Białystok

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tSeanpháirc agus Geata an Pháláis Branicki

Cathair sa Pholainn is ea í Białystok (Bealarúisis: Беласток, Biełastok; Liotuáinis: Balstogė; Giúdais: ביאַליסטאָק). Ciallaíonn an t-ainm 'leiceann cnoic bán' as Gaeilge. Is í an chathair is mó in oirthuaisceart na Polainne, agus í ina príomhchathair ar Chúige Podlasie (Województwo Podlaskie). Tá an áit saibhir i mionlaigh náisiúnta, go háirithe Bealarúisigh. Labhraítear cuid mhaith Bealarúisise sa chathair agus ina timpeallacht, agus tá consalacht ag an mBealarúis ansin. Thairis sin, tá cuid mhaith Rúisigh, Úcráinigh, agus Tataraigh ann.