Neue Sachlichkeit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhí i gceist leis an Neue Sachlichkeit nó an Nua-Oibiachtúlacht ná sruth in ealaíona agus i litríocht na Gearmáine i mblianta Phoblacht Weimar a tháinig i réim i ndiaidh an eispriseanachais. Ba é an staraí ealaíon Gustav Friedrich Hartlaub a thug isteach coincheap an Neue Sachlichkeit sa bhliain 1923.

Cuid de na healaíontóirí a bhí ag cleachtadh an Neue Sachlichkeit, bhí súil aorach acu ar an saol, agus dearcadh criticiúil acu ar an tsochaí. Thug Hartlaub Veristen orthu, is é sin, bhí siad ag dul le "fíorachas" nó "fírinneachas" agus iad ag cur chuma na míofaireachta ar an saol ina gcuid saothar, ó theastaigh uathu an fhírinne shearbh a nochtadh míofar is uile mar a bhí sí. Lucht "fírinneachais" ab ea iad George Grosz agus Otto Dix. An brainse eile de na healaíontóirí "nua-oibiachtúla", chuir siad béim ar an ealaín ar a son féin, agus iad ag cleachtadh an rud ar thug Hartlaub "réadúlacht dhraíochtúil" air.

Sa litríocht, chuir an Neue Sachlichkeit béim ar an réadúlacht agus, minic go leor, ar an teachtaireacht pholaitiúil. Bhí stíl na teanga simplí oibiachtúil - mar a dúirt Joseph Roth, bhí sé ní ba tábhachtaí cur síos a thabhairt ar an rud a chonaic tú, ar an rud a d'aithin tú le súile do chinn féin, in áit a bheith ag spalpadh filíochta. Is minic a thug úrscéalaithe agus gearrscéalaithe na linne cur síos ar an tionchar a bhí ag imeachtaí na staire ar an duine aonair. Sampla maith de seo is ea é an t-úrscéal Kleiner Mann - was nun? ("Céard a dhéanfaidh tú anois, a fhirín?") le Hans Fallada, a chaitheann súil ar shaol lánúine óige i mblianta an Spealta Mhóir. Úrscéal tábhachtach eile de chuid na linne ab ea é Im Westen nichts Neues le hErich Maria Remarque, a thug cur síos criticiúil ar an gCéad Chogadh Domhanda.