James Lind

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lia a rugadh i nDún Éideann ab ea James Lind (1716-1794). Rinne sé taighde ar chásanna scorbhaigh ar bord long, agus ghnóthaigh cáil as a mholadh do chabhlach na Breataine torthaí is súnna citris a riaradh ar na mairnéalaigh, beart a chuir deireadh leis an ngalar ina measc. Chuir sé tús le próisis chun míolta cnis a bhaint de mhairnéalaigh, longa otharlainne, agus driogadh sáile chun uisce inólta a sholáthar amuigh ar an bhfarraige.