Egon Erwin Kisch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir agus iriseoir Gearmáinise de phór Ghiúdach a bhí in Egon Erwin Kisch, a rugadh i bPrág ar an 29 Aibreán 1885 agus a fuair bás san áit chéanna ar an 31 Máirta 1948. Chaith sé tréimhse fhada dá shaol sa tSeicshlovaic neamhspleách, agus Seicis líofa aige, ach is trí mheán na Gearmáinise a scríobh sé a chuid saothair. Bhí sé ar na daoine ba mhó a d'fhorbair modhanna oibre na hiriseoireachta iniúchaí, agus is é an leasainm a bhí air ná Der rasende Reporter - "An Tuairisceoir ar Buile".