An tSeirbis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seirbis
(српски - srpski)
Á labhairt: an tSeirbia, Montainéagró, An Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Chróit, i measc réigiúin eile mórthimpeall
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: 12 milliún [1]
Rang: ~
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Slavach
  Slavach Theas
   Seirbea-Chróitis
    štokavski
     Seribis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na Seirbia
Foras Pleanála Teanga: Bórd Caighdeánú Teanga na Seirbia
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 sr
ISO 639-2 srp
ISO 639-3 srp
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an tSeirbis teanga oifigiúil na Seirbia. Go bunúsach, is leagan den tSeirbea-Chróitis í, agus í bunaithe ar an gcanúint štokavski, chomh maith leis an Bhoisnis agus an Chróitis chaighdeánaithe agus tríd is tríd, tá sí intuigthe ag lucht a labhartha siúd. Is é an leagan ekavski den teanga a úsáidtear, is é sin, scríobhtar agus labhraítear e sna focail ina raibh an t-[æ] fada sa tSean-Slaivis Eaglasta. Tá an tSeirbis go háirithe bunaithe ar na canúintí mór thimpeall ar Šumadija-Vóvaidín agus Oithear na Heirseagaivéine. Labhraítear an leagan Torlak in oirdheisceart na Seirbia, ach níl caighdeán aici agus tá sí mar fhoirm idirchriosach idir an tSeirbis agus an Mhacadóinis agus an Bhulgáiris. Scríobhtar í le cló Coireallach ach díog ar ndíog tá an cló Laidineach in úsáid go háirithe i measc na ndaoine óga.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. [1] Alt i Seirbis