An Spealadh Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grianghraf cáiliúil ó thréimhse an Spealta Mhóir: Migrant Mother le Dorothea Lange (1936). Florence Owens Thompson (1903-1983) is ainm don bhean ar an bpictiúr seo. Rugadh in Oklahoma í, ach nuair a tháinig an Spealadh Mór ansin, chuaigh sí agus a muintir go California ar lorg oibre, in éineacht leis na sluaite de mhuintir Oklahoma. Faoin imirce inmheánach chéanna a scríobh John Steinbeck a úrscéal clúiteach Grapes of Wrath. Ní raibh Florence ach trí bliana déag is fiche nuair a tógadh an pictiúr seo, ach tá searbhas na seanaoise le léamh ar a gnúis cheana féin.

Cúlú eacnamaíochta ab ea é an Spealadh Mór (Béarla: Great Depression) a thosaigh i ndiaidh thuairteáil an stocmhalartáin ar an 29ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, 1929, nó ar an Máirt Dhubh, mar a thugtar ar an lá cinniúnach sin freisin.

Más sna Stáit Aontaithe a thosaigh an Spealadh Mór, ní raibh an cúlú eacnamaíochta seo i bhfad á leathadh go dtí an Eoraip. Rinne an Spealadh Mór an-dochar do na tíortha tionsclaíochta chomh maith leis na tíortha tearcfhorbartha a bhí beo ar easpórtáil na n-amhábhar. Chuaigh an tráchtáil idirnáisiúnta go mór mór ar gcúl, chomh maith le hioncam na ndaoine aonair agus an stáit, leis na praghsanna agus le brabús na ngnólachtaí. Bhí na cathracha ar fud an domhain thíos leis an gcúlú, go háirithe má bhí a muintir i dtuilleamaí na tromthionsclaíochta le haghaidh ioncaim. Tháinig deireadh leis na hoibreacha tógála ina lán tíortha. Rinneadh damáiste nár bheag don fheirmeoireacht agus do na ceantair thuaithe fosta, nuair a thit praghsanna na mbarraí síos go 40-60%.

B'iad na mianadóirí agus lucht leagtha na gcrann ba mhó a d'fhulaing, áfach, ó bhí an t-éileamh ar a gcuid táirgí ag cúlú go sciobtha, agus iad ar beagán roghanna eile fostaíochta. Bhí sé difriúil i dtíortha éagsúla an uair a tháinig deireadh leis an Spealadh. An chuid ba mhó de na tíortha, chuir siad scéimeanna rilífe i bhfeidhm, agus is iomaí tír ina raibh na cúrsaí polaitíochta ag dul chun géireadais, agus na páirtithe antoisceacha ar chlé agus ar dheis ag éirí níos láidre ná roimhe sin. Bhí an daonlathas thíos leis an bhforbairt seo, agus tháinig deachtóireachtaí ar an bhfód in áiteanna.

Ag titim in umar na haimléise de réir a chéile[athraigh | edit source]

Is minic a thagraítear don Spealadh Mhór mar a bheadh tuairteáil thobann ann, ach le fírinne, is fearr a rá gur de réir a chéile a tháinig an meath ar eacnamaíocht na Stát Aontaithe. Bhí fuadach ar an stocmhargadh i dtús na bliana 1930, ach d'fhill an margadh ar an leibhéal ó thús na bliana 1929 i Mí Aibreáin, beagnach 30 % faoi bhun an leibhéil ó Mhí Mheán Fómhair 1929. Bhí caiteachas an rialtais agus na ngnólachtaí ní b'airde sa chéad leath den bhliain 1930 ná sa bhliain roimhe sin, ach san am céanna, thit caiteachas na ngnáth-thomhaltóirí le 10 %, ó bhí cuid mhór acu tar éis a lán airgid a chailleadh sa stocmhargadh. Ón samhradh 1930 ar aghaidh, bhí triomach trom ag déanamh dochair do cheantair mhóra talmhaíochta na Stát Aontaithe, rud a chuir leis an gcúlú eacnamaíochta.

In earrach na bliana 1930, bhí an creidmheas saor, ach ba leasc leis na daoine tuilleadh fiacha a ghlacadh orthu i bhfianaise na neamhchinnteachta airgeadais. I mBealtaine 1930, ní rabhthas ag ceannach an oiread de ghluaisteáin agus a bhíothas sa bhliain 1928. Thosaigh na praghsanna ag dul i laghad, ach choinnigh na tuarastail a seanleibhéal go dtí an bhliain 1931. B'iad na ceantair thalmhaíochta, mhianadóireachta agus chearchallóireachta ba mhó a bhí thíos leis. Bhí praghsanna na mbarraí talmhaíochta ag titim go géar gasta, agus ní raibh malairt jabanna ar fáil do na mianadóireachta ná do lucht leagtha na gcrann. B'é cúlú eacnamaíocht Mheiriceá a tharraing síos geilleagar na dtíortha eile, ach ansin, b'iad na coinníollacha áitiúla a d'fhág an tír seo níb fhearr nó ní ba mheasa as ná an tír úd eile. I ndeireadh na bliana 1930, bhí na cúrsaí ag dul chun donais go dostoptha, go dtí gur sroicheadh umar na haimléise i Márta 1933.

Na Cúiseanna[athraigh | edit source]

Cuid den ghnáthshaol is ea iad na timthrialla gnó nuair nach féidir an soláthar agus an t-éileamh a chothromú le chéile. Cúis conspóide agus imní is ea í an cheist, cén fáth a n-iompaíonn meathlú den ghnáthchineál, ar cuid nádúrtha de gach timthriall é, ina spealadh mór. Níl na scoláirí ar aon fhocal faoi dhearbhchúiseanna an spealta ná faoi cé chomh tábhachtach a bhíonn siad i gcomparáid le chéile. Tá dlúthbhaint ag míniú na gcúiseanna leis an gceist, conas is féidir spealadh mór a sheachaint amach anseo, agus mar sin, bíonn tuairimí polaitiúla na scoláirí ag imirt a dtionchair ar an anailís a dhéanann siad ar imeachtaí na staire. Ceist níos cuimsithí atá ann fós, cé acu an saormhargadh nó na rialtais ba mhó ba chiontaí. Ar theip an margadh, nó an ea nach raibh na rialtais ábalta teip na mbanc a chosc agus na torthaí - an scaollcheannach agus trá an tsoláthair airgid - a stopadh roimh ré? Iad siúd a chreideann gur chóir don stát ladar a chur i gcúrsaí an gheilleagair, cuireann siad an milleán ar an margadh, iad siúd a chreideann sa saormhargadh, is dóigh leo gurbh é an rialtas a rinne praiseach de.

Na teoiricí atá ann inniu, is féidir trí phríomhdhearcadh a aithint thar a chéile iontu. Thar aon rud eile, tá an eacnamaíocht Chlasaiceach cheartchreidmheach ann, is é sin, an teoiric airgeadaíochais, an Scoil Ostarach, agus an teoiric Nua-Chlasaiceach. Cuireann na teoiricí seo an bhéim is mó ar thorthaí macreacnamaíochta an tsoláthair airgid agus an tsoláthair óir. B'é an t-ór ba chúltaca dá lán airgeadraí roimh an Spealadh Mór.

An dara cineál teoiricí, is iad na teoiricí struchtúrtha iad, na teoiricí Céinseacha ach go háirithe, chomh maith le teoiricí na heacnamaíochta institiúidí. Cuireann na teoiricí seo béim ar an tomhaltas ró-íseal agus ar an infheistiú ró-ard (an rud a dtugtar an bhoilgeog eacnamaíochta air), ar mhí-iompar na mbaincéirí agus ar neamhinniúlacht na n-údarás stáit. Tá teoiric eile bunaithe ar bharrachas na dtráchtearraí agus ar an dóigh a raibh na Meiriceánaigh ag cur a gcuid airgead i dtaisce in áit a bheith á gcaitheamh. Is é an t-aon rud a n-aontaíonn na scoileanna éagsúla eacnamaíochta faoi go raibh mímhuinín mhór ag na daoine as an ngeilleagar. Ar an drochuair, nuair a bhí an scaoll agus an díbhoilsciú ann, is iomaí duine a shíl go bhféadfadh sé tuilleadh rachmais a bhailiú dá bhfanfadh sé féin glan ón margadh, nuair a bhí na praghsanna ag titim, ionas go gceannódh an slámán céanna airgid ní ba mhó tráchtearraí in aghaidh an lae.

Tá an tríú míniú bunaithe ar an gcriticeoireacht a rinne na Marxaigh ar an eacnamaíocht pholaitiúil. Cuireann an Marxachas béim ar na frithchosúlachtaí taobh istigh de choincheap an chaipitil féin. Glacann na Marxaigh leis gur dual don chaipitleachas géarchéimeanna ar nós an Spealta Mhóir a tharraingt anuas ar an tsochaí, ós rud é go bhfuil an caipiteal á charnadh de réir dinimice éagobhsaí. Uaireanta, carnann na rachmasóirí an iomarca caipitil, agus ansin, tagann géarchéim eacnamaíochta atá riachtanach leis an luach bréige a bhaint den chaipiteal. Mar sin, is é an táirgeadh féin is cúis leis an ngéarchéim.

Bhí cúiseanna éagsúla leis an chéad chor chun donais sa bhliain 1929, go háirithe na laigí struchtúrtha agus na himeachtaí ar leith a d'iompaigh an meathlú ina spealadh mór, chomh maith leis an dóigh a ndeachaigh sé ó thír go tír. Maidir leis an gcor chun donais sa bhliain 1929, is gnách leis na staraithe béim a chur ar an dóigh mhillteanach ar theip na bancanna, chomh maith le tuairteálacha an stocmhargaidh. Na heacnamaithe, arís, is rogha leosan cuimhneamh ar an gcinneadh a glacadh sa Bhreatain Mhór filleadh ar an órchaighdeán de réir na bpaireachtaí a bhí i bhfeidhm roimh an Chéad Chogadh Domhanda (US$4.86:£1).

Na Fiacha[athraigh | edit source]

Tá na macreacnamaithe, cosúil le Ben Bernanke (cathaoirleach Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh inniu), tar éis an dearcadh a athbheochan a bhí ag Arthur Cecil Pigou agus ag Irving Fisher ar an Spealadh Mór - dearcadh a chuireann an bhéim is mó ar na fiacha agus ar an díbhoilsciú. Sna 1920idí, bhí sé de nós ag muintir na Stát Aontaithe gach uile shórt a cheannach ar creidmheas, idir ghnóthaí, mhonarchana, ghluaisteáin, thithe (morgáiste), throscáin agus, fiú, stoic de chineálacha áirithe. Ba spreagadh don tomhaltas é seo, ach san am céanna, chuir sé an náisiún go léir i bhfiacha. Na daoine agus na gnólachtaí a bhí báite i bhfiacha, nuair a tháinig an díbhoilsciú, agus an t-éileamh ar na tráchtearraí ag titim, ba mhinic a bhí siad i ndrocháit ag iarraidh gan a bheith ag loiceadh ar a gcuid íocaíochtaí. B'éigean dóibh gearradh síos ar a ngnáthchaiteachas le bheith ábalta na híocaíochtaí a choinneáil lena gcuid creidiúnaithe, rud a bhain tuilleadh den éileamh ar thráchtearraí nua. Thosaigh na gnólachtaí ag teip, nuair nach raibh oibreacha tógála ar fáil ná orduithe ar thráchtearraí ag teacht.

Thosaigh na gnólachtaí ag leagan an lucht oibre as, agus chuaigh an dífhostaíocht in airde go dtí go raibh duine as gach ceathrar den fhórsa saothair fágtha iomarcach. Na bancanna a mhaoinigh cuid mhór de na fiacha, thosaigh siad ag teip, nuair a loic na féichiúnaithe ar na híocaíochtaí, agus na taisceoirí ag tarraingt a gcuid airgid ar ais ó na cuntais. Bhí ráthaíochtaí Rialtais agus rialúcháin baincéireachta Cúlchiste Fheidearálaigh ann leis an gcineál seo scaoll a chosc, ach má chuathas ina dtuilleamaí ar aon nós, ní raibh gar iontú. Nuair a theip ar na bancanna, d'imigh luach na milliún dollar de shócmhainní. Cailleadh thart ar 40 % den tsoláthar airgid a d'úsáidfí le haghaidh ceannachán nó íocaíochtaí bainc faoi ghnáthchoinníollacha.

Thairis sin, thosaigh na fiacha ag dul chun troime ar na féichiúnaithe, ó baineadh 20-50 % de na praghsanna agus de na tuarastail, agus na fiacha fágtha chomh hard is a bhí siad riamh. I ndiaidh scaoll na bliana 1929, agus i rith an chéad deich mí den bhliain 1930, chlis ar 744 bhanc ar fad. Ina iomláine, theip ar naoi míle banc i rith na dtríochaidí. Sa bhliain 1933, bhí 140 billiún dollar caillte ag na taisceoirí de dheasca fhéimheachtaí na mbancanna. Bhí na féimheachtaí ag dul i bhfairsinge mar a bheadh falscaí ann, nuair a bhí na baincéirí éadóchasacha ag iarraidh iasachtaí a éileamh ar ais nach raibh na féichiúnaithe in ann a aisíoc. Nuair nach raibh róchuma ar an todhchaí, chuaigh infheistíocht an chaipitil agus na hoibreacha tógála in abar. Agus na féichiúnaithe ag loiceadh ar a gcuid iasachtaí agus cuma na todhchaí ag dul ó mhaith, d'éirigh na bancanna an-seachantach, an-chúramach i gcúrsaí iasachtaithe. Bhí na bancanna ag carnadh cúlchiste caipitil, rud nach ndearna ach tuilleadh a chur leis an díbhoilsciú. Fáinne fí a bhí ann, agus na drochrudaí éagsúla ag treisiú le chéile. Is dócha gurbh é an fáinne fí seo a d'iompaigh an meathlú ina spealadh mór, thar aon rud eile.

Meath na Trádála agus Acht Taraifí Smoot-Hawley sna Stáit Aontaithe[athraigh | edit source]

An meath a tháinig ar an trádáil idirnáisiúnta go tobann i ndiaidh na bliana 1930, is iomaí eacnamaí a áitíonn gur chuir sé tuilleadh géaradais leis an Spealadh Mór, go háirithe sna tíortha a bhí go mór i dtuilleamaí na trádála coigríche. An chuid is mó de na staraithe agus de na heacnamaithe araon, cuireann siad cuid mhór den locht ar Acht Taraifí Smoot-Hawley a reachtaíodh sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1930, nó bhain an tAcht go mór den trádáil idirnáisiúnta, agus spreag sé na tíortha eile chun céimeanna dá gcuid féin a ghlacadh mar shórt díoltais ar Mheiriceá as an Acht seo. Ní raibh an trádáil choigríche chomh tábhachtach d'iomlán eacnamaíochta na Stát Aontaithe, ach bhí sí i bhfad ní ba tábhachtaí sna tíortha eile.

Thit easpórtáil na Stát Aontaithe ó 5.2 billiún dollar sa bhliain 1929 go 1.7 billiún dollar sa bhliain 1933. Bhí na praghsanna ag dul i laghad chomh maith, áfach, agus mar sin, níor baineadh ach timpeall ar 50 % de thoirt fhisiciúil na n-earraí easpórtáilte san am céanna. B'iad na tráchtearraí talmhaíochta ba mhó a bhí thíos leis an Spealadh: an chruithneacht, an cadás, an tobac, agus an t-adhmad leagtha. De réir na teoirice seo, nuair a thit easpórtáil na n-earraí feirmeoireachta, is iomaí feirmeoir Meiriceánach a loic ar a chuid iasachtaí, agus gurbh í an loiceadh seo a chuir na bancanna beaga tuaithe as gnó, rud a tharla go minic i dtúsbhlianta an Spealta Mhóir.

An Cúlchiste Feidearálach agus Soláthar an Airgid[athraigh | edit source]

Áitíonn na hAirgeadaithe, cosúil le Milton Friedman agus Benjamin Bernanke, gurbh é trá an tsoláthar airgid ba chúis leis an Spealadh Mór, agus gurbh é drochpholasaí Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh sna Stáit Aontaithe, chomh maith le síor-ghéarchéim an chórais bhaincéireachta, ba chúis le trá an tsoláthar airgid. Nuair nach ndearna an Cúlchiste Feidearálach a dhath, lig sé don tsoláthar airgid crapadh síos go dhá dtrian idir an bhliain 1930 agus an bhliain 1931. D'áitigh Friedman nach mbeadh sa chor chun donais a tháinig sna sálaí ag tuairteáil an stocmhalartáin ach meathlú den ghnáthchineál. B'é an phríomhfhadhb é ná nuair a theip ar bhancanna móra poiblí áirithe, cosúil leis an Huntly New York Bank of the United States, gur tharraing siad scaoll anuas ar an tír ar fad, agus nach ndearna an Cúlchiste Feidearálach a dhath leis an éag mór a stopadh a bhí ag siúl ar na bancanna. Dá soláthródh an Cúlchiste iasachtú éigeandála do na bancanna tábhachtacha, nó dá gceannódh sé bannaí Rialtais ar an margadh oscailte le leachtacht a sholáthar agus le tuilleadh airgid a chur i gcúrsaíocht i ndiaidh thitim na mbancanna móra, ní theipfeadh, dar le Friedman, ar an gcuid eile de na bancanna, agus ní thráfadh soláthar an airgid mar a thráigh. Nuair nach raibh a ndóthain airgid ag dul timpeall, ní fhéadfadh na fir ghnó iasachtaí nua a fháil ná na seaniasachtaí a athnuachan, agus b'éigean do chuid mhór acu stad den infheistiú. Cuireann an míniú seo an locht ar mhoilleadóireacht an Chúlchiste Fheidearálaigh, go háirithe brainse Nua-Eabhraic, a bhí faoi smacht bhaincéirí an Wall Street. Níl an Cúlchiste Feidearálach faoi smacht an Uachtaráin ná an Aire Airgeadais; is iad na ballbhancanna agus cathaoirleach an Chúlchiste Fheidearálaigh atá i gceannas air.

Ceann de na cúiseanna le moilleadóireacht an Chúlchiste ab ea é an rialú. Bhí srianta leis na creidmheasanna a d'fhéadfadh an Cúlchiste a eisiúint, nó de réir na ndlíthe, chaithfeadh an Cúlchiste tacú óir a bheith aige do chuid de gach creidmheas. I ndeireadh na 1920idí, bhí an t-ór ag rith gann ar an gCúlchiste cheana féin le tacú a chinntiú do na creidmheasanna ar fad. Bhí na creidmheasanna seo eisithe i bhfoirm nótaí gealltanais ón gCúlchiste. Ós rud é, áfach, nach bhfuil ór geallta chomh maith le hór i do lámh, b'éigean cuid de na nótaí gealltanais seo a fhuascailt agus ór ón gCúlchiste a thabhairt orthu. Ó bhí teorainn na gcreidmheasanna incheadaithe sroichte ag an gCúlchiste, má chaill sé ór, chaill sé níos mó creidmheasa fós. Cupla bliain i ndiaidh thús an Spealta, coisceadh úinéireacht an óir ar na pearsana príobháideacha le maolú ar an mbrú ar ór an Chúlchiste.

Na Baincéirí á Milleánú[athraigh | edit source]

Bhí gach uile shórt ar fáil sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1930, idir mhonarchana, thailte méithe feirmeoireachta, agus lucht oibre a raibh na scileanna acu agus fonn oibre orthu. Bhí córas cuimsitheach éifeachtúil iompair ann, idir iarnróid, bealaí móra, agus uiscebhealaí. Bhí córas na cumarsáide ní b'fhearr ná in aon áit eile ar dhroim an domhain, nó bhí an teileafón, an teiliprintéir, an raidió agus an post ann, agus iad ag obair go gleoite. Ní raibh lorg an chogaidh, an ghorta ná na ngalar tógálach ar an tír. B'é an t-aon rud amháin a bhí de dhíth ná an soláthar airgid a choinneodh rotha na heacnamaíochta ag casadh. I dtús na dtríochaidí, dhiúltaigh na baincéirí iasachtaí a thabhairt do na gnólachtaí tionsclaíochta, na gnólachtaí díoltóireachta, agus do na feirmeacha. San am céanna, bhí siad ag éileamh íocaíochtaí ar na hiasachtaí a bhí eisithe cheana féin, agus mar sin, chuaigh an t-airgead as cúrsaíocht go sciobtha. Bhí earraí ar fáil don té a raibh a luach aige, agus bhí tascanna ag fanacht leis an bhfear oibre a chríochnódh iad, ach ó nach raibh airgead ann, chuaigh an tír go léir in abar.

Na Míniúcháin a thug Scoil na hOstaire[athraigh | edit source]

Baineann an t-eacnamaí Ostarach Friedrich Hayek agus an t-eacnamaí Meiriceánach le scoil Ostarach na heacnamaíochta. Chuir siadsan an chuid ba mhó den mhilleán ar an gCúlchiste Feidearálach, agus iad den tuairim go raibh an iomarca airgid ar an margadh agus go raibh an borradh eacnamaíochta sna fichidí bunaithe ar an gcreidmheas

Bhí an Ríocht Aontaithe ag iarraidh filleadh ar chaighdeán an óir, agus brú díbhoilscitheach ar gheilleagar na tíre. Deir Rothbard go raibh an dífhostaíocht ag dul chun donais sa Bhreatain Mhór ó nach raibh solúbthacht praghasanna ann, agus hiarradh ar na Stáit Aontaithe teacht chun cabhrach. Bhí glan-insreabhadh óir ag teacht chuig na Stáit, agus chuir na Stáit tuilleadh airgead páipéir i gcúrsaíocht le cuidiú leis an mBreatain Mhór filleadh ar an órchaighdeán. Bhí an-chaidreamh ag Montagu Norman, a bhí i gceannas ar Bhanc Shasana, le Benjamin Strong, a bhí de facto i gceannas ar Chúlchiste Feidearálach na Stát Aontaithe. Bhí Norman ag áitiú ar cheannasaithe na mbanc náisiúnta san Fhrainc agus sa Ghearmáin tuilleadh airgead páipéir a chur i gcúrsaíocht chomh maith, ach dhiúltaigh siad. Dar le Rothbard, bhí polasaí boilscitheach na Stát Aontaithe ceaptha le ceadú do Shasana tuilleadh airgead páipéir a chur i gcúrsaíocht, nó faoin órchaighdeán, ní fhéadfadh Sasana a leithéid de pholasaí a chleachtadh as a stuaim féin.

De réir an dearctha seo, bhí an iomarca airgid i gcúrsaíocht, ionas go ndeachaigh na praghsanna in airde go rósciobtha, agus nuair a tháinig lucht an Chúlchiste chucu féin agus iad ag tosú is ag iarraidh soláthar an airgid a theorannú arís, bhí sé ródhéanach leis an Spealadh Mór a stopadh.

Na Gnólachtaí Móra[athraigh | edit source]

Caiteachas Easnaimh an Rialtais[athraigh | edit source]

Litríocht[athraigh | edit source]

Torthaí[athraigh | edit source]

An Astráil[athraigh | edit source]

Ceanada[athraigh | edit source]

An Fhrainc[athraigh | edit source]

An Ghearmáin[athraigh | edit source]

Meiriceá Theas[athraigh | edit source]

An Ísiltír[athraigh | edit source]

An Afraic Theas[athraigh | edit source]

An tAontas Sóivéadach[athraigh | edit source]

An Ríocht Aontaithe[athraigh | edit source]

Leigheasraí[athraigh | edit source]

An Chóireáil Turrainge[athraigh | edit source]

An Beart Nua[athraigh | edit source]

Cúlú na Bliana 1937[athraigh | edit source]

Na Samhlacha Céinseacha[athraigh | edit source]

An Cur Chuige Nua-Chlasaiceach[athraigh | edit source]

An tÓrchaighdeán[athraigh | edit source]

An Téisclim Chogaidh agus Bisiú an Gheilleagair[athraigh | edit source]

Torthaí Polaitiúla[athraigh | edit source]