Scorbach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarScorbach
cuir in eagar
Cineálnutritional deficiency disease (en) Aistrigh, easnamh aigéad ascorbach, vitamin deficiency (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisinchríneolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Pataigineas
Cúiseasnamh aigéad ascorbach Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10E54 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9267 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0104763 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM240400 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB13930 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000355 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine125350 agus 413463 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD012614 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC1855867, C1415369 agus C0036474 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:13724 Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is scorbach ann ná galar a thagann ar dhaoine nach bhfuil ag fáil a ndóthain vitimín C (aigéad ascorbach) as a gcuid bia. Is iad na hairíonna a bhaineann leis an scorbach ná spotaí sa chraiceann agus cur fola na seicní smugacha. Má fhágtar an galar ag dul chun donais, tosóidh an drandal ag cur fola freisin, agus na fiacla ag titim amach. Iompóidh na spotaí sa chraiceann ina gcneánna oscailte, agus sa deireadh, gheobhaidh an t-othar bás.

Is galar é an scorbach a raibh aithne ag na sean-Ghréagaigh féin air. Bhíodh sé an-choitianta i measc na mairnéalach agus na bhfoghlaithe mara nach raibh teacht acu ar thorthaí ná ar chaora a mbeadh an vitimín iontu. Is fada a bhí a fhios ag na daoine go raibh lusanna ann a leigheasfadh an scorbach go sciobtha, ach ní bhfuarthas an chéad tuiscint ar an scorbach mar ghalar easpa roimh an ochtú haois déag. Sa bhliain 1753, áfach, d'fhoilsigh James Lind, lia de chuid Chabhlach na Breataine Móire, tráchtas faoin scorbach, agus é ag tagairt do na horáistí is do na torthaí citris eile mar leigheas maith ar an scorbach.