Liam Mac Cóil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Liam Mac Cóil
Liam Mac Cóil

I mBaile Átha Cliath a rugadh Liam Mac Cóil sa bhliain 1952, tá cónaí anois air i nGaeltacht Ráth Cairn i gContae na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon, agus teilifíse. Chaith sé tréimhse ag obair leis an gCoiste Téarmaíochta i mBaile Átha Cliath sula ndeachaigh sé go lánaimseartha leis an scríbhneoireacht. Is comh-eagarthóir é ar an iris litríochta Bliainiris.

Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas (Leabhar Breac 1994, ISBN 1898332002) an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta The Irish Times Literary Awards. Ó shin foilsíodh úrscéal leis, An Claíomh Solais (Leabhar Breac, 1998), dialann scríbhneoreachta Nótaí ón Lár (2002), leabhar do pháistí Toirealach Ó Cearúlláin, agus úrscéal, Fontenoy (Leabhar Breac, 2005). Bhuaigh Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin 2006.

Stiúrthóir ar an gcomhlacht foilsitheoireachta Carbad é, agus comh-eagarthóir ar Bliainiris.

[athraigh] Foilseacháin

  • The Book of Blackrock, Carraig Books 1977
  • Tiocfaidh Lá, Carbad 1977 (aistriúchán ar Daw Dydd le Ffred Ffrancis)
  • Saibhreas Chnoic Chaspair, An Gúm 1981 (aistriúchán ar Trysor Bryniau Caspar le J. Selwyn Lloyd)
  • An Dochtúir Áthas, Leabhar Breac 1994
  • An Claíomh Solais, Leabhar Breac 1998
  • Bliainiris, Carbad 2000-2007 (irisleabhar litríochta bliantúil)
  • Nótaí ón Lár: Dialann Mhantach, Leabhar Breac 2003
  • Fontenoy, Leabhar Breac, 2005

[athraigh] Naisc sheachtracha

Do chuid uirlisí