Tionscal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Raon comhlachtaí a tháirgeann is a sholáthraíonn ábhair nó seirbhísí is ea tionscal.

Rangaítear tionscail i saghsanna áirithe. Tá na príomhthionscail ann, atá bunaithe ar an talamh, á saothrú (mar shampla, talmhaíocht, foraoiseacht, iascaireacht) nó ag eastóscadh amhábhar aisti (mar shampla, mianadóireacht, cairéalú).

Sna tionscail thánaisteacha (mar shampla, déantúsaíocht) déantar earraí do thomhaltóirí nó comhbhaill as amhábhair.

Roinntear iad seo i dtionscail throma — ina mbíonn fearas trom is innealra, an-chuid fostaithe is earraí táirgthe, go léir ar scála mór (mar shampla, iarann is cruach, innealra, stroighin)—agus tionscail éadroma ina mbíonn an táirgeadh ar scála níos lú (mar shampla, fabraicí, leictreonaic, próiseáil bia). Sna tionscail déantúsaíochta luaitear comhlachtaí a ghineann leictreachas.

Tionscal i mBaile Átha Cliath, 1902

Ní dhéanann na tionscail threasacha earraí, ach tacaíonn siad le hearnálacha eile san eacnamaíocht (mar shampla, baincéireacht, an dlí, ospidéil, árachas, cosaint) nó caighdeán beatha (mar shampla, oideachas, turasóireacht, siamsaíocht).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tionscal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 664.