Sigmund Freud

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSigmund Freud

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Sigismund Schlomo Freud
6 Bealtaine 1856
Příbor (Impireacht na hOstaire)
Bás23 Meán Fómhair 1939
83 bliana d'aois
Londain (an Ríocht Aontaithe)
Siocair bháisEotanáis (Ailse laraingeach)
Áit adhlacthaCréamatóiriam Golders Green Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Eolaíochtaí
Áit chónaitheVín
Londain
Birth house of Sigmund Freud (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreSícanailís agus néareolaíocht
Suíomh oibre Londain
Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmsíocanailísí, néareolaí, scríbhneoir aistí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidCarl Friedrich Wilhelm Claus, Alois Pokorný, Ernst Wilhelm von Brücke, Ambroise-Auguste Liébeault, Jean-Martin Charcot agus Theodor Meynert
Mac/iníon léinnAlfred Adler
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaOtto Gross agus Moshe Wulff
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMartha Bernays (1886–1939) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnna Freud, Oliver Freud, Sophie Freud, Martin Freud, Ernst Ludwig Freud, Mathilde Freud Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJacob Freud  agus Amalia Freud
SiblínAlexander Freud, Anna Freud Bernays, Pauline Regine Freud, Esther Adolfine Freud, Maria Freud, Regina Debora Freud agus Julian Freud
Duine muintearthaEdward Bernays (nia)
Lucian Freud (garmhac) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933Nazi book burnings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Sigmund Freud (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0294438 Allocine: 37052
iTunes: 122049187 Musicbrainz: a8e73e7b-5b8c-4dda-86c4-6c4a1567787e Discogs: 761054 Find a Grave: 1377 Cuir in eagar ar Wikidata
1866 (8 bliain d'aois) lena n-athair

Dochtúir leighis a mhair i Vín na hOstaire ab ea Sigmund Freud (6 Bealtaine 1856 - 23 Meán Fómhair 1939). Bhí Freud ina theiripí agus néareolaí. Ba é a chuir tús leis an tsíocanailís a leagann béim ar na gnéithe neamhchomhfhiosacha an duine.

Freud in aois a 16 bliana in éineacht lena mháthair, Amalia
teach ina chónaigh sé .. Berggasse 19, Vín

Smaointe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Freud ag Ollscoil Clark i Meiriceá sa bhliain 1909. Tá sé ina shuí ar chlé, bata ina lámh. Carl Jung ar dheis.

Ba é barúil Freud go mbíonn brú faoi chois á dhéanamh ar chodanna áirithe d'intinn an duine ar neamhchead don duine féin:[1]

'I nóchaidí an naoú haois déag, tháinig Freud ar an tuairim go raibh cuimhní ag othair leis a bhain leis an am nuair a bhí siad ina bpáistí óga, agus go raibh na cuimhní sin brúite faoi chois. Ní hé go raibh na cuimhní dearmadta, ach bhí siad brúite siar isteach sa chuid sin den intinn ar thug Freud an “neamh-chomhfhios” air. Tá an coincheap de “bhrú faoi chois” lárnach i gcóras na síocanailíse mar atá léis an neamhchomhfheasa. Ní hann don tsíocanailís gan iad'.[2]

1920, Hague

Rianann Freud na cuimhní coscracha seo siar go dtí fás an linbh. Is ionann an fás sin, dar leis, agus eagrú ar mhiangais an duine i leaba a chéile. Próiseas corraitheach atá anseo a chuireann comhdhéanamh na suibiachta soir siar dá buíochas.[1] Creidtear de réir na síocanailíse gurb é coimpléasc Éadapas thar aon rud eile a chloíonn teacht aniar na suibiachta.

Céimeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leis an úd a thosaíonn an leanbh sa saol, fuinneamh ar bhunús leis ná tréith an ghnéis agus tréith an fhoréigin. Mar a théann an páiste ar aghaidh, is de réir a chéile a fhaigheann sé tuiscint níos fearr ar an saol, agus tagann an mise (nó féin) chun cinn. Is é an mise tréith réasúnta loighciúil sa duine.

Níos déanaí arís, tagann an barrmise chun solais. Is cosúil leis an gcoinsian é an barrmise (nó sárfhéin), mar go mbaineann sé le cuidiú le daoine eile agus gan dochar a dhéanamh dóibh, mar shampla.

Tá dlúthbhaint ag na céimeanna seo le fás corportha an pháiste, agus leis an dul chun cinn a dhéanann sé le hábhar a ghrá agus a ghnéis, de réir cuid leabhar Freud.

1926

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Freud leabhar tábhachtach sa bhliain 1899, dar teideal an Léirmhíniú Brionglóidí.[3]

Scríobh Freud ar ghnéas an oideachais i leabhar dar teideal Trí Aiste ar Theoiric na Gnéasachta (1905).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail ailse géill Freud sna 1930idí. Ró-phianmhar & míchompordach, thug a chairde ródháileog moirfín dó faoi dheireadh. Fuair Freud bás (eotanáis) i Londain, Sasana ar an 23 Meán Fómhair 1939.

lámhscríbhinn

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Insíonn an leabhar, An Dochtúir Áthas, le Liam Mac Cóil, scéal faoi fhear atá ag freastal ar shíocanailísí. Ní luaitear ainm an fhir seo san úrscéal nó ní thugtar mórán eolais faoi Mar úrscéal a bhfuil saol Sigmund Freud mar ábhar aige, luaitear teoiric Fhreudach féin go minic.[4]
  • Tóraíocht an Mhíshonais: Príomhchoincheapa Freud agus Jung, le Pádraig Mac Fheargusa, Coiscéim, 1997
  • The Life and Works of Sigmund Freud, Ernest Jones, Edited and Abridged in One Volume by Lionel Trilling and Steven Marcus, Basic Books, New York, 1961 (Beathaisnéis Freud as Béarla ón chomhghuaillí Jones)
  • Céad bliain de Sigmund Freud, as Béarla Curtha i gcartlann 2005-12-27 ar an Wayback Machine
  • An Dochtúir Áthas, Liam Mac Cóil, Leabhar Breac, 1994 (úrscéal a phléann an tsíocanailís agus gnéithe de shaol Freud)
  • Freud: A Life for Our Time Peter Gay
  • The Assault on Truth: Freud's Suppression of the Seduction Theory Jeffrey Masson
  • The Standard Edition of the Complete Psychological Works of Sigmund Freud James Strachey a d'aistrigh go Béarla

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 John Woods (2014). "Nua Aois 2014". Dáta rochtana: 2021.
  2. Liam Mac Cóil (1998). "An Chritic". in 'Téacs agus Comhthéacsː Gnéithe de Chritic na Gaeilge', le M. Ní Annracháin Cló Ollscoile Chorcaí. 
  3. "The Interpretation of Dreams" (as en) (2019-08-29). Wikipedia. 
  4. Ó Buachalla, Thaddeus (ucc.ie) (2015). "An tÚrscéal iar-nua-Aoiseach sa Ghaeilge". Dáta rochtana: 2021.