Hans Fallada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Gearmánach é Hans Fallada (fíorainm: Rudolf Ditzen), a saolaíodh i nGreifswald ar an 21 Iúil 1893 agus a fuair bás i mBeirlín ar an 5 Feabhra 1947. Bhí sé ar duine de scríbhneoirí móra na Gearmáinise sa chéad leath den fhichiú haois.

A Shaol[athraigh | edit source]

Níor chuir bochtanas isteach ar shaol a mhuintire, ach bhí sé go minic in achrann lena athair, agus é ina fhear mór diansmachta ag tógáil a chlainne. Theastaigh uaidh go rachadh an mac ag staidéar dlí, rud nár thaitin le Rudolf óg ar aon nós. Nuair a bhí sé ina dhéagóir, d'fhéach seisean agus an cara ab fhearr a bhí aige san am, d'fhéach siad le lámh a chur ina mbásanna féin agus cuma an chomhrac aonair a chur ar an bhféinmharú dúbalta. Mar a d'iompaigh an scéal amach, mharaigh Rudolf a chara, ach fágadh gonta go tromchúiseach é féin. Cuireadh i dteach na ngealt é, agus níor chríochnaigh sé an mheánscoil riamh.

Plaic cuimhneacháin i Niederschönhausen, Beirlín, áit a bhfuair Fallada bás

Nuair a scaoileadh saor leis arís, liostáil sé san arm, ach ní bhfuair sé fáilte ar bith ansin ach an oiread, ó shíl dochtúirí an airm nach raibh ábhar saighdiúra ann. Ansin, chuaigh sé ar an drabhlás ar fad, agus chaith sé na blianta 1917-1919 i dtithe téarnaimh ag iarraidh éirí as an druncaireacht. Ina dhiaidh sin, bhí jabanna éagsúla aige, ach ó bhí dúil nimhe aige san ól agus sna drugaí féin, chúigleáil sé airgead óna chuid fostóirí. Chuir sé isteach dhá théarma príosúin.

Sa bhliain 1929, phós sé cailín darbh ainm Anna Issel - "Suse" a thug sé uirthi - i Hamburg. Rugadh ceathrar clainne dóibh, ach fuair beirt acu bás go hóg, agus is annamh a theagmhaídís ar a chéile i ndiaidh lá a bpósta, ó bhí Rudolf ag obair i Neumünster, agus cónaí ar Suse i dteach a máthara i Hamburg.

I dtús na 1930idí thosaigh an scríbhneoireacht ag éirí le Rudolf - nó Hans Fallada, mar a thug sé air féin. Bhí an teach foilsitheoireachta úd Rowohlt sásta an chéad úrscéal leis a chur i gcló, leabhar a chardáil saol na cathrach bige agus cúrsaí na polaitíochta sa timpeallacht sin - Bauern, Bonzen und Bomben ("Feirmeoirí, boic mhóra agus buamaí"). Shaothraigh Fallada slám maith airgid ar an leabhar, agus d'aistrigh seisean agus a theaghlach go Beirlín, áit ar scríobh sé an t-úrscéal Kleiner Mann, was nun? ("Céard a dhéanfaidh tú anois, a fhirín?") Ba é an leabhar seo a thabhaigh clú idirnáisiúnta dó, agus é ag tabhairt cur síos ansin ar shaol na lánúine óige sna fichidí - saol a raibh taithí aige féin air.

Nuair a tháinig an Naitsíochas i réim, mhair Fallada ag scríobh úrscéalta faoi shaol na ngnáthdhaoine, ach is léir nach bhféadfadh sé cloí lena sheanstíl chriticiúil a thuilleadh, ó bhí na léirmheastóirí Naitsíocha míshásta leis an taobh sin dá scríbhneoireacht. Mar sin, thosaigh sé ag soláthar lón léitheoireachta nach raibh blas na polaitiúlachta air.

Thit an tóin as a phósadh sa bhliain 1944, agus sa bhreis air sin, scaoil sé piostal beag nuair a bhí sé ag déanamh achrainn lena bhean. Ar ámharaí an tsaoil, níor bhuail an t-urchar aon duine, ach mar sin féin, daoradh Fallada chun príosúin as an míghníomh seo. Sa chéad bhliain eile phós sé Ursula Losch, cailín óg a raibh andúil aici sna drugaí cosúil leis féin.

Chuaigh sé ar lorg leighis sna tithe téarnaimh arís, ach ní raibh biseach ar bith daite dó. Fuair sé bás le taom croí i Niederschönhausen, Beirlín, sa bhliain 1947. Sa bhliain chéanna, foilsíodh an t-úrscéal Jeder stirbt für sich allein ("Faigheann gach duine bás ina aonar"), arbh é an chéad saothar ficseanúil i stair litríochta na Gearmáine a phléigh le frithbheartaíocht na nGearmánach in aghaidh na Naitsithe sa Tríú Reich.

Foilsíodh cuid mhór de lámhscríbhinní Fallada i ndiaidh a bháis. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann, beag beann ar na fadhbanna a bhí aige leis na drugaí agus leis an ól. Bíonn a chuid leabhar simplí soléite, agus bá aige leis an ngnáthdhuine. Mar sin, léitear an chuid is fearr acu inniu féin.