Lion Feuchtwanger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lion Feuchtwanger
Stamps of Germany (DDR) 1974, MiNr 1945.jpg
Stampa i gcuimhne Lion Feuchtwanger
Dáta breithe 7 Iúil, 1884
  München, An Ghearmáin
Dáta báis 21 Nollaig, 1958
  California, SAM
Gairm Úrscéalaí, drámadóir

Scríbhneoir Giúdach Gearmánach a bhí i Lion Feuchtwanger, a saolaíodh ar an 7 Iúil 1884 i München agus a fuair bás ar an 21 Nollaig 1958 i bPacific Palisades in aice le Los Angeles. Lena lá féin, bhí sé ar duine de na scríbhneoirí Gearmáinise ba mhó a léití.

A Shaol[athraigh | edit source]

Rugadh Lion do lánúin réasúnta saibhir, nó bhí monarcha margairín ag a athair, Sigmund Feuchtwanger. Johanna née Bodenheim ab ainm is sloinne dá mháthair. Bhí sé i mbun pinn ó bhí sé ina bhuachaill óg, agus thabhaigh a iarrachtaí liteartha duais dó sula raibh a chuid scolaíochta críochnaithe. I ndiaidh na scrúduithe ardteistiméireachta sa bhliain 1902, chuaigh sé ag staidéar na staire, an léinn Ghearmánaigh agus na fealsúnachta in ollscoil München agus, ina dhiaidh sin, i mBeirlín. Bhain sé amach céim an dochtúra sa bhliain 1907 le tráchtas faoi Der Rabbi von Bacherach, úrscéal neamhchríochnaithe a d'fhág Heinrich Heine ina dhiaidh. Thréig sé an ollscolaíocht ina dhiaidh sin, áfach, nó bhí sé bréan breoite den fhrith-Ghiúdachas sna ciorcail acadúla.

Sa bhliain 1908, bhunaigh sé iris chultúrtha, Der Spiegel ("An Scáthán"; níl baint dá laghad ag an gceann seo leis an nuachtiris Der Spiegel atá ann inniu, nó ba é Rudolf Augstein a bhunaigh an ceann sin i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda), agus tháinig an chéad eagrán amach ar an 30 Lúnasa sa bhliain chéanna. D'éirigh le Feuchtwanger an iris a choinneáil ag imeacht go ceann leathbhliana, ach ansin, chuir sé ar ceal í mar fhoilseachán neamhspleách. Chumaisc sé Der Spiegel leis an iris Die Schaubühne a bhí á foilsiú ag Siegfried Jacobsohn, intleachtóir óg Giúdach eile. Sa bhliain 1912 phós Feuchtwanger cailín Giúdach darbh ainm Marta Löffler. Rugadh iníon dóibh go gairid ina dhiaidh sin, ach cailleadh go luath í.

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, chuaigh Feuchtwanger sna saighdiúirí chomh maith le duine, ach theip a shláinte air, agus scoireadh ón arm é. Casadh Bertolt Brecht air i mbliain dheireanach an chogaidh, agus bhí an bheirt fhear cairdiúil le chéile ó sin i leith. Nuair a phléasc an réabhlóid amach sa Ghearmáin i ndeireadh na bliana sin, áfach, bhí Feuchtwanger ag éileamh le tinneas, agus ní raibh baint aige le himeachtaí na réabhlóide.

D'éirigh lena chuid drámaí ina dhiaidh sin, ach mar sin féin, b'fhearr leis úrscéalta stairiúla a scríobh. Bhreac sé síos an t-úrscéal Jud Süss i dtús na bhfichidí, ach ó bhí an t-úrscéal ag plé le ceist íogair an fhrith-Ghiúdachais, ní raibh aon teach foilsitheoireachta sa Ghearmáin féin sásta é a chur i gcló. Níor foilsíodh an leabhar ach sa bhliain 1925. (Spéisiúil go leor, scannánaíodh an leabhar i mblianta an Naitsíochais le caoinchead Goebbels, ach is léir gur bhain na Naitsithe a gcasadh féin as an scéal.) Scríobh Feuchtwanger an t-úrscéal Die hässliche Herzogin Margarete Maultasch ("An bandiúc míofar Margarete Maultasch") go gairid i ndiaidh Jud Süss, agus tháinig an ceann sin i gcló sa bhliain chéanna is a críochnaíodh é, 1923.

Jud Süß le Feuchtwanger (1925)

Shocraigh Feuchtwanger síos i mBeirlín sa bhliain 1925, agus thosaigh sé ag breacadh síos a thríolóige faoi na Giúdaigh in Impireacht na Róimhe - saothar a bhí bunaithe ar na himeachtaí ar scríobh an staraí Giúdach Flavius Josephus fúthu. Bhí saoldearcadh iltíreach ag Feuchtwanger, rud a thug sé le fios sa tsraith faoi Josephus freisin, agus ní raibh sé sásta tacaíocht a léiriú d'aon chineál náisiúnachais - an náisiúnachas Giúdach san áireamh. Fuair sé locht ar an Marxachas agus ar ábharachas stairiúil an Mharxachais freisin.

D'aithin Feuchtwanger an dainséar a bhí i Hitler agus sa Naitsíochas go luath, roimh aon duine eile a d'fhéadfá a rá. Dá réir sin, bhí na Naitsithe barúlach go raibh Feuchtwanger ar duine de na naimhde ba mhó a bhí acu i saol intleachtach na Gearmáine. Sa bhliain 1932, chuaigh Feuchwanger go dtí na Stáit Aontaithe le léachtóireacht a dhéanamh thall ansin. Nuair a bhí sé ag filleadh, bhí na Naitsithe tar éis an chumhacht a ghabháil sa Ghearmáin, agus mar sin, níor tháinig sé ach go dtí an Fhrainc, áit ar chuir sé faoi go ceann tamaill. Ba léir go mbeadh sé dainséarach dó teorainn na Gearmáine a thrasnú anois. Nuair a chuir na mic léinn na leabhair "fhrith-Ghearmánacha" trí thine sa bhliain 1933, dhóigh siad saothar Lion Feuchtwanger chomh maith le scríbhinní Sigmund Freud, Alfred Döblin, Albert Einstein, Ödön von Horvath agus a lán eile. Ar a laghad, d'fhéadfadh Feuchtwanger a mhaíomh go raibh sé i gcuideachta ardchéimiúil. Spreag na himeachtaí seo é chun a úrscéal Die Geschwister Oppermann ("Clann Oppermann") a scríobh.

Ón mbliain 1933 ar aghaidh, bhí cónaí air i Sanary-sur-Mer ar chósta theas na Fraince, áit ar chuir a lán Gearmánach eile fúthu a bhí tar éis éalú ó dheachtóireacht Hitler. Bhí Feuchtwanger ina shuí go te ansin, toisc go raibh ceannach maith ar a chuid leabhar i dtíortha an Bhéarla. San am seo, bhí sé ag éirí míshásta le tíortha an Iarthair, agus é inbharúla nach raibh siad ag déanamh a dhath ar bith le Hitler a stopadh, agus thosaigh sé ag ceapadh nach bhféadfadh sé a bheith dóchasach ach amháin as an Aontas Sóivéadach. Sa bhliain 1936 chuaigh sé go dtí an tAontas Sóivéadach le súil mhuintir na tíre a tharraingt ar a chuid saothar, ó bhí siad díreach ag dul i gcló ansin san am. Mar chineál íocaíocht as an bhfáilte fhial fhlaithiúil a fuair sé ansin, scríobh sé leabhar faoin teideal Moskau 1937 ("Moscó sa bhliain 1937") inar chosain sé an ghéarleanúint a bhí ag dul ar "lucht leanúna an Trotscaíochais" san Aontas Sóivéadach. Fuair Arnold Zweig, Franz Werfel, agus Bruno Frank locht ar an leabhar agus ar Stailíneachas an scríbhneora, agus ina dhiaidh sin, chuaigh sé rite le Feuchtwanger saoránacht na Stát Aontaithe a bhaint amach, agus a leithéid seo de leabhar foilsithe aige.

D'fhoilsigh sé úrscéal aorach faoin teideal Exil ("Deoraíocht"), agus é ag lochtú na n-intleachtóirí Gearmánacha a d'fhan sa bhaile i ndiaidh do Hitler teacht i gceannas ar an tír.

Nuair a d'ionsaigh na trúpaí Gearmánacha an Fhrainc sa bhliain 1940, b'éigean do Feuchtwanger an tír sin a thréigean chomh tapaidh agus ab fhéidir. Ar dtús, d'imtheorannaigh na Francaigh i Les Milles é, in aice le hAix-en-Provence. Ó bhí na Gearmánaigh ag ascnamh leo go luath, tugadh Feuchtwanger agus na Gearmánaigh imtheorannaithe eile go dtí Nîmes, áit ar cuireadh i bpubaill iad. Le cuidiú na consalachta Meiriceánaí i Marseille, áfach, smuigleáladh amach é, agus i ndiaidh dó na míonna fada a chaitheamh i Marseille, tugadh go dtí na Stáit Aontaithe é faoi choim, áit a bhfuair sé tearmann agus dídean. Chaith sé an chuid eile dá shaol i gCalifornia, agus ó scannánaíodh a chuid leabhar, bhí sé ag saothrú go maith ar na cearta scannánaíochta.

I ndiaidh an chogaidh, bhí fadhbanna áirithe aige leis na húdaráis Mheiriceánacha, ó bhí an Seanadóir Joseph McCarthy agus lucht a leanúna drochamhrasach i leith na n-intleachtóirí ón eite chlé.

Go gairid roimh a bhás, scríobh sé leabhar nua faoi théamaí Giúdacha, Die Jüdin von Toledo ("An bhean Ghiúdach ó Toledo"). Bhí sé den tuairim freisin go raibh stát Iosrael ag teacht isteach go háisiúil ag na Giúdaigh a raibh tearmann ag teastáil uathu sa domhan frith-Ghiúdach. Sa bhliain 1953, bhronn Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine - an Ghearmáin Chumannach - a Duais Stáit air le haitheantas a thabhairt d'fhrith-Fhaisisteach cháiliúil a raibh luí aige leis an gCumannachas, cé nach raibh lucht rialtais an stáit sin róshásta leis go raibh Feuchtwanger ag plé lé ceisteanna an Ghiúdachais ina chuid leabhar.

Buaileadh Feuchtwanger breoite le hailse na nduán sa bhliain 1957. Chuaigh sé faoi scian na ndochtúirí, ach ní raibh siad in ann é a tharrtháil.

Saothar[athraigh | edit source]

Úrscéalta[athraigh | edit source]

  • Der tönerne Gott, 1910
  • Jud Süß, München 1925. Úrscéal é seo faoi Joseph Süss Oppenheimer, ISBN 3-7466-5600-1
  • Die häßliche Herzogin ("An Bandiúc Míofar"), Beirlín 1923
  • Tríológ na Feitheamhlainne. Sraith trí úrscéal atá ann agus í ag plé leis an nGearmáin "i bhfeitheamhlann an Uilelosctha".
    • Erfolg. Drei Jahre Geschichte einer Provinz ("An Rath. Trí bliana i stair chúige"), Beirlín 1927-30, ISBN 3-7466-5606-0
    • Die Geschwister Oppermann ("Clann Oppermann"; tháinig an leabhar amach faoin teideal Die Geschwister Oppenheim freisin), Amstardam 1933, ISBN 3-7466-5607-9 - is é is ábhar don úrscéal seo ná an dóigh a rabhthas ag géarleanúint na nGiúdach sa tríú Reich i ndiaidh do na Naitsithe an chumhacht a ghabháil
    • Exil ("An Deoraíocht"), 1937-39, ISBN 3-7466-5022-4; is é is ábhar don cheann seo ná saol na dteifeach polaitiúil ón nGearmáin san Fhrainc.
  • Tríológ Josephus, sraith úrscéalta faoi Flavius Josephus, an staraí Giúdach:
    • Der jüdische Krieg ("An Cogadh Giúdach"), 1931-32, ISBN 3-7466-5602-8
    • Die Söhne ("An Chlann Mhac"), 1934-35
    • Der Tag wird kommen ("Tiocfaidh an Lá"), 1939-41
  • Der falsche Nero ("Nearó Bréige"), 1936
  • Die Brüder Lautensack ("Deartháracha Lautensack"), 1941
  • Simone, 1943. Scéal Simone Planchard, cailín cúig bliana déag a ghlac páirt sa ghluaiseacht frithbheartaíochta in aghaidh na Naitsithe san Fhrainc
  • Die Füchse im Weinberg ("Na Madraí Rua san Fhíonghort"), 1944-46. Úrscéal é seo faoin meath a tháinig ar an ancien régime san Fhrainc roimh an réabhlóid.
  • Venedig (Texas) ("An Veinéis i dTexas"), 1946, Nua-Eabhrac, Aurora-Verlag
  • Goya oder der arge Weg der Erkenntnis ("Goya, nó an Bealach Garbh go dtí an Tuiscint"), Frankfurt/Main 1951. Úrscéal stairiúil atá ann, ach tá tagairtí ann do ré McCarthy sna Stáit Aontaithe. D'éirigh go gleoite leis an úrscéal seo sna Stáit.
  • Narrenweisheit oder Tod und Verklärung des Jean-Jacques Rousseau ("Críonnacht an Abhlóra, nó Bás agus Athrú Gné Jean-Jacques Rousseau"), 1950-52
  • Die Jüdin von Toledo ("An Bhean Ghiúdach ó Toledo"; foilsíodh sa bhliain 1955 sa Ghearmáin faoin teideal Spanische Ballade, "An Bailéad Spáinneach"; tháinig an leabhar i gcló an chéad uair sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1954, ISBN 3-7466-5621-4
  • Jefta und seine Tochter ("Iaftá agus a Iníon"), 1955-57

Dírbheathaisnéis[athraigh | edit source]

  • Moskau 1937 : Ein Reisebericht für meine Freunde ("Moscó sa bhliain 1937: leabhar taistil do mo chuid cairde"). Amsterdam: Querido Verlag, 1937. - Cuireadh an leabhar in athchló go minic, m. sh. i dteach foilsitheoireachta Aufbau i mBeirlín sa bhliain 1993, ISBN 3-7466-0168-1.
  • Unholdes Frankreich ("An Fhrainc Uafásach"), 1942 (níos deireanaí faoin teideal Der Teufel in Frankreich, "An Diabhal san Fhrainc"), ISBN 3-7466-5018-6. Cur síos é seo ar an saol a bhí ag Feuchtwanger san Fhrainc i gcamp imtheorannaithe Les Milles sa bhliain 1940, agus na trúpaí Naitsíocha ag druidim isteach.