Dlíthe Nürnberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDlíthe Nürnberg
Map
CineálAcht Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNürnberg Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisGearmáin na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisloss of citizenship (en) Aistrigh na Giúdaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Iris oifigiúil na Gearmáine Naitsíche, inar foilsíodh Dlíthe Nürnberg

Is éard a bhí i gceist le dlíthe NürnbergNürnberger Gesetze as Gearmáinis ná na dlíthe ciníocha sa Ghearmáin Naitsíoch a choisc ar na Giúdaigh "Airianaigh" a phósadh agus a bhain saoránacht na Gearmáine díobh. Bhí sé mar aidhm ag na dlíthe seo a gcearta sibhialta, polaitiúla agus dlíthiúla a bhaint de na Giúdaigh. Ba iad na dlíthe an chéad mhórchéim reachtaíochta in éadan na nGiúdach.[1]

15 Meán Fómhair 1935ː Hitler le linn Ard-Fheis pháirtí na Naitsithe

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Póstaer i 1933ː "A Ghearmánachaǃ Cosnaígí sibh féinǃ Ná ceannaígí earraí ó na Giúdaighǃ" Ba é an tús a chuir na Naitsithe lena bhfeachtas in éadan na nGiúdach Réalta Dháiví a phéinteáil ar thosaigh siopaí ar le Giúdaigh iad. B’fhusa iad a aithint lá ní b’fhaide anonn.

Rith an Reichstag na dlíthe ar 15 Meán Fómhair 1935, le linn Ard-Fheis pháirtí na Naitsithe a bhí ar siúl i gcathair Nürnberg.[2]

Méadaíodh an t-idirdhealú seo le himeacht aimsire. Faoi 1938 bhí sé riachtanach ag Giúdaigh cártaí aitheantais a iompar le J an-soiléir orthu (‘Jude’ an Ghearmáinis ar ‘Giúdach’). Bliain ina dhiaidh sin bhí ar Ghiúdaigh ainmneacha baiste nua a ghlacadh: Sarah do na mná agus Israel do na fir.

Na dlíthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne dlíthe Nürnberg saoránaigh den dara grád de na Giúdaigh ina dtír féin. De réir dhlíthe Nürnberg, bhí na saoránaigh le rangú ó thaobh creidimh agus cine de. Chaithfeadh gach duine imréiteach ginealais a fháil lena chinntiú nach raibh Giúdaigh i measc a shinsear. I dtús báire cinntíodh gur géillsinigh iad na Giúdaigh agus ní saoránaigh. Bhain sé seo a gcearta polaitiúla díobh.

Ansin cinntíodh go raibh pósadh agus caidreamh gnéis taobh amuigh den phósadh mí-dhleathach idir Giúdaigh agus Airianaigh.

An duine a bhí i dteideal na saoránachta, ba Ghearmánaigh iad tuismitheoirí a mháthar is a athar, nó ar a laghad, eachtrannaigh "ghaolmhara", Airianacha a bhí iontu. Más triúr nó ceathrar Giúdach a bhí ann, ba Ghiúdach é an duine féin. Más Giúdach amháin nó beirt Ghiúdach a bhí ann, ba mheascach é an duine - Mischling an téarma Gearmáinise.

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é ba bhunús leis na dlíthe ná cineál réasúnú bréageolaíoch, is é sin, glacadh leis mar phrionsabal go raibh máchail ghéiniteach, bhitheolaíoch ar na Giúdaigh, agus gur chóir na Giúdaigh a dhealú ó na "hAirianaigh" lena chinntiú nach dtolgfadh an "cine Airianach" an mháchail seo ó na Giúdaigh.

An reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Dlí um Chosaint Fola agus Onóra na Gearmáine

(15 Meán Fómhair 1935) Ó tuigeadh dúinn go bhfuil an fhuil ghlan riachtanach lena chinntiú go mairfidh muintir na Gearmáine beo, agus ós é ár ndiantoil muintir na Gearmáine a choinneáil beo breabhsánta go deo na ndeor, reachtaigh muidne, Reichstag na Gearmáine, an dlí seo leanas:

§ 1.
  1. Ní ceadmhach d'aon Ghiúdach géillsineach de chuid an Stáit a phósadh a bhfuil fuil Ghearmánach nó ghaolmhar ann. Níl aon phósadh bailí a shocraítear ina ainneoin sin, na póstaí san áireamh a shocraítear thar lear le teacht timpeall ar an dlí seo.
  2. Ní féidir ach le hIonchúisitheoir an Stáit tús a chur leis na nósanna imeachta le pósadh a chur ar neamhní.
§ 2.
Ní ceadmhach d'aon Ghiúdach dul i gcomhriachtain sheachphosta le géillsineach de chuid an Stáit a bhfuil fuil Ghearmánach nó ghaolmhar ann.
§ 3.
Ní ceadmhach d'aon Ghiúdach bean aimsire a fhostú le haghaidh oibreacha tí agus tinteáin, ach í a bheith níos sine ná 45 bliana d'aois.
§ 4.
Ní ceadmhach d'aon Ghiúdach bratach an Reich nó an bhratach náisiúnta a chur ar foluain ná dathanna an Reich a thaispeáint. Ón taobh eile de, is ceadmhach dó dathanna na nGiúdach a thaispeáint. Ceart é seo atá faoi chosaint an Stáit.
§ 5.
  1. Aon duine a sháróidh an cosc atá leagtha amach in §1, gearrfar pionós daoroibre air.
  2. Aon duine a sháróidh an cosc atá leagtha amach in §2, gearrfar téarma príosúnachta nó daoroibre air.
  3. Aon duine a sháróidh an cosc atá leagtha amach in §3 nó in §4, gearrfar téarma príosúnachta aon bhliana amháin nó níos lú air agus fíneálfar é, nó gearrfar ceann den dá phionós seo air.
§ 6.
Eiseoidh Aire Gnóthaí Inmheánacha an Reich, in éineacht le Fear Ionaid an Führer agus le hAire Dlí agus Cirt an Reich, na rialacháin dhlíthiúla agus riaracháin is gá chun an dlí seo a chur i bhfeidhm nó a chomhlánú.
§ 7.
Tiocfaidh an Dlí seo i bhfeidhm ar an gcéad lá i ndiaidh lá a fhógartha, ach amháin §3, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1936.

Nürnberg ar an 15 Meán Fómhair 1935

Führer agus Seansailéir an Reich.

Aire Gnóthaí Inmheánacha an Reich.

Aire Dlí is Cirt an Reich.

Fear Ionaid an Führer.


Cairt a scaipeadh le Dlíthe Nürnberg a mhíniú, ón mbliain 1935.
Ba Ghiúdaigh iad na daoine a raibh triúr nó níos mó dá ngarthuismitheoirí ina nGiúdaigh, rud a léiríodh le ciorcal dubh.
Ba Ghearmánaigh iad siúd a raibh na ciorcail bhána acu.

Míníonn an chairt na coincheapa
# Deutschblütiger - Gearmánach de réir folaíochta
# Mischling zweiten Grades - meascach den dara grád, is é sin, ceathrú-Ghiúdach
# Mischling ersten Grades - meascach den chéad ghrád, nó leath-Ghiúdach, - # ... agus Giúdaigh.
Mar is léir ón gcairt, bhí sé ceadaithe do mheascaigh den dara grád "Airianaigh" a phósadh.
Ach chaithfeadh meascach den chéad ghrád ceadúnas ar leith a lorg ó na húdaráis.
An Dlí um Shaoránacht an Reich

(15 Meán Fómhair 1935) Tá an Reichstag tar éis an dlí seo a leanas a ghlacadh d'aontoil, a fhógraítear leis seo:

§ 1.
  1. Is éard atá i gceist le géillsineach de chuid an Stáit ná duine a ndlítear cosaint an Reich dó agus a bhfuil dualgaisí ar leith air dá réir sin.
  2. Bronntar stádas an ghéillsinigh ar an duine de réir mar atá leagtha amach sa Dlí um Shaoránacht an Reich agus an Stáit.
§ 2.
  1. Is éard atá i gceist le saoránach de chuid an Reich ná géillsineach de chuid an Stáit a bhfuil fuil Ghearmánach nó ghaolmhar ann agus é á chur in iúl lena iompraíocht go bhfuil sé chomh hábalta agus atá sé fonnmhar a dhicheall a dhéanamh ar mhaithe le muintir na Gearmáine agus leis an Reich féin.
  2. Bronntar saoránacht an Reich ar an duine trí Theastas Saoránachta an Reich a eisiúint.
  3. Níl cearta iomlána polaitiúla, mar atá siad leagtha amach sa dlí, ach ag na saoránaigh.
§ 3.
Eiseoidh Aire Gnóthaí Inmheánacha an Reich, in éineacht le Fear Ionaid an Führer agus le hAire Dlí agus Cirt an Reich, na rialacháin dhlíthiúla agus riaracháin is gá chun an Dlí seo a chur i bhfeidhm agus a chomhlánú.


Nürnberg ar an 15 Meán Fómhair, ag Ard-Fheis na Saoirse

Führer agus Seansailéir an Reich Adolf Hitler

Aire Gnóthaí Inmheánacha Frick


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. St Marys, Béal Feirste. "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 2020.
  2. Scoil Dlí, COBÁC. "ghlac an Reichstag leis "An Dlí um Chosaint Fola agus Onóra na Gearmáine"" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-09-15.