An tSeirbea-Chróitis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

██ Cainteoirí Seirbea-Chróitise

██ Teangacha eile

██ Seirbis

██ Cróitis

██ Boisnis

██ Montainéagróch

Seirbea-ChróitisCróite-Sheirbis a thugtar ar an teanga atá á labhairt sa Chróit, sa tSeirbia, sa Bhoisnia-Heirseagaivéin agus i Montainéagró. Sa chiall chúng, ba í an tSeirbea-Chróitis an leagan caighdeánaithe a bhí in úsáid oifigiúil sa Iúgslaiv sna blianta 1954-1991, sa bhreis ar an tSlóivéinis agus ar an Mhacadóinis. Tá an teanga chaighdeánaithe seo bunaithe ar an gcanúint úd štokavski, go háirithe ar an leagan di ar a dtugtar novoštokavski, is é sin, štokavski nua. Cé go bhfuil na Bosnaigh, na Seirbigh, na Crótaigh agus na Montainéigrínigh féin ag iarraidh caighdeáin dá gcuid féin a fhorbairt, níl siad ag iarraidh aon chanúint eile seachas an novoštokavski a úsáid mar dhúshraith don chaighdeán nua.

Dealraíonn sé gurbh é an teangeolaí Slóivéanach Jernej Kopitar ba luaithe a bhain úsáid as an téarma féin "Seirbea-Chróitis", cé gur féidir gurbh é an Slóvacach Pavel Jozef Šafárik a chéadcheap an focal. Ainm eile a bhí in úsáid san am ab ea é "Illíris", ach tá sé níos coitianta "Illíris" a thabhairt ar an tseanteanga hipitéiseach as ar fhorbair an Albáinis. Faoi lár na naoú haoise déag, chaighdeánaigh na teangeolaithe Seirbiacha agus Crótacha an teanga in éineacht, ionas go mbeadh sé indéanta úsáid a bhaint as na litreacha Coireallacha agus Laidineacha araon leis an teanga a bhreacadh síos. Ba é an béaloideasóir Seirbiach Vuk Stefanović Karadžić a bhí i gceannas ar an gcaighdeánú Coireallach, agus an Crótach Ljudevit Gaj agus an Seirbiach Đuro Daničić a shocraigh an ceartlitriú Laidineach. Bhí sé i gceist acu go mór mór go seasfadh gach litir Choireallach d'aon litir amháin sa leagan Laidineach agus a mhalairt, rud a fhágann go bhfuil leagan Seirbiach na haibítre Coireallaí sách difriúil leis an leagan Rúiseach. Mar shampla, is mar Югославия a scríobhann na Rúisigh ainm na hIúgslaive, ach is é Југославија an leagan Seirbise. (Jugoslavija an litriú Cróitise.)

Is ar éigean a úsáideann na cainteoirí féin an téarma sin "Seirbea-Chróitis" inniu, ach mar sin féin tá sé praiticiúil "Seirbea-Chróitis" a thabhairt ar na leaganacha éagsúla caighdeánacha atá bunaithe ar an gcanúint úd novoštokavski.

Stór focal[athraigh | edit source]

Sa stór focal is mó a aithnítear na difríochtaí idir an trí theanga chaighdeánach inniu. An chuid is mó de na focail atá difriúil sna leaganacha caighdeánacha, áfach, tuigeann cainteoirí na gcanúintí go léir iad.

Gaeilge Seirbis Cróitis Boisnis
míle hiljada
(focal ón nGréigis é seo)
tisuća
(focal Slavach é seo)
hiljada
monarcha fabrika
(focal é seo
a tháinig
ón nGearmáinis)
tvornica fabrika
tvornica
rís pirinač riža riža
meacan dearg šargarepa mrkva mrkva
treabhsar pantalone hlače hlače
pantalone
ceol muzika glazba muzika
leabharlann biblioteka knjižnica biblioteka
arán hleb kruh hljeb
(go bunúsach,
is ionann é seo
agus an focal Seirbise,
ach amháin
go bhfuil
caighdeán na Boisnise
bunaithe ar an
leagan "ijekavski"
den chanúint "štokavski")
mílaois milenijum tisućljeće milenij
milenijum
spíonáiste spanać špinat špinat
sacar fudbal nogomet fudbal
nogomet
traein voz vlak voz
tonn talas
val
val talas
val
pearsa
duine
lice
osoba
osoba lice
osoba
mímhúinte nevaspitan neodgojen neodgojen
(do chuid) féin sopstveno
vlastito
osobno
vlastito
vlastito
sopstveno
bealach
bóthar
ród
put
drum
(Focal ón nGréigis
é "drum")
cesta
put
put
cesta
dola bóthair drumarina
putarina
cestarina putarina
deaid
athair
tata tata tata
babo
tráta paradajz rajčica paradajz
glacadh le rud
faomhadh
prihvatati prihvaćati prihvatati
sona srećan
sretan
sretan sretan
tuiscint shvatati shvaćati shvatati
breith ar rud
rud a cheapadh
hvatati hvatati hvatati

Mar a dúradh, tá an trí chaighdeán bunaithe ar an mórchanúint úd "štokavski", agus, le bheith beacht, ar an leagan de ar a dtugtar "novoštokavski", is é sin, "štokavski" nua. Sa chanúint seo, ní féidir an bhéim a chur ar an siolla deireanach. Mar sin, izvini an focal ar "gabh mo leithscéal" sa Rúisis agus sa tSeirbea-Chróitis araon, ach is ar an dara siolla ón deireadh atá an bhéim sa tSeirbea-Chróitis (izvíni), cé go bhfuil sé ar an siolla deireanach (izviní) sa Rúisis.

Tá leaganacha éagsúla den novoštokavski féin ann, áfach, agus is í an phríomhdhifríocht atá eatarthu ná an guta a rinneadh den tseanghuta Slavach ar a dtugtar jatjyat i dteanga an léinn Shlavaigh. Yat an t-ainm Rúisise ar an litir (nach n-úsáidtear a thuilleadh) a sheas don ghuta seo in aibítir na Rúisise - ѣ. Creidtear gur [æː] a bhí ann ar dtús, is é sin, an guta a chloisfeá san fhocal Gaeilge bean mar a fhuaimnítear i gConamara é. D'fhorbair an guta seo ar bhealaí éagsúla i gcanúintí difriúla na Seirbea-Chróitise. I gcuid de na canúintí rinneadh défhoghar de a scríobhtar mar "je" nó "ije"; tugtar "jekavski" nó "ijekavski" ar na canúintí seo. Cuid eile arís, déanann siad "i" de, agus "ikavski" an téarma dúchasach ar na canúintí seo. "Ekavski" a thugtar ar na canúintí a rinne gnáth-"e" den ghuta.

Ni thugann caighdeán ar bith aitheantas don "ikavski", canúint a chloistear ar chósta na Cróite, in áiteanna cosúil le Dubrovnik. Glactar leis an dá leagan, idir "ijekavski" agus "ekavski" sa tSeirbis (an dara leagan amháin a thaispeántar faoin "tSeirbis" sa tábla thuas), ach is é an leagan "ijekavski" an t-aon leagan a cheadaítear sa Chróitis agus sa Bhoisnis.