Stefan Zweig
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ba scríbhneoir clúiteach i nGearmáinis, de chuid na hOstair é Stefan Zweig (rugadh 28 Samhain 1881 i Vín agus d'éag 22 Feabhra 1942 i mBrasaíl).
[athraigh] A Shaol
Bhí cónaí air ó 1919 go 1934 i Salzburg san Ostair. Giúdach ab ea é agus theith sé roimh na Naitsithe go Sasana i dtús, ansin chaith sé achar gairid i Nua Eabhrac sular chuir sé faoi sa Bhrasaíl. Bhí saol cruthaíoch scríbhneoireachta thar a bheith torthúil aige agus chuir sé idir dánta, gearrscéalta, úrscéalta, drámaí agus sliochtanna stairiúla i bhfoirm beathaisnéisí i gcló. Ceann de na h-úrscéalta is aitheanta dár scríobh sé ná Schachnovelle (ÚrscéalFichille). Sa bhliain 1942, agus dóchas caillte aige sa chine dhaonna, i bhfianaise na huafáis bhí ar siúl san Eoraip chuir sé féin agus a tarna bhean chéile lámha ina mbásanna féin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.