An Chosaiv

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Republika e Kosovës
Република Косово / Republika Kosovo
Poblacht na Cosaive
Bratach na Cosaive Armas na Cosaive
Bratach Armas
Mana:  
Amhrán náisiúnta: Evropa (= An Eoraip)
Suíomh na Cosaive
Príomhchathair Priština
42°40′ Thuaidh 21°10′ Thoir
An chathair is mó An phríomhchathair
Teangacha oifigiúla Albáinis, Seirbis
Rialtas Poblacht faoi chúram na NA
Behgjet Pacolli
Hashim Thaçi
Neamhspleáchas
 Fógraithe
ón tSeirbia
17 Feabhra 2008
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
10,887 km² (N/A)
~
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh [[ ]]
 • Dlús
 
2,200,000 (N/A)
 
220/km² (N/A)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó [[ ]]
N/A (N/A)
N/A (N/A)
Airgeadra Euro (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín (Níl aon ann)
Glaochód +381

Réigiúin atá suite in oir-dheisceart na hEorpa is ea í an Chosaiv (Albáinis: KosovëKosova, Seirbis: КосовоKosovo). Rinneadh Fógra Neamhspleáchas ón tSeirbia ar an 17 Feabhra 2008 agus tá sí faoi chúram na Náisiún Aontaithe ón bhliain 1999. Is í Priština an phríomhchathair agus an chathair is mó san áit. Bhí an Chosaiv mar chuid de dheisceart Seirbia ach ní thugann siad aitheantas di, mar thír. Thar sin tá sí ag críochtanacht leis an Albáin (thiar theas), le Montainéagró (thiar) agus le Poblacht na Macadóine (theas). Sa bhliain 2005 bhí níos mó ná dhá mhilliún duine ina gcónaí sa chúige. Is Albánaigh iad an chuid is mó den daonra (92% sa bhliain 2007). Tá na Seirbigh sa dara áit le 5.3%.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

An Chosaiv

Is iad na cathracha is mó sa Chosaiv ná Priština (600,000 duine), Prizren in iardheisceart na tíre (165,000), Uroševac sa deisceart (108,690), Peć san iarthar (95,723) agus Kosovska Mitrovica sa tuaisceart (71,601).

Tír sléibhtiúil is ea í an Chosaiv. Tá Sléibhte Šar suite i ndeisceart agus oirdheisceart na tíre agus iad ag críochantacht leis an Mhacadóin. Is é Đeravica (2,656m) an sliabh is airde sa chúige agus é suite in aice leis an teorainn idir an Chosaiv, an Albáin agus Montainéagró. Is iad na príomhaibhneacha ná an Drin Bán, Sitnica, Morava, agus Ibar.

Stair[athraigh | edit source]

Tugadh an Chosaiv isteach mar chuid de Sheirbia sa bhliain 1913 tar éis Chogadh na mBalcán. Rinneadh cuid den Iúgsláiv dí nuair a tháinig deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda sa bhliain 1918.

Sa bhliain 1974 rinneadh cúige neamhspleách de chuid na hIúgsláive Tito den Chosaiv. Bhí an stádas seo ag an gcúige go dtí an bhliain 1990. Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa bhliain 1991 ach chuir rialtas na Seirbia an cúige fá smacht go dtí Cogadh na Cosaive sa bhliain 1999. Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa phairlimint ar an 17 Feabhra 2008. Faoi láthair, tá an tír faoi chúram na Náisiún Aontaithe.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

KFOR - Óglaigh na hÉireann