceach na tíre riamh róchompordach le forlámhas na Prúise Protastúnaí; chuaigh siad anois a fhad is poblacht Shóisialach a ghairm de chúige na Baváire, agus Kurt Eisner ina Uachtarán uirthi.

Ní raibh Daonsóisialaigh mheasartha Bheirlín róshásta le radacachas na mBavárach. Nuair a chonaic siad an mhonarcacht ag leá ina dtimpeall, agus iad féin sách naimhdeach i dtaobh gach cineál tástálacha radacacha sa pholaitíocht, nó mímhuiníneach astu, ní raibh de rogha acu ach seilbh a ghlacadh ar an tír iad féin, ó nach bhfuarthas aon dream eile a thuilleadh a mbeadh an sracadh fágtha iontu le triail a bhaint as. Ar an naoú lá de Mhí na Samhna, míle naoi gcéad a hocht ndéag, thug an tImpire Uilliam a Dó suas a choróin, agus é ag cur clabhsúir ar stair rítheaghlach Hohenzollern. Bhí an t-iar-Impire le deireadh a shaoil - fiche éigin bliain - a chaitheamh ina fheirmeoir fir uasail san Ísiltír.

An tUachtarán Ebert - Réabhlóidí in Éadan a Thola[athraigh | edit source]

Ba é an diallaiteoir Friedrich Ebert a rug ar halmadóir an stáit anois. Daonlathach Sóisialach de chineál sách measartha a bhí ann agus dearcadh praiticiúil aige. Cibé fá dtaobh den idirnáisiúnachas nó den tsíochánachas ar chuid thábhachtach é d'oidhreacht smaointeachais na nDaonlathach Sóisialach, d'fhan mo dhuine dílis do chúis na Gearmáine Impiriúla ar feadh an chogaidh. Bhí sé cleachtach le cuspóirí réadúla teoranta na n-oibrithe oilte proifisiúnta, an aicme a raibh baint aige féin léi, agus deireadh sé riamh go raibh fuath ar an réabhlóideachas aige mar a bheadh peaca ann. Ní daonlathach neamhchoinníollach a bhí ann ach an oiread, nó roimh an gcogadh bhí sé barúlach go rachadh bunú na poblachta sa Ghearmáin i bhfad thar fóir ó thaobh na réadúlachta polaitiúla de. Bheadh sé ní ba phraiticiúla, dar leis, leor a ghabháil leis an monarcacht, ach diansrianta an bhunreachta a chur le cumhacht an Impire. Mar sin, d'fhágfaí cead a gcinn ag na Daonlathaigh Shóisialacha oibriú ar mhaithe le tuilleadh leasuithe sóisialta a bhaint amach don lucht oibre, agus an tImpire i gcónaí ina shiombail a bhféadfadh lucht an mhíleatachais mionna a mhóidiú dó.

Ós rud é go raibh an Páirtí Daonlathach Sóisialach sealbhaithe ag lucht na measarthachta cosúil le hEbert, bhí an chuid ba radacaí de na Daonlathaigh Shóisialacha in éis an bunpháirtí (Sozialdemokratische Partei Deutschlands, SPD) a thréigean le malairt pháirtí dá gcuid féin a chur ar bun, mar atá, Páirtí na nDaonlathach Sóisialach Neamhspleách (Unabhängige Sozialdemokratische Partei Deutschlands, USPD). Ní raibh an dá pháirtí róchairdiúil le chéile, ní nárbh ionadh, ós rud é go raibh meas an tréigtheora ag cinnirí an dá dhream ar a chéile. Ina dhiadh sin féin, bhí Ebert sásta fáiltiú roimh chupla cinnire de chuid na "scoilteoirí" chuig a rialtas. Caithfear a chuimhneamh fosta go raibh an chosmhuintir Dhaonlathach Shóisialach i bhfad níos radacaí ná Ebert féin, agus iad ní ba chóngaraí do chinnirí lucht an Neamhspleáchais ina ndearcadh; arís, bhí cosmhuintir na Neamhspleách ní ba radacaí ná na cinnirí. Shíl Ebert, is dócha, go dtiocfadh leis an chuid ba mhó den eite chlé a thabhairt chun síochána agus a chur i dtreo na measarthachta tríd na Neamhspleáigh a ligean isteach.

Ag Troid an Radacachais[athraigh | edit source]

Ó bhí poblacht Shóivéadach faoi lán an tseoil sa Bhaváir cheana féin, fuair Ebert é féin i bponc go sciobtha. Ar ndóigh, ní fhéadfadh sé cead a gcinn a fhágáil ag na Baváraigh ná ag na saighdiúirí a bhí ag bagairt ceannairce ar an údarás dlisteanach. Ón taobh eile de, ní bhíodh mórán muiníne ag na Daonlathaigh Shóisialacha riamh as oifigigh choimeádacha an Airm, ná a mhalairt. Nuair a tháinig an tArd-Mháistir Ceathrún Wilhelm Groener i bhfianaise Ebert lena thacaíocht a thairiscint don tSeansailéir, ba léir nach gcuideodh sé le leithéid Ebert ach ar dianchuantar. Theastaigh uaidh go mbeadh an Seansailéir toilteanach troid a chur ar an "mBoilséiveachas" agus ar an radacachas clé - agus bhí, gan amhras - chomh maith le húdarás na n-oifigeach airm a chosaint ar na gnáthshaighdiúirí a bhí ag réabadh suaitheantais a ngradaim díobh.

Bhí Ebert sásta comhoibriú le Groener, ach má bhí, chuir an "feillbheart aicme" seo fearg ar lucht an Neamhspleáchais. I Mí na Nollag den bhliain 1918 thréig siad comhrialtas Ebert. An chuid ba radacaí de na Daonlathaigh Shóisialaigh - na Spartacaigh, agus iad ainmnithe as Spartacus, cinnire ar cheannairc mhór na ndaor sa tsean-Róimh fadó - bhí siad araiciseach chun troda agus réabhlóide, fiú, agus rinne siad iarracht dul i gceannas ar an stát i dtús na bliana 1919. Thar aon rud eile, chuaigh siad i seilbh na nuachtán lena stopadh ó fhoilsiú agus le saoirse an phreas a chur ar ceal.

Níor thaitin an chearmansaíocht seo leis an rialtas measartha daonlathach Sóisialach. Chuaigh Gustav Noske, an tAire Cosanta, i dtuilleamaí na láimhe láidre leis na Spartacaigh a chloí, agus má chuaigh, ba mhór an ródach a rinne sé. Is amhlaidh gurbh iad na Freikorps, na Saor-Chóir, an príomhfhórsa armtha a bhí ar fáil do Noske. Slua a bhí iontu a bhí sách cosúil le Dúchrónaigh Shasana in Éirinn, mar atá, iarsmaí an chathéadain a bhí cranraithe ag brúidiúlacht an chogaidh fhada, agus iad ar strae, ar bhealach, sa saol fosta. Nó bhí siad an-fhuafar i dtaobh ghluaiseacht an lucht oibre, ar ndóigh, faoi thionchar an choimeádachais thraidisiúnta, ach, thairis sin, bhí siad ag taobhú leis an smaointeachas nua-Ghearmánach freisin ina ndéantaí adhradh agus diagú ar an gcogaíocht mar mhalairt "bheoga" ar "mharbhántacht bhuirgéiseach" na síochána. Mar sin, bhí na Saor-Chóir in ann dul i bhfad thar cheasaí ag cur catha ar an lucht oibre radacach. An dóigh ar dhúnmharaigh siad Karl Liebknecht agus Rosa Luxemburg, cinnirí intleachtúla na Spartacach, ní raibh ann ach an cineál gnáthrud nach sílfeadh na fir seo mórán de.

Doirteadh Fola i München[athraigh | edit source]

In Aibreán na bliana 1919 rinne na Saor-Chóir ionsaí ar Phoblacht na Baváire i München. Bhí Kurt Eisner éirithe as an Uachtaránacht agus feallmharaithe le fada an lá, agus lucht an antoisceachais ón dá eite ag cur borradh faoin bhforéigean polaitiúil. B'iad na Cumannaigh a bhí i gceann an rialtais anois, agus iad in éis Arm Dearg dá gcuid féin a earcú is a eagrú cheana féin. Mar sin, d'éirigh ina chogadh cheart idir na Saor-Chóir agus na gardaí dearga seo, agus ba mhinic a bhí daoine neamhurchóideacha ar fad thíos leis na trioblóidí. Mar shampla, thóg na Saor-Chóir cruinniú de chumann Caitliceach in ainriocht sluachorraíola de chuid na gCumannach, agus ó b'fhearr leo gach díol drochamhrais a lámhach ná slí éalaithe a fhágáilt ag aon duine de na "ciontóirí", mharaigh siad an t-iomlán dearg acu.

Poblacht Weimar[athraigh | edit source]

Armas na Poblachta

Is léir nár chuidigh na triobloidí seo uile le meon an daonlathais a mhúscailt ná a chothú i measc mhuintir na Gearmáine. Ón taobh eile de, áfach, bhí stát, síocháin agus socrú ar na bacáin sa Ghearmáin anois, ar chúla téarmaí beagnach. Nó tháinig tionól náisiúnta le chéile i Weimar, cathair bheag in aice le Beirlín a bhfuil níos mó bainte aici le Gearmáin an chultúir ná le Gearmáin an mhíleatachais, chun stát na Gearmáine a chur in ordú arís. Thogh siad Ebert ina Uachtarán agus thosaigh siad ag dréachtáil bunreacht daonlathach don phoblacht nua. D'ainmnigh Ebert Príomh-Aire don stát, Philipp Scheidemann, agus tháinig na Daonlathaigh Shóisialacha, na Liobrálaigh agus na Caitlicigh - an páirtí udaí Zentrum nó an Lár - le chéile i gcomhrialtas a raibh tacaíocht na sluaite síoraí leis.

Tá droch-chlú ar an mbunreacht a d'achtaigh an tionól náisiúnta seo agus ar an bpoblacht - Poblacht Weimar - an stát a tháinig ar an bhfód dá thoradh. Déanta na fírinne, ní bhfuair an bunreacht seo a cheart riamh ó lucht scríofa na staire. B'é an locht ba mhó air gur fhág sé cumhachtaí móra ag an Uachtarán: d'fhéadfadh sé teacht salach ar an daonlathas trí achtanna éigeandála dá chuid féin a thabhairt uaidh chun comhairle na parlaiminte a chur ar ceal. Ón taobh eile, áfach, bhí forálacha forásacha leathanaigeanta mórchroíocha ann faoi chúrsaí ar nós córas an leasa shóisialta nó saoirse na gclómheán - cead cainte ag cách, mar a déarfá. Murar éirigh leis an bpoblacht ach go lagmheasartha, níorbh ar an mbunreacht a bhí an locht.

Scéal eile, áfach, an raibh gléas comhlíonta an bhunreachta seo ar lucht rialtais na Gearmáine, agus na himthoscaí mar a bhí siad.

Bunreacht na Poblachta[athraigh | edit source]

I ndiaidh an Olltoghcháin i Mí Eanáir 1919, chruinnigh an Comhthionól Náisiúnta Bunreachtúil an chéad uair san Amharclann Náisiúnta ar an 6 Feabhra. B'fhearr leis an rialtas Weimar mar áit chruinnithe, nó bhí Beirlín ina praiseach leis na trioblóidí i gcónaí. Thairis sin, áfach, theastaigh ón lucht rialtais béim ar leith a chur ar thraidisiún cultúrtha na Gearmáine, de rogha ar mhíleatachas na Prúise. Bhí Weimar ar maos le cultúr clasaiceach na tíre, nó bhí baint ag an gcathair leis na scríbhneoirí móra a shaothraigh litríocht na Gearmáine i ndeireadh na hochtú haoise déag agus i dtús na naoú haoise déag: Johann Wolfgang von Goethe, Friedrich von Schiller, Christoph Martin Wieland agus Johann Gottfried Herder.

Ba é Hugo Preuss a dhréachtaigh an chéad leagan den bhunreacht. Fear liobrálach ón eite chlé a bhí ann agus é ina Aire Gnóthaí Inmheánacha ní ba déanaí. Bhí clú an daonlathaigh dhochloíte air, agus suim aige i gcúrsaí an daonlathais is an bhunreachta le fada an lá. Ní raibh cách sásta le dréacht Phreuss, áfach, nó bhí an Phoblacht nua an-difriúil leis an Impireacht a bhí ann roimpi. Theastaigh ó gach dream polaitiúil a chuid spíosraí féin a chur leis an mbunreacht. Nuair a bhí sé críochnaithe, ní raibh ann ach comhréiteach nach raibh mórán sásta leis.

Thar aon rud eile, bhí Reich na Gearmáine ina phoblacht dhaonlathach anois, agus cearta an tsaoránaigh leagtha amach sa bhunreacht. Thoghfaí an pharlaimint, an Reichstag, uair in aghaidh na gceithre mblian, agus í ag reachtú na ndlíthe agus ag socrú bhuiséad an stáit. Dá mbeadh gá leis, d'fhéadfadh an Reichstag vóta mímhuiníne a chaitheamh agus Seansailéir an Reich - an príomh-aire - agus gach Aire Rialtais a scor. San am chéanna, áfach, bhí an-chumhachtaí ag Uachtarán an Reich. D'fhéadfadh sé an Seansailéir a cheapadh agus bata is bóthar a thabhairt dó. Bhí sé chomh cumhachtach i ndáiríre is go dtugtaí Ersatzkaiser nó "Impire tacair" air. Thoghfaí go ceann seacht mblian é, agus le cead an tSeansailéara, d'fhéadfadh sé foraithneacha éigeandála - dlíthe dá chuid féin - a eisiúint is a chur i bhfeidhm beag beann ar an Reichstag.

Ar an 3 Iúil 1919, d'fhaomh an Reichstag an bunreacht, agus ar an 11 Lúnasa, shínigh an tUachtarán Friedrich Ebert é. Gaireadh féile náisiúnta de lá sínithe an Bhunreachta.

Iarmhairt Versailles[athraigh | edit source]

B'iad na srianta is na smachtbhannaí eacnamaíochta ba mhó a rinne dochar do chobhsaíocht pholaitiúil na Nua-Ghearmáine. Thar aon rud eile, gearradh cúiteamh cogaidh ar na Gearmánaigh nach raibh acmhainn a íoctha i ngeilleagar na tíre. Nuair a briseadh an cogadh ar arm na Gearmáine, b'iomaí duine aonair a chaill a chuid airgid sa teagmháil, ó bhí an stát ag dul i muinín maoiniú príobháideach leis an chogadh a choinneáil ar obair, agus an státchiste á spíonadh.

Faoi dheireadh an chogaidh, mar sin, bhí ballaí na Gearmáine breac le fógráin faoi Kriegsanleihe - iasacht chogaidh. B'é ba bhrí leis an Khriegsanleihe ná go raibh an stát ag díol bannaí leis na saoránaigh aonair, ag gealladh aisíoc ar raidhse úis i ndiaidh bhua cinnte (!) na Gearmáine sa chogadh. Nuair a chuaigh den arm an "bua cinnte" sin a bhaint amach don tír, fágadh na tírghráthóirí macánta muiníneacha a thug creidiúint do sheoraí cainte na mbolscairí chomh beo bocht leis na Rúisigh úd a chonaic a gcuid coigiltis ag leá i bpirimídí airgeadais na gcneámhairí sna nóchaidí.

Mar sin, b'é ba chomhthoradh d'iasacht chogaidh an mhí-áidh agus don tsásamh airgid a bhí na Francaigh is na Sasanaigh ag iarraidh a bhaint as an Ghearmáin ná gur fágadh geilleagar na tíre sin go buan ag guagaíl.

Mar bharr ar an ainnise seo, bhí iarchinnirí an Airm ag scaipeadh ráflaí agus miotais faoin "bhfeillbheart" a "loit bua an chogaidh" ar laochra na Gearmáine. Ní raibh aon chur leis dáiríribh, nó bhí an cogadh caillte ag an nGearmáin go neamhdhébhríoch, ach ó bhí an cogadh inbhuaite go fóill chomh deireanach le tús na bliana 1918, bhí na míleataigh arda in ann a áitiú ar an náisiún go raibh an scéal amhlaidh chomh fada le Mí na Samhna, nuair a bhris an réabhlóid dhaonlathach amach sa Ghearmáin. "Bhí muid ar shéala an cogadh a bhaint", a bhí siad ag mairgnigh, "ach ansin sháith na Daonlathaigh Shóisialacha an mhiodóg sa droim orainn". Bhí na Náitsithe le téarma lárnach bolscaireachta dá gcuid a dhéanamh den t-"sá miodóige", Dolchstoss, a thug "coirpeoirí na Samhna", November-Verbrecher, don Arm, mar dhea.

Blianta na Géarchéime[athraigh | edit source]

Ó thús báire, bhí an-fhadhbanna le fuascailt ag an bPoblacht úrbhunaithe. Thar aon rud eile, bhí lucht an antoisceachais ar an eite dheis ag éirí bagrach ar an daonlathas, ach níor thaise don eite chlé é. Bhí an eite chlé radacach mishásta leis an dóigh a raibh na Daonlathaigh Shóisialta ag comhoibriú le sean-scothaicme na hImpireachta. Maidir leis an eite dheas, bhí siad ar an tseantéad ag lochtú "choirpigh Mhí na Samhna" a "sháigh an mhiodóg i ndroimh an Airm", agus iad suite siúráilte "nár rugadh bua ar an saighdiúir Gearmánach riamh i bpáirc an áir".

Ceannairc Wolfgang Kapp[athraigh | edit source]

Ba é an Kapp-Putsch - iarracht Wolfgang Kapp agus lucht a leanúna an chumhacht a shealbhú - an chéadd ghéarchéim mhór. De réir Chonradh Síochána Versailles, bhí na Saor-Chóir le scor, ach ni raibh siad sásta leis an éileamh seo. Faoi cheannas an Ghinearáil Walter von Lüttwitz shealbhaigh na Saor-Chóir foirgnimh an Rialtais i mBeirlín agus ghair siad Seansailéir den státseirbhíseach Wolfgang Kapp. D'éalaigh an rialtas dlíthiúil go Dresden agus ina dhiaidh sin go Stuttgart le teacht slán ó lucht leanúna Kapp, agus an tUachtarán Ebert ag saighdeadh an lucht oibre chun stailce leis na ceannairceoirí a stopadh.

Thit an tóin as an gcoup d'état go sciobtha, nó ní raibh na maorlathaigh arda sásta orduithe Kapp a chomhlíonadh. Maidir leis an Arm, ní raibh sé sásta a dhath a dhéanamh leis an bpoblacht a chosaint. Mar a dúirt an Ginearál Hans von Seeckt, Truppe schiesst nicht auf Truppe - "ní scaoileann trúpa ar thrúpa", is é sin, ní scaoilfeadh saighdiúirí de chuid Arm na Gearmáine urchar ar shaighdiúirí eile de chuid an Airm chéanna.

Scéal eile a bhí i gceist, áfach, nuair a d'éirigh na Cumannaigh amach sa Ruhrgebiet, is é sin, sa cheantar mhór tionsclaíochta chois Abhainn Ruhr in Iarthar na Gearmáine. Ansin, bhí idir shaighdiúirí an Reichswehr agus trodaithe deonacha na Saor-Chór ag marú rompu go cruálach.

Conradh Rapallo agus Ról Walter Rathenau[athraigh | edit source]

Ar an 16 Aibreán 1922, shínigh ionadaithe na Rúise Sóivéadaí agus na Gearmáine Conradh Rapallo - ainmnithe as áit a shínithe, Rapallo i dtuaisceart na hIodáile. Chuir an conradh seo isteach go mór mór ar na Francaigh is na Sasanaigh. Bhí sé dírithe ar threisiú le comhoibriú míleata an dá thír, agus dá réir sin, bhí Arm na Gearmáine, nó an Reichswehr, ábalta anois saighdiúirí a chur go dtí an tAontas Sóivéadach le hoiliúint a fháil in úsáid an chineál arm nach raibh ceadaithe don Ghearmáin.

Ba é Walter Rathenau, Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, a chuaigh i dteagmháil leis na Sóivéadaigh an chéad uair leis an gconradh a ullmhú. Bhí clú agus cáil air mar pholaiteoir ardchumasach, ach má bhí féin, níor shábháil a chlú é. Bhí comhcheilg ag oifigigh na heite deise le hé a mharú, rud a rinne siad ar an 24 Meitheamh 1922. Bhain an t-ainghníomh seo an-scanradh as sn bpoblacht, agus d'achtaigh an Pharlaimint an Dlí um Chosaint na Poblachta. Shíl na Feisirí gurb iad eagraíochtaí na gcrannlaochra ó na Saor-Chóir ba mhó a bhí ag iarraidh an Phoblacht a ionsaí ón eite dheis. Bhí siad ag súil go gcuirfeadh an dlí deireadh leis na heagraíochtaí seo, ach ní raibh gar ann.

Gabháil na bhFrancach ar an Ruhrgebiet[athraigh | edit source]

I dtús na bliana 1923, d'fhorghabh arm na Fraince an ceantar tionsclaíoch chois Abhainn Ruhr, an Ruhrgebiet. Ba é ba chúis leis an oibríocht mhíleata seo ná go raibh an Ghearmáin chun deiridh ag íoc éiric chogaidh leis an bhFrainc. D'áitigh an rialtas ar mhuintir an cheantair frithbheartaíocht shíochánta a dhéanamh: dul ar stailc, gan freastal ar chustaiméirí Francacha, agus a leithéid. Ar ndóigh, chuaigh na náisiúnaithe ní b'fhaide ná sin, agus iad ag dul le sabaitéireacht agus fiú le sceimhlitheoireacht mhionscála. Chloígh na Francaigh gach sórt frithbheartaíocht le lámh láidir, agus maraíodh breis is céad duine. Le rabhadh a thabhairt do na Gearmánaigh, chuir na Francaigh an mac léinn óg Albert Leo Schlageter chun báis mar loitiméir is mar spiaire, agus gaireadh mairtíreach náisiúnta de sa Ghearmáin.

Bás an Airgid[athraigh | edit source]

Bhí an fhrithbheartaíocht seo costasach go leor, nó bhí rialtas na Gearmáine ag íoc pá leis an lucht oibre a bhí ag stailceoireacht in aghaidh na bhFrancach. Mar sin, chinn Wilhelm Cuno, Seansailéir an Reich, ar thuilleadh airgid a chlóbhualadh - saol eacnamaíochta na tíre a chothú le páipéar, go bunúsach. Ba é ba toradh don bheart seo, ar ndóigh, gur chaill an t-airgeadra a luach go tiubh téirimeach.

Ní gnáthbhoilsciú a bhí ann dáiríribh, ach "bás an airgid", mar a bhaist duine de staraithe na linne air. Léim na praghasanna in airde chomh géar gasta is nach raibh muileann an airgid ag coinneáil bord ar bhord leis. Bhítí ag éileamh cúig mhilliún marg ar stampa poist, nó praghasanna a bhí ní ba mhó as compás fós. Tháinig eacnamaíocht na hiomlaoide is na babhtála in áit an airgeadra. D'imigh na difríochtaí aicme sa tsochaí, agus chuaigh iníonacha na dteaghlach sócúlach meánaicmeach á ndíol féin sa tsráid leis an ngléas beo a sholáthar dá dtuismitheoirí. Ar ndóighe, bhí na galair thógálacha (na galair ghnéis san áireamh) ag siúl ar uasal is ar íseal, nuair nach raibh luach an leighis ag ceachtar acu.

Ar an 3 Meán Fómhair 1923, gheofá deich milliún marg Gearmánach ar aon dollar Meiriceánach amháin. I ndeireadh na míosa bhí an dollar sé huaire déag ní ba daoire. Go gairid ina dhiaidh sin chaithfeá na billiúin nó na trilliúin mharg a íoc ar an dollar céanna. Bhí marg na Gearmáine ag cailleadh a luacha ó dheireadh an chogaidh i leith, ach anois, chuaigh an boilsciú thar fóir ar fad.

Ba iad na taisceoirí beaga - daoine den chosmhuintir a raibh ailp éigin airgid curtha le chéile acu in imeacht na mblianta - ba mhó a chaill ar an mboilsciú mór. Iad siúd a bhí i bhfiacha, áfach, d'íoc siad na fiacha leis an airgead gan luach. Mar sin, chuaigh an boilsciú chun leasa dóibh. Ina measc siúd, bhí gróintíní móra tionsclaíocha ar nós Hugo Stimmes, chomh maith le feirmeoirí.

Gustav Stresemann[athraigh | edit source]

Leis an tír a tharrtháil as an dubhfhaopach seo, chrom Seansailéir nua, Gustav Stresemann, ó Pháirtí Pobail na Gearmáine (Deutsche Volkspartei, DVP) ar an tír a stiúradh. Polaiteoir measartha coimeádach a bhí ann ar gaireadh Seansailéir de i bhfómhar na bliana 1923. Bhí clú an tírghráthóra chogúil air, rud a chuidigh leis i gcomhluadar na míleatach. Ón taoibh eile de, chonacthas go raibh sé sásta dearmad a dhéanamh d'fhaltanais an chogaidh le socrú is comhréiteach a lorg leis na Francaigh.

Bhí Stresemann ina Aire Gnóthaí Eachtracha an chéad uair i rialtas an pholaiteora Chaitlicigh Wilhelm Marx. Bhí sé míshásta go mór le conradh síochána Versailles, ach san am céanna, bhí sé den bharúil nach raibh sé réadúil diúltú don chonradh scun scan. Ina áit sin, ba chóir dul i dtuilleamaí na taidhleoireachta agus na modhanna oibre síochánta le maoluithe a bhaint amach ar fhorálacha an chonartha, dar leis. Mar sin, chrom sé ar an obair leis an gcaidreamh leis an bhFrainc a thabhairt chun feabhais.

Mhol Stresemann do mhuintir an Ruhrgebiet éirí as an bhfrithbheartaíocht agus thug sé isteach airgeadra nua, ar a dtugtaí an Rentenmark.

Bhí a fhios aige nach raibh na Stáit Aontaithe sásta leis an dóigh ar caitheadh leis na Gearmánaigh, agus mar sin, d'fhéach sé le comhoibriú leis na Meiriceánaigh ar mhaith leis an dá thaobh. Toradh do na hiarrachtaí seo ab ea é Plean Dawes (sa bhliain 1923). Plean a bhí ann a scoilt an cúiteamh cogaidh ina thráthchodanna inláimhsithe agus a chinntigh iasacht idirnáisiúnta airgid don Ghearmáin leis an ngeilleagar a chur ag obair arís. Sa bhliain 1925, d'éirigh éacht tábhachtach eile le Stresemann, nuair a shínigh sé Conarthaí Locarno le buaiteoirí an Chéad Chogadh Domhanda. De bharr na gconarthaí seo, bhain an Ghearmáin amach ballraíocht i gConradh na Náisiún, réamhtheachtaire na Náisiún Aontaithe.

Fuair Stresemann bás sa bhliain 1929. Ní fhaca sé an taobh eile dá chuid conarthaí. Chabhraigh Plean Dawes leis an nGearmáin teacht chuici féin go heacnamaíoch, agus thosaigh lucht gnó na Stát Aontaithe ag infheistiú go flaithiúil i ngeilleagar na Gearmáine. Nuair a tháinig modhanna nua-aoiseacha oibre agus teicneolaíocht fhorbartha ó Mheiriceá in úsáid sna monarchaí Gearmánacha, thosaigh an táirgiúlacht ag borradh go géar gasta. B'é ba toradh dó seo, áfach, gur fágadh an Ghearmáin an-spleách ar gheilleagar na Stát Aontaithe, agus nuair a thosaigh an Spealadh Mór i Meiriceá, bhí an Ghearmáin thíos leis ar an toirt.

Siúd is nach raibh an Ghearmáin slán ná sábháilte, ba chomhartha é teacht Stresemann ar an stáitse go raibh na cúrsaí ag socrú síos beagán. Ach ní raibh gealladh faoin todhchaí. Faoin am seo a tharraing Adolf Hitler an chéad challán.

An Chéad Challán a Tharraing Hitler[athraigh | edit source]

Baill de Chumann na nIarshaighdiúirí Dearga, nó Roter Frontkämpferbund, ag máirseáil trí Wedding i mBeirlín sa bhliain 1927. Ba mhinic a bhí lucht leanúna na bpáirtithe éagsúla ag cur troda ar a chéile sa tsráid i bPoblacht Weimar, agus eagraíochtaí paraimíleata speisialta ag na páirtithe le haghaidh bruíonachas sráide. Ba iad na hIarshaighdiúirí Dearga lucht bruíonachais an Pháirtí Chumannaigh. Os comhair an tslua thuas, feicimid Ernst Thälmann, cathaoirleach na gCumannach, agus Willi Leow, a bhí i gceannas ar an Roter Frontkämpferbund féin.

I ndiaidh do na Saor-Chóir an "phoblacht Shóivéadach" i München a léirscrios, is iomaí coimeadach nó frithghníomhach ón eite dheis a chuir faoi sa Bhaváir, agus iad ag scéiméireacht le chéile ansin le Poblacht Weimar a chur ar ceal, nó "leis an tír a shaoradh ó bhráca na Marxach", mar ab fhearr leo féin an scéal a chur in iúl. Nuair a chúlaigh na trúpaí Francacha ón Ruhrgebiet ar ais, cheap Rialtas na Baváire Gustav von Kahr mar Choimisinéir Ginearálta Stáit, agus bhronn siad cumhachtaí an deachtóra air.

I Mí na Samhna den bhliain 1923 rinne Hitler agus lucht a thacaíochta an chéad iarracht an chumhacht a ghabháil le láimh láidir - i München, príomhchathair na Baváire i ndeisceart na tíre. Faoin am sin, bhí an tír trí chéile i ndiaidh an chogaidh is na réabhlóide i gcónaí, agus an triúr fear is cumhachtaí sa Bhaváir, na Ginearáil Otto von Lossow agus Gustav von Kahr, chomh maith le Ceannasaí na bPóilíní, Hans von Seisser, ag diúltú Ard-Cheannasaí an Airm, Hans von Seeckt, faoina ndílseacht, cionn is nach raibh siad sásta comhoibriú le rialtas Daonlathach Sóisialach Ebert i mBeirlín. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh Lossow agus Kahr ag beartú ionradh ar Bheirlín le rialtas Ebert a ruaigeadh as an oifig chun deachtóireacht náisiúnta mhíleata a chur ina áit. Ní raibh de locht ag Hitler ar na pleananna seo ach an cuireadh nach bhfuair sé féin chuig an gcóisir, agus mar sin, chinn sé ar stocaireacht a dhéanamh.

Nuair a tháinig lucht leanúna Kahr agus Lossow le chéile i mBeoirhalla na Saoránach - Bürgerbräukeller - le cluais éisteachta a thabhairt do na ceannasaithe agus iad lena straitéis a leagan síos dá gcuid tacadóirí, mháirseáil Hitler isteach lena chuid gardaí armtha féin. Iarshaighdiúirí de chuid na Saor-Chór a bhí ann sa chuid ba mhó, agus ainm an SA, "na díormaí stoirme" nó "na díormaí ruathair", baiste ag Hitler orthu. Ba iad lámh láidir na Sóisialaithe Náisiúnta iad - nó sin é an t-ainm (NSDAP, Nationalsozialistische Deutsche Arbeiterpartei, Páirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine) a thug Hitler ar a pháirtí nuair a tháinig sé i gceannas air. Ní ábhar adhnua a bhí i ngardaí armtha de chuid páirtithe polaitíochta sa Ghearmáin sa tréimhse chorrach sin. Bhí "arm" príobháideach den chineál seo - Reichsbanner - ag na Daonlathaigh Shóisialacha féin, mar shampla.

Shealbhaigh Hitler an t-ardán agus chuaigh sa chrannóg le tús na réabhlóide náisiúnta a fhógairt don phoiblíocht. Ó bhí fios a leasa féin ag Lossow agus Kahr, ní raibh aon mhoill orthu tacaíocht a mhionnú do Hitler, bagarthach is uile mar a bhí a chuid ceithearnach ag breathnú.

Bhí comhghuaillí láidir ag Hitler le linn ghabháil seo na cumhachta - Erich Ludendorff, iar-Ard-Cheannasaí an Airm, a raibh cuid mhór saighdiúirí agus iar-shaighdiúirí dílis dó i gcónaí. Mar sin, bheadh seans éigin ag Hitler an iarracht seo féin a chumhacht a bhuanú i München go ceann tamaill mhaith, ar aon nós, murab ionann sin is a rá go dtiocfadh leis a dheachtóireacht a chur i bhfeidhm ar an tír uile, mar a bhí sé le déanamh i gceann deich mbliana. D'fhág sé áiméar, áfach, ag Lossow is ag Kahr a n-éalú a dhéanamh ó Halla na Beorach, agus go sciobtha fuair sé é féin in achrann leis na fórsaí a d'earcaigh an bheirt sin chun é a stopadh. Nuair a chonaic sé an claochlú seo ag teacht ar na cúrsaí, thit an drioll ar an dreall aige, agus b'éigean do Ludendorff é a bhladar chun a chuid fórsaí a shlógadh amuigh agus ruathar máirseála a thabhairt faoi lárionaid na cumhachta sa chathair lena thaispeáint go raibh sé i ndáiríre.

Le linn na máirseála tháinig póilíní Lossow agus Kahr in araicis fhórsaí Hitler, agus d'éirigh ina chath lámhaigh idir an dá dhream. Nuair a bhí an teagmháil thart, bhí ceathrar duine de chuid Hitler marbh, maille le triúr de na constáblaí, agus Hitler féin ag éalú béal a chinn. Chaith sé an chéad chúpla lá ar a theitheadh in Uffing, taobh amuigh de chathair Mhünchen, ach ansin rugadh air agus caitheadh i dtóin phríosúin é in oirchill na próise dlí.

Bhí Hitler i bponc anois. Ba léir go gcuirfí ardtréas ina leith, agus dá gcruthófaí a chiontacht sa choir seo - agus b'éadócha nach gcruthófaí, ó bhí a fhios ag madraí an bhaile gurbh eisean a bhí i gceannas ar na ceannairceoirí - , bheadh a chosa nite. Ba é an bás an pionós ba túisce a ghearrfaí ar réabhlóideach a bhí i ndiaidh diúltú don údarás dlisteanach agus póilíní maraithe aige. Ar an drochuair don uile dhomhan, thiontaigh sé amach nach raibh port Hitler seinnte go fóill.

I ndeireadh Mhí Feabhra den bhliain 1924 a fuair Hitler é féin os coinne an dlí i München. Bhí an t-ádh leis gurbh iad Kahr, Lossow agus Seisser príomhfhinnéithe na gcúisitheoirí. D'aithin an tuathghríosóir mór ar an toirt an gaisneas a thiocfadh leis a bhaint as seo. Ar dtús chuir sé i gcuimhne do na finnéithe, má bhí sé féin ciontach i gcoir thromchúiseach an ardtréasa, nár thaise don triúr acu féin é. Nach raibh siadsan i ndiaidh píosa maith bealaigh a chur isteach in éineacht leis féin ag tógáil uisce faoi thalamh agus ag ullmhú gabháil cumhachta go dtí gur éirigh idir é agus iadsan go gairid roimh lá an chaighdeáin? Nach raibh a gcuid féin den mhilleán orthu i gcónaí?

B'éigean don bhreitheamh a admháil go raibh an ceart ag Hitler. Nuair a chrom Hitler ar a ghnáthmhórtas a dhéanamh as an tírghrá mór a thug air páirt a ghlacadh sa cheannairc, fuair sé bá agus bualadh bos na poiblíochta, agus iad ag léiriú a dtuisceana is a dtacaíochta dó go hoscailte. Thairis sin, tharraing sé na sluaite móra iriseoirí ó gach cearn den tír go München, agus iad ag tógáil grianghrafanna is ag craobhscaoileadh an scéil ar fud na Gearmáine. Bhí ainm Hitler i mbéal an náisiúin, agus b'ansin a d'fhan sé go lá a bháis. Gaireadh laoch náisiúnta de, a bheag nó a mhór; agus ní fhéadfadh an breitheamh gan géilleadh don bhrú ó chóip na sráide. Mar sin, ní bhfuair sé ach an téarma ba ghiorra príosúnachta a bhí ar leabhar an dlí, is é sin, cúig bliana, agus le fírinne, ligeadh saor as an bpríosún é dhá lá roimh Nollaig na bliana 1924.

Na Fichidí Órga - Die Goldenen Zwanziger Jahre[athraigh | edit source]

Cé go raibh deacrachtaí éagsúla ag luí ar an bpoblacht úrbhunaithe, thosaigh na cúrsaí ag bisiú de réir a chéile. Nuair a bhí an t-airgeadra nua ann, agus na Stáit Aontaithe sásta dollair a shuncáil i ngeilleagar na Gearmáine, chuaigh an saol polaitiúil féin chun cobhsaíochta agus chun suaimhnis. Inniu, is gnách fiú "Na Fichidí Órga" nó die Goldenen Zwanziger Jahre a thabhairt ar an tréimhse seo i saol na Gearmáine.

Stresemann - fear na n-ilchonarthaí[athraigh | edit source]

Cé gur tháinig na comhrialtais nua go tiubh sna sálaí ag a chéile, ba é Stresemann a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha an t-am ar fad, agus é ag iarraidh mórtachas éigin a dhéanamh leis na Francaigh. Ar ndóigh, náisiúnaí Gearmánach a bhí ann féin, mar Stresemann, agus dá réir sin theastaigh uaidh Conradh Versailles a neamhniú, ionas go bhféadfadh an Ghearmáin conarthaí idirnáisiúnta a shíniú arís ar aon chéim leis na tíortha eile. D'éirigh le Stresemann ballraíocht a bhaint amach don Ghearmáin i gConradh na Náisiún ar dtús, agus céim eile ar aghaidh ab ea conarthaí Locarno - conarthaí a shocraigh Stresemann leis na Sasanaigh, na Francaigh, na Seicshlovacaigh agus na Polannaigh i Locarno, an Eilvéis, i Mí Dheireadh Fómhair 1925. (Ní raibh ach na comhchainteanna ar siúl i Locarno, nó síníodh na conarthaí tamaillín ní ba deireanaí i Londain.)

Faoin am seo, d'éirigh an tAontas Sóivéadach buartha faoi chomh cairdiúil is a bhí an Ghearmáin ag éirí leis na cumhachtaí Iartharacha. Le maolú ar an míchompord sin, shínigh Stresemann Conradh Bheirlín - conradh cairdeasa agus neodrachta - leis na Rúisigh i Mí Aibreáin 1926. Ní raibh mórán substainte nua ann, nó thar aon rud eile, bhí sé dírithe ar a thaispeáint do na Sóivéadaigh nach raibh na Gearmánaigh ag iarraidh an seanchara a ligean síos ná dearmad a dhéanamh de Chonradh Rapallo i ndiaidh chonarthaí Locarno.

Bhí comhchainteanna tábhachtacha idir lámhaibh ag Stresemann leis na Meiriceánaigh féin. Ba iad Conradh Briand-Kellogg - conradh frithchogaidh - agus Plean Young na torthaí ba mhó do na comhchainteanna sin. Bhí Plean Young dírithe ar cheist na héirice cogaidh a shocrú chun sástachta don dá thaobh. Bhí an eite dheis náisiúnaíoch sa Ghearmáin míshásta leis an bplean, agus d'éiligh siad go gcuirfí faoi phobalbhreith é.

Sa bhliain 1927, shínigh na Gearmánaigh conarthaí faoi chomhoibriú eacnamaíoch leis an Ungáir, an Rómáin agus an Bhulgáir. Threisigh na conarthaí seo le stádas na Gearmáine amuigh sa saol mór.

An Tír ag Dul chun Daonlathais[athraigh | edit source]

Sa Ghearmáin féin bhí Páirtí Pobail Náisiúnta na Gearmáine (DNVP, Deutschnationale Volkspartei), breá sásta dul i gcomhrialtas leis na páirtithe daonlathacha, cé go raibh an páirtí seo an-naimhdeach i dtaobh na poblachta mar rud. Nuair a ghlac na náisiúnaithe an fhreagracht seo orthu, ní raibh siad ábalta a thuilleadh vótaí a mhealladh chucu tríd an rialtas a shíorlochtú ó chúlbhinsí an fhreasúra - mar a deir an Ghaeilge, is maith an t-iománaí an fear ar an gclaí. Nuair a chonaic na vótóirí an t-"iománaí" sin i mbun an "chluiche" faoi dheoidh, chaill sé na vótaí go tiubh tapaidh. In olltoghchán Mhí na Nollag 1924, ní bhfuair páirtithe náisiúnaíocha na heite deise ach naoi gcéad míle vóta - is é sin, bhí milliún vóta caillte acu ón toghchán deireanach go dtí sin i Mí na Bealtaine sa bhliain chéanna.

Hindenburg ina Uachtarán[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1925, toghadh an seanghinearál Paul von Hindenburg ina Uachtarán ar an bPoblacht. Wilhelm Marx a bhí ar an iarrthóir eile, agus é ag fáil tacaíochta ó na páirtithe a bhí ar an gcéad chomhrialtas i ndiaidh bhunú na Poblachta - is é sin, páirtithe Chomhrialtas Weimar, nó na Daonlathaigh Shóisialta (SPD), na Daonlathaigh Ghearmánacha (DDP) agus na Caitlicigh (Zentrum). Chuir feachtas toghchánaíochta Hindenburg béim ar an náisiúnachas agus ar an bhfrith-Shóisialachas, agus bhí cuid mhór daoine sa Ghearmáin buartha faoi thodhchaí an daonlathais sa tír dá vótálfaí Hindenburg isteach.

Bás Ebert[athraigh | edit source]

Faoin am sin, bhí Ebert, an chéad Uachtarán, tar éis bháis cheana féin. Chuir an eite dheis ina leith go raibh tréas déanta aige nuair a ghlac sé páirt i stailceanna i rith an Chéad Chogadh Domhanda. Tharraing na líomhaintí seo an-challán, agus faoi bhrú an challáin, buaileadh Ebert breoite le haipindicíteas - athlasadh na haipindice. Ní dheachaigh sé ar lorg leighis in am, agus mar sin, fuair sé bás.

Ceist na Brataí[athraigh | edit source]

Comhartha ab ea é bua Hindenburg go raibh an tír ag bogadh ar dheis. Mar sin féin, ní raibh an tUachtarán nua ag iarraidh an phoblacht a chur ar ceal. Sa bhliain 1926, d'eisigh sé an Forógra um Bratach na Gearmáine, inar cheadaigh sé do na longa Gearmánacha seanbhratach na hImpireachta (dubh, bán agus dearg) a úsáid in éineacht le bratach na Poblachta (dubh, dearg agus órga, cosúil le bratach na Gearmáine inniu). Ní raibh i gceist le forógraí den chineál seo go bunúsach ach siombaileachas, áfach.

An Clampar faoi Mhaoin na bPrionsaí[athraigh | edit source]

Bhí clampar mór ann sna blianta 1925 agus 1926 nuair a bhí ceist an Cheannaigh Éigeantaigh i mbéal an phobail. I ndiaidh an chogaidh choigistigh an Stát maoin shaolta na dteaghlach prionsúil, ach níor cuireadh an ceannach éigeantach i bhfeidhm ar an maoin seo. Chuir a lán de na prionsaí Gearmánacha an dlí ar an stát lena gcuid fáltais a fháil ar ais, agus tríd is tríd bhí breithiúna coimeádacha na gcúirteanna claonta chun fabhrú do na prionsaí. Mar sin, chuir Páirtí Daonlathach na Gearmáine (DDP) bille faoi bhráid na parlaiminte, bille a chuirfeadh ar chumas na stát aonair sa Ghearmáin an chonspóid faoi cheannach éigeantach na maoine prionsúla a shocrú beag beann ar an dlí. Ansin chuaigh na Cumannaigh i dtuilleamaí na forála sa bhunreacht a cheadaigh go gcuirfí acht nua faoi phobalbhreith. Thacaigh na Daonlathaigh Shóisialta le tionscnamh seo na gCumannach.

De réir an bhille a dhréachtaigh na Cumannaigh, bhainfí na tailte de na tiarnaí talún gan cúiteamh ar bith a íoc leo, agus ansin, roinnfí ar na scológa iad. Nuair a cuireadh an bille seo faoi phobalbhreith, áfach, bhaghcatáil páirtithe na heite deise an vóta. Iad siúd a rachadh ag caitheamh vótaí, d'fhéadfaí a bheith cinnte go mbeidís ag vótáil i bhfách leis an mbille. Mar sin, ina lán áiteanna ní raibh príobháideacht ná rúndacht ar bith ag roinnt leis an vótáil. Dá dheasca sin, ní bhfuair an bille an dearbhthromlach a bhí de dhíth le hé a chur ar leabhar na reacht. Iad siúd a chaith vóta, bhí a bhformhór mór ag tacú leis an mbille, ach staon dhá dtrian de na vótóirí ón nguthaíocht scun scan.

Bhí córas na bpobalbhreitheanna in ann treisiú leis an daonlathas, agus san am chéanna, dochar a dhéanamh dó. Ó thaobh amháin de, chuir sé ar chumas na sluaite móra páirt a ghlacadh i rialú na tíre agus i gcinneadh na gcomhairlí tábhachtacha. Ón taobh eile de, áfach, rinne sé neamhshuim den chóras pharlaiminteach agus bhain sé den mhuinín a bhí ag na daoine as an ngnáthpholaitíocht.

Tríd is tríd ní dheachaigh saol polaitiúil na Poblachta chun suaimhnis ach beagáinín sna Fichidí Órga féin. Ní raibh tacaíocht an tromlaigh sa Pharlaimint ach ag dhá chomhrialtas, agus ní raibh mórán cobhsaíochta sna comhrialtais tromlaigh seo ach an oiread. Níor mhair comhrialtas ar bith ó olltoghchán go holltoghchán. Ní raibh ciall ag na páirtithe do leas na tíre go léir - ní raibh siad ag freastal ach ar lucht a vótála. Bhí éagobhsaíocht struchtúrtha ag baint leis an trádáil leis na tíortha coimhthiocha fosta, agus an tír ag brath ar na creidmheasanna Meiriceánacha. Nuair a cailleadh na creidmheasanna, thit an tóin as an ngeilleagar.

Bás na Poblachta[athraigh | edit source]

Nuair a fuair Gustav Stresemann bás i Mí Dheireadh Fómhair 1929, ba tuar tubaiste é do Phoblacht Weimar. I bpáirtí na Náisiúnaithe (DNVP) bhí na frithdhaonlathaigh ag rith damhsa faoi cheannas Alfred Hugenberg, an gróintín mór nuachtán. I gcomhar le Hitler agus le Franz Seldte ón Stahlhelm ("An Clogad Cruach", garda armtha an DNVP), d'éiligh Hugenberg pobalbhreith sa bhliain 1929 faoi Phlean Young, plean eacnamaíoch na Meiriceánach le cuidiú le geilleagar na Gearmáine. Níor éirigh leis an bpobalbhreith an plean a chur ar ceal, ach ar a laghad chabhraigh sí leis na Naitsithe gnaoi na mbuirgéiseach coimeádach a fháil.

An Spealadh Mór[athraigh | edit source]

Ba é an Spealadh Mór áfach a thug an pholaitíocht chun radacachais i bPoblacht Weimar. Bhí an Ghearmáin thíos le géarchéim mhór na heacnamaíochta i bhfad ní ba mheasa ná an chuid eile den Eoraip. I ndiaidh thuairt an stocmhalartáin sa Wall Street, chaill an Ghearmáin na creidmheasanna Meiriceánacha agus na Stáit Aontaithe ag iarraidh a ngeilleagar féin a chosaint trí dhleachtaí nua custaim a ghearradh ar earraí iompórtáilte - rud a rinne an-dochar do thrádáil na Gearmáine leis na Meiriceánaigh. Chuaigh an dífhostaíocht chun donais sa Ghearmáin go luath láithreach, agus an caighdeán maireachtála á ísliú dá réir. Nuair a tháinig deireadh le Poblacht Weimar sa bhliain 1933, bhí sé mhilliún duine fágtha iomarcach sa Ghearmáin de réir na staitisticí oifigiúla féin. Bhí cuid mhór daoine nach raibh acu ach an íosmhéid a choinnigh an dé iontu. San am chéanna ní rabhthas ábalta comhrialtas cobhsaí a chur i dtoll le chéile don tír, agus an pharlaimint, an rialtas agus an tUachtarán ag iompairc le chéile. Bhí síor-ghéarchéim rialtais ag luí ar an tír, agus na páirtithe radacacha cosúil leis na Naitsithe ag dul ó neart go neart ó thoghchán go toghchán.

Seansailéireacht Bhrüning[athraigh | edit source]

I Mí na Márta 1930 thit an Comhrialtas Mór, agus an Daonlathach Sóisialta Hermann Müller ina Sheansailéir air - thit sé as a chéile faoi ardu beag ar an liúntas dífhostaíochta. Ina dhiaidh sin cheap an tUachtarán Hindenburg an pholaitíocht Chaitliceach (ó pháirtí na gCaitliceach, Zentrum) Heinrich Brüning ina Sheansailéir. An comhrialtas a chuir Brüning i dtoll le chéile, ní raibh sé i dtuilleamaí tacaíochta ón bparlaimint, ó ba leor tacaíocht an Uachtaráin de réir bhunreacht Weimar. Go bunúsach chaith Brüning amach na polaiteoirí Daonlathacha Sóisialta, agus an rialtas ag claonadh i dtreo na heite deise, mar a theastaigh ón Uachtarán.

I Mí Mheán Fómhair 1930 d'éirigh leis na Naitsithe cuid mhór vótaí breise a fháil. Bhí siad ar an dara páirtí ba mhó sa Pharlaimint anois, agus 18,3 % de na vótaí acu. Anois ní raibh fiú tromlach ag páirtithe an Chomhrialtais Mhóir sa pharlaimint agus dá réir sin bhí radacaigh an dá eite Aag baint a ngaisneasa as an bparlaimint le haghaidh bolscaireachta in aghaidh an daonlathais.

Idir an dá linn ní raibh feabhas ar bith ag teacht ar an ngeilleagar. Bhí an tóin ag titim as an státchiste, nó nuair nach raibh jabanna ag na daoine ní raibh siad ag íoc cánacha leis an Stát ach an oiread. San am chéanna bhí an éiric chogaidh le híoc mar sin féin. Dá thoradh sin b'éigean na cánacha a ardú agus na tuarastail a ísliú. Ní raibh na ceardchumainn sásta le hísliú na dtuarastal, agus mar sin bhí stailceanna agus trioblóidí oibreachais ag bagairt. Sa deireadh d'fhuascail an Stát ceist na dtairifí pá trí choimisiún eadrána a cheapadh a shocraigh na cúrsaí oibreachais beag beann ar na ceardchumainn i dtuilleamaí na reachtaíochta éigeandála. Ar ndóigh níor seachnaíodh coimhlintí oibreachais nó bhí idir stailceanna agus fhrithdhúntaí ann thall is abhus.

Bhí muintir na Gearmáine ag baint deireadh súile den daonlathas, ní nárbh ionadh. Cuireadh an ghéarchéim eacnamaíochta i leith na Poblachta, go háirithe nuair a d'ardaigh an rialtas na cánacha uair i ndiaidh a chéile sa bhliain 1930 le nach bhfolmhófaí an státchiste go hiomlán. Bhí an eite dheis ag éileamh go gcuirfí "fear láidir" i mbun na gcúrsaí, agus deachtóireacht Chumannach ag teastáil ó antoiscigh na heite eile.

Agus ceart go leor bhí an fear láidir ar fáil - Adolf Hitler. Bhí na Naitsithe ábalta Hitler a dhíol leis na vótóirí mar "fhear láidir" den chineál a bhí de dhíth, agus iad sciliúil go maith ag baint úsáide as gléasra nua-aimseartha toghchánaíochta. Bhí Hitler ag ionsaí an "chórais", an System, is é sin, an daonlathas, na páirtithe agus an bunreacht féin. (Nuair a bhí an daonlathas curtha ar ceal sa Ghearmáin, ba nós leis na hóráidithe Naitsíocha Systemzeit nó "tréimhse an chórais" a thabhairt ar bhlianta Phoblacht Weimar.)

An Bruíonachas Polaitiúil[athraigh | edit source]

Ar an eite chlé bhí na Cumannaigh ag déanamh an-dul chun cinn. D'éirigh siad láidir sa pharlaimint, agus lucht a leanúna ag cur troda ar na dreamanna polaitiúla eile amuigh sna sráideanna. Nó faoin am seo bhí a eagraíocht chatha ag gach páirtí polaitíochta, agus iad ag cothú catha is ag beochan bruíne is brilsce direach mar a bheadh cogadh cathartha ar na bacáin. Thug na Naitsithe an Roinn Ruathair - an Sturmabteilung nó an SA - ar a n-eagraíocht troda féin, agus is é an t-ainm a bhí ar eagraíocht na gCumannach ná Roter Frontkämpferbund - Conradh Troda an Chathéadain Dheirg. Bhí eagraíocht den chineál seo ag na Daonlathaigh Shóisialta féin - an Reichsbanner Schwarz-Rot-Gold ("Bratach Dhubh, Dhearg agus Órga an Reich"). Is follasach gur mhinic a chuir na Naitsithe tús leis an mbruíonachas, ach san am chéanna bhain siad leas as na troideanna sráide ina gcuid bolscaireachta, agus iad ag áitiú gurbh é Hitler an "dóchas deireanach" agus an t-aon duine amháin a bheadh in ann an tsíocháin a chur ar bun sa tír arís.

Fronta Harzburg agus Uachtaránacht Hindenburg[athraigh | edit source]

Ar an 11 Deireadh Fómhair 1931 chuaigh náisiúnaithe na heite deise le chéile in eagraíocht ar ar thug siad Fronta Harzburg. Bhí siad meáite ar chath a chur ar rialtas Brüning. Tháinig an Fronta le chéile i mBad Harzburg i stát Braunschweig, áit a raibh an-tionchar ag na Naitsithe ar an rialtas áitiúil. Ba iad na Naitsithe, páirtí na Náisiúnaithe (DNVP), an Stahlhelm, cumann na dtiarnaí talún (Reichslandbund) agus an Cumann Uile-Ghearmánach (Alldeutscher Verband) na heagraíochtaí a chuaigh le chéile san Fhronta. Ní raibh mórán fad saoil i ndán don Fhronta, ó thit sé as a chéile i gceann bliana, agus iarrthóirí difriúla don Uachtaránacht á dtacú ag balleagraíochtaí an Fhronta sa chéad toghchán eile. - Mar fhreagra, bhunaigh na heagraíochtaí a bhí dílis don Phoblacht an Fronta Iarainn.

Sa bhliain 1932, bhí Uachtarán nua le toghadh don Phoblacht. Tipiciúil go leor ní raibh aon duine den triúr iarrthóirí ina dhaonlathach. Bhí Ernst Thälmann, Adolf Hitler agus Paul von Hindenburg ann, an chéad duine acu ina Chumannach, an dara duine ina Naitsí, agus an tríú duine ina fhear mhíleata ag seasamh don eite dheis thraidisiúnta. Bhí na páirtithe daonlathacha, na Daonlathaigh Shóisialta san áireamh, ag tacú le Hindenburg mar rogha an dá dhíogha.

Seansailéireacht Franz von Papen[athraigh | edit source]

Maidir le Brüning, thug Hindenburg bata is bóthar dó, nó níor thaitin a chuid polasaithe eacnamúla le tiarnaí talún Oirthear na Gearmáine, an grúpa polaitíochta ar bhain an tUachtarán féin leis. Tháinig Franz von Papen i gcomharbas ar Bhrüning ansin. Polaiteoir Caitliceach ab ea é Papen agus é ina bhall sa Zentrum, ach bhí sé ní b'fhaide ar an eite dheis ná an chuid ba mhó den pháirtí - bhí sé ina fhrith-Chumannach láidir, agus an-eagla air roimh an Aontas Sóivéadach. Le cead ón Uachtarán scoir Papen an pharlaimint. I Mí Iúil 1932 toghadh parlaimint nua agus vótáladh 230 Naitsí agus 89 Cumannach isteach. Anois, bhí antoiscigh an dá chineál ábalta bac a chur ar obair na parlaiminte go hiomlán. Ní raibh le déanamh ag Papen ach an pharlaimint a scor arís.

Bhí olltoghchán nua ann i Mí na Samhna 1932. Chaill na Naitsithe cuid de na vótaí a fuair siad sna toghcháin roimhe sin, ach ina dhiaidh sin féin, ní bhfuair na páirtithe daonlathacha tromlach mór sa pharlaimint an iarracht seo ach an oiread. D'éirigh Papen as an tSeansailéireacht nuair a fuair sé amach nach mbeadh an tArm sásta tacaíocht a thabhairt dó le rialtas deachtóireachta a chur ar bun.

Seansailéireacht Kurt von Schleicher[athraigh | edit source]

Ba é an Ginearál Kurt von Schleicher, go dtí seo Aire Cosanta na Gearmáine, a chuaigh i gceannas ar an rialtas anois. Bhí pleananna dá chuid féin aige leis an tír a shábháil. Go bunúsach theastaigh uaidh fronta fairsing polaitíochta a chur ar bun a shroichfeadh ó eite chlé na Naitsithe (is é sin, Gregor Strasser agus lucht a leanúna) go dtí na ceardchumainn, ach níor éirigh leis ach oiread le Papen. Ar an 28 Eanáir 1933 b'éigean do Schleicher féin an tSeansailéireacht a fhágáil uaidh.

Le fírinne, bhí na náisiúnaithe coimeádacha ag déanamh uisce faoi thalamh ina aghaidh. I dtús Mhí Eanáir bhí Papen, Hitler agus an baincéir Kurt von Schröder i dteagmháil le chéile ag pleanáil chomhrialtas na heite deise. Bheadh na náisiúnaithe agus na Naitsithe ag rialú na tíre in éineacht, agus Hitler ina Sheansailéir. Thairis sin, bheadh beirt Naitsithe eile ann, mar atá, Wilhelm Frick agus Hermann Göring, ach d'fhágfaí an chuid eile de na Ranna Rialtais faoi náisiúnaithe coimeádacha.

Adolf Hitler ina Sheansailéir[athraigh | edit source]

Bhí Hindenburg ina sheanfhear cheana féin, agus ní raibh sracadh ann le dul in aghaidh na bpleananna seo, cé go raibh sé sách míshásta leis an smaoineamh go ngairfí Seansailéir an Reich de Hitler. I ndiaidh an iomláin ní raibh in Hitler ach "ceannaire Ostarach" nach raibh dúchas uasal ná ardchéimíocht mhíleata ag baint leis. hÁitíodh ar an Uachtarán áfach go mbeadh Airí coimeádacha an Rialtais ag coinneáil súile ar Hitler, ionas nach rachadh sé thar fóir.

Ar an 30 Eanáir 1933 ceapadh Adolf Hitler ina Sheansailéir ar an nGearmáin. Ba é sin deireadh Phoblacht Weimar, mar is gnách a rá.

Cén Fáth ar Thit an Tóin as an bPoblacht?[athraigh | edit source]

Is deacair deireadh Phoblacht Weimar a chur síos d'aon chúis amháin. Níorbh é an bunreacht ná an Spealadh Mór ná an dearcadh frithdhaonlathach a bhí fairsing sna fórsaí armtha, sa státseirbhís agus sna cúirteanna, ná pearsantacht Hitler féin ba phríomhábhar le bás na Poblachta. Maidir le Hitler, bhí a pháirtí ag cailleadh vótaí cheana, nuair a chuaigh sé i gceannas ar an nGearmáin. D'fhéadfá a rá gur thapaigh sé an deis ar an nóiméad deireanach.

Ní féidir a rá nach bhféadfadh na Gearmánaigh an deachtóireacht a sheachaint, ach tríd is tríd, is é tuairim na staraithe ná nach ndearna aon pháirtí i bPoblacht Weimar a dhicheall leis an tír a shábháil. Bhí na páirtithe agus na gníomhaithe polaitiúla ag tochras ar a gceirtlíní beaga féin in áit a bheith ag smaoineamh ar chomhleas na tíre is a muintire. Shíl na coimeádaigh go bhféadfaidís Hitler a choinneáil faoi smacht agus a n-úsáid féin a bhaint as. Ón taobh eile de, níor éirigh go rómhaith leis na daonlathaigh aon dara rogha a chur ar fáil a gcreidfeadh na daoine inti.

Nuair a bhí Hitler ceaptha ina Sheansailéir, ní raibh na páirtithe daonlathacha ábalta cur le chéile. Fiú i bpáirtí na gCaitliceach, Zentrum, bhí cuid de na polaiteoirí barúlach nár mhiste dul i gcomhrialtas leis na Naitsithe, dá dtiocfadh tairiscint den chineál sin ó Hitler. Maidir le Kurt von Schleicher, theastaigh uaidhsean an pharlaimint a scor gan lá an olltoghcháin nua a shocrú, rud nár thaitin le Hindenburg, ó bhí sé ag dul in aghaidh an bhunreachta. Níor phléigh Schleicher na féidearthachtaí eile a bhí ann lena rialtas a choinneáil i mbun na gcúrsaí beag beann ar an bparlaimint. Is amhlaidh go raibh bealach éalaithe eile aige. Bhí a leithéid de choincheap ann agus "vóta cuiditheach mímhuiníne". Is é sin, dá gcaithfeadh an pharlaimint vóta mímhuiníne in aghaidh chomhrialtas Schleicher, d'fhéadfadh Hindenburg diúltú don vóta mímhuiníne. Ó nach raibh an pharlaimint ábalta aontú le chéile faoi chomhrialtas ab fhearr ná an ceann a bhí ag rialú na tíre, d'fhéadfadh Hindenburg a rá nach raibh an vóta mímhuiníne "cuiditheach". Ansin, d'fhágfaí rialtas Schleicher i gceannas ar an tír go dtí go mbeadh an pharlaimint ábalta vóta mímhuiníne a chaitheamh ina aghaidh a bheadh "cuiditheach" sa chiall seo. Níor baineadh triail as an rogha seo, cé go raibh comhairleoirí Schleicher tar éis an cleas seo a mhíniú is a mholadh dó.

Cúiseanna le bás na Poblachta, de réir mar a thuig an staraí sóisialta Detlef J. Peukert an scéal
An Meon Frithdhaonlathach Ní raibh traidisiún daonlathach sa tír.
Mar sin, is iomaí duine a ghlac leis an daonlathas mar rud a tháinig ón gcoigríoch agus a cuireadh i bhfeidhm ar an tír ar an t-aon chúis amháin gur chaill an Ghearmáin an Chéad Chogadh Domhanda.
Bhí aicmí ceannais na tíre drochamhrasach go leor i leith an daonlathais mar rud, agus eagla orthu roimh an gCumannachas.
Scoilteadh an Lucht Oibre Bhí na Cumannaigh agus na Daonlathaigh Shóisialta ag cur catha ar a chéile in áit a bheith ag cur in aghaidh na Naitsithe.
Níor thuig siad in am cé chomh dainséarach is a bhí na Naitsithe
Laigí Struchtúrtha an Chórais Pholaitiúil Bhí na prionsabail éagsúla ag teacht salach ar a chéile sa bhunreacht.
Bhí an pharlaimint lag.
Bhí córas na dtoghchán bunaithe ar an ionadaíocht chionmhar.
Bhí de chumhacht ag an Uachtarán neamhshuim a dhéanamh den pharlaimint go hiomlán agus é ag eisiúint orduithe éigeandála.
Conradh Síochána Versailles Níor éirigh leis na hiarrachtaí an Conradh a leasú.
Bhí na Naisithe ag caitheamh anuas ar an gConradh.
Rinne an cúiteamh cogaidh an-dochar do gheilleagar na Gearmáine.
An Spealadh Mór Bhí an ghéarchéim eacnamaíoch ag siúl an domhain go léir.
Chuaigh an dífhostaíocht chun cearmansaíochta.
Bhí an iomarca brú á chur ar chóras an leasa shóisialta.
Bhí cuid mhór den mheánaicme i nguais a seanstádas a chailleadh.
Na Naitsithe Níor ghlac na páirtithe eile bagairt an Naitsíochais i ndáiríre.
Bhí na Naitsithe ag déanamh bolscaireachta go fial fairsing.

Cultúr na Gearmáine i mBlianta na Poblachta[athraigh | edit source]

Áirítear blianta Phoblacht Weimar ar ceann de na tréimhsí is cruthaithí i stair chultúrtha na Gearmáine. I dtús na Poblachta, bhí tionchar an eispriseanachais le haithint ar na healaíona agus ar an litríocht i gcónai. Sa chúig bliana ab fhearr i saol na Poblachta, bhí an Neue Sachlichkeit i gceannas ar an gcultúr, agus nuair a thosaigh an Spealadh Mór, chrom na scríbhneoirí ar leabhair chriticiúla réadúla a scríobh faoi shaol na ndaoine le linn na géarchéime. Áirítear na húdair úd Bertolt Brecht, Alfred Döblin, Lion Feuchtwanger, Erich Kästner, Thomas Mann, Heinrich Mann, Carl von Ossietzky, Erich Maria Remarque, Kurt Tucholsky, Franz Werfel, Arnold Zweig, agus Stefan Zweig ar scríbhneoirí móra Gearmáinise na linne.

D'fhorbair an scannánaíocht freisin. Chuala an saol comhaimseartha iomrá ar Cabinet des Dr. CaligariMetropolis. Scannán gan focail a bhí i gCabinet des Dr. Caligari ("Caibinéad an Dochtúra Caligari") agus é ag tabhairt cur síos ar choireanna sraithmharfóra. Ba é Robert Wiene a stiúraigh é, agus ceann de scannáin mhóra an eispriseanachais Ghearmánaigh atá ann. Maidir le Metropolis, scannán tostach eile a bhí ann a tharraing súil an tsaoil mhóir ar an nGearmáin. Ba é Fritz Lang a stiúraigh é, agus níos déanaí, chuaigh sé go Hollywood le bheith ar duine de mháistrí móra an film noir.

San ailtireacht, chuir Walter Gropius tús le stíl an Bauhaus i Weimar. Scoil ailtireachta i Weimar ab ea é an Bauhaus (an "Teach Tógála") agus í ag iarraidh an ailtireacht a iompú ina craobh ealaíontóireachta. Bhí stíl an Bauhaus ar ceann de na sruthanna ba tábhachtaí i bhfoirgníocht na fichiú haoise.

Ealaíontóirí[athraigh | edit source]

Scríbhneoirí[athraigh | edit source]

Scríbhneoirí Éadroma[athraigh | edit source]