Mise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bunléaráid Freud ar an ábhar

Sa tsíciatracht, an chuid de phearsantacht a phléann le gnéithe praiticiúla an Domhain sheachtraigh. Sa struchtúr síceach tá 3 fhochuid dar le Freud: an t-úd, an mise, is an t-osmhise. Seasann an t-úd don chuid bhunúsach den phearsantacht: buninstinní maidir le hocras, tart, gnéas, fearg, eisfhearadh, pléisiúr. Seasann an t-osmhise don choinsias, na luachanna morálta, sóisialta is eile a fhaigheann duine óna thuismitheoirí is ón tsochaí. Agus i lár baill, tá an mise, a dhéanann comhghéilltí mar réiteach idir na fórsaí bunúsacha is na fórsaí a laghdaíonn na pléisiúir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 463.