Oráiste (toradh)
| Oráiste | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Aicmiú eolaíoch | |||||||||||||
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
| Citrus ×sinensis Osbeck |
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
Is éard is oráiste ann, (nó go sonrach, an t-oráiste milis) ná an toradh citris Citrus ×sinensis (syn. Citrus aurantium L. var. dulcis L., nó Citrus aurantium Risso) agus a chuid torthaí.[1] Is hibrid é an t-oráiste de bhunadh saothraithe ársa, b'fhéidir idir pomaló (Citris maxima) agus táinséirín (Citris reticulata). Is crann beag bláthanna é ar a bhfuil duilleoga ubhchruthacha síorghlasa le himill starracha, agus 4-10 cm ar fhad. Bíonn sé tuairim is 10m ar airde. Is hesperidium é toradh an oraiste, sé sin cineál caora.
Thionscain an t-oráiste in Oirdheisceart na hÁise. Tugtar an t-oráiste milis ar thoradh an Citris sinensis le hidirdhealú a dhéanamh idir é agus Citris aurantium, an t-oráiste searbh. Meastar gur tháinig an t-ainm ón tSanscrait. [2][3] .
I dteangacha áirithe, tugtar "úll Síneach" air (m.sh. san Ollainnis tugtar Sinaasappel air agus sa Ghearmáinis tugtar Apfelsine air).
Nótaí [athraigh]
- ↑ "Citrus sinensis information from NPGS/GRIN". www.ars-grin.gov. http://www.ars-grin.gov/cgi-bin/npgs/html/taxon.pl?10782. Retrieved 2008-03-17.
- ↑ http://www.etymonline.com/index.php?term=orange word
- ↑ http://en.wiktionary.org/wiki/orange#English
Naisc sheachtracha [athraigh]
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Citrus sinensis |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.